European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/14

8.1.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/14 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2024

maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le hinnealra soghluaiste féinghluaiste, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), atá deartha nó déanta chun obair a dhéanamh (‘innealra soghluaiste nach innealra bóthair é’), d’fhéadfadh gá a bheith leis an innealra sin a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí, pé acu ó am go chéile nó go tráthrialta, chun aistriú ó aon áit oibre amháin go dtí áit oibre eile don chuid is mó.

(2)

Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo ach innealra féinghluaiste. Ní chumhdaítear trealamh innealra tharraingthe leis an Rialachán seo toisc go mbíonn an trealamh sin á tharraingt de ghnáth ag mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart an trealamh sin a chumhdach le Rialachán (AE) 2018/858, lena rialaítear cineálcheadú mótarfheithiclí lena n-áirítear a leantóirí. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le ceanglais theicniúla mhionsonraithe a bhunú, faoi Rialachán (AE) 2018/858, a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre sa chatagóir ar leith de threalamh innealra tharraingthe, a mhéid nach bhfuil an trealamh sin faoi réir na gceanglas sin faoi na rialacha atá ann cheana.

(3)

Gnéithe áirithe de dhearadh agus de dhéanamh innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, cumhdaítear cheana féin iad le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go háirithe le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Treoir 2006/42/CE, agus Treoracha 2014/30/AE (7) agus 2014/53/AE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)

A mhéid a bhaineann le sábháilteacht innealra shoghluaiste, is í Treoir 2006/42/CE an príomhghníomh rialála ag a bhfuil feidhm maidir leis an innealra sin nuair a chuirtear ar an margadh é. Leagtar amach inti ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta lena gcumhdaítear feidhmeanna taistil easbhóthair innealra shoghluaiste, amhail moilliú, stopadh, coscánú, suíomhanna tiomána, agus córais srianta. Mar sin féin, na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Treoir sin, níor ceapadh iad ach chun aghaidh a thabhairt ar an tsábháilteacht fad a bhíonn an t-innealra ag obair, agus ní chumhdaíonn siad gnéithe sábháilteachta an innealra sin fad a bhíonn sé i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí.

(5)

I ngeall ar an easpa rialacha comhchuibhithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, bíonn costais shuntasacha roimh oibreoirí eacnamaíocha a tháirgeann, nó a chuireann innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar fáil ar an margadh, ar costais iad atá bainteach leis na ceanglais rialála dhifriúla ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, ní áirithítear sábháilteacht an innealra sin ar bhóithre go haonfhoirmeach i gcríoch iomlán an Aontais. Dá bhrí sin, is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais i leith na sábháilteachta ar bhóithre i gcás innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

(6)

Chun críocha fhorbairt agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí córas cineálcheadaithe comhchuibhithe agus córas ceadaithe aonair a bhunú le haghaidh na sábháilteachta ar bhóithre poiblí i gcás innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí.

(7)

Is é is cuspóir don Rialacháin seo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí. Dá bhrí sin, maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é nach mbeartaítear, sa chleachtas, a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí, ba cheart é a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(8)

Ós rud é gurb é is cuspóir don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre agus atá deartha agus déanta chun obair a dhéanamh agus ní daoine, ainmhithe ná earraí a iompar ach a mhéid a iompraítear leis ábhair lena rannchuidítear lena oibriú féin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hinnealra nach cuspóir dó ach daoine, ainmhithe nó earraí a iompar. Gach cineál gaireas gluaiseachta pearsanta, amhail seas-scútair agus suí-scútair leictreacha, rothair leictreacha lena n-áirítear rothair leictreacha cumhacht-chúnta agus na rothair sin a bheartaítear chun lastas tráchtála a iompar, feithiclí féinchothromaithe lena n-áirítear iompróirí pearsanta féinchothromaithe agus gluaischothromáin, aonrothaigh leictreacha, cláir scátála leictreacha agus cláir ‘aonrotha’, ní bheidh siad faoi réir an Rialacháin seo dá bhrí sin.

(9)

Ós rud é gurb é is cuspóir don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre agus atá deartha agus déanta chun obair a dhéanamh, agus ní oibrithe a iompar, eisiatar ó raon feidhm an Rialacháin seo freisin innealra soghluaiste atá feistithe le breis agus trí ionad suí, lena n-áirítear ionad suí an tiománaí. Ba cheart aon spás a mheas mar ionad suí má tá sé deartha lena úsáid nuair atá an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus más féidir é a úsáid amhlaidh go réasúnta agus gur féidir le bean fhásta den chúigiú peircintíl suí ann.

(10)

Níor cheart a chumhdach leis an Rialachán seo ach innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus a chuirtear ar an margadh ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é arna tháirgeadh ag monaróir atá bunaithe san Aontas nó innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, pé acu innealra nua nó athláimhe é, a allmhairítear ó thríú tír.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí gan beann ar a chóras tiomána agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le hinnealra leictreach agus hibrideach. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na ceanglais sábháilteachta leictreachais a bhaineann le tiomáint leictreach a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(12)

Is é innealra soghluaiste mall nach innealra bóthair é tromlach mhargadh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é. Ina theannta sin, tá teorainn luais 40 km/u leagtha síos ag Ballstáit áirithe d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre,. Thairis sin, toisc go mbíonn rioscaí sábháilteachta ar bhóithre comhréireach leis an luas bóthair, ní bheadh sé comhleanúnach go gcumhdófaí le creat nach dtugann aghaidh ach ar rioscaí sábháilteachta le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus ní le haghaidh gnáth-fheithiclí, go gcumhdófaí leis an gcreat sin innealra soghluaiste tapa nach innealra bóthair é nó innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nach sáraíonn 6 km/u. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, dá bhrí sin, maidir le hinnealra soghluaiste le luas deartha uasta nach mó ná 6 km/u ná is mó ná 40 km/u.

(13)

I gcásanna sonracha dea-shainithe áirithe, ba cheart rogha a bheith ag monaróirí scéimeanna náisiúnta, cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE a úsáid. I bhfianaise sainiúlachtaí fréamhshamhlacha d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear lena úsáid ar an mbóthar faoi fhreagracht an mhonaróra chun cláir shonracha tástála forbartha nó tástálacha allamuigh a chur i gcrích, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arna dhearadh agus arna dhéanamh nó arna oiriúnú lena úsáid ag cosaint shibhialta, seirbhísí dóiteáin agus fórsaí atá freagrach as an ord poiblí agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear go príomha i gcairéil nó in aerfoirt a chothabháil, is iomchuí solúbthacht a thabhairt do mhonaróirí maidir leis an scéim ceadaithe ar a gcuirfidh siad isteach.

(14)

D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh freisin i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide a tháirgeann innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ó thaobh líon na n-aonad a chuirtear ar fáil ar an margadh, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís, ar líon é nach mó ná 70 aonad in aghaidh an chineáil in aghaidh na bliana i ngach Ballstát.

(15)

Cé go mbeidh na Ballstáit in ann scéimeanna náisiúnta a bhunú le haghaidh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é a thuairiscítear in aithrisí 13 agus 14, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil scéim mar sin bunaithe acu a cheangal ar mhonaróirí, i gcás an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é sin, an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil scéim mar sin bunaithe acu cead a thabhairt do mhonaróirí rogha a dhéanamh an Rialachán seo a chomhlíonadh chun tairbhe a bhaint as an tsaorghluaiseacht.

(16)

I bhfianaise gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, i ngeall ar a thoisí iomarcacha, nach mbeadh so-ionramháilteacht leordhóthanach ar bhóithre poiblí ag innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é nó, i ngeall ar a mhais, go bhféadfadh ualaí acastóra nó brú teagmhála talún damáiste a dhéanamh do dhromchla bóithre poiblí nó do bhonneagar bóthair eile, nó i ngeall ar a chóras tiomána lán-uathoibrithe le haghaidh úsáid ar bóthar, is iomchuí an rogha a thabhairt do na Ballstáit toirmeasc a chur ar an innealra sin a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí nó ar chlárú an innealra sin, fiú má tá sé cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun ardleibhéal comhchuibhithe a áirithiú d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar fud an Aontais, tá sé tábhachtach nach gcuirfidh na Ballstáit toirmeasc ach ar líon teoranta meaisíní a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún araon luachanna tairsí ar leordhóthanach a n-airde a shocrú chun an oiread meaisíní cineálcheadaithe agus is féidir a cheadú a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí ar chríoch an Aontais.

(17)

Chun an riosca gortaithe do dhaoine agus an damáiste do bhonneagar bóthair a íoslaghdú le linn d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí, ba cheart ceanglais theicniúla a leagan amach. Ba cheart ábhair a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, amhail sláine struchtúr na feithicle, uasluas dearaidh, rialtóir luais, teorantóirí luais agus luasmhéadar, gairis choscáin, stiúradh, réimse radhairc, agus maiseanna agus toisí, a áireamh sna ceanglais theicniúla. Ba cheart sineirgí idir feidhm an innealra agus feidhm úsáide ar bóthar an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é a chur san áireamh sna ceanglais theicniúla. Chun na ceanglais theicniúla sin a choinneáil slán i bhfad na haimsire, is féidir leis an gCoimisiún rialacha a leagan síos maidir le ceanglais bhreise i ngeall ar dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, amhail córais cúnta tiománaí agus córais tiomána uathoibrithe agus cianoibrithe.

(18)

Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a úsáid in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, ar comhpháirteanna nó aonaid iad atá cineálcheadaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó le Rialachán (AE) 2018/858.

(19)

Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh ag teacht le ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte.

(20)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme an nós imeachta trína ndéantar faireachán ar chomhréireacht táirgthe, atá ar cheann de bhunchlocha an chórais cineálcheadaithe AE, agus go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart, ba cheart don údarás inniúil nó do sheirbhís theicniúil a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aici, agus a ainmníodh chun na críche sin, na monaróirí a sheiceáil go tráthrialta. Ba cheart an ráta samplála i gcás na seiceálacha sin a bheith comhréireach leis na méideanna táirgeachta lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag a n-údaráis cheadaithe agus a n-údaráis um fhaireachas margaidh, amhail acmhainní leordhóthanacha buiséadacha, acmhainní daonna agus ábhartha, lena n-áirítear líon leordhóthanach pearsanra inniúil, chomh maith le saineolas leordhóthanach, nósanna imeachta agus socruithe eile atá ann chun na cumhachtaí a thugtar dóibh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a fheidhmiú.

(21)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú i dtaca leis na rialacha maidir le faireachas margaidh agus le rialú na dtáirgí a thagann isteach sa mhargadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 go bhfuil feidhm ag na rialacha sin maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na gnéithe a dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais theicniúla arna leagan síos nó a chumhdaítear sa Rialachán seo, agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun tagairtí maidir leis an Rialachán seo a liostú, san Iarscríbhinn sin.

(22)

Le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, ba cheart oibreoir eacnamaíoch a beith bunaithe san Aontas a bhféadfaidh údaráis faireachais margaidh iarrataí a chur chuige nó chuici, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis a sholáthar maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo, agus ar féidir leis oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach láithreach chun cásanna neamhchomhlíontachta a leigheas. Is é an monaróir nó ionadaí údaraithe atá sainordaithe ag an monaróir chun na críche an t-oibreoir eacnamaíoch ba cheart na cúraimí sin a dhéanamh. Ba cheart don mhonaróir a áirithiú go gceapfar ionadaí údaraithe sainordaithe i gcónaí le linn na tréimhse a mbeidh cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an nós imeachta cineálcheadaithe AE agus an ceadú aonair AE a chur chun feidhme mar aon le forálacha riaracháin áirithe den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(24)

Tá sé ríthábhachtach comhordú níos dlúithe a bheith ann idir na húdaráis náisiúnta trí mhalartú faisnéise agus measúnuithe comhordaithe faoi stiúir údaráis comhordaithe chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal leanúnach sláinte agus sábháilteachta sa mhargadh inmheánach. Bainfear úsáid níos éifeachtúla as acmhainní tearca ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh air sin freisin. Chun na críche sin, ba cheart fóram comhairleach um malartú faisnéise maidir le forfheidhmiú a bhunú do na Ballstáit agus don Choimisiún agus é d’aidhm aige dea-chleachtas a chur chun cinn, faisnéis a mhalartú agus a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le forfheidhmiú an Rialacháin seo. I bhfianaise bhunú an fhóraim sin agus na cúraimí dá chuid á meas, níor cheart gá a bheith le grúpa comhair riaracháin ar leithligh a bhunú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 (2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Mar sin féin, ba cheart an Fóram a mheas mar ghrúpa comhair riaracháin chun críocha Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán sin.

(25)

Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir leis an modheolaíocht chun na luachanna tairsí a chinneadh ar féidir iad a chur i bhfeidhm i ndáil le toisí iomarcacha agus mais iomarcach, ualaí acastóra iomarcacha nó brú teagmhála talún iomarcach innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é; infheidhmeacht eilimintí na gceanglas teicniúil; agus ceanglais theicniúla mhionsonraithe a leagan síos; nósanna imeachta tástála agus modhanna tástála; tástáil fhíorúil agus na socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta agus rialacha a shonrú i ndáil le seirbhísí teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad a ghlacadh. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(27)

Ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoibriú an Rialacháin seo agus, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, athmhachnamh a dhéanamh, más gá, an ceart togra reachtach eisiach a thíolacadh nó síneadh a chur leis an idirthréimhse le haghaidh an chineálcheadaithe náisiúnta.

