AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.4.2023
COM(2023) 219 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
i dtaca le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus a Phrótacail Cur Chun Feidhme (2023-2027)
IARSCRÍBHINN 1
Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta, agus
POBLACHT MHADAGASCAR, dá ngairtear ‘Madagascar’ anseo feasta,
Dá ngairtear ‘na Páirtithe’,
I bhFIANAISE an dlúthchaidrimh comhair idir an tAontas agus Madagascar, go háirithe i gcomhthéacs an chaidrimh idir Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus an tAontas Eorpach, agus an mhian fhrithpháirteach atá acu an caidreamh sin a threisiú,
TIOMANTA do lánurraim a thabhairt don dlí idirnáisiúnta, do chearta bunúsacha an duine agus do cheannasacht Mhadagascar agus Bhallstáit an Aontais,
AG FÉACHAINT do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus do chearta ceannasacha Mhadagascar maidir leis na hacmhainní nádúrtha sa limistéar iascaireachta a eascraíonn as an gCoinbhinsiún sin,
AG FÉACHAINT don Chomhaontú maidir le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhor-imircigh 1995,
AGUS IAD FEASACH faoin tábhacht a bhaineann leis na prionsabail a leagtar síos leis an gCód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995, leis an gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt a tháinig i bhfeidhm in 2016 agus leis an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú a glacadh an 2 Márta 2001,
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chur chun feidhme,
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na rúin agus na moltaí a ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha eile a chur san áireamh,
AGUS É MAR AIDHM ACU, chun na gcríoch sin, an chomhairle eolaíoch ábhartha atá ar fáil agus pleananna bainistithe ábhartha arna nglacadh ag na heagraíochtaí inniúla réigiúnacha bainistithe iascaigh a chur san áireamh chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na ngníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú agus chun rialachas na n‑aigéan a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU idirphlé a bhunú faoi ábhair amhail rialachas na hiascaireachta, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus gníomhaíochtaí iascaireachta a rialú agus faireachán agus faireachas a dhéanamh orthu, sláine na muirthimpeallachta chomh maith le bainistiú inbhuanaithe na n‑acmhainní muirí,
AGUS É MAR AIDHM ACU prionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chomhlíonadh i gcás na gcabhlach iascaireachta ar fad dá samhail atá sa limistéar iascaireachta,
AR A BHEITH DEARFA nach mór an chomhpháirtíocht a bheith bunaithe ar chomhlántacht na dtionscnamh agus na ngníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhpháirt nó go haonarach lena n‑áirithítear comhtháthú beartas agus sineirge iarrachtaí, chun leas frithpháirteach agus cothrom an Aontais agus Mhadagascar, é san áireamh leis sin chun leas an daonra agus thionscal na hiascaireachta áitiúla,
TAR ÉIS CINNEADH, chun na gcríoch sin, faoi chuimsiú bheartas earnála iascaigh Mhadagascar, rannchuidiú le comhpháirtíocht a fhorbairt d’fhonn, go háirithe, na modhanna is iomchuí a shainaithint chun a áirithiú go gcuirfear an beartas sin chun feidhme go héifeachtach agus go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach sa phróiseas,
AGUS É MAR AIDHM ACU na téarmaí agus na coinníollacha a leagan síos maidir le rochtain a bheith ag soithí an Aontais ar limistéar iascaireachta Mhadagascar agus chuige sin ba cheart na gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith dírithe ar an mbarrachas gabhála is incheadaithe, agus chuige sin amháin, agus acmhainn iascaireachta na gcabhlach a oibríonn sa limistéar á cur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar chineál mórimirceach speiceas áirithe,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU comhar eacnamaíoch agus sóisialta níos dlúithe agus níos cothroime a shaothrú d’fhonn iascach inbhuanaithe a bhunú agus a neartú agus rannchuidiú le rialachas feabhsaithe na n‑aigéan agus le forbairt gníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm atá bainteach leis an iascaireacht, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí infheistíochtaí a fhorbairt a bhfuil baint ag fiontair na bPáirtithe leo agus i gcomhréir le cuspóirí forbartha Mhadagascar,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo:
(a)ciallaíonn ‘comhaontú’ an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe seo idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar;
