European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3136

18.12.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3136 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2024

maidir le ceapachán chathaoirleach agus chomhaltaí Bhord Bainistíochta an Líonra agus a gcomhaltaí malartacha agus ceapachán chomhaltaí an Aonaid Eorpaigh um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime agus a gcomhaltaí malartacha le haghaidh fheidhmeanna an líonra bainistíochta aerthráchta do 2025 agus 2026

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (1), agus go háirithe Airteagal 37(5) agus Airteagal 38(15) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/2803 a chur chun feidhme, bunaítear in Airteagal 38(14) Bord Bainistíochta Líonra (an Bord) chun rialachas iomchuí ar chur i gcrích fheidhmeanna an líonra a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh, feidhmiú agus freagrachtaí agus sásraí rialachais líonra an Bhoird a shocrú.

(2)

Tagraítear don Bhord in Airteagal 18 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (2). Bunaítear in Airteagal 19 de freisin Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime (an tAonad) chun bainistiú éifeachtach géarchéime a áirithiú ar leibhéal an líonra. Go dtí go ndéanfar athbhreithniú air tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart feidhm a bheith aige ach na modhnuithe is gá a bheith déanta (mutatis mutandis) chun leanúnachas na ngníomhaíochtaí a áirithiú.

(3)

Chun feidhmiú éifeachtúil an Bhoird agus an Aonaid a áirithiú go dtí go nglacfar Rialachán Cur Chun Feidhme athbhreithnithe, ba cheart cathaoirleach, leaschathaoirligh, comhaltaí agus breathnóirí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha agus comhaltaí an Aonaid agus a gcomhaltaí malartacha a cheapadh ar feadh 2 bhliain.

(4)

I mí Aibreáin 2024, mhol na comhaltaí a bhfuil vóta acu an cathaoirleach is iarrthóir ar an mBord nua d’aon toil.

(5)

I mí an Mheithimh 2024, mhol na heintitis ar a ndéanfar ionadaíocht ar Bhord Bainistíochta an Líonra beirt leaschathaoirleach agus comhaltaí is iarrthóirí a bhfuil vóta acu ar Bhord Bainistíochta an Líonra agus a gcomhaltaí malartacha.

(6)

I mí an Mheithimh 2024, faoi Airteagal 18(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123, mhol Eurocontrol na comhaltaí is iarrthóirí nach bhfuil vóta acu a dhéanfaidh ionadaíocht ar sholáthróirí seirbhísí aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe a bheidh ar an mBord nua.

(7)

I mí an Mheithimh 2024, fuair an Coimisiún roinnt iarrataí ar stádas breathnóra ar an mBord.

(8)

I mí an Mheithimh 2024, mhol na heagraíochtaí ar a ndéanfar ionadaíocht san Aonad a n-ainmniúcháin don Aonad.

(9)

I gcomhréir leis na moltaí sin, ba cheart cathaoirleach, leaschathaoirligh, comhaltaí agus breathnóirí ar an mBord agus a gcomhaltaí malartacha, chomh maith le comhaltaí an Aonaid agus a gcomhaltaí malartacha, a cheapadh.

(10)

Toisc go rachaidh sainordú an Bhoird atá ann faoi láthair in éag an 31 Nollaig 2024, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun leanúnachas na ngníomhaíochtaí a áirithiú.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Aerspás Aonair arna bunú le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfar iad ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 mar chomhaltaí, mar chomhaltaí malartacha agus mar bhreathnóirí ar Bhord Bainistíochta an Líonra, sa cháil dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfar iad ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha ar an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime, sa cháil dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/123/oj).