(28)

Le go bhféadfaidh na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta, chomh maith leis na hoibreoirí eacnamaíocha, ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, ba cheart dáta cur i bhfeidhm a shocrú a thiocfaidh tar éis a dháta teacht i bhfeidhm. Is gá foráil a dhéanamh freisin maidir le hidirthréimhse lena gceadófar do mhonaróirí, le linn na tréimhse sin, an Rialachán seo a chomhlíonadh agus tairbhiú den tsaorghluaiseacht nó an reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le cineálcheadú a chomhlíonadh.

(29)

D’fhonn cur chun feidhme fhorálacha comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit, le linn na hidirthréimhse, staonadh ó rialacháin theicniúla náisiúnta nua a ghlacadh chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí a cheadú ar rialacháin iad nach bhfuil ailínithe leo siúd a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an idirthréimhse ach amháin i gcás na mBallstát sin a bhfuil aon rialacháin theicniúla náisiúnta i bhfeidhm acu, is é sin cinn nua nó cinn ar ann dóibh cheana, le linn na tréimhse sin, chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí a cheadú.

(30)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’). Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i ndáil leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí cónaí an duine i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chairt.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ceanglais theicniúla chomhchuibhithe agus ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a leagan síos chun cineálcheadú AE agus ceadú aonair AE a dhéanamh i gcás innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é, a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí, mar aon leis na rialacha agus nósanna imeachta chun faireachas margaidh a dhéanamh ar an innealra sin, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais theicniúla, ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin, maidir le cineálcheadú AE, ceadú aonair AE agus cur ar an margadh a mhéid a bhaineann le gach innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é a bheartaítear a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha agus nósanna imeachta maidir le faireachas margaidh a dhéanamh ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é (‘feithiclí chatagóir U’) i gcás ina gcuirtear ar an margadh é agus ina mbeartaítear é a bheith i gcúrsaíocht, cé acu ó am go céile nó go tráthrialta, le tiománaí nó dá uireasa, ar bhóthar poiblí.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar mó ná 40 km/u an t-uasluas dearaidh;

(b)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nach mó ná 6 km/u an t-uasluas dearaidh;

(c)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le breis agus trí ionad suí, agus ionad suí an tiománaí san áireamh;

(d)

innealra, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a) de Threoir 2006/42/CE, a bheartaítear go príomha chun duine, ainmhí nó earra amháin nó níos mó a iompar seachas uirlisí nó innill chúnta is gá chun an obair a dhéanamh, ábhair a eascraíonn as obair nó is gá lena haghaidh nó ábhair le haghaidh stóráil idirmheánach nó ábhair a iompraítear ar láithreáin tógála;

(e)

feithiclí, lena n-áirítear mótarfheithiclí, tarracóirí, leantóirí, feithiclí ag a bhfuil dhá nó trí roth, cuadrothair agus trealamh tarraingthe idirmhalartach, a thagann, go heisiach, faoi raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nó Rialachán (AE) 2018/858;

(f)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a cuireadh ar an margadh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhís roimh an 29 Eanáir 2028.

3.   I gcás an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é seo a leanas, féadfaidh an monaróir a chinneadh cur isteach ar chineálcheadú AE, cur isteach ar cheadú aonair AE nó an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh, i gcás inarb iomchuí:

(a)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcás nach mó líon na n-aonad in aghaidh an chineáil ná 70 in aghaidh na bliana agus i ngach Ballstát;

(b)

fréamhshamhlacha d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear lena úsáid ar an mbóthar faoi fhreagracht an mhonaróra chun cláir shonracha tástála forbartha nó tástálacha allamuigh a dhéanamh, más rud é gur dearadh agus go ndearnadh go sonrach iad chun na críche sin;

(c)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá deartha agus déanta lena úsáid go príomha i gcairéil, calafoirt nó saoráidí aerfoirt;

(d)

feithiclí atá deartha agus déanta nó oiriúnaithe lena n-úsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag seirbhísí dóiteáin agus ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘innealra soghluaiste nach innealra bóthair é’ innealra soghluaiste féinghluaiste, a bhfuil córas tiomána aige, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/42/CE, agus atá deartha nó déanta chun obair a dhéanamh;

(2)

ciallaíonn ‘innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é’ innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nár cuireadh ar an margadh riamh san Aontas;

(3)

ciallaíonn ‘córas’ cóimeáil gaireas arna gcur le chéile chun feidhm shonrach amháin nó níos mó a fheidhmiú in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá faoi réir na gceanglas teicniúil;

(4)

ciallaíonn ‘córas tiomána lán-uathoibrithe’ córas tiomána de chuid innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá deartha agus déanta chun gluaiseacht go neamhspleách gan aon mhaoirseacht a bheith á déanamh ag an tiománaí;

(5)

ciallaíonn ‘comhpháirt’ gaireas a bheartaítear lena bheith ina pháirt d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus is féidir a chineálcheadú go neamhspleách ar an innealra sin;

(6)

ciallaíonn ‘aonad teicniúil ar leithligh’ gaireas a bheartaítear lena bheith ina pháirt d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus is féidir a chineálcheadú ar leithligh;

(7)

ciallaíonn ‘cineálcheadú AE’ an deimhniú ó údarás ceadaithe go gcomhlíontar forálacha ábhartha an Rialacháin seo le cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é;

(8)

ciallaíonn ‘ceadú aonair AE’ an deimhniú ó údarás ceadaithe go gcomhlíontar forálacha ábhartha an Rialacháin seo le hinnealra soghluaiste áirithe nach innealra bóthair é, bíodh sé uathúil nó ná bíodh;

(9)

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás de chuid Ballstáit atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ar chríoch an Bhallstáit sin;

(10)

ciallaíonn ‘údarás ceadaithe’ údarás Ballstáit, ar thug an Ballstát sin fógra don Choimisiún faoi, atá inniúil maidir le gach gné de chineálcheadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, maidir le deimhnithe ceadaithe a eisiúint agus, más iomchuí, iad a tharraingt siar nó a dhiúltú, maidir le gníomhú mar phointe teagmhála d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile, maidir leis na seirbhísí teicniúla a ainmniú agus lena áirithiú go gcomhlíonann an monaróir a chuid oibleagáidí maidir leis an gcomhréireacht táirgeachta;

(11)

ciallaíonn ‘údarás náisiúnta’ údarás ceadaithe nó aon údarás eile a bhfuil baint aige leis an bhfaireachas margaidh agus atá freagrach as an bhfaireachas sin, agus as rialú teorann nó clárú i mBallstát i ndáil le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(12)

ciallaíonn ‘seirbhís theicniúil’ eagraíocht nó comhlacht neamhspleách arna ainmniú ag údarás ceadaithe mar shaotharlann tástála chun tástálacha a dhéanamh mar chomhlacht measúnaithe comhréireachta chun an measúnú tosaigh agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis ceadaithe, cé gur féidir leis an údarás ceadaithe é féin na feidhmeanna sin a fheidhmiú;

(13)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó a chuireann faoi deara innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an t-innealra sin, faoi ainm nó trádmharc an duine sin;

(14)

ciallaíonn ‘ionadaí monaróra maidir le faireachas margaidh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go cuí ag an monaróir chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 9 a dhéanamh;

(15)

ciallaíonn ‘ionadaí monaróra maidir le cineálcheadú AE’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go cuí ag an monaróir, ar bhonn comhaontú, chun oibleagáidí uile an mhonaróra a bhaineann le cineálcheadú AE agus na nósanna imeachta ábhartha lena n-áirítear na cúraimí a shonraítear in Airteagail 18, 19 agus 22 a dhéanamh; ní mór an comhaontú sin a thíolacadh arna iarraidh sin don údarás ceadaithe;

(16)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a monaraíodh i dtríú tír, a chur ar an margadh;

(17)

ciallaíonn ‘dáileoir’ déileálaí nó aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar fáil ar an margadh;

(18)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(19)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar fáil san Aontas den chéad uair;

(20)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(21)

ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ céadúsáid innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, san Aontas, chun na críche dár beartaíodh é;

(22)

ciallaíonn ‘clárú’ údarú riaracháin a thabhairt d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur i seirbhís, san Aontas, le haghaidh cúrsaíocht ar bhóithre poiblí, arb é atá i gceist leis sin an t-innealra sin a shainaithint agus sraithuimhir bhuan nó sealadach a eisiúint dó, dá ngairfear an chláruimhir;

(23)

ciallaíonn ‘deimhniú ar chineálcheadú AE’ an doiciméad a eisíonn an t-údarás ceadaithe lena ndeimhnítear go bhfuil cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(24)

ciallaíonn ‘deimhniú ar cheadú aonair AE’ an doiciméad a eisíonn an t-údarás ceadaithe lena ndeimhnítear go bhfuil innealra soghluaiste áirithe nach innealra bóthair é cineálcheadaithe ar bhonn aonair i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(25)

ciallaíonn ‘deimhniú comhréireachta’ an doiciméad a eisíonn an monaróir, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena ndeimhnítear go bhfuil innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arna tháirgeadh i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(26)

ciallaíonn ‘cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é’ grúpa áirithe d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena n-áirítear athraithigh agus leaganacha d’athraithigh den innealra sin, arb ionann na gnéithe fíor-riachtanacha seo a leanas díobh ar a laghad:

(a)

monaróir,

(b)

an t-ainmniú cineáil arna thabhairt ag an monaróir,

(c)

saintréithe bunúsacha dearaidh agus tógála,

(d)

fonnadh crainn taca, fonnadh le fráma taoibh nó fonnadh altach (difríochtaí bunúsacha agus follasacha);

(27)

ciallaíonn ‘athraitheach’ innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, den chineál céanna nach bhfuil éagsúil maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb infheidhme:

(a)

coincheap struchtúrach na cabhlach nó an cineál cabhlach,

(b)

céim an chríochnaithe,

(c)

córas tiomána (inneall dócháin inmheánaigh, inneall hibrideach, leictreach, hibrideach-leictreach nó eile),

(d)

prionsabal oibriúcháin,

(e)

acastóirí tiomána (líon, ionad, idirnasc),

(f)

traiseoladh (cineál),

(g)

struchtúir chosanta,

(h)

acastóirí a bhfuil coscáin orthu (líon);

(28)

ciallaíonn ‘leagan d’athraitheach’ feithiclí ina bhfuil teaglaim de thréithe arna dtaispeáint sa phacáiste faisnéise;

(29)

ciallaíonn ‘ceanglais theicniúla’ na ceanglais theicniúla a liostaítear in Airteagal 16;

(30)

ciallaíonn ‘pacáiste faisnéise’ an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 20(4);

(31)

ciallaíonn ‘sealbhóir chineálcheadú AE’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuir isteach ar chineálcheadú AE agus dá bhfuil deimhniú ar chineálcheadú AE eisithe;

(32)

ciallaíonn ‘innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann riosca tromchúiseach’ innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arb amhlaidh, bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí ina gcuirtear san áireamh cineál na guaise agus dóchúlacht a tarlaithe, go mbaineann riosca tromchúiseach leis i ndáil lena bheith i gcúrsaíocht go sábháilte ar bhóithre poiblí agus le gnéithe eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(33)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá curtha ar fáil d’úsáideoir cheana féin, a fháil ar ais;

(34)

ciallaíonn ‘modh fíorúil tástála’ ionsamhlúcháin ar ríomhaire, lena n-áirítear ríomhanna, lena léiriú go gcomhlíontar le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é na ceanglais theicniúla gan gá le feithicil fhisiciúil, córas fisiciúil, comhpháirt fhisiciúil ná aonad teicniúil ar leithligh fisiciúil a úsáid;

(35)

ciallaíonn ‘ionad suí’ aon suíomh in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá mór go leor do dhuine amháin a bheith ina shuí ann.

Airteagal 4

Catagóir feithicle innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an gcatagóir feithicle seo a leanas maidir le gach innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá cineálcheadaithe faoin Rialachán seo: ‘catagóir U’.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ

Airteagal 5

Oibleagáidí na mBallstát

1.   Déanfaidh na Ballstáit na húdaráis, a bheidh inniúil in ábhair a bhaineann le ceadú agus le faireachas margaidh, a bhunú nó a cheapadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le bunú agus ceapadh na n-údarás sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag a n-údaráis cheadaithe agus ag a n-údaráis um fhaireachas margaidh chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gceart.

3.   Áireofar san fhógra i dtaobh na n-údarás ceadaithe agus na n-údarás um fhaireachas margaidh a n-ainm, a seoladh, a seoladh leictreonach, agus a réimsí freagrachta. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na húdaráis cheadaithe agus de na húdaráis um fhaireachas margaidh, mar aon le mionsonraí ina leith.

4.   Ní thabharfaidh na Ballstáit cead innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú, a chur i seirbhís nó a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí ach amháin más innealra é lena gcomhlíontar an Rialachán seo.