(b)ciallaíonn ‘gníomhaíocht iascaireachta’ iasc a lorg, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú an trealaimh iascaireachta, gabhálacha a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choimeád ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i ngaiste, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;
(c)ciallaíonn ‘úinéir soithigh’ an duine atá freagrach go dlíthiúil as soitheach iascaireachta agus atá i gceannas air agus á rialú;
(d)ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ ceadúnas iascaireachta a d’eisigh údaráis Mhadagascar do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, lena dtugtar an ceart dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta;
(e)ciallaíonn ‘údaráis an Aontais’, an Coimisiún Eorpach nó, i gcás ina iomchuí, Toscaireacht an Aontais Eorpaigh i Madagascar;
(f)ciallaíonn ‘Údarás Mhadagascar’, an Aireacht atá freagrach as an iascach;
(g)ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’: aon chainníocht táirgí iascaigh atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú ar tír;
(h)ciallaíonn ‘soitheach tacaíochta’ gach soitheach de chuid an Aontais seachas árthaigh a iompraítear ar bord, lena n‑éascaítear oibríochtaí iascaireachta, lena gcuidítear leo nó lena n‑ullmhaítear dóibh, nach bhfuil feisithe chun iasc a ghabháil agus nach n‑úsáidtear le haghaidh oibríochtaí trasloingsithe;
(i)ciallaíonn ‘soitheach de chuid an Aontais’ aon soitheach iascaireachta nó soitheach tacaíochta a bhfuil bratach Ballstáit de chuid an Aontais ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;
(j)ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara;
(k)ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
(l)ciallaíonn an ‘iascaireacht inbhuanaithe’ an iascaireacht atá i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos leis an gCód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995;
(m)ciallaíonn ‘deiseanna iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta a léirítear i dtéarmaí gabhálacha nó iarracht iascaireachta;
(n)ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ orgánaigh uisceacha a ghabhtar mar thoradh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, na foghabhálacha san áireamh;
(o)ciallaíonn ‘Prótacal’ an téacs lena leagtar síos na forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar a chur chun feidhme, mar aon leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann leis;
(p)ciallaíonn ‘stoc’ acmhainn bhitheolaíoch mhara a fhaightear i limistéar ar leith;
(q)ciallaíonn ‘earnáil an iascaigh’ an earnáil den gheilleagar a chuimsíonn gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe;
(r)ciallaíonn ‘trasloingsiú’ táirgí iascaigh a aistriú ó shoitheach amháin go soitheach eile;
(s)ciallaíonn ‘limistéar iascaireachta’ an chuid de na huiscí atá faoi cheannasacht agus faoi dhlínse Mhadagascar, ar uiscí iad a n‑údaraíonn Madagascar soithí iascaireachta an Aontais chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta iontu.
Airteagal 2
Ábhar
Is é is aidhm don Chomhaontú comhpháirtíocht agus creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú san iascach, agus an méid seo a leanas a shocrú inter alia:
(a)coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí an Aontais Eorpaigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar;
(b)comhar eacnamaíoch agus airgeadais, ar mhaithe le hearnáil an iascaigh agus rialachas na n‑aigéan;
(c)comhar lena gcuirtear leis an ngeilleagar gorm a chur chun cinn, go háirithe trí tháirgí iascaigh a phróiseáil agus a luachshocrú, le sláine na muirthimpeallachta a chaomhnú agus le hacmhainní muirí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe;
(d)comhar riaracháin chun an ranníocaíocht airgeadais a chur chun feidhme;
(e)comhar eolaíoch agus teicniúil chun saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh i Madagascar a áirithiú;
(f)comhar eacnamaíoch agus sóisialta idir oibreoirí;
(g)comhar i ndáil le bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais maidir le gníomhaíochtaí sa limistéar iascaireachta, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na bearta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus gníomhaíochtaí iascaireachta a bhainistiú go mbeidh siad éifeachtach, agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.
Airteagal 3
Prionsabail an Chomhaontaithe
Gníomhóidh na Páirtithe agus cuirfidh siad chun feidhme an Comhaontú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
1.Déanfar an Comhaontú seo agus a chur chun feidhme, go háirithe dul i mbun na ngníomhaíochtaí iascaireachta, a chur i gcrích ar bhealach a áiritheoidh go roinnfear go cothrom na tairbhí a thiocfaidh as sin.
