|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/475 |
17.1.2025 |
Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
(C/2025/475)
Dírítear aird Aliaksandr Uladzimirovich KARNIENKA (uimh.196), Anton Genaddevich DUDAL (uimh.260), Nikolai Vasilievich SERGEEVICH (uimh.261), ar daoine iad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Tá sé beartaithe ag an gComhairle na bearta sriantacha a choinneáil ar bun i gcoinne na ndaoine thuasluaite.
Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun go bhfaighidh siad an ráiteas beartaithe ar chúiseanna maidir lena n-ainmniú a choimeád, faoin 24 Eanáir 2025 , chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 Horizontal and Global Affairs |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
ELI: http://data.europa.eu/eli/announc/C/2025/475/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)