5.   Ní chuirfidh na Ballstáit, le haghaidh na ngnéithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cosc, srian ná bac ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus lena gcomhlíontar an Rialachán seo, a bheith á chur ar fáil ar an margadh, á chlárú, á chur i seirbhís nó a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh na Ballstáit teorainn nó toirmeasc a chur ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí nó ar chlárú an innealra sin, ar innealra é a ceadaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo lena gcomhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas:

(a)

i ngeall ar na toisí iomarcacha a bhíonn i gceist leis, nach mbeadh so-ionramháilteacht leordhóthanach san innealra ar bhóithre poiblí;

(b)

i ngeall ar a mhais, a ualaí acastóra nó a bhrú teagmhála talún a bheith iomarcach, go bhféadfadh an t-innealra damáiste a dhéanamh do dhromchla bóithre poiblí nó do bhonneagar bóthair eile;

(c)

i ngeall ar a chóras tiomána lán-uathoibrithe, nó cianoibrithe, le haghaidh úsáid ar bóthar, tá an t-innealra faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta tráchta.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun luachanna tairsí a chinneadh, atá le bunú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, a mhéid a bhaineann le huasmhais ualaithe ar bóthar d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, a ualaí acastóra uasta nó a bhrú teagmhála talún uasta ar os a chionn sin a mheastar toisí, meáchan agus mais an innealra shoghluaiste sin nach innealra bóthair é a bheith iomarcach de réir bhrí phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach na luachanna tairsí sin i gcomhréir leis an modheolaíocht siúd. D’fhéadfadh na luachanna tairsí sin a bheith éagsúil maidir leis na grúpaí éagsúla innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann.

7.   Eagróidh agus déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireachais margaidh agus rialuithe maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a thagann isteach sa mhargadh i gcomhréir le Caibidlí IV, V agus VII de Rialachán (AE) 2019/1020.

8.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i dteideal, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na cumhachtaí a thugtar dóibh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020 a fheidhmiú.

Airteagal 6

Oibleagáidí na n-údarás ceadaithe

1.   Áiritheoidh na húdaráis cheadaithe go ndéanfaidh na monaróirí a chuireann isteach ar iarratas ar chineálcheadú AE a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Ní cheadóidh na húdaráis cheadaithe ach innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Comhlíonfaidh na húdaráis cheadaithe a gcuid dualgas faoin Rialachán seo go neamhspleách agus go neamhchlaonta. Comhoibreoidh siad le chéile, go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus comhroinnfidh siad faisnéis atá ábhartha dá ról agus dá bhfeidhmeanna.

4.   Chun go bhféadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha a dhéanamh, cuirfidh údaráis cheadaithe an fhaisnéis is gá ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar faisnéis í a bhaineann le cineálcheadú an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá faoi réir seiceálacha fíoraithe comhlíontachta. Áireofar san fhaisnéis sin ar a laghad an fhaisnéis atá sa deimhniú ar chineálcheadú AE agus sna ceangaltáin a ghabhann leis. Soláthróidh údaráis cheadaithe an fhaisnéis sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh gan moill mhíchuí.

5.   I gcás inar cuireadh údarás ceadaithe ar an eolas i gcomhréir le Caibidil X go meastar go bhféadfadh, maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é, riosca tromchúiseach a bheith ann nó riosca neamh-chomhlíontachta, déanfaidh sé gach beart is gá chun an cineálcheadú a deonaíodh a athbhreithniú agus, más iomchuí, an cineálcheadú a cheartú nó a tharraingt siar ag brath ar chúiseanna agus tromchúis na neamhréireanna a léiríodh.

Airteagal 7

Oibleagáidí ginearálta monaróirí

1.   Áiritheoidh monaróirí, maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a chuireann siad ar an margadh, go mbaineann an t-innealra sin le cineál dár deonaíodh cineálcheadú AE agus gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir leis an gcineál sin nó gur deonaíodh ceadú aonair AE dó.

2.   Áiritheoidh monaróirí maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige agus a chuireann siad ar an margadh, go bhfuil an pláta reachtúil maille le marcáil air, a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus go ngabhfaidh a dheimhniú comhréireachta leis.

Áiritheoidh monaróirí freisin, i gcás an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus a bhfuil cineálcheadú AE agus ceadú aonair AE aige agus a chuireann siad ar an margadh, go mbeidh na doiciméid, faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora tarraingthe suas de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

3.   Chun críoch faireachais margaidh, ceapfaidh monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí amháin atá bunaithe laistigh den Aontas, agus d’fhéadfaí gurb é sin an t-ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 18 nó gur ionadaí breise é. Déanfaidh ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh arna cheapadh ag an monaróir na cúraimí a shonraítear sa sainordú dá bhforáiltear in Airteagal 9.

4.   Déanfaidh monaróirí a n-ainmneacha, a dtrádainmneacha cláraithe nó a dtrádmharcanna cláraithe, agus na seoltaí poist agus ríomhphoist lenar féidir dul i dteagmháil leo a chur in iúl ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuireann siad ar an margadh nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra sin. Luafar sa seoladh arna chur in iúl ag an monaróir pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir sin. Beidh mionsonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

5.   Beidh monaróirí freagrach don údarás ceadaithe as gach gné den phróiseas ceadaithe agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, bíodh nó ná bíodh baint dhíreach acu le gach céim de dhéanamh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é.

6.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann le go bhfanfadh an táirgeadh sraithe i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe. Athruithe ar dhearadh nó saintréithe an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus athruithe ar na ceanglais a ndearbhaítear an t-innealra sin a bheith i gcomhréir leo, cuirfear san áireamh i gcomhréir le Caibidil V iad.

7.   Áiritheoidh monaróirí, fad a bheidh siad freagrach as innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige agus a bheartaítear lena chur ar fáil ar an margadh, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as do chomhréireacht an innealra sin leis an Rialachán seo.

8.   Áiritheoidh monaróirí nach ndearfar a n-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é chun straitéisí nó modhanna eile a ionchorprú lena n-athraítear an fheidhmíocht a thaispeántar le linn nósanna imeachta tástála ar bhealach nach gcomhlíontar an Rialachán seo leis agus iad ag oibriú faoi dhálaí a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo sa ghnáthoibriú.

Airteagal 8

Oibleagáidí sonracha na monaróirí

1.   Monaróirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige agus atá curtha ar fáil ar an margadh acu, nach bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an t-innealra soghluaiste sin nach innealra bóthair é a thabhairt chun comhréireachta nó a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí, agus tabharfaidh siad fógra don úsáideoir maidir leis an neamh-chomhréireacht sin.

Cuirfidh an monaróir an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE nó an ceadú aonair AE ar an eolas láithreach faoi neamh-chomhréireacht den sórt sin, agus luafaidh siad mionsonraí maidir leis an neamh-chomhréireacht agus le haon bhearta a rinneadh.

2.   Monaróirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint go mbaineann riosca tromchúiseach leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá curtha ar fáil ar an margadh acu, cuirfidh siad na húdaráis cheadaithe agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát, inar cuireadh an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar fáil ar mhargadh, ar an eolas láithreach faoin riosca sin, agus luafaidh siad mionsonraí maidir leis an riosca sin agus le haon bhearta ceartaitheach a rinneadh. Cuirfidh monaróirí an t-úsáideoir ar an eolas láithreach faoin riosca tromchúiseach sin agus aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh trí mhodhanna iomchuí.

3.   Déanfaidh monaróirí an pacáiste faisnéise agus cóip de na deimhnithe comhréireachta a choimeád ar fáil do na húdaráis cheadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh.

4.   Tar éis iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, déanfaidh monaróir cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE nó den deimhniú ar cheadú aonair AE a sholáthar don údarás sin tríd an údarás ceadaithe arna aistriú i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca.

Comhoibreoidh monaróirí leis na húdaráis náisiúnta maidir le haon ghníomh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann lena n-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuir siad ar an margadh, a chláraigh siad nó a chuir siad i seirbhís.

5.   Scrúdóidh monaróirí aon ghearán a fhaigheann siad i dtaca le rioscaí, le teagmhais amhrasta nó saincheisteanna neamh-chomhlíontachta a bhaineann leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuir siad ar an margadh.

I gcás gearán a bhfuil bunús leis, cuirfidh monaróirí a ndáileoirí agus a n-allmhaireoirí ar an eolas faoi láithreach.

Coimeádfaidh monaróirí taifead ar na gearáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear tuairisc ar an tsaincheist agus na mionsonraí is gá chun an cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus dá ndéantar difear a shainaithint.

Airteagal 9

Oibleagáidí ionadaí monaróra maidir le faireachas margaidh

1.   Déanfaidh ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh na cúraimí a shonraítear sa sainordú a fuarthas ón monaróir. Leis an sainordú sin ceadófar don ionadaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain a bheith aige nó aici ar an bhfillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19 agus ar na deimhnithe comhréireachta;

(b)

ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás ceadaithe nó údarás um fhaireachas margaidh, gach faisnéis agus doiciméad is gá a sholáthar don údarás sin chun comhréireacht táirgeachta a léiriú maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

comhoibriú leis na húdaráis cheadaithe nó na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomh i gcomhréir le Caibidil X den Rialachán seo a bhaineann le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chumhdaítear lena shainordú;

(d)

an monaróir a chur ar an eolas láithreach faoi ghearáin agus tuairiscí a bhaineann le rioscaí, teagmhais amhrasta nó saincheisteanna neamh-chomhlíontachta a bhaineann le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chumhdaítear leis an sainordú sin;

(e)

an ceart a bheith aige nó aici an sainordú sin a fhoirceannadh gan phionós má ghníomhaíonn an monaróir ar neamhréir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh ionadaí monaróra maidir le faireachas margaidh a fhoirceannann sainordú ar na forais dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), an méid sin in iúl láithreach don údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE nó an ceadú aonair AE.

Airteagal 10

Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí

1.   Áiritheoidh allmhaireoirí, maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a chuireann siad ar an margadh, go mbaineann an t-innealra sin le cineál dár deonaíodh cineálcheadú AE agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an gcineál sin nó gur deonaíodh ceadú aonair AE dó.

2.   Áiritheoidh allmhaireoirí, maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige agus a chuireann siad ar an margadh, go bhfuil an pláta reachtúil maille le marcáil air a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus go ngabhfaidh an deimhniú comhréireachta leis.

Áiritheoidh allmhaireoirí freisin, maidir leis an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE agus ceadú aonair AE aige agus a chuireann siad ar an margadh, go mbeidh na doiciméid, an fhaisnéis agus na treoracha le haghaidh an úsáideora tarraingthe suas de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7(3) agus (4), i gcás inarb infheidhme.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainmneacha, a dtrádainmneacha cláraithe nó a dtrádmharcanna cláraithe, agus na seoltaí poist agus ríomhphoist lenar féidir dul i dteagmháil leo a chur in iúl ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra sin. Luafar sa seoladh arna chur in iúl ag an allmhaireoir pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leis an allmhaireoir sin. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh siad freagrach as innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige agus a bheartaítear lena chur ar fáil ar an margadh, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as do chomhréireacht an innealra sin le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 11

Oibleagáidí sonracha allmhaireoirí

1.   Innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní chuirfidh allmhaireoirí ar fáil ar an margadh é go dtí go dtabharfar chun comhréireachta an t-innealra sin.

2.   Allmhaireoirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, atá curtha ar fáil ar an margadh acu, nach bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an t-innealra soghluaiste sin nach innealra bóthair é, a thabhairt chun comhréireachta, nó a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

3.   Allmhaireoirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint go mbaineann riosca tromchúiseach leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, agus atá curtha ar fáil ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir, údaráis cheadaithe agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an t-innealra sin ar fáil ar an margadh nó inar chuir siad i seirbhís é, ar an eolas láithreach faoi sin.

Déanfaidh an t-allmhaireoir na húdaráis sin a chur ar an eolas freisin i dtaobh cibé gníomh a rinneadh agus, ina theannta sin, tabharfaidh sé nó sí mionsonraí an riosca thromchúisigh agus mionsonraí aon bhirt cheartaithigh a rinne an monaróir.

4.   Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh 10 mbliana tar éis don innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith curtha ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta a choimeád ar fáil do na húdaráis cheadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh gur féidir an pacáiste faisnéise a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

5.   Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, déanfaidh allmhaireoir an fhaisnéis agus doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a léiriú, a sholáthar dó i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh an t-allmhaireoir i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomh arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuir sé ar an margadh.

6.   Coimeádfaidh allmhaireoirí taifead ar ghearáin agus aisghairmeacha a bhaineann le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuir siad ar an margadh, agus coimeádfaidh siad a ndáileoirí ar an eolas faoi ghearáin agus aisghairmeacha den sórt sin.

Airteagal 12

Oibleagáidí ginearálta dáileoirí

1.   Agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige, á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfidh siad innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí le cúram cuí go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)

go bhfuil an pláta reachtúil maille le marcáil, a cheanglaítear leis an Rialachán seo, ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige;

(b)

go ngabhann deimhniú comhréireachta leis an innealra sin a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige;

(c)

go bhfuil na doiciméid, faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora tarraingthe suas de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo;

(d)

i gcás innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige, go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7(3) agus (4) agus in Airteagal 10(3), i gcás inarb infheidhme.

3.   Áiritheoidh dáileoirí, fad a bheidh siad freagrach as innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE nó ceadú aonair AE aige, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as do chomhréireacht an innealra sin leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

Oibleagáidí sonracha dáileoirí

1.   I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag dáileoirí chun a chreidiúint, maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá faoina gcúram, nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir, an t-allmhaireoir agus an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE nó an ceadú aonair AE ar an eolas faoi sin, agus ní chuirfidh siad an t-innealra soghluaiste sin nach innealra bóthair é ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta é.

2.   Dáileoirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint, maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá curtha ar fáil ar an margadh acu, nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir, an t-allmhaireoir agus an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE nó an ceadú aonair AE ar an eolas faoi sin.

3.   Dáileoirí a bhfuil cúis leordhóthanach acu chun a chreidiúint go mbaineann riosca tromchúiseach leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá curtha ar fáil ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir, an t-allmhaireoir agus na húdaráis cheadaithe agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas faoi sin.

