European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1352

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1352 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d), agus Airteagal 87(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint nó a gcéannacht a fhíorú agus seiceálacha slándála, réamh-sheiceálacha sláinte agus réamh-sheiceálacha leochaileachta a dhéanamh orthu ag teorainneacha seachtracha nó laistigh de chríoch na mBallstát, ar náisiúnaigh tríú tír iad nach raibh faoi réir seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, agus an rud céanna maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann nó i gcriosanna idirthurais gan na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chomhlíonadh. Le Rialachán (AE) 2024/1356, cruthaítear rialacha aonfhoirmeacha lenar féidir náisiúnaigh tríú tír a shainaithint go pras nó céannacht náisiúnach tríú tír a fhíorú go pras agus iad a threorú chuig na nósanna imeachta is infheidhme. Is é is aidhm dó neartú a dhéanamh ar rialú náisiúnach tríú tír a trasnaíonn teorainneacha seachtracha agus foráil a dhéanamh maidir le córais faisnéise AE agus bunachair sonraí ábhartha AE a cheadú chun a fhíorú an bhféadfadh na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach.

(2)

Le Rialachán (AE) 2024/1356, foráiltear go bhfuil fíorú na ndaoine atá faoi réir scagadh chun críoch slándála le déanamh i gcomparáid leis na córais chéanna a úsáidtear i gcás iarratasóirí ar víosaí nó ar údaruithe taistil faoin gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/1356, foráiltear go bhfuil sonraí pearsanta na ndaoine a cuireadh faoin scagadh le seiceáil i gcomparáid leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le daoine arna gciontú i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile.

(3)

Is gá rochtain a bheith ag na húdaráis scagtha a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1356 ar ECRIS-TCN chun a shuí an bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don tslándáil inmheánach.

(4)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go gciallaíonn amas a léirítear le ECRIS-TCN gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816 sna Ballstáit a léirítear. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéis a fhaightear as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

(5)

Is é atá i Rialachán (AE) 2024/1356 forbairt ar fhorálacha acquis Schengen maidir le teorainneacha agus leasaítear leis an Rialachán sin Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 (5), (AE) 2017/2226 (6), (AE) 2018/1240 (7) agus (AE) 2019/817 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arb é atá iontu freisin forbairtí freisin ar fhorálacha acquis Schengen maidir le teorainneacha, chun cearta rochtana a dheonú, chun críocha an scagtha, ar na sonraí atá sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES) agus in ETIAS. Mar sin féin, an leasú comhuaineach ar Rialachán (AE) 2019/816 chun cearta rochtana a dheonú, chun críocha an scagtha, ar na sonraí atá in ECRIS-TCN, níorbh fhéidir é a bheith mar chuid de Rialachán (AE) 2024/1356 ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, ós rud é nach é atá i Rialachán (AE) 2019/816 forbairt ar fhorálacha acquis Schengen. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/816 a leasú le gníomh dlí ar leithligh.

(6)

Le Rialachán (AE) 2024/1356, déantar foráil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint nó céannacht náisiúnach tríú tír a fhíorú tríd an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a cheadú, Stóras a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun cuidiú le ceart-sainaithint nó fíorú chéannacht na ndaoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN, lena n-áirítear daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú, agus chun an tsainaithint nó an fíorú sin a éascú.

(7)

Ó tharla gur gá rochtain a bheith ag na húdaráis scagtha ar na sonraí a stóráiltear in CIR chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú, leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 le Rialachán (AE) 2024/1356. Ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, níorbh fhéidir Rialachán (AE) 2019/818 a leasú i Rialachán (AE) 2024/1356, ós rud é nach é atá i Rialachán (AE) 2019/818 forbairt ar fhorálacha acquis Schengen. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/818 a leasú le gníomh dlí ar leithligh.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur ar chumas na n-údarás scagtha rochtain a fháil ar na sonraí atá in ECRIS-TCN chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú agus na seiceálacha slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1356, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(9)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) sonraí in ECRIS-TCN a úsáid chun seiceáil slándála a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh náisiúnach tríú tír a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).’;"

(2)

in Airteagal 2, an dara fomhír, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(d)

lena gcumasaítear rochtain ar ECRIS-TCN chun tacú le seiceáil slándála a dhéanamh arna mbunú le Rialachán (AE) 2024/1356.’

;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘(6)

ciallaíonn “údaráis inniúla” na húdaráis lárnacha, Eurojust, Europol, OIPE, údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Láraonad ETIAS agus na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356, atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;’

;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

bratach lena léirítear, chun críocha Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2018/1240 agus Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2024/1356, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sna 25 bliana roimhe sin i gcion sceimhlitheoireachta nó sna 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.’

;

(b)

i mír 7, an chéad fomhír, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(c)

na húdaráis scagtha, a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh náisiúnach tríú tír a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach i gcás ina dtuairiscítear amais tar éis na seiceálacha slándála dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 den Rialachán sin.’

