|
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/15 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/712 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Aibreán 2022
maidir leis an iarraidh ar son chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “End The Slaughter Age” de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2753)
(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An tionscnamh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “End The Slaughter Age”, cuireadh iarraidh ar son a chláraithe faoi bhráid an Choimisiúin an 3 Márta 2022. |
|
(2) |
Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: “(a) feirmeoireacht beostoic a eisiamh ó ghníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh fóirdheontas talmhaíochta, agus roghanna malartacha eiticiúla agus éiceolaíocha a chur san áireamh, amhail feirmeoireacht ceall agus próitéiní plandúla agus; (b) dreasachtaí a thabhairt isteach le haghaidh táirgí talmhaíochta plandaí-bhunaithe agus ceallacha a tháirgeadh agus a dhíol”. |
|
(3) |
Tá doiciméad breise ann ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, trí na cúiseanna atá ann chun tacú leis an tionscnamh a leagan amach agus a shonrú. Maíonn na heagraithe gurb uafásach na dálaí oibre atá ag na mílte daoine díobh sin atá ag obair in earnáil mharú na n-ainmhithe agus in earnáil phróiseáil na feola, agus gur minic gur dálaí oibre neamhdhleathacha atá acu. Ós rud é gur ábhar mór imní don Aontas atá i bhfolláine ainmhithe, níl aon chosaint mhorálta ná dhlíthiúil ann a thuilleadh ar son leanúint ar aghaidh ag marú ainmhithe. Ina theannta sin, diansaothrú talmhaíochta neamh-inbhuanaithe agus an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar phróitéin ainmhíoch, maíonn na heagraithe gur rudaí iad sin a chuireann leis an mbaol go dtiocfadh galair zónóiseach i gceist. Ag an am céanna, is rud í tógáil thraidisiúnta ainmhithe atá dian ar fhuinneamh agus ar thalamh, agus is foinse mhór atá inti maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim agus an phrionsabail “costas an truaillithe ar an truaillitheoir”, maíonn na heagraithe go bhfuil údar ann le fóirdheontais talmhaíochta a aistriú ó earnáil an bheostoic go dtí roghanna éiceolaíocha, amhail feirmeoireacht ceall agus feirmeoireacht bunaithe ar phróitéiní plandúla. Maidir le dreasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh roghanna malartacha inbhuanaithe a tháirgeadh agus a dhíol, an cánachas breise a ghearrtar faoi láthair ar roghanna malartacha plandúla i gcomparáid le táirgí atá bunaithe ar ainmhithe, luann siad sin a aisiompú, mar shampla. |
|
(4) |
Maidir leis an gcéad chuspóir atá ag an tionscnamh, cuspóir arb é atá i gceist leis fóirdheontais talmhaíochta a aistriú ó earnáil an bheostoic go dtí roghanna malartacha éiceolaíocha, a mhéid a chumhdaítear leis na fóirdheontais sin táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de CFAE, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí a chur isteach le haghaidh gníomhartha dlíthiúla chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú ar bhonn Airteagal 43(2) CFAE. |
|
(5) |
Maidir leis an dara cuspóir atá ag an tionscnamh, cuspóir arb é atá i gceist leis a iarraidh go dtabharfaí dreasachtaí isteach, i dtéarmaí fóirdheontas nó a macasamhail, le haghaidh táirgí talmhaíochta planda-bhunaithe agus ceallacha a tháirgeadh agus a dhíol, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh le haghaidh gníomhartha dlíthiúla ar bhonn Airteagal 43(2) CFAE a mhéid a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de CFAE. Ina theannta sin, sa mhéid agus go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh cineálacha eile dreasachtaí a chumhdach freisin, ionas gur mó a bheadh i gceist ná fóirdheontais talmhaíochta, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh le haghaidh gníomhartha dlíthiúla ar bhonn Airteagal 114 CFAE, a mhéid arb é an aidhm atá i gceist feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. |
|
(6) |
Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chumhachtaí an Choimisiúin chun togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(7) |
Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha fíorasacha agus substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha. |
|
(8) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige. |
|
(9) |
Ní tionscnamh é ar léir é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal “End The Slaughter Age” a chlárú. |
|
(11) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “End The Slaughter Age”.
Airteagal 2
Is chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “End The Slaughter Age” a dhírítear an cinneadh seo, grúpa a bhfuil Filippo BORSELLINO agus Darryl GRIMA ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán an Choimisiúin