Déanfaidh an dáileoir na húdaráis sin a chur ar an eolas freisin i dtaobh cibé gníomh a rinneadh agus tabharfaidh sé, go háirithe, mionsonraí an riosca thromchúisigh agus mionsonraí aon bhirt cheartaithigh a rinne an monaróir.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta, áiritheoidh dáileoir go soláthróidh an monaróir an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 8(4) don údarás náisiúnta nó go soláthróidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 11(4) don údarás náisiúnta. Comhoibreoidh an dáileoir leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chuir sé ar fáil ar an margadh.

5.   Aon ghearán a fhaigheann dáileoirí i dtaca le rioscaí, teagmhais amhrasta agus saincheisteanna neamhréireachta maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad an monaróir ábhartha ar an eolas láithreach fúthu.

Airteagal 14

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar gur monaróir é an t-allmhaireoir nó an dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanann an t-allmhaireoir nó an dáileoir innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó ina bhfuil sé freagrach as innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur i seirbhís faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(b)

i gcás ina bhfuil modhnú déanta ag an allmhaireoir sin nó an dáileoir sin ar an innealra sin ar bhealach a bhféadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh an Rialacháin seo.

Airteagal 15

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, céannacht na n-oibreoirí seo a leanas a chur in iúl do na húdaráis cheadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair innealra soghluaiste nach innealra bóthair é dóibh;

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch dár sholáthair siad innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

Airteagal 16

Ceanglais theicniúla maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear lena bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí

1.   Déanfar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a dhearadh, a dhéanamh agus a chóimeáil ar bhealach a íoslaghdófar an riosca gortaithe do na taistealaithe agus do dhaoine eile mar aon leis an riosca damáiste do bhonneagar bóthair, i limistéar máguaird an innealra, le linn d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheith i gcúrsaíocht ar bhóthar poiblí.

2.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 le haghaidh na n-eilimintí seo a leanas:

(a)

sláine struchtúr na feithicle;

(b)

uasluas dearaidh, rialtóir luais, teorantóirí luais agus luasmhéadair;

(c)

gairis choscánaithe;

(d)

stiúradh;

(e)

réimse radhairc;

(f)

cuimilteoirí gaothscátha;

(g)

gloiniú agus suiteáil an ghloinithe;

(h)

gairis amhairc neamhdhírigh;

(i)

soilsiú, suiteáil soilsiúcháin agus amharc-rabhaidh agus marcálacha;

(j)

an taobh amuigh agus na gabhálais agus iad ina n-ionad ‘ar bóthar’, lena n-áirítear an trealamh oibre agus an struchtúr luasctha;

(k)

gairis rabhaidh inchloiste agus suiteáil na ngaireas sin;

(l)

córais téimh, díreoite agus dínéalaithe;

(m)

spásanna le haghaidh pláta clárúcháin;

(n)

an pláta reachtúil maille le marcáil;

(o)

toisí;

(p)

maiseanna;

(q)

córais stórála fuinnimh;

(r)

boinn;

(s)

giar cúlaithe;

(t)

rianta;

(u)

cúpláin mheicniúla;

(v)

ionaid suí an tiománaí agus taistealaithe eile agus córais srianta;

(w)

ábhair bhreise a chuirtear le lámhleabhar an oibreora a bhaineann go sonrach le húsáid ar bhóthar;

(x)

rialuithe an oibreora.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le haon eilimint eile, i gcás inar gá, i ngeall ar dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1.

Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh rialacha mionsonraithe freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta tástála arna roghnú astu siúd a liostaítear in Airteagal 22(3);

(b)

modhanna tástála;

(c)

teorainnluachanna nó paraiméadair, i ndáil le haon cheann de na heilimintí a liostaítear sa chéad fhomhír;

(d)

tuairisc ar threalamh nó ar pháirteanna den trealamh a bheidh feistithe in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(e)

saintréithe sonracha an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é.

Féadfar foráil a dhéanamh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le rialacha mionsonraithe éagsúla do ghrúpaí éagsúla innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus sonrófar iontu an amhlaidh go bhfuil feidhm ag a bhforálacha maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheartaítear lena bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí le tiománaí, gan tiománaí, nó iad araon.

3.   Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 á nglacadh aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin ailínithe, comhsheasmhach agus comhlántach leis na ceanglais is infheidhme maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é de bhun gníomhartha eile de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2023/1230. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, lena n-áirítear leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Airteagal 17

Innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís

1.   Innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a bheartaítear lena bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre, ní dhéanfar é a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú ná a chur i seirbhís ach amháin i gcás ina mbeidh sé i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin más rud é go gcomhlíonfar na hoibleagáidí, lena gcomhfhreagraítear don innealra sin, a leagtar amach sa Rialachán seo.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE

Airteagal 18

Iarratas ar chineálcheadú AE

1.   Déanfaidh an monaróir nó a ionadaí ar chineálcheadú AE iarratas ar chineálcheadú AE agus an fillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19 a chur faoi bhráid an údaráis ceadaithe.

I gcás ina mbeidh an monaróir bunaithe taobh amuigh den Aontas, ceapfaidh an monaróir ionadaí aonair atá bunaithe laistigh den Aontas chun ionadaíocht a dhéanamh don mhonaróir sin os comhair an údaráis ceadaithe. I gcásanna ina bhfuil an monaróir bunaithe laistigh den Aontas, féadfaidh an monaróir sin an t-ionadaí sin a cheapadh.

2.   Is é a bheidh i gceist le cineálcheadú AE ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é ina iomláine trí bhíthin oibríocht aonair.

3.   Ní chuirfear ach aon iarratas amháin ar chineálcheadú AE i leith cineál áirithe d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é isteach ach in aon Bhallstát amháin agus ní chuirfear faoi bhráid ach aon údarás ceadaithe amháin é.

4.   Cuirfear iarratas ar leithligh ar chineálcheadú AE isteach le haghaidh gach cineáil innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá le ceadú.

Airteagal 19

Fillteán faisnéise

1.   Soláthróidh an monaróir nó a ionadaí ar chineálcheadú AE fillteán faisnéise don údarás ceadaithe agus iarratas ar chineálcheadú AE á chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1).

2.   Beidh an méid seo a leanas san fhillteán faisnéise:

(a)

doiciméad faisnéise;

(b)

gach sonra, líníocht, grianghraf agus an fhaisnéis ábhartha eile ar fad;

(c)

cóip den dearbhú comhréireachta AE dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;

(d)

aon fhaisnéis a iarrann an t-údarás ceadaithe i gcomhthéacs an nós imeachta iarratais ar chineálcheadú AE.

3.   Soláthrófar an fillteán faisnéise i bhformáid pháipéir, nó i bhformáid leictreonach ar formáid í atá inghlactha ag an tseirbhís theicniúil agus ag an údarás ceadaithe.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun teimpléid a leagan síos don doiciméad faisnéise agus don fhillteán faisnéise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

CAIBIDIL IV

STIÚRADH NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE

Airteagal 20

Forálacha ginearálta maidir le stiúradh nósanna imeachta cineálcheadaithe AE

1.   Ní dheonóidh údaráis cheadaithe ach aon chineálcheadú AE amháin le haghaidh gach cineáil innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é.

2.   Fíoróidh údaráis cheadaithe an méid a leanas:

(a)

comhréireacht na socruithe táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 23; agus

(b)

go gcomhlíonann an cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é na ceanglais theicniúla is infheidhme.

Má fhaigheann údarás ceadaithe maidir le cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, cé go gcomhlíonann siad na ceanglais theicniúla ábhartha, go mbaineann riosca tromchúiseach leis, féadfaidh sé a dhiúltú cineálcheadú AE a dheonú. Sa chás sin, déanfaidh sé comhad mionsonraithe a sheoladh láithreach bonn chuig údaráis cheadaithe na mBallstát eile agus chuig an gCoimisiún ina míneofar na cúiseanna atá leis an gcinneadh agus ina leagfar amach an fhianaise lena thorthaí.

3.   Cuirfidh an t-údarás ceadaithe údaráis cheadaithe na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill maidir leis an diúltú sin nó maidir le haon chineálcheadú AE a tarraingíodh siar, mar aon leis na cúiseanna lena chinneadh, trí chóras leictreonach malartaithe coiteann slán.

4.   Cuirfidh an t-údarás ceadaithe pacáiste faisnéise le chéile ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

fillteán faisnéise maille leis na tuarascálacha tástála agus gach doiciméad eile a chuir an tseirbhís theicniúil nó an t-údarás ceadaithe leis an bhfillteán faisnéise sin le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh;

(b)

innéacs ina liostófar inneachar an phacáiste faisnéise agus uimhreacha cuí air agus lena dtabharfar cuntas ar na céimeanna i ndiaidh a chéile a tugadh i mbainistiú an chineálcheadaithe AE, go háirithe na dátaí ar a ndearnadh athbhreithnithe agus nuashonruithe.

Déanfaidh an t-údarás ceadaithe an fhaisnéis atá sa phacáiste faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choimeád ar fáil ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis chríoch bhailíocht an chineálcheadaithe AE lena mbaineann.

5.   Féadfaidh rochtain a bheith ag an gCoimisiún ar an gcóras leictreonach malartaithe coiteann slán, dá dtagraítear i mír 3 agus in Airteagail 21(3), 26(3) agus 27(5). Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos formáid na ndoiciméad leictreonach atá le cur ar fáil tríd an gcóras sin, an sásra malartaithe, na nósanna imeachta i ndáil leis na húdaráis a chur ar an eolas faoi dheonú chineálcheaduithe AE, faoi leasuithe orthu, diúltuithe dóibh agus aistarraingtí díobh agus faoi na bearta ábhartha slándála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 21

Deimhniú ar chineálcheadú AE

1.   Nuair a dheonófar cineálcheadú AE, eiseoidh an t-údarás ceadaithe deimhniú ar chineálcheadú AE don mhonaróir nó dá ionadaí.

Beidh an deimhniú ar chineálcheadú AE bailí fad a bheidh an cineálcheadú AE bailí.

Leasóidh an t-údarás ceadaithe an deimhniú ar chineálcheadú AE nuair a leasófar an cineálcheadú AE ábhartha.

2.   Beidh na ceangaltáin seo a leanas ag gabháil leis an deimhniú ar chineálcheadú AE:

(a)

an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 20(4);

(b)

bileog thorthaí na tástála;

(c)

ainm an duine atá údaraithe le deimhniú comhréireachta a shíniú, maille le sampla de shíniú an duine sin, agus ráiteas maidir le post an duine sa chuideachta;

(d)

sampla den deimhniú comhréireachta agus í comhlánaithe.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos córas uimhrithe comhchuibhithe. Déanfar deimhnithe ar chineálcheadú AE a uimhriú i gcomhréir leis an gcóras uimhrithe comhchuibhithe sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). Déanfaidh an t-údarás ceadaithe, laistigh de mhí amháin ó eisiúint an deimhnithe ar chineálcheadú AE, cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE d’innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, maille leis na ceangaltáin, a sheoladh trí chóras leictreonach malartaithe coiteann slán chuig údaráis cheadaithe na mBallstát eile.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos teimpléad don deimhniú ar chineálcheadú AE. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). I leith gach cineáil innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, déanfaidh an t-údarás ceadaithe an méid seo a leanas:

(a)

na ranna ábhartha uile den deimhniú ar chineálcheadú AE a chomhlánú, lena n-áirítear an bhileog le haghaidh thorthaí na dtástálacha atá i gceangal leis an deimhniú;

(b)

an t-innéacs leis an bpacáiste faisnéise a thiomsú;

(c)

an deimhniú comhlánaithe, maille lena cheangaltáin, a eisiúint don mhonaróir nó dá ionadaí, gan mhoill.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an teimpléad don bhileog torthaí tástála dá dtagraítear i mír 2, pointe (b). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

6.   I gcás cineálcheadú AE ar forchuireadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, srianta ar a bhailíocht, sonrófar na srianta sin sa deimhniú ar chineálcheadú AE.

7.   Leagfaidh an t-údarás ceadaithe síos liosta ceanglas nó gníomhartha is infheidhme agus cuirfidh sé an liosta sin i gceangal leis an deimhniú ar chineálcheadú AE. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos teimpléad don liosta sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 22

Comhlíonadh a léiriú le haghaidh chineálcheadú AE

1.   Chun cineálcheadú AE innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a dheonú, léireofar comhlíonadh ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe comhlíonadh na gceanglas teicniúil is infheidhme.

2.   Léireoidh an monaróir nó a ionadaí ar chineálcheadú AE comhlíonadh na gceanglas teicniúil is infheidhme trí dhoiciméadacht theicniúil a tharraing suas.

3.   Áireofar leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 2 dearbhú comhlíontachta ón monaróir nó, más rud é go gceanglaítear tástálacha leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, tuarascálacha tástála atá mar thoradh ar na nósanna imeachta tástála seo a leanas:

(a)

tástáil arna déanamh ag an monaróir; i gcás na nósanna imeachta tástála a áirítear sa phointe seo, tá freagracht an údaráis ceadaithe teoranta do sheiceáil a dhéanamh go bhfuil an dearbhú agus na tuarascálacha tástála araon san áireamh sa chomhad;

(b)

tástáil arna déanamh ag seirbhís theicniúil atá ainmnithe chun an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú nó ag seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí an mhonaróra sin, dá dtagraítear in Airteagal 43;

(c)

tástáil arna déanamh ag an monaróir faoi mhaoirseacht seirbhíse teicniúla atá ainmnithe chun an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú, seachas seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí, dá dtagraítear in Airteagal 43.

