|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1511 |
2.7.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1511 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meitheamh 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Rialachán EDIP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1), Airteagal 173(3), Airteagal 212(2) agus Airteagal 322(1), i gcomhar le hAirteagail 218(9), de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú. |
|
(3) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse. |
|
(5) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.
(2) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.
(3) Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’) (IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj).
DRÉACHT
CHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …
an …
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach a áireamh mar aon le creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’) (1). |
|
(2) |
Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2025/2643, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2026, gan beann ar dháta glactha an Chinnidh seo agus gan beann ar cibé acu a thugtar nó nach dtugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2026. |
|
(3) |
Ba cheart eintitis atá bunaithe i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lena gcuirfear tús roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith gníomhaíochtaí den sórt sin, a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme ón 1 Eanáir 2026, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis atá bunaithe i mBallstáit den Aontas, ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann. |
|
(4) |
I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n-institiúidí, a ngnóthas, a n-eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2026, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 16 d’Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘17. Beidh Stáit CSTE, ón 1 Eanáir 2026, rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann leis an ngníomh agus na línte buiséid seo a leanas, arna n-iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh:
|
— |
32025 R 2643: Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (“Rialachán EDIP”) (IO L, 2025/2643, 29.12.2025). |
|
— |
Líne bhuiséid 13 01 06: “Caiteachas tacaíochta don Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach”. |
|
— |
Líne bhuiséid 13 08 01: “An Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach”. |
Na costais a thabhaítear i leith gníomhaíochtaí a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme ón 1 Eanáir 2026, nó, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha faoi mhír 4 d’Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2025/2643, ón 5 Márta 2024, féadfar a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sna cinntí deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh ó Chomhchoiste LEE [An Cinneadh Seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.
Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann léi. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an Íoslainn ná le Lichtinstéin.
De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú maidir leis an mír seo.
An téarma “Ballstát/Ballstáit” agus téarmaí eile lena dtagraítear d’eintitis phoiblí na mBallstát atá i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2025/2643, tuigfear gur téarmaí iad lena gcuimsítear Stáit CSTE agus a n-eintitis phoiblí siúd, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin i Rialachán (AE) 2025/2643.
Liostaítear thíos forálacha is infheidhme Rialachán (AE) 2025/2643 agus, chun críocha an Chomhaontaithe, léifear iad in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
|
(i) |
Ní bheidh feidhm ach ag na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2025/2643: Airteagail 1 go 21, Airteagail 35 go 77 agus Airteagail 79 go 86. |
|
(ii) |
In Airteagal 72(1), cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le gnóthais atá bunaithe i Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE, trí bhíthin cinnidh,” isteach i ndiaidh na bhfocal “gníomhartha cur chun feidhme,”. |
|
(iii) |
In Airteagail 72(2) agus 72(3) agus in Airteagail 73, 74 agus 75, cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach tar éis na bhfocal “an Coimisiún”,“don Choimisiún”, “ag an gCoimisiún”, “ón gCoimisiún”, agus “an Choimisiúin”. |
|
(iv) |
In Airteagal 72(4), cuirfear na focail “Cinnfidh Stáit CSTE leithdháileadh mhéideanna na bhfíneálacha arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE.” isteach tar éis na bhfocal “Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.”. |
|
(v) |
In Airteagal 73(5) agus Airteagal 74(5), pointe (b), cuirfear na focail “nó Chúirt CSTE” isteach tar éis na bhfocal “Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh”.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Dearbhú ó Stáit CSTE a ghabhann le Cinneadh Uimh. […/…] an … lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE chun comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE sa Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus i gcreat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú arna mbunú le Rialachán (AE) 2025/2643 a chumhdach
[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]
Leis an gCinneadh seo, déantar comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE sa Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus i gcreat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘EDIP’) a chumhdach. Measann Stáit CSTE nach dtagann cúrsaí cosanta faoi raon feidhme Chomhaontú LEE, agus dá bhrí sin, le glacadh an Chinnidh seo, ní leathnaítear raon feidhme Chomhaontú LEE chun cúrsaí cosanta lasmuigh de rannpháirtíocht in EDIP a chumhdach. Cuireann Stáit CSTE i dtábhacht freisin nach bhfuil an Íoslainn ná Lichtinstéin rannpháirteach in EDIP agus, dá bhrí sin, nach gceanglófar orthu ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh ina leith.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1511/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)