IARSCRÍBHINN I

CEAPACHÁIN CHOMHALTAÍ BHORD BAINISTÍOCHTA AN LÍONRA A BHFUIL VÓTA ACU AGUS COMHALTAÍ NACH BHFUIL VÓTA ACU AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA, CHOMH MAITH LE BREATHNÓIRÍ AR AN mBORD

An Cathaoirleach:

Enrique MAURER SOMOLINOS

An tArd-Stiúrthóir

ENAIRE

An Chéad Leas-Chathaoirleach:

Rory SERGISON

Ceannaire um Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip – An tSábháilteacht Réigiúnach agus Oibríochtaí Eitilte

IATA

An Dara Leas-Chathaoirleach:

Giovanni RUSSO

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Aerfort Ginéive


Úsáideoirí aerspáis

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

AIRE/ERA

Dorota DMUCHOWSKA

Príomhoifigeach Oibriúcháin/

Comhalta den Bhord Bainistíochta

LOT Polish Airlines – thar ceann AIRE

Jean FELON

Ceann an Lárionaid Rialaithe Oibríochtaí

Luxair – thar ceann ERA

A4E

Neal MCMAHON

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Ryanair – thar ceann A4E

Jörn MESSNER

Ceann na Monarchan Nuálaíochta & Teicneolaíochta LHA MUC

Lufthansa Group – thar ceann A4E

IATA

Rory SERGISON

Ceannaire um Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip – An tSábháilteacht Réigiúnach agus Oibríochtaí Eitilte

An Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA)

Elena Vega Fernandez Stiúrthóir Cúnta, Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip

An Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA)

EBAA/IAOPA/EAS

Melissa CAPIZZI

Bainisteoir, Gnóthaí Oibríochtúla

An Comhlachas Eorpach um Eitlíocht Ghnó (EBAA)

Robert BALTUS

Príomhoifigeach Oibriúcháin

An Comhlachas Eorpach um Eitlíocht Ghnó (EBAA)


Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta de réir an bhloic feidhme aerspáis

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

PANSA - an Pholainn

Oro Navigacija – an Liotuáin

Magdalena JAWORSKA-MAĆKOWIAK

An tUachtarán

PANSA

Tomas MONTVILA

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Oro Navigacija

ENAV - an Iodáil

MATS - Málta

HASP - an Ghréig

Roinn Eitlíochta Sibhialta na Cipire

Haris ANTONIADES

Príomhoifigeach Oibriúcháin (ANS)

Roinn Eitlíochta Sibhialta na Cipire

Despoina PAPANDREOU

Ceann an Rannáin um Bainistiú & Forbairt Seirbhísí Aerloingseoireachta

HASP

BULATSA - an Bhulgáir

ROMATSA - an Rómáin

Adrian COJOC

An tArd-Stiúrthóir

ROMATSA

Georgi PEEV

An tArd-Stiúrthóir

BULATSA

NAVIAIR - an Danmhairg

LFV - an tSualainn

Thorsten ELKJAER

Príomhoifigeach Oibriúcháin

NAVIAIR

Petter EKLUND

Príomhoifigeach Oibriúcháin/Stiúrthóir faoi bhealach

LFV

ATS Phoblacht na Slóvaice

ANS Phoblacht na Seice

Austro Control - an Ostair

HungaroControl - an Ungáir

Croatia Control - an Chróit

Slovenia Control - an tSlóivéin

BHANSA - an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Gábor MENRÁTH

Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Príomhoifigeach Oibriúcháin

HungaroControl

Petr FAJTL

Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oibríochtaí ANS Phoblacht na Seice

DFS - an Ghearmáin

skeyes - an Bheilg

DSNA - an Fhrainc

ANA - Lucsamburg

LVNL - an Ísiltír

Skyguide - an Eilvéis

Dirk MAHNS, Príomhoifigeach Oibriúcháin, DFS

Frédéric GUIGNIER

Stiúrthóir DSNA

DSNA

Raimund FRIDRICH

Ceann Oifige ANSP FABEC

EANS - an Eastóin

Fintraffic - an Fhionlainn

LGS - an Laitvia

Avinor - an Iorua

Christer BJÖRKMAN

Leas-Uachtarán, ANS Idirnáisiúnta & Líonra

Fintraffic ANS

Aivars PŪCĪTIS

Comhalta den Bhord Bainistíochta

SJSC Latvijas gaisa satiksme

NAV Portugal

ENAIRE - an Spáinn

Pedro Barata

Stiúrthóir na hoifige straitéise, pleanála agus caidrimh sheachtraigh

Navegacao Aerea de Portugal (NAV Portugal)