4.   Maidir le cineálcheadú AE innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh atá cineálcheadaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 nó i Rialachán (AE) 2018/858, glacfar iad, más rud é go ndéanfar iad a shuiteáil agus a chomhtháthú i gceart san innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus nach ndéanann siad difear do chomhréireacht an innealra sin leis na ceanglais theicniúla is infheidhme.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le formáid na dtuarascálacha tástála dá dtagraítear i mír 3 ar ceanglais iad lena gcomhlíonfar na tuarascálacha tástála sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

6.   Déanfaidh an monaróir nó a ionadaí ar chineálcheadú AE a oiread innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a cheanglaítear faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil don údarás ceadaithe chun na tástálacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin a fheidhmiú.

Maidir leis na tástálacha a cheanglaítear a fheidhmiú, déanfar iad ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá ionadaíoch don chineál atá le ceadú.

Mar sin féin, féadfaidh an monaróir nó a ionadaí ar chineálcheadú,AE faoi réir chomhaontú an údaráis ceadaithe, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a roghnú nach bhfuil ionadaíoch don chineál lena mbaineann ach a cheanglóidh le chéile roinnt de na gnéithe is neamhfhabhraí inti ó thaobh an leibhéil feidhmíochta a cheanglaítear. Féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid chun cabhrú leis an gcinnteoireacht i rith an phróisis roghnaithe.

7.   Faoi réir chomhaontú an údaráis ceadaithe, féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid in ionad na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear i mír 3 arna iarraidh sin don mhonaróir nó dá ionadaí ar chineálcheadú AE maidir leis na ceanglais sin a bhunaítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 9.

8.   Comhlíonfaidh na modhanna fíorúla tástála na coinníollacha a bhunaítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 9.

9.   Chun a áirithiú go mbeidh na torthaí a gheofar tríd an tástáil fhíorúil chomh fónta céanna leo siúd a gheofar trí thástáil fhisiciúil, tugtar an chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 50, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na ceanglais, ar féidir a gcomhlíonadh a thástáil trí thástáil fhíorúil, agus na dálaí a mbeidh an tástáil fhíorúil sin le déanamh fúthu, a leagan amach.

Airteagal 23

Comhréireacht na socruithe táirgthe

1.   Maidir le húdarás ceadaithe a dheonaíonn cineálcheadú AE, déanfaidh sé na bearta is gá lena fhíorú, go díreach, i gcomhar le húdarás ceadaithe Ballstáit eile, nó ar bhonn fíorú a rinne údarás Ballstáit eile cheana, go bhfuil socruithe táirgthe oiriúnacha déanta lena áirithiú go mbeidh an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá á dtairgeadh, i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe agus leis na pleananna rialaithe doiciméadaithe, rud a bheidh le comhaontú le sealbhóir an chineálcheadaithe AE le haghaidh gach ceadaithe.

2.   Fíoróidh an t-údarás ceadaithe go bhfuil líon leordhóthanach samplaí de dheimhnithe comhréireachta eisithe ag sealbhóir an chineálcheadaithe AE atá i gcomhréir le hAirteagal 28 agus go bhfuil socruithe oiriúnacha déanta ag sealbhóir an chineálcheadaithe AE lena áirithiú go bhfuil na sonraí sna deimhnithe comhréireachta i gceart.

3.   Maidir le húdarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE, déanfaidh sé na bearta is gá i ndáil leis an gceadú sin lena fhíorú, go díreach, i gcomhar le húdarás ceadaithe Ballstáit eile, nó ar bhonn fíorú a rinne údarás ceadaithe Ballstáit eile cheana, go bhfuil na socruithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo leordhóthanach i gcónaí ionas go leanfaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá á tháirgeadh de bheith i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe agus go leanfaidh deimhnithe comhréireachta de bheith ag comhlíonadh Airteagal 28.

4.   Féadfaidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE aon cheann de na seiceálacha nó de na tástálacha, ar seiceálacha nó tástálacha iad a cheanglaítear le haghaidh an chineálcheadaithe AE, a dhéanamh ar shamplaí arna dtógáil in áitreabh shealbhóir an chineálcheadaithe AE, lena n-áirítear saoráidí táirgthe.

5.   Nuair a shuíonn údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE nach ndearnadh na socruithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, go n-imíonn siad go suntasach ó na socruithe agus ó na pleananna rialaithe a comhaontaíodh nó go meastar nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh, cé go bhfuiltear ag leanúint den táirgeadh, déanfaidh an t-údarás ceadaithe sin na bearta is gá chun a áirithiú go leanfar i gceart an nós imeachta um chomhréireacht táirgeachta, nó déanfaidh sé an cineálcheadú AE a tharraingt siar. Féadfaidh an t-údarás ceadaithe a chinneadh gach beart ceartaitheach nó sriantach is gá a leagtar síos i gCaibidil X a dhéanamh.

6.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 i dtaobh na socruithe mionsonraithe maidir le comhréireacht táirgeachta, amhail na coinníollacha mionsonraithe nach bhféadfaidh na húdaráis cheadaithe diúltú don fhíorú a rinne údarás ceadaithe Ballstáit eile cheana fúthu.

CAIBIDIL V

LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADÚ AE

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh sealbhóir an chineálcheadaithe AE an t-údarás ceadaithe, a dheonaigh an cineálcheadú AE, a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na sonraí atá taifeadta sa phacáiste faisnéise.

2.   Déanfaidh an t-údarás ceadaithe sin cinneadh maidir le cén nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 25 a leanfar.

3.   I gcás inar gá agus tar éis dul i gcomhairle le sealbhóir an chineálcheadaithe AE, féadfaidh an t-údarás ceadaithe a chinneadh gur gá leasú ar an gcineálcheadú AE a dheonú.

4.   Cuirfidh sealbhóir chineálcheadú AE atá le leasú iarratas ar leasú ar an gcineálcheadú AE faoi bhráid an údaráis ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE atá le leasú.

5.   I gcás ina suífidh an t-údarás ceadaithe, chun leasú a dhéanamh ar chineálcheadú AE, gur gá cigireachtaí nó tástálacha a athdhéanamh, cuirfidh sé sealbhóir an chineálcheadaithe AE atá le leasú ar an eolas dá réir sin.

Ní bheidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25 ach amháin, ar bhonn na gcigireachtaí agus na dtástálacha sin, má thagann an t-údarás ceadaithe ar an tátal go bhfuil na ceanglais a bhaineann le cineálcheadú AE á gcomhlíonadh i gcónaí.

Airteagal 25

Leasuithe ar an gcineálcheadú AE

1.   I gcás ina bhfíoróidh an t-údarás ceadaithe go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise athraithe, deonóidh an t-údarás ceadaithe leasú ar an gcineálcheadú AE ar cuireadh an t-iarratas isteach lena aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 24.

2.   Tabharfaidh an t-údarás ceadaithe ‘athbhreithniú’ ar an leasú mura gceanglaítear cigireachtaí nó tástálacha a athdhéanamh.

Sa chás sin, eiseoidh an t-údarás ceadaithe na leathanaigh athbhreithnithe den phacáiste faisnéise de réir mar is gá, agus marcálfaidh sé gach ceann de na leathanaigh athbhreithnithe chun an cineál athraithe agus dáta na hatheisiúna a léiriú. Measfar go ndéanfaidh leagan comhdhlúite, nuashonraithe den phacáiste faisnéise, maille le tuairisc mhionsonraithe ar na hathruithe, an ceanglas sin a chomhlíonadh.

3.   Tabharfaidh an t-údarás ceadaithe ‘síneadh’ ar an leasú más rud é go dtarlaíonn aon cheann den mhéid seo a leanas:

(a)

tá gá le hiniúchtaí breise nó tástálacha breise;

(b)

déantar athrú ar aon fhaisnéis sa deimhniú ar chineálcheadú AE, cé is moite d’fhaisnéis sna ceangaltáin; nó

(c)

tagann ceanglais nua faoi aon ghníomh a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo chun bheith infheidhme maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige.

4.   Nuair a eiseofar leathanaigh leasaithe den phacáiste faisnéise nó leagan comhdhlúite cothrom le dáta den phacáiste faisnéise, leasófar dá réir innéacs an phacáiste faisnéise a ghabhann leis an deimhniú ar chineálcheadú AE chun dáta an fhadaithe nó an athbhreithnithe is déanaí a thaispeáint, nó chun dáta an chomhdhlúthaithe is déanaí den leagan cothrom le dáta a thaispeáint.

5.   Ní cheanglófar aon leasú ar chineálcheadú AE innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é más rud é, ó thaobh na teicneolaíochta de, nach mbaineann na ceanglais nua dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) leis an gcineál sin d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

Airteagal 26

Leasuithe a eisiúint agus a fhógairt

1.   I gcás athbhreithniú, déanfaidh an t-údarás ceadaithe na doiciméid athbhreithnithe nó an leagan comhdhlúite nuashonraithe, de réir mar is cuí, lena n-áirítear an t-innéacs athbhreithnithe a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise, a eisiúint do shealbhóir an chineálcheadaithe AE.

2.   I gcás síneadh, eiseoidh an t-údarás ceadaithe deimhniú nuashonraithe ar chineálcheadú AE a mbeidh uimhir an tsínidh luaite air, ar uimhir í a ardaíonn de réir líon na síntí leantacha a deonaíodh. Taispeánfar go soiléir ar an deimhniú nuashonraithe sin an chúis a bhí leis an síneadh agus dáta atheisithe an deimhnithe nuashonraithe ar chineálcheadú AE. Nuashonrófar gach roinn ábhartha den deimhniú sin, na ceangaltáin a ghabhann leis, agus innéacs an phacáiste faisnéise.

Déanfaidh an t-údarás ceadaithe an deimhniú nuashonraithe sin agus na ceangaltáin a ghabhann leis a eisiúint do shealbhóir an chineálcheadaithe AE.

3.   Tabharfaidh an t-údarás ceadaithe fógra maidir le haon leasú a dhéantar ar chineálcheaduithe AE a thabhairt d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile trí chóras leictreonach malartaithe coiteann slán.

CAIBIDIL VI

BAILÍOCHT CHINEÁLCHEADÚ AE

Airteagal 27

An bhailíocht a fhoirceannadh

1.   Deonófar cineálcheaduithe AE ar feadh tréimhse neamhtheoranta.

2.   Beidh cineálcheadú AE neamhbhailí i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina scoirtear go críochnúil agus go deonach de bheith ag táirgeadh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus a bhfuil cineálcheadú AE aige;

(b)

i gcás ina dtagann ceanglais nua chun bheith éigeantach, ar ceanglais iad is infheidhme maidir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige, i dtaca le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, agus nach féidir an cineálcheadú a nuashonrú i gcomhréir le Caibidil V;

(c)

i gcás ina rachaidh bailíocht an chineálcheadaithe AE in éag i ngeall ar shrian i gcomhréir le hAirteagal 30(3);

(d)

i gcás inar tarraingíodh siar an cineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 23(5).

Mar sin féin, i gcás na chéad fhomhíre, pointe (b), tiocfaidh an cineálcheadú AE agus an deimhniú ábhartha ar chineálcheadú AE maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh, chun bheith neamhbhailí 24 mhí tar éis dáta chur i bhfeidhm na gceanglas nua dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

3.   I gcás nach ndéanfar difear leis sin ach d’athraitheach amháin laistigh de chineál nó de leagan amháin laistigh d’athraitheach, ní thiocfaidh cineálcheadú AE an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gceist, chun bheith neamhbhailí ach a mhéid a bhaineann leis an athraitheach áirithe sin nó leis an leagan áirithe sin.

4.   I gcás ina scoirtear go críochnúil de bheith ag táirgeadh cineál áirithe innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, tabharfaidh sealbhóir an chineálcheadaithe AE fógra faoi sin don údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE don innealra soghluaiste sin nach innealra bóthair é.

5.   Laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE don innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, údaráis cheadaithe na mBallstát eile ar an eolas faoi sin, trí chóras leictreonach malartaithe coiteann slán.

6.   Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5, agus i gcásanna ina mbeidh cineálcheadú AE d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é le teacht chun bheith neamhbhailí, tabharfaidh sealbhóir an chineálcheadaithe AE fógra faoi sin don údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE.

Déanfaidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE gach faisnéis ábhartha a chur in iúl gan mhoill d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile trí chóras leictreonach malartaithe coiteann slán.

7.   Sonrófar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, go háirithe, an dáta táirgthe agus uimhir aitheantais feithicle an innealra shoghluaiste is deireanaí nach innealra bóthair é a táirgeadh.

CAIBIDIL VII

DEIMHNIÚ COMHRÉIREACHTA AGUS AN PLÁTA REACHTÚIL MAILLE LE MARCÁIL

Airteagal 28

An deimhniú comhréireachta

1.   Eiseoidh an monaróir deimhniú comhréireachta chun bheith ag gabháil le gach innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arna mhonarú i gcomhréir leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil cineálcheadú AE aige.

2.   Déanfar an deimhniú comhréireachta a sheachadadh chuig an úsáideoir saor in aisce in éineacht leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. Ní fhéadfaidh seachadadh an deimhnithe a bheith ag brath ar iarraidh shainráite nó ar fhaisnéis bhreise a bheith curtha faoi bhráid shealbhóir an chineálcheadaithe AE.

