|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3161 |
18.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3112 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2024
lena gceaptar Ionchúisitheoir Eorpach d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,
Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (2),
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),
Ag féachaint don tuairim réasúnaithe agus do rangú na n-iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaíodh OIPE le Rialachán (AE) 2017/1939. |
|
(2) |
Tá na hIonchúisitheoirí Eorpacha le himscrúduithe agus ionchúisimh a mhaoirsiú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1939. |
|
(3) |
Deimhníodh rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE le Cinneadh (AE) 2024/807 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, leagtar síos rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin’). |
|
(5) |
De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá gach Ballstát rannpháirteach le triúr iarrthóirí ar phost an Ionchúisitheora Eorpaigh a ainmniú as measc iarrthóirí atá ina gcomhaltaí gníomhacha de sheirbhís ionchúisithe nó de bhreithiúnacht an Bhallstáit ábhartha, nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu lena gceapadh d’ardoifig ionchúisimh nó bhreithiúnach ina mBallstáit faoi seach, agus a bhfuil an taithí phraiticiúil acu ar chórais dlí náisiúnta, ar imscrúduithe airgeadais agus ar chomhar breithiúnach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla. |
|
(6) |
Tá triúr iarrthóirí ainmnithe ag an bPolainn. |
|
(7) |
Dhréachtaigh an painéal roghnúcháin an tuairim réasúnaithe agus an rangú do gach ceann de na hiarrthóirí a d’ainmnigh an Pholainn agus a chomhlíon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle iad an 15 Iúil 2024. |
|
(8) |
De bhun an cheathrú mír de Riail VII.2 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin agus níl sé ina cheangal ar an gComhairle. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tar éis di an tuairim réasúnaithe ón bpainéal roghnúcháin a fháil, tá an Chomhairle chun duine de na hiarrthóirí a roghnú agus a cheapadh mar Ionchúisitheoir Eorpach an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, leis na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana. |
|
(11) |
Mheasúnaigh an Chomhairle fiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, agus an tuairim réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach á gcur san áireamh. |
|
(12) |
Ar bhonn measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, lean an Chomhairle an t-ord rogha neamhcheangailteach a léirigh an painéal roghnúcháin do na hiarrthóirí a d'ainmnigh an Pholainn, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas, arna hainmniú ag an bPolainn, ina hIonchúisitheoir Eorpach OIPE ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana ón 8 Eanáir 2025:
Grażyna STRONIKOWSKA
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
PINTÉR S.
(1) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(2) IO L 282, 12.11.2018, lch. 8.
(3) IO L 17, 19.1.2023, lch. 90.
(4) Cinneadh (AE) 2024/807 ón gCoimisiún an 29 Feabhra 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L, 2024/807, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/807/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3161/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)