2.Gníomhóidh na Páirtithe agus urraim chuí á tabhairt don cheannasacht agus do chearta ceannasacha de réir bhrí Airteagal 56 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
3.Cuirfidh na Páirtithe an Comhaontú seo chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chomhaontú Cotonou i ndáil le gnéithe fíor-riachtanacha maidir le cearta an duine, prionsabail dhaonlathacha agus an smacht reachta, agus an ghné bhunúsach maidir leis an dea-rialachas, nó i gcomhréir leis an Airteagal comhfhreagrach d’aon Chomhaontú comharba idir an tAontas agus tíortha ACC.
4.Maidir leis na prionsabail a leagtar síos sna hionstraimí is infheidhme maidir le hiascairí de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, go háirithe Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair (1998), arna leasú in 2022 agus Coinbhinsiún EIS maidir le hObair san Iascaireacht Uimh. 188, is i gcomhréir leo a chuirfear fostaíocht agus obair iascairí i gcrích ar bord soithí de chuid an Aontais atá údaraithe faoin gComhaontú nó faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis. Áirítear leis sin go háirithe deireadh a chur le saothar éignithe agus saothar leanaí, saoirse comhlachais, aitheantas éifeachtach a thabhairt do cheart na n‑oibrithe chun cómhargála, deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha chomh maith le timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil agus dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre ar bord shoithí iascaireachta an Aontais.
5.Foilseoidh na Páirtithe, i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, na comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena gceadófar do shoithí eachtracha rochtain a bheith acu ar a limistéar iascaireachta nó dá soithí féin rochtain a bheith acu ar limistéir iascaireachta eile. Geallann siad faisnéis a mhalartú maidir leis an iarracht iascaireachta a eascraíonn as sin, go háirithe líon na n‑údaruithe a eiseofar agus na gabhálacha a dhéanfar.
6.I gcomhréir le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe, geallann Madagascar na bearta teicniúla agus caomhnúcháin céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach cabhlach tuinníní tionsclaíoch eachtrach a oibríonn ina limistéar iascaireachta agus a bhfuil na saintréithe céanna aige agus atá cumhdaithe ag an gComhaontú seo agus ag a Phrótacal Cur Chun Feidhme. Leis na coinníollacha sin tagraítear do chaomhnú agus do shaothrú inbhuanaithe, d’fhorbairt agus do bhainistiú acmhainní, d’fhorálacha airgeadais, do mhuirir agus táillí a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a eisiúint maidir le gníomhú ina limistéar iascaireachta. Beidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le forálacha airgeadais gan dochar do chomhaontuithe iascaigh a fhéadfaidh Madagascar a thabhairt i gcrích le tíortha i mbéal forbartha atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um an Aigéan Indiach, lena n‑áirítear comhaontuithe cómhalartacha.
Airteagal 4
Rochtain ar an mbarrachas agus ar an gcomhairle eolaíoch
1.Comhaontaíonn na Páirtithe nach ngabhfaidh soithí iascaireachta an Aontais ach an barrachas gabhála is incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar barrachas é a shainaithneofar ar bhealach soiléir agus trédhearcach, ar bhonn comhairle eolaíoch ábhartha a bheidh ar fáil agus ar bhonn faisnéis ábhartha arna malartú idir na Páirtithe maidir leis an iarracht iascaireachta iomlán arna déanamh ag na cabhlaigh uile a oibríonn i limistéar iascaireachta Mhadagascar ar na stoic lena mbaineann.
2.I ndáil le stoic éisc traslimistéir nó mhór-imircigh, tabharfaidh na Páirtithe aird chuí ar mheasúnuithe eolaíocha ábhartha a dhéantar agus ar bhearta caomhnúcháin agus bainistíochta chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na hacmhainní a mbeidh rochtain ar fáil orthu.
3.Comhlíonfaidh an dá Pháirtí na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta arna nglacadh ag na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha, go háirithe an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, agus aird chuí á tabhairt ar mheasúnuithe eolaíocha réigiúnacha.
Airteagal 5
Idirphlé agus comhairliúchán
1.Geallann na Páirtithe go ndéanfaidh siad, chun a leas coiteann a dhéanamh, dlúth‑idirphlé a bhunú, comhairliúchán a éascú agus a chéile a chur ar an eolas, go háirithe, faoi chur chun feidhme an bheartais earnála iascaigh, faoi rialachas na n‑aigéan agus faoi chur chun cinn an gheilleagair ghoirm.