3.   Féadfar an deimhniú comhréireachta a sholáthar i bhformáid pháipéir nó leictreonach.

Mar sin féin, má iarrann an ceannaitheoir formáid pháipéir den deimhniú sin, tráth a cheannaítear an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, soláthróidh an monaróir an deimhniú sin i bhformáid pháipéir saor in aisce.

4.   Déanfaidh an t-údarás ceadaithe a fhaigheann an deimhniú comhréireachta, mar shonraí struchtúrtha i bhformáid leictreonach, an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh údaráis cheadaithe, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chlárúcháin na mBallstát agus an Coimisiún in ann rochtain a fháil air; agus

(b)

rochtain inléite amháin a sholáthar.

Socróidh na Ballstáit eagar agus struchtúr a líonra sonraí chun gur féidir sonraí na ndeimhnithe comhréireachta a ghlacadh trí úsáid a bhaint, más féidir, as córais atá ann cheana chun sonraí struchtúrtha a mhalartú.

5.   Ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dháta táirgthe an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, déanfaidh an monaróir, arna iarraidh sin ag úinéir an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, dúblach den deimhniú comhréireachta a eisiúint ar íocaíocht nach mó ná costas na heisiúna. Beidh an focal ‘dúblach’ le feiceáil go soiléir, sa teanga inar tarraingíodh an deimhniú comhréireachta suas, ar éadan aon deimhnithe dhúblaigh.

6.   Úsáidfidh an monaróir an teimpléad i bhformáidí páipéir agus leictreonacha le haghaidh an deimhnithe comhréireachta arna ghlacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7.

Déanfar an malartú sonraí uile i gcomhréir leis an Airteagal seo trí bhíthin prótacail shlána malartaithe sonraí a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir ina leagfar amach, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

an teimpléad don deimhniú comhréireachta;

(b)

na gnéithe slándála chun cosc ar chur ar bhrionnú an deimhnithe comhréireachta; agus

(c)

an tsonraíocht maidir leis an gcaoi a sínítear an deimhniú comhréireachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

8.   Agus aird á tabhairt ar na sonraí a éilítear a sholáthar ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach, ina leagfar amach, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

formáid bhunúsach agus struchtúr sonraí na ndeimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach agus na dteachtaireachtaí a úsáidtear sa mhalartú;

(b)

íoscheanglais le haghaidh sonraí a mhalartú go slán, lena n-áirítear éilliú agus mí-úsáid sonraí a chosc agus bearta chun barántúlacht na sonraí leictreonacha a ráthú, amhail sínithe digiteacha a úsáid;

(c)

na modhanna chun sonraí an deimhnithe comhréireachta a mhalartú i bhformáid leictreonach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

9.   Déanfar an deimhniú comhréireachta a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais. Féadfaidh aon údarás ceadaithe a iarraidh ar an monaróir an deimhniú comhréireachta a aistriú i dteangacha oifigiúla a Bhallstáit.

10.   Is laistigh d’eagraíocht an mhonaróra a bheidh an duine údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a shíniú agus beidh an duine sin údaraithe go cuí ag an mbainistíocht chun freagracht dhlíthiúil an mhonaróra a ghlacadh chucu féin go hiomlán i leith dhearadh agus dhéanamh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é nó i leith chomhréireacht táirgeachta an innealra.

11.   Líonfar an deimhniú comhréireachta isteach ina iomláine agus ní bheidh srianta ann a mhéid a bhaineann le húsáid an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é seachas iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

12.   Taispeánfar i dteideal an deimhnithe comhréireachta, i gcás innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a cheadaítear i gcomhréir le hAirteagal 30(2), an frása seo a leanas: ‘Le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, atá cineálcheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020’.

13.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an monaróir an deimhniú comhréireachta a tharchur chuig údarás clárúcháin aon Bhallstáit trí mheán leictreonach.

Airteagal 29

An pláta reachtúil maille le marcáil atá le cur ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é

1.   Déanfaidh an monaróir pláta reachtúil maille le marcáil a ghreamú d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arna mhonarú i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an tsamhail don phláta reachtúil maille le marcáil atá le cur ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 29 Iúil 2027.

CAIBIDIL VIII

TEICNEOLAÍOCHTAÍ NUA NÓ COINCHEAPA NUA

Airteagal 30

Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua

1.   Féadfar an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur isteach i leith cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua nach bhfuil ag luí leis na ceanglais theicniúla is infheidhme.

2.   Deonóidh an t-údarás ceadaithe an cineálcheadú AE le haghaidh an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

luaitear san iarratas na cúiseanna nach bhfuil na teicneolaíochtaí nó na coincheapa atá i gceist ag luí leis na ceanglais theicniúla is infheidhme;

(b)

tá tuairisc san iarratas ar na himpleachtaí i ndáil leis na gnéithe a chumhdaítear leis an teicneolaíocht nua agus ar na bearta a rinneadh chun a áirithiú go mbeidh ar a laghad leibhéal cosanta ann i ndáil leis na gnéithe a chumhdaítear a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear leis na ceanglais óna bhfuiltear ag lorg díolúine;

(c)

léiríonn tuairiscí agus torthaí tástála arna ndéanamh ag seirbhís theicniúil atá ainmnithe chun an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú nó ag seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí an mhonaróra sin, dá dtagraítear in Airteagal 41, go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b).

3.   Beidh deonú an chineálcheadaithe AE sin, lena ndéantar díolúine a thabhairt maidir le teicneolaíochtaí nua nó le coincheapa nua, faoi réir a údaraithe ón gCoimisiún.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena chinneadh cé acu a dheonófar nó a dhiúltófar an t-údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

I gcás inarb iomchuí, sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme sin cé acu atá nó nach bhfuil an t-údarú faoi réir aon srian, lena n-áirítear tréimhse bhailíochta.

I ngach cás, beidh an cineálcheadú AE bailí go ceann 36 mhí ar a laghad.

4.   Go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le húdarú, féadfaidh an t-údarás ceadaithe cineálcheadú sealadach AE a eisiúint.

Ní bheidh an cineálcheadú AE sin bailí, áfach, ach i gcríoch an Bhallstáit sin, i leith cineál innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus a chumhdaítear leis an díolúine atá á lorg, agus sna Ballstáit lena mbaineann an t-údarás ceadaithe a ghlac leis an gceadú i gcomhréir le mír 5.

Cuirfidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE sealadach an Coimisiún agus na húdaráis cheadaithe eile ar an eolas faoi sin gan mhoill trí bhíthin comhaid ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 go gcomhlíontar na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin.

Beidh an nádúr sealadach agus an bhailíocht theoranta chríochach le feiceáil ó cheannteideal an deimhnithe ar chineálcheadú AE agus ó cheannteideal an deimhnithe comhréireachta. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le teimpléid le haghaidh an deimhnithe ar chineálcheadú AE agus le haghaidh an deimhnithe comhréireachta chun críocha na míre seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

5.   Féadfaidh údarás ceadaithe, seachas an t-údarás dá dtagraítear i mír 4, glacadh leis an gcineálcheadú AE sealadach dá dtagraítear i mír 4 i scríbhinn, chun go ndéanfar bailíocht an cheadaithe shealadaigh sin i gcríoch an Bhallstáit sin a leathnú.

6.   I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an t-údarú, tabharfaidh an t-údarás ceadaithe fógra láithreach do shealbhóir an chineálcheadaithe AE shealadaigh dá dtagraítear i mír 4 go ndéanfar an ceadú sealadach a chúlghairm 6 mhí tar éis dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3.

Mar sin féin, féadfar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís i mBallstát an údaráis ceadaithe a dheonaigh an ceadú sin agus in aon Bhallstát inar ghlac an t-údarás ceadaithe leis an gceadú sin, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an t-innealra sin a mhonarú i gcomhréir leis an gcineálcheadú AE sealadach sular scoir sé de bheith bailí;

(b)

tá an pláta reachtúil maille le marcáil ar an innealra soghluaiste, a cheanglaítear leis an Rialachán seo;

(c)

gabhann an deimhniú comhréireachta sealadach leis an innealra sin; agus

(d)

tá na doiciméid, faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora tarraingthe suas de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 31

Leasuithe dá éis ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.   I gcás ina n-údaraíonn an Coimisiún díolúine a dheonú de bhun Airteagal 30, déanfaidh sé na bearta is gá láithreach chun na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann a leasú chun forbairtí teicneolaíocha a léiriú.

2.   A luaithe a bheidh na gníomhartha ábhartha leasaithe, cuirfear i leataobh aon srian a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lenar údaraíodh an díolúine.

3.   Mura mbeidh na céimeanna is gá chun na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a leasú déanta, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a dheonaigh an ceadú, a údarú don Bhallstát an cineálcheadú AE a leathnú, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

CAIBIDIL IX

CEADÚ AONAIR AE

Airteagal 32

Ceadú aonair AE

1.   Deonóidh na Ballstáit ceadú aonair AE le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Is é an t-úinéir, an monaróir, ionadaí atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha chun na críche sin ag an monaróir nó allmhaireoir an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é a chuirfidh isteach an t-iarratas ar cheadú aonair AE le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

3.   Féadfar rialacha mionsonraithe éagsúla a sholáthar sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 16(2) maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá faoi réir ceadú aonair AE. Cumhdóidh na rialacha sin na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear in Airteagal 22(3)(b) agus (c) agus is éard a bheidh iontu nósanna imeachta neamhscriosacha agus simplithe chun a léiriú go gcomhlíonann an t-innealra soghluaiste aonair nach innealra bóthair é trí mheasúnú fisiceach, fíorúil agus meicniúil.

4.   Tabharfar uimhir uathúil don deimhniú ar cheadú aonair AE i gcomhréir le córas uimhrithe comhchuibhithe, agus, ar a laghad, beifear in ann, dá bharr sin, an Ballstát a dheonaigh ceadú aonair AE a shainaithint.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos teimpléad agus córas uimhrithe deimhnithe ar cheadú aonair AE. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

CAIBIDIL X

CLÁSAIL CHOIMIRCE

Airteagal 33

Meastóireacht náisiúnta ar innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcás ina mbeidh amhras go mbaineann riosca tromchúiseach leis nó nach bhfuil sé i gcomhréir

1.   I gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ag údarás um fhaireachais margaidh de chuid Ballstáit le creidiúint, bunaithe ar a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh féin, nó bunaithe ar fhaisnéis a sholáthair údarás ceadaithe nó monaróir nó bunaithe ar ghearáin, go mbaineann riosca tromchúiseach le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó nach bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sé meastóireacht ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann, i leith na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus na húdaráis cheadaithe ábhartha go hiomlán leis na húdaráis um fhaireachas margaidh.

Airteagal 34

Nósanna imeachta náisiúnta chun déileáil le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é a mbaineann riosca tromchúiseach leis nó nach bhfuil i gcomhréir

1.   Más rud é, tar éis dó an mheastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 33, go bhfaighidh an t-údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát go mbaineann riosca tromchúiseach le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart ceartaitheach is iomchuí a dhéanamh gan mhoill chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann, a thuilleadh, nó go mbeidh sé tugtha i gcomhréir. Beidh an tréimhse sin i gcomhréir le tromchúis an riosca nó na neamh-chomhlíontachta.

2.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 go 14, go ndéanfar gach beart ceartaitheach is iomchuí i leith gach innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann, agus atá curtha ar an margadh, cláraithe nó curtha i seirbhís acu.

3.   I gcás nach ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha bearta ceartaitheacha iomchuí laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 1 nó i gcás ina mbeidh gá le gníomh tapa de thoradh an riosca, déanfaidh na húdaráis náisiúnta gach beart sriantach sealadach is iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann a chur ar fáil ar an margadh nó a chlárú, lena n-áirítear toirmeasc ar an innealra sin a bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí, nó an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann a chur i seirbhís, ina margadh náisiúnta féin, nó é a tharraingt siar ón margadh sin nó é a aisghairm.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na bearta sriantacha dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 35

Bearta ceartaitheacha agus sriantacha ar leibhéal an Aontais

1.   Maidir leis an údarás náisiúnta a dhéanfaidh beart ceartaitheach nó sriantach i gcomhréir le hAirteagal 34, cuirfidh sé an Coimisiún agus údaráis náisiúnta na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

Cuirfidh sé an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú ar an eolas faoina thorthaí freisin. I gcásanna d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann riosca tromchúiseach, tabharfar fógra faoi na bearta ceartaitheacha nó sriantacha sin chomh maith tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

Áireofar san fhaisnéis a sholáthrófar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír na mionsonraí uile atá ar fáil, lena n-áirítear na sonraí is gá chun an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann, a shainaithint, a thionscnamh, an cineál neamh-chomhlíontachta a líomhnaítear nó an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh, agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh, nuair a dhéantar amhlaidh.

2.   Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an beart le fios an bhfuil aon cheann den dá rud seo ina chúis leis an riosca nó leis an neamh-chomhlíontacht:

(a)

teip an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é an Rialachán seo a chomhlíonadh; nó

(b)

easnaimh sna gníomhartha rialála ábhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

3.   Laistigh de mhí amháin ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit, cé is moite den Bhallstát a dhéanfaidh an beart, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi aon bhearta atá glactha acu agus faoi aon fhaisnéis a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamh-chomhlíontacht nó riosca an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann, agus chomh maith leis sin, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina n-agóidí.

4.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, nach bhfuil aon agóid i leith beart náisiúnta faoina dtugtar fógra déanta ag Ballstát eile nó ag an gCoimisiún, áiritheoidh na Ballstáit eile go ndéanfar bearta comhchosúla gan mhoill laistigh dá gcríocha i leith an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann.