Laura GARCÉS ACÍN

Leas-Stiúrthóir Seirbhísí Aerloingseoireachta

ENAIRE

AirNav Ireland

David USHER

An Ceann Líonra, Aerspáis agus Rannpháirtíochta Páirtithe Leasmhara

AirNav Ireland

Joe RYAN

Bainisteoir an Líonra Náisiúnta

AirNav Ireland


Oibreoirí aerfoirt

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

 

Giovanni RUSSO

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Aerfort Ginéive

Ivan BASSATO

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Aeroporti di Roma

 

Alessandro FIDATO

Príomhoifigeach Oibriúcháin

SEA Milan Airports

Thomas ROMIG

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Brussels Airport


An tArm

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

Soláthraithe Míleata Seirbhísí Aerloingseoireachta

Cor Raymond MARTIN

Príomhoifigeach Seirbhísí Aerthráchta

Ceanncheathrú Aerchór na hÉireann

Cor Matthias LÖWA

Stiúrthóir BAT

Údarás Eitlíochta Míleata, an Ghearmáin

Úsáideoirí míleata aerspáis

An Br Gin Lionel BAVEREY

Stiúrthóir BAT Arm na Fraince

Údarás Sábháilteachta Eitlíochta Stáit na Fraince

Cor Thierry BRETOS

Ceannaire na hOifige Gnóthaí Idirnáisiúnta – Aerspás Eorpach Aonair

Údarás Sábháilteachta Eitlíochta Stáit na Fraince


Cathaoirleach Bhord Bainistíochta an Líonra

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Enrique MAURER SOMOLINOS

An tArd-Stiúrthóir

ENAIRE

Rory SERGISON

Ceannaire um Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip – An tSábháilteacht Réigiúnach agus Oibríochtaí Eitilte

IATA

 

Giovanni RUSSO

Príomhoifigeach Oibriúcháin

Aerfort Ginéive


An Coimisiún Eorpach

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Maria De Las Flores DIAZ PULIDO

Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair, AS MOVE, An Coimisiún Eorpach

Staffan EKWALL

Oifigeach Beartais

AS MOVE, An Coimisiún Eorpach


Údarás Faireachais CSTE

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Gunnar Örn INDRIÐASON

Oifigeach Dlí Sinsearach, Iompar agus Nascacht

Údarás Faireachais CSTE

Valgerður Guðmundsdóttir, Leas-Stiúrthóir um Iompar agus Nascacht

Údarás Faireachais CSTE

Bainisteoir Líonra

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Iacopo PRISSINOTTI

Stiúrthóir, Bainistíocht Líonra

Stiúrthóireacht um Bainistíocht Líonra

EUROCONTROL,

Razvan BUCUROIU

Ceann an Rannáin Aerspáis agus Acmhainneachta

Stiúrthóireacht um Bainistíocht Líonra

EUROCONTROL


Cathaoirleach na meithle um oibríochtaí (NDOP)

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Adrian FLOREA

Stiúrthóir Oibríochtúil

ROMATSA

Guillaume BLANDEL

Stiúrthóir Oibríochtaí

DSNA


Ionadaithe ar sholáthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe

 

