|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin (2 leathanach ar a mhéad)
|
|
Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún, agus Foraoiseacht (LULUCF);
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
An phríomhfhadhb ná go bhfuil inniúlacht na hearnála LULUCF chun CO2 a bhaint as an atmaisféar ag laghdú: cuireadh aon chúigiú de na glan‑aistrithe ón earnáil amú idir 2013 agus 2018. Na príomhrudaí a spreagann é sin ná níos mó foraoisí adhmaid a bheith á mbaint, astaíochtaí leanúnacha ó ithreacha orgánacha, agus easpa dreasachtaí. De réir réamh‑mheastacháin an Choimisiúin, is féidir an treocht sin a aisiompú as seo go ceann 10 mbliana, ach ní sholáthraítear dóthain dreasachtaí sa chreat rialála atá ann faoi láthair. I measc na bhfadhbanna eile tá easpa creata beartais chomhtháite chun sineirgí a fheabhsú in earnáil na talún (talmhaíocht agus LULUCF), castacht rialacha cuntasaíochta LULUCF, agus na bearnaí i gcáilíocht na gcóras faireacháin agus tuairiscithe.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Príomhchuspóir beartais is ea aeráidneodracht a bhaint amach in earnáil na talún faoi 2035 (i.e. cothromaíocht na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe ó LULUCF agus ón talmhaíocht); i measc cuspóirí eile déanfar creat beartais cothrom, solúbtha agus comhtháite a dhearadh, chun an cur chun feidhme a shimpliú, agus chun feabhas a chur ar fhaireachán agus ar thuairisciú.
|
|
Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide i gcás ina bhforlíonann agus ina dtreisíonn gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais gníomhaíocht náisiúnta agus áitiúil go héifeachtach. Bítear in ann le gníomhaíocht chomhordaithe uaillmhian ard a chruthú ar fud an Aontais agus cumais difriúla chun dul i mbun gníomhaíochta i measc na Ballstát á n‑aithint an tráth céanna agus costéifeachtúlacht mhéadaithe á ceadú trí sholúbthachtaí iomchuí idir Ballstáit agus i ndáil le reachtaíocht earnála eile (An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill).
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
|
Leagtar síos sprioc aistrithe níos uaillmhianaí ach níos simplí le Rogha 1 don earnáil LULUCF i ngach Ballstát. Le Rogha 2 comhcheanglaítear spriocanna simplithe LULUCF le dreasachtaí níos fearr chun aistrithe LULUCF a fheabhsú tríd an tsolúbthacht leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Beartaítear próiseas pleanála le Rogha 3 agus spriocanna ceangailteacha i dtreo earnáil talún aeráidneodrach (LULUCF agus talmhaíocht) in 2035.
Is é an rogha thosaíochta spriocanna náisiúnta LULUCF simplithe agus níos uaillmhianaí a chomhcheangal in 2030 (amhail Rogha 1.2 nó Rogha 2, ag brath ar leibhéal spriocanna an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill) le cuspóir ar fud an Aontais den aeráidneodracht bunaithe ar an talamh in 2035. Sa rogha thosaíochta freisin tá próiseas pleanála i gcomhair maolú ar talamh, spriocanna náisiúnta talún le haghaidh 2035 (lena mbunú níos déanaí), agus ceanglais faireacháin agus tuairiscithe uasghrádaithe.
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Bhí na freagróirí ar an gComhairliúchán Poiblí Oscailte i bhfabhar spriocanna LULUCF níos uaillmhianaí, rud a roghnaigh 45 % díobh (lucht acadúil, saoránaigh den Aontas agus eagraíochtaí neamhrialtasacha den chuid is mó). Sa dara háit, ba iad na spriocanna comhtháite don earnáil talún rogha 40 % de na freagróirí, ón earnáil phríobháideach den chuid is mó. Ba é láidriú solúbthachta leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill an rogha thosaíochta ba mhó i measc údarás poiblí.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Tiocfaidh sochair chomhshaoil fhollasacha as spriocanna LULUCF níos uaillmhianaí seachas aeráidneodracht in earnáil na talún faoi 2035, amhail tairbhí indíreacha chun oiriúnú don athrú aeráide, don bhithéagsúlacht agus don bhith‑gheilleagar, agus dreasachtaí le haghaidh samhlacha nua gnó (‘feirmeoireacht carbóin’) a ghineann ioncaim bhreise do bhainisteoirí talún. Áiritheofar leis an bpróiseas comhtháite pleanála d’earnáil na talún agus córais faireacháin agus tuairiscithe fheabhsaithe ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartais níos éifeachtaí.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
De réir shamhaltú an Choimisiúin (Cás beartais, ar a dtugtar cás MIX freisin), d’fhéadfaí an sprioc LULUCF is uaillmhianaí a bheartaítear sa Mheasúnú Tionchair (‑310MtCO2eq in 2030) a bhaint amach ar phraghas carbóin measartha nach mó ná EUR 10 in aghaidh an tona de CO2.
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
Ní dhéanfaidh an tionscnamh seo difear do FBManna in earnáil na talún ar bhealach díreach (i.e. gan aon cheanglas tuairiscithe díreach ar leibhéal na mbainisteoirí talún aonair). Tiomáinfidh na spriocanna atá beartaithe beartais maolaithe náisiúnta in earnáil na talún, rud a bheidh in ann feabhas a chur ar iomaíochas fadtéarmach na n‑earnálacha bith‑gheilleagair (e.g. soláthar bia, beatha agus bithmhaise níos inbhuanaithe, agus an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú).
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Laghdófar costais rialála má shimplítear na rialacha maidir le comhlíontacht. Beidh roinnt costas ag baint leis na córais faireacháin agus tuairiscithe a fheabhsú, ach fágfaidh sé freisin go mbeidh úsáid níos éifeachtúla á baint as tacair shonraí agus teicneolaíochtaí atá á maoiniú agus ar fáil cheana féin (e.g. cianbhraiteacht) agus cinnteoireacht níos costéifeachtaí. Is féidir le pleanáil chomhtháite d’earnáil na talún trí chéile tógáil ar na Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide atá ann cheana féin, agus as sin tiocfaidh sineirgí beartais, e.g. leis an gComhbheartas Talmhaíochta, an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, an Straitéis Foraoiseachta agus an Straitéis Bhithéagsúlachta. Bheadh tionchair freisin ag trádáil chreidmheasanna LULUCF ar bhuiséid náisiúnta, rud a d’fhéadfadh ioncaim a chruthú do Bhallstáit a bhaineann a spriocanna amach níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Tá na spriocanna beartaithe i gcomhréir le hinniúlachtaí maolaithe aeráide agus aistrithe dé‑ocsaíde carbóin na mBallstát agus ba cheart dóibh dáileadh cóir na sochar agus na n‑iarrachtaí a áirithiú.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Meastar go bhfuil an rogha thosaíochta i gcomhréir leis an uaillmhian aeráide níos airde sa tionscnamh Oiriúnach do 55 agus an cuspóir maidir le haeráidneodracht in 2050.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Meastar go ndéanfar athbhreithniú tráthrialta sa reachtaíocht. Beidh sé ailínithe leis an athbhreithniú ar reachtaíocht eile amhail mar shampla sa togra le haghaidh an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill.
|