5.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1, go ndéanann Ballstát eile nó an Coimisiún agóid i leith beart náisiúnta faoina dtugtar fógra, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta faoina dtugtar fógra ag teacht salach ar dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill.

6.   Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 5, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 6 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Forfheidhmeoidh na Ballstáit bearta atá sna gníomhartha dá dtagraítear i mír 6 gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

8.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar le beart náisiúnta faoina dtugtar fógra nó go bhfuil sé bunoscionn le dlí an Aontais, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar nó a oiriúnú, i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 6.

9.   I gcás ina n-eascróidh an riosca nó an neamh-chomhlíontacht as easnaimh i ngníomhartha rialála arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, molfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá ar na gníomhartha lena mbaineann.

10.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt le beart ceartaitheach i gcomhréir leis an Airteagal seo nó ina bhfuil sé faoi réir na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6, beidh an beart sin ar fáil saor in aisce d’úinéirí an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é dá ndéantar difear. I gcás ina ndearnadh deisiúcháin ar chostas shealbhóir an chlárúcháin sular glacadh an beart ceartaitheach, aisíocfaidh an monaróir costais na ndeisiúchán sin suas go dtí costas na ndeisiúchán a cheanglaítear leis an mbeart ceartaitheach.

Airteagal 36

Cineálcheadú AE neamhchomhlíontach

1.   I gcás ina bhfaighidh údarás ceadaithe maidir le cineálcheadú AE a dheonaigh údarás ceadaithe Ballstáit eile nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo, diúltóidh sé an cineálcheadú sin a aithint.

2.   Tabharfaidh an t-údarás ceadaithe fógra faoina dhiúltú don údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE, d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile agus don Choimisiún. Más rud é, laistigh de mhí amháin tar éis an fhógra, go ndearbhóidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE neamhchomhlíonadh an chineálcheadaithe AE, déanfaidh an t-údarás ceadaithe sin an cineálcheadú AE a tharraingt siar.

3.   Más rud é, laistigh de mhí amháin tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, go ndéanann an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE agóid, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit gan mhoill, go háirithe leis an údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha.

4.   Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh an meastar go bhfuil údar le haitheantas an chineálcheadaithe AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhiúltú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach. Cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha sin ón gCoimisiún chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

5.   I gcás ina suíonn an Coimisiún nach gcomhlíontar an Rialachán seo le cineálcheadú AE a deonaíodh, rachaidh sé i gcomhairle leis na Ballstáit gan mhoill, go háirithe leis an údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha.

Ar bhonn na gcomhairliúchán dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas an chineálcheadaithe AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhiúltú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

6.   Tá feidhm ag Airteagail 33, 34 agus 35 maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá faoi réir chineálcheadú AE neamhchomhlíontach agus a cuireadh ar fáil ar an margadh cheana féin.

CAIBIDIL XI

FAISNÉIS THEICNIÚIL A SHOLÁTHAR

Airteagal 37

Faisnéis a bheartaítear d’úsáideoirí

1.   Ní sholáthróidh an monaróir aon fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a imíonn ó na sonraí arna gceadú an t-údarás ceadaithe.

2.   Cuirfidh an monaróir ar fáil d’úsáideoirí gach faisnéis ábhartha agus gach treoir is gá ina mbeidh tuairisc ar aon choinníoll speisialta nó ar aon srian atá nasctha le húsáid innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é. Soláthróidh na húdaráis cheadaithe tásca maidir leis an bhfaisnéis íosta agus na treoracha is gá a chur ar fáil.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 sa bhreis ar lámhleabhar sonrach an úsáideora maidir leis an innealra a úsáid ar bóthar.

4.   Cuirfear ar fáil an lámhleabhar úsáideora a bhaineann go sonrach leis an úsáid ar bóthar, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, in éineacht leis an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus soláthrófar é:

(a)

i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é le cur ar an margadh, le clárú nó le cur i seirbhís; agus

(b)

i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach atá inrochtana go héasca.

Nuair a sholáthrófar lámhleabhar an úsáideora i bhformáid leictreonach, soláthróidh an monaróir faisnéis ar an mbealach chun rochtain a fháil ar an lámhleabhar sin nó é a aimsiú, i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é le cur ar an margadh, le clárú nó le cur i seirbhís.

CAIBIDIL XII

SEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA A AINMNIÚ AGUS A FHÓGAIRT

Airteagal 38

Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla

1.   Maidir le húdaráis cheadaithe, sula n-ainmneoidh siad seirbhís theicniúil de bhun Airteagal 40, áiritheoidh siad go gcomhlíonann an tseirbhís theicniúil sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 10 den Airteagal seo.

2.   Beidh seirbhís theicniúil bunaithe faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici, ach amháin i gcás seirbhís theicniúil ar le húdarás ceadaithe í agus sheirbhís theicniúil intí chreidiúnaithe an mhonaróra dá dtagraítear in Airteagal 41.

3.   Beidh seirbhís theicniúil ina comhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar phróiseas deartha, monaraithe, soláthair nó cothabhála an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é ar a ndéanfaidh sí measúnú.

Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht do ghnóthais a bhfuil baint acu i ndearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é ar a ndéanann sé measúnú, tástáil nó imscrúdú, féadfar a mheas, ar choinníoll go léireofar go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist, go bhfuil ceanglais na chéad fhomhíre á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht sin.

4.   Maidir le seirbhís theicniúil, lucht a hardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil siad ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 40(1) a dhéanamh, ní hiad a bheidh mar dhearthóir, monaróir, soláthróir ná cothabhálaí an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é ar a ndéanann siad measúnú, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní chuirfidh sé sin bac ar úsáid an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá measúnaithe agus dá dtagraítear i mír 3, arb innealra é is gá d’oibriú na seirbhíse teicniúla nó ar úsáid an innealra shoghluaiste sin nach innealra bóthair é, chun críoch pearsanta.

5.   Áiritheoidh seirbhís theicniúil nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fochuideachtaí ná a fochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht na gcatagóirí gníomhaíochtaí ar ainmníodh í ina leith.

6.   Beidh an tseirbhís theicniúil agus a pearsanra neamhspleách agus déanfaidh siad na catagóirí gníomhaíochtaí a bhfuil sí ainmnithe faoina gcomhair leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr sa réimse sonrach atá i gceist agus beidh sí saor ó gach brú agus gach aslach, go háirithe de chineál airgeadais, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a breithiúnas nó ar thorthaí a cuid gníomhaíochtaí measúnaithe, go háirithe aon bhrú nó aon aslach ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

7.   Beidh seirbhís theicniúil ábalta na catagóirí gníomhaíochtaí uile a bhfuil sí ainmnithe faoina gcomhair, i gcomhréir le hAirteagal 40(1), a chomhlíonadh, trína léiriú chun sástachta an údaráis ceadaithe ainmniúcháin, go bhfuil an méid seo a leanas aici:

(a)

pearsanra ag a bhfuil na scileanna iomchuí, eolas teicniúil sainiúil agus gairmoiliúint mar aon le taithí leordhóthanach agus iomchuí chun an cúram a dhéanamh;

(b)

tuairiscí ar nósanna imeachta is ábhartha do na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniúcháin, lena n-áiritheofar trédhearcacht agus in-atáirgeacht na nósanna imeachta sin;

(c)

nósanna imeachta maidir le feidhmíocht na gcatagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniúcháin, ar nósanna imeachta iad lena dtugtar aird chuí ar a chasta atá teicneolaíocht an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus atá i gceist, agus ar ollnádúr nó nádúr srathach an phróisis táirgthe; agus

(d)

an acmhainn is gá chun na cúraimí a bhaineann leis na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniúcháin a dhéanamh mar is iomchuí agus go bhfuil rochtain aici ar gach trealamh nó saoráid is gá.

Ina theannta sin, léireoidh sí don údarás ceadaithe ainmniúcháin go bhfuil sí ag comhlíonadh na gcaighdeán a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 44 agus atá ábhartha do na catagóirí gníomhaíochtaí ar ina leith a ainmníodh í.

8.   Beidh na seirbhísí teicniúla, lucht a hardbhainistíochta agus an pearsanra measúnúcháin neamhchlaonta. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil le catagóirí gníomhaíochtaí ar ina leith a ainmníodh iad.

9.   Gheobhaidh seirbhísí teicniúla árachas dliteanais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí mura rud é go ngabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, nó go bhfuil an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10.   Déanfaidh pearsanra seirbhíse teicniúla rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhlíonadh a gcuid gcúraimí dóibh faoin Rialachán seo nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an údarás ceadaithe ainmniúcháin nó i gcás ina n-éilítear an fhaisnéis le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Cosnófar cearta dílseánaigh.

Airteagal 39

Fochuideachtaí seirbhísí teicniúla agus fochonraitheoireacht ag seirbhísí teicniúla

1.   Ní fhéadfaidh seirbhísí teicniúla cuid dá ngníomhaíochtaí ar ainmníodh iad ina leith i gcomhréir le hAirteagal 40(1) a chur ar fochonradh, nó na gníomhaíochtaí sin a chur á ndéanamh ag fochuideachta, ach amháin le comhaontú a n-údaráis ceadaithe ainmniúcháin.

2.   I gcás ina gcuireann seirbhís theicniúil cúraimí sonracha a bhaineann leis an gcatagóir gníomhaíochtaí dá bhfuil sé ainmnithe ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sí ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sí go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38 agus cuirfidh sí an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin ar an eolas dá réir sin.

3.   Glacfaidh seirbhísí teicniúla lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanann aon cheann dá gcuid fochonraitheoirí nó dá gcuid fochuideachtaí, cibé áit ina bhfuil siad bunaithe.

4.   Déanfaidh seirbhísí teicniúla na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus a bhaineann leis na cúraimí a dhéanann siad a choimeád ar fáil don údarás ceadaithe ainmniúcháin.

Airteagal 40

Seirbhísí teicniúla a ainmniú

1.   Déanfar seirbhísí teicniúla a ainmniú do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí gníomhaíochta seo a leanas, ag brath ar a réimse inniúlachta:

(a)

catagóir A: seirbhísí teicniúla a dhéanann na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo ina saoráidí féin;

(b)

catagóir B: seirbhísí teicniúla a dhéanann maoirseacht ar na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcás ina bhfeidhmeofar na tástálacha sin i saoráidí an mhonaróra nó i saoráidí de chuid tríú páirtí;

(c)

catagóir C: seirbhísí teicniúla a dhéanann measúnú agus faireachán ar bhonn rialta ar nósanna imeachta an mhonaróra maidir le comhréireacht táirgeachta a rialú;

(d)

catagóir D: seirbhísí teicniúla a dhéanann tástálacha nó cigireacht, nó a dhéanann maoirseacht ar thástálacha nó ar chigireacht, maidir le faireachas ar chomhréireacht táirgeachta.

2.   Féadfar údarás ceadaithe a ainmniú mar sheirbhís theicniúil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Maidir le seirbhísí teicniúla tríú tír, cé is moite díobh sin arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41, féadfar fógra a thabhairt ina leith chun críocha Airteagal 44, ach ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin má fhoráiltear do ghlacadh seirbhísí teicniúla den sórt sin le comhaontú déthaobhach idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann. Ní choiscfear leis an méid sin seirbhís theicniúil arna bunú faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 38(2) ar fhochuideachtaí a bhunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanann an tseirbhís theicniúil ainmnithe na fochuideachtaí sin a bhainistiú agus a rialú go díreach.

Airteagal 41

Seirbhísí teicniúla creidiúnaithe intí an mhonaróra

1.   Ní fhéadfar seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí de chuid monaróra a ainmniú ina seirbhís theicniúil ach amháin chun gníomhaíochtaí faoi chatagóir A, dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (a), a dhéanamh. Beidh an tseirbhís theicniúil sin ina cuid leithleach agus shainiúil den ghnóthas agus ní bheidh baint aici le dearadh, monarú, soláthar ná cothabháil an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, na gcóras, na gcomhpháirteanna ná na n-aonad teicniúil ar leithligh atá á measúnú aici.

2.   Ainmneoidh an t-údarás ceadaithe de chuid Ballstáit seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí agus comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

creidiúnóidh comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí de réir mar a shainítear in Airteagal 11, pointe 2, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo;

(b)

beidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí agus a pearsanra inaitheanta ó thaobh eagrúcháin de agus beidh modhanna tuairiscithe acu, laistigh den ghnóthas ar cuid de iad, a áiritheoidh go bhfuil siad neamhchlaonta agus a léireoidh a neamhchlaontacht don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta ábhartha;

(c)

ní ghabhfaidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí ná a pearsanra d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil leis na catagóirí gníomhaíochtaí ar ina leith a ainmnítear iad;

(d)

ní chuirfidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí a cuid seirbhísí ar fáil ach amháin don ghnóthas ar cuid de í.

3.   Ní gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoi sheirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí chun críocha Airteagal 44 ach déanfaidh an gnóthas ar cuid de í nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis maidir le creidiúnú na seirbhíse teicniúla creidiúnaithe intí a thabhairt don údarás ceadaithe ainmniúcháin, arna iarraidh sin don údarás sin.

Airteagal 42

Rialacha maidir le measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí teicniúla agus ar sheirbhísí teicniúla creidiúnaithe intí

Tugtar an chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 50, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na rialacha, nach mór do na seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh i dtaca lena measúnú i gcomhréir le hAirteagal 43 agus chun seirbhísí teicniúla intí a chreidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 41, a leagan amach.

