|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4746 |
23.7.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2009 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2008 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
(C/2024/4746)
Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2009 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2008 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Iúil 2024 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Gnóthaí Cothrománacha agus Domhanda |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an athbhreithnithe thréimhsiúil a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2020/1999, ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá ainmnithe.
(1) IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13.
(2) IO L, 2024/2009, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2009/oj.
(3) IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.
(4) IO L, 2024/2008, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2008/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4746/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)