;

(5)

in Airteagal 7(7), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

tacú leis an gcuspóir maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir seiceáil slándála a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1356.’

;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7c

Úsáid ECRIS-TCN chun críocha an scagtha

Na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356, beidh sé de cheart acu sonraí ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach trí úsáid a bhaint as an Tairseach Chuardaigh Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818, chun na cúraimí a thugtar dóibh le hAirteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2024/1356 a dhéanamh.

Chun cúraimí den sórt sin a dhéanamh, ní bheidh sé de cheart ag na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 rochtain a fháil ach ar na taifid sonraí ECRIS-TCN sin in CIR a bhfuil bratach curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), den Rialachán seo.

I gcás amais, is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus trí úsáid a bhaint as bealaí náisiúnta cumarsáide a dhéanfar taifid choiriúla náisiúnta a cheadú bunaithe ar na sonraí ECRIS-TCN a bhfuil bratach curtha leo. Tabharfaidh údaráis náisiúnta ábhartha an Ballstáit chiontaithigh tuairim do na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356, i dtaobh an bhféadfadh láithreacht an duine sin ar chríoch na mBallstát a bheith ina mbagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, laistigh de 2 lá i gcás ina ndéantar an scagadh ar chríoch an Bhallstáit chiontaithigh nó laistigh de 3 lá i gcás ina ndéantar an scagadh ag na teorainneacha seachtracha. I gcás nach dtugann údaráis náisiúnta ábhartha an Bhallstáit chiontaithigh tuairim den sórt sin laistigh de na sprioc-amanna sin, tuigfear nach ann d’aon fhoras slándála atá le cur san áireamh. Déanfaidh údaráis náisiúnta ábhartha an Bhallstáit chiontaithigh taifid choiriúla náisiúnta a cheadú sula dtabharfar tuairim do na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356. I gcás, tar éis amas a fháil, nár tugadh aon tuairim agus nach ann d’aon fhorais slándála le cur san áireamh, déanfar an easpa tuairime sin agus an easpa foras slándála sin a thaifeadadh san fhoirm scagtha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2024/1356.’

;

(7)

in Airteagal 24(1), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(d)

tacú leis an gcuspóir maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir seiceáil slándála a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1356.’

;

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘(2)   Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh siad ESP chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach i lárchórais Eurodac agus ECRIS-TCN i gcomhréir lena gcearta rochtana dá dtagraítear sna hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE sin agus sa dlí náisiúnta. Úsáidfidh siad ESP freisin chun CIR a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Bunaítear CIR, lena gcruthaítear sainchomhad le haghaidh gach duine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, chun ceart-sainaithint nó fíorú chéannacht na ndaoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 20a a éascú agus chun cuidiú leis sin, chun tacú le feidhmiú MID i gcomhréir le hAirteagal 21 agus chun rochtain ag na húdaráis ainmnithe agus ag Europol ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a éascú agus a chuíchóiriú, i gcás inar gá an méid sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla de dheasca chliseadh CIR CIR a cheadú chun duine a shainaithint de bhun Airteagal 20 nó chun duine a shainaithint nó céannacht duine a fhíorú de bhun Airteagal 20a, chun ilchéannachtaí a bhrath de bhun Airteagal 21 nó chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú de bhun Airteagal 22, tabharfaidh eu-LISA fógra d’úsáideoirí CIR ar bhealach uathoibrithe.’

;

(3)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Na húdaráis a dhéanann CIR a rochtain, déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi na hionstraimí dlí lena rialaítear córais faisnéise AE agus faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na cearta rochtana atá acu faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’

;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 20a

Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1356

1.   Ní dhéanfaidh na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cuardach in CIR ach amháin chun duine a shainaithint nó chun céannacht duine a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin, ar choinníoll go ndearnadh an próiseas a thionscnamh i láthair an duine sin.

2.   I gcás ina léirítear leis an gcuardach go bhfuil sonraí ar an duine sin stóráilte in CIR, beidh rochtain ag na húdaráis scagtha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356, chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a cheadú.

(*2)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).’;"

(5)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar in CIR i gcomhréir le míreanna 2, 2a, 3 agus 4 den Airteagal seo.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   De bhun Airteagal 20a, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar in CIR. Áireofar sna logaí sin na nithe seo a leanas:

(a)

an Ballstát a sheolann an cuardach;

(b)

cuspóir rochtana an úsáideora a dhéanann cuardach trí CIR;

(c)

dáta agus am an chuardaigh;

(d)

na cineálacha sonraí a úsáidtear chun an cuardach a sheoladh;

(e)

torthaí an chuardaigh.’

;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Coimeádfaidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a dhéanann a údaráis agus foireann na n-údarás sin atá údaraithe go cuí chun CIR a úsáid de bhun Airteagail 20, 20a, 21 agus 22. Coimeádfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí de chuardaigh a dhéanann a foireann atá údaraithe go cuí de bhun Airteagail 21 agus 22.’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(6)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(9)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1352/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)