Airteagal 43

Measúnú a dhéanamh ar scileanna na seirbhísí teicniúla

1.   Déanfaidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin tuarascáil mheasúnachta a tharraingt suas lena léireofar go bhfuil measúnú déanta ar an tseirbhís theicniúil is iarrthóir, agus i gcás inar ábhartha, ar aon fhochuideachta nó fochonraitheoir, maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige mar aon le ceanglais na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Féadfar deimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe a áireamh sa tuarascáil sin.

2.   An measúnú ar a bhfuil an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfar é i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 42. Déanfar athbhreithniú ar an tuarascáil mheasúnachta gach 3 bliana ar a laghad.

3.   Má iarrtar amhlaidh, cuirfear an tuarascáil mheasúnachta in iúl don Choimisiún. Sna cásanna sin, agus i gcás nach bhfuil an measúnú bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an tseirbhís theicniúil, déanfaidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún lena bhfianaítear inniúlacht na seirbhíse teicniúla agus na socruithe atá ann lena áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin faireachán rialta ar an tseirbhís theicniúil agus go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus na gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo á gcomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an t-údarás ceadaithe a bhfuil sé beartaithe aige a bheith ainmnithe mar sheirbhís theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 40(2) a chruthú le doiciméid go bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh aige trí mheasúnú arna dhéanamh ag iniúchóirí neamhspleácha ar an ngníomhaíocht atá faoi mheasúnú. Féadfaidh na hiniúchóirí sin a bheith ag obair san eagraíocht chéanna ar choinníoll go ndéantar iad a bhainistiú ar leithligh ón bpearsanra atá i mbun na gníomhaíochta atá á measúnú.

5.   Comhlíonfaidh seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí forálacha ábhartha an Airteagail seo.

Airteagal 44

Nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi ainm, seoltaí poist agus ríomhphoist, na daoine atá freagrach agus catagóir gníomhaíochta gach seirbhíse teicniúla atá ainmnithe acu, chomh maith le haon mhodhnú a dhéantar ina dhiaidh sin ar na hainmnithe sin. Maidir leis na heilimintí a liostaítear in Airteagal 16(2) nó maidir le haon eilimint eile a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, luafar san fhógra sin cad iad na heilimintí díobh sin ar ainmníodh na seirbhísí teicniúla ina leith.

2.   Ní fhéadfaidh seirbhís theicniúil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a dhéanamh thar ceann an údaráis ceadaithe ainmniúcháin atá freagrach as an gcineálcheadú ach amháin i gcás ina dtugtar fógra ina leith don Choimisiún roimh ré i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

3.   Féadfaidh údaráis ceadaithe ainmniúcháin áirithe an tseirbhís theicniúil dá dtagraítear i mír 2 a ainmniú agus féadfaidh Ballstáit na n-údarás ceadaithe ainmniúcháin sin fógra a thabhairt fúithi, gan beann ar an gcatagóir gníomhaíochta nó ar na catagóirí gníomhaíochta a dhéanfaidh sí i gcomhréir le hAirteagal 40(1).

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an ainmniú dá éis sin.

5.   Más rud é gur gá eagraíocht shonrach nó comhlacht inniúil a dhéanann gníomhaíocht nach n-áirítear sna gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a ainmniú i gcomhréir leis na gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfar an fógra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

6.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na seirbhísí teicniúla a dtugtar fógra ina dtaobh i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar aon le mionsonraí ina dtaobh.

Airteagal 45

Athruithe ar ainmnithe

1.   I gcás ina suíonn údarás ceadaithe, nó i gcás ina gcuirtear in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag seirbhís theicniúil atá ainmnithe aige, nó go mainníonn sí a hoibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin an t-ainmniú a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don tseirbhís theicniúil siúd. Cuirfidh an Ballstát a thug fógra i leith na seirbhíse teicniúla sin an Coimisiún ar an eolas dá réir láithreach. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis fhoilsithe dá dtagraítear in Airteagal 44(6) a mhodhnú dá réir.

2.   I gcás ina ndéantar ainmniú a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina scoireann seirbhís theicniúil dá gníomhaíochtaí, glacfaidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin céimeanna iomchuí chun a áirithiú go mbeidh comhaid na seirbhíse teicniúla sin á bpróiseáil ag seirbhís theicniúil eile nó go gcoimeádfar ar fáil iad don údarás ceadaithe ainmniúcháin nó do na húdaráis inniúla um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 46

Agóid i gcoinne inniúlacht na seirbhísí teicniúla

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a mbeidh amhras air faoi, nó a dtabharfar le fios dó go bhfuil amhras faoi, maidir le hinniúlacht seirbhíse teicniúla nó maidir leis an gcaoi a bhfuil na ceanglais agus na freagrachtaí atá ar an tseirbhís theicniúil á gcomhlíonadh go leanúnach aici.

2.   Déanfaidh Ballstát an údaráis ceadaithe ainmniúcháin gach faisnéis a bhaineann le bunús an ainmnithe nó le coinneáil ainmniú na seirbhíse teicniúla lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin air.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

4.   I gcás ina suífidh an Coimisiún nach gcomhlíonann seirbhís theicniúil na ceanglais dá hainmniú, nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh aici a thuilleadh, cuirfidh sé Ballstát an údaráis ceadaithe ainmniúcháin ar an eolas dá réir.

Iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát sin an t-ainmniú sin a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá.

I gcás nach n-éireoidh le Ballstát na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le hainmniú na seirbhíse teicniúla lena mbaineann a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi na gníomhartha cur chun feidhme sin agus tabharfaidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 44(6) cothrom le dáta dá réir.

Airteagal 47

Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla

1.   Tabharfaidh seirbhísí teicniúla faoi na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh iad thar ceann an údaráis ceadaithe ainmniúcháin agus i gcomhréir leis an measúnú agus na nósanna imeachta tástála dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Is iad na seirbhísí teicniúla féin a dhéanfaidh na tástálacha a cheanglaítear le haghaidh ceadú nó cigireachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. Ní dhéanfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha, measúnúcháin ná cigireachtaí a sheoladh nach bhfuil siad ainmnithe go cuí ag a n-údarás ceadaithe lena ndéanamh.

3.   Déanfaidh seirbhísí teicniúla an méid seo a leanas i gcónaí:

(a)

a cheadú dá n-údarás ceadaithe ainmniúcháin an tseirbhís theicniúil a fhianú le linn an mheasúnaithe comhréireachta, de réir mar is iomchuí; agus

(b)

gan dochar d’Airteagal 38(10) agus d’Airteagal 48, faisnéis maidir lena gcatagóirí gníomhaíochtaí a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, de réir mar a fhéadfar é sin a iarraidh, a sholáthar dá n-údarás ceadaithe ainmniúcháin.

4.   I gcás ina bhfaigheann seirbhís theicniúil nár chomhlíon monaróir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sí an méid sin a thuairisciú chuig an údarás ceadaithe ainmniúcháin chun go gcuirfidh an t-údarás ceadaithe ainmniúcháin de cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus dá éis sin gan deimhniú ar chineálcheadú AE a eisiúint mura rud é go mbeidh na bearta ceartaitheacha iomchuí déanta chun sástachta an údaráis ceadaithe.

5.   I gcás ina bhfaighidh seirbhís theicniúil, ag gníomhú di thar ceann an údaráis ceadaithe ainmniúcháin agus faireachán á dhéanamh aici ar chomhréireacht na táirgeachta i ndiaidh do dheimhniú ar chineálcheadú AE a bheith eisithe, nach bhfuil innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhréir leis an Rialachán seo a thuilleadh, tuairisceoidh sí an toradh sin don údarás ceadaithe ainmniúcháin. Déanfaidh an t-údarás ceadaithe na bearta cuí dá bhforáiltear in Airteagal 23.

Airteagal 48

Oibleagáidí faisnéise de chuid na seirbhísí teicniúla

1.   Cuirfidh seirbhísí teicniúla a n-údarás ceadaithe ainmniúcháin ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

aon neamh-chomhréireacht a thagann chun cinn a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá deimhniú ar chineálcheadú AE a dhiúltú, a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar;

(b)

aon toisc a dhéanann difear do raon feidhme agus coinníollacha a n-ainmnithe;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí.

2.   Arna iarraidh sin dá n-údarás ceadaithe ainmniúcháin, soláthróidh seirbhísí teicniúla faisnéis faoina ngníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme a n-ainmnithe agus faoi aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireachta.

CAIBIDIL XIII

GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME AGUS GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Teicniúil — Feithiclí Talmhaíochta, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(6), Airteagal 16(2), Airteagal 22(9), Airteagal 23(6) agus Airteagal 42 don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 28 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a leathnú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6), Airteagal 16(2), Airteagal 22(9), Airteagal 23(6) agus Airteagal 42 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(6), Airteagal 16(2), Airteagal 22(9), Airteagal 23(6) nó Airteagal 42 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin ar feadh 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(6), Airteagal 16(2), Airteagal 22(9), Airteagal 23(6) agus Airteagal 42 roimh an 29 Eanáir 2027.

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘72.

Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (IO L, 2025/14, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/14/oj) .’

Airteagal 52

Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú

1.   Déanfaidh an Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú (‘an Fóram’) arna bhunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/858 an méid seo a leanas a mheas:

(a)

ábhair a bhaineann le léirmhíniú aonfhoirmeach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

torthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cineálcheadú agus le faireachas margaidh;

(c)

ábhair a bhaineann go ginearálta le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le seirbhísí teicniúla a mheasúnú, a ainmniú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(d)

sáruithe arna ndéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha;

(e)

cur chun feidhme na mbeart ceartaitheach nó sriantach a leagtar síos i gCaibidil X;

(f)

pleanáil, comhordú agus torthaí gníomhaíochtaí faireachais margaidh.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11(1), (4), (5), (6) agus (7) de Rialachán (AE) 2018/858. Nuair is ábhartha chun críoch chur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le cúrsaí sábháilteachta a bhaineann le bheith i gcúrsaíocht ar bhóithre teacht chuig an bhFóram mar bhreathnóirí.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 30(2) agus 32 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(b)

tagairtí do ‘ADCO’, in Airteagail 11(8), 30(1) agus (3), 31(2) agus 33 de Rialachán (AE) 2019/1020, léifear iad amhail agus gur tagairtí don Fhóram iad.

Airteagal 53

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin 28 Eanáir 2028, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áireofar ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionós:

(a)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn nósanna imeachta ceadaithe nó bearta ceartaitheacha nó sriantacha a bheith á bhforchur i gcomhréir le Caibidil X;

(b)

falsú a dhéanamh ar thorthaí tástála le haghaidh cineálcheadú AE, le haghaidh comhréireacht inseirbhíse nó le haghaidh faireachas margaidh;

(c)

sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh aisghairm, diúltú nó tarraingt siar an deimhnithe cineálcheadaithe AE leanúint astu;

(d)

diúltú rochtain ar fhaisnéis a sholáthar;

(e)

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus atá faoi réir a gceadaithe, a bheith á gcur ar fáil ar an margadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus gan an ceadú sin a bheith acu, nó doiciméid nó marcálacha a bheith á bhfalsú acu chun na críche sin;

(f)

oibreoirí eacnamaíocha nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí;

(g)

neamh-chomhlíontacht seirbhísí teicniúla i leith cheanglais a n-ainmnithe.

Airteagal 54

Athbhreithniú

1.   Faoin 29 Eanáir 2033 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ábhartha.

2.   Déanfar an tuarascáil a bhunú ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha agus déanfar aon chaighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta gaolmhar a chur san áireamh inti mar aon leis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3.

3.   Faoin 29 Eanáir 2032, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta faireachais margaidh a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

líon na gcineálcheaduithe AE agus líon na gceaduithe aonair AE a deonaíodh de bhun an Rialacháin seo;

(c)

na ceanglais náisiúnta maidir le cineálcheadú náisiúnta innealra a tháirgtear i sraitheanna beaga, cineálcheadú aonair náisiúnta agus cineálcheadú náisiúnta, agus líon na gceaduithe sin arna ndeonú ón 28 Eanáir 2025.

Airteagal 55

Forálacha idirthréimhseacha

De mhaolú ar an Rialachán seo, go dtí an 29 Eanair 2036, féadfaidh na Ballstáit aon dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le cineálcheadú náisiúnta innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é le haghaidh cúrsaíocht ar bhóithre poiblí i leith innealra soghluaiste nach innealra bóthair é arna chur ar an margadh idir an 29 Eanáir 2028 agus an 29 Eanáir 2036. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh an monaróir a roghnú cur isteach ar chineálcheadú AE, cur isteach ar cheadú aonair AE nó an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh.

Airteagal 56

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ón 28 Eanáir 2025, féadfaidh údaráis náisiúnta cineálcheadú AE a dheonú i leith innealra nua soghluaiste nach innealra bóthair é nó i leith ceadú aonair AE le haghaidh innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é agus ní dhéanfaidh siad, gan dochar d’Airteagal 5(6) agus do Chaibidil X, toirmeasc a chur ar innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é a chlárú, a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcás ina gcomhlíonann an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é lena mbaineann an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, má iarrann monaróir amhlaidh.

A luaithe a dheonóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú AE i leith innealra nua soghluaiste nach innealra bóthair é nó ceadú aonair AE i leith innealra soghluaiste nua nach innealra bóthair é de bhun an dara mír, ní dhiúltóidh údaráis náisiúnta den sórt sin cineálcheadú AE eile nó ceadú aonair AE eile a dheonú má chomhlíonann sé an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, má iarrann monaróir amhlaidh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 29 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 142.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2024.

(3)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

(4)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

(6)  Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(8)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(9)  Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(15)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/14/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)