Comhaltaí gan vóta

Comhaltaí malartacha

1 Eanáir 2025 go dtí 31 Nollaig 2025

Davorin PRIMORAC

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

BHANSA

Tomislav ŠIMIĆ

Pleanáil Airgeadais

BHANSA

1 Eanáir 2025 go dtí 31 Nollaig 2025

An Dr Cengiz PAŞAOĞLU

Leas-Ardstiúrthóir

Údarás na hArdstiúrthóireachta um Aerfoirt Stáit

Ilker ÖDEMIŞ

Leas-Cheann an Stiúrthóra Aerloingseoireachta

Údarás na hArdstiúrthóireachta um Aerfoirt Stáit


Eurocontrol

 

Comhalta gan vóta

Comhalta malartach

 

Raúl MEDINA CABALLERO

An tArd-Stiúrthóir

EUROCONTROL

Marylin BASTIN

Ceann Aonaid,

Inbhuanaitheacht Eitlíochta

EUROCONTROL


Breathnóirí

 

Christophe VIVIER

Ceann an Aonaid Aerspás Eorpaigh Aonair

an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

 

 

Athanassios TZIOLAS

Ceann na Roinne Aerthráchta

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

 

 

Cathy MANNION

Cathaoirleach

Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair

 

 

Andreas BOSCHEN

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Comhghnóthas SESAR 3

 

 

Mariagrazia LA PISCOPIA

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Bainisteoir Imlonnaithe SESAR

 


IARSCRÍBHINN II

CEAPACHÁIN CHOMHALTAÍ BUANA AN AONAID EORPAIGH UM CHOMHORDÚ EITLÍOCHTA I gCÁS GÉARCHÉIME, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA

Na Ballstáit

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Ionadaí ar an mBallstát a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige

Ionadaí ar an mBallstát a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige


Stáit CSTE

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Ionadaí ar an Stát CSTE a bhfuil Cathaoirleacht Bhuanchoiste Stáit CSTE aige

Ionadaí ar an Stát CSTE a bhfuil Cathaoirleacht Bhuanchoiste Stáit CSTE aige


An Coimisiún Eorpach

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Maria De Las Flores DIAZ PULIDO

Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair, AS MOVE

An Coimisiún Eorpach

Staffan EKWALL

Oifigeach Beartais

AS MOVE

An Coimisiún Eorpach


Gníomhaireacht

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Fabio GRASSO

Bainisteoir na Rannóige um Chaighdeáin agus Cur Chun Feidhme Bainistíochta Aerthráchta

EASA

Augustin KLUS

Saineolaí Sinsearach & Saineolaí Seirbhísí Aerthráchta

EASA


Eurocontrol

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Enrique FRAILE-RIESCO

Ceann Foirne

EUROCONTROL

Philip HUGHES

Ceann Rannáin EGSD/PCS

EUROCONTROL


Bainisteoir Líonra

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Iacopo PRISSINOTTI

Stiúrthóir um Bainistíocht Líonra

EUROCONTROL

Steven MOORE

Bainisteoir Oibríochtaí EACCC

Stiúrthóireacht um Bainistíocht Líonra

EUROCONTROL


An tArm

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

An Leifteanantchoirnéal Adam KARWOTH

Údarás Eitlíochta Míleata na Gearmáine

Coirnéal Thierry BRETOS

Údarás Eitlíochta Míleata na Fraince


Soláthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Tanja GROBOTEK

CANSO

Rafał MARCZEWSKI ,

An Stiúrthóir um Straitéis, Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Tionscadail

PANSA


Oibreoirí aerfoirt

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Rick MERNOCK

ACI Europe

Yves BROUWERS

Brussels Airport

ACI Europe


Úsáideoirí aerspáis

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Carlo VERELST

Comhalta EACCC

Bainisteoir, Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip, IATA

Rory SERGISON

Ceannaire um Bonneagar Bainistíochta Aerthráchta, an Eoraip – An tSábháilteacht Réigiúnach agus Oibríochtaí Eitilte

IATA


Úsáideoirí aerspáis #2

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Achim BAUMANN

Comhalta EACCC

A4E

Chris WOODLAND

Comhalta malartach EACCC

AOLC


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3136/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)