2.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun meastóireachtaí a dhéanamh ar bhearta, ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme ar bhonn fhorálacha an Chomhaontaithe.
CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ NA bPÁIRTITHE
Airteagal 6
Rochtain ag soithí an Aontais ar an limistéar iascaireachta
Tabharfaidh Údarás Mhadagascar údarú do shoithí de chuid an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus de réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Phrótacal.
Airteagal 7
Coinníollacha maidir le hiascaireacht agus clásal eisiachais
1.Ní fhéadfaidh soithí an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar ach amháin má tá údarú iascaireachta acu a eisíodh faoin gComhaontú seo. Toirmeasctar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanfaidh soithí an Aontais a lasmuigh de chreat an Chomhaontaithe seo.
2.Is mar a leagtar amach sa Phrótacal a bheidh an nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil i leith soithigh, maidir leis na muirir is infheidhme agus leis na coinníollacha íocaíochta a dhéanfaidh an t‑úinéir soithigh.
3.Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar na coinníollacha agus na socruithe sin a chur chun feidhme mar is cuí trí bhíthin comhar riaracháin iomchuí idir a n‑údaráis inniúla.
Airteagal 8
An reachtaíocht is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta
1.Beidh gníomhaíochtaí shoithí an Aontais a oibríonn i limistéar iascaireachta Mhadagascar faoi réir na reachtaíochta is infheidhme de chuid Mhadagascar, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Cuirfidh Údarás Mhadagascar údaráis an Aontais ar an eolas faoin reachtaíocht is infheidhme.
2.Geallann Madagascar gach beart is iomchuí a dhéanamh chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart faireachán, rialaithe agus faireachais iascach dá bhforáiltear sa Chomhaontú a áirithiú gan dochar d’fhreagrachtaí stát brataí shoithí an Aontais. Oibreoidh soithí an Aontais i gcomhar le hÚdarás Mhadagascar atá freagrach as na gníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus faireachais sin a chur i gcrích.
3.Tabharfaidh Údarás Mhadagascar fógra d’údaráis an Aontais faoi aon leasú ar an reachtaíocht atá ann cheana nó faoi aon reachtaíocht nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí shoithí an Aontais. Beidh an reachtaíocht nua in‑fhorfheidhmithe in aghaidh na reachtaíochta atá ann cheana ón 60ú lá tar éis an lá a gheobhaidh údaráis an Aontais an fógra. I gcásanna práinne a agraíonn Údarás Mhadagascar tráth an fhógra, áfach, laghdófar an teorainn ama dá dtagraítear thuas go dtí 7 lá féilire.
4.Gabhann an tAontas air féin gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a shoithí forálacha an Chomhaontaithe agus reachtaíocht Mhadagascar lena rialaítear iascach.
5.Cuirfidh údaráis an Aontais Údarás Mhadagascar ar an eolas faoi aon athrú ar reachtaíocht an Aontais, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh a theacht i bhfeidhm, ar athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghníomhaíochtaí shoithí an Aontais agus do leasanna Mhadagascar faoin gComhaontú.
Airteagal 9
Comhar eolaíoch agus teicniúil
1.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le cúrsaí eolaíocha agus teicniúla chun measúnú rialta a dhéanamh ar staid na n‑acmhainní iascaigh in uiscí Mhadagascar, chun cur le caomhnú na muirthimpeallachta agus chun cumais taighde náisiúnta a neartú.
2.Féachfaidh na Páirtithe le dul i gcomhairle le chéile trí bhíthin an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh agus eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha eile d’fhonn bainistiú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara ar an leibhéal réigiúnach a threisiú agus d’fhonn comhar i dtaighde eolaíoch a bhaineann le limistéar iascaireachta Mhadagascar.
3.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le cruinniú eolaíoch comhpháirteach chun aon saincheist ábhartha eolaíoch nó theicniúil a phlé d’fhonn inbhuanaitheacht shaothrú acmhainní bitheolaíocha na mara a áirithiú.
4.I bhfianaise na comhairle eolaíche ábhartha is fearr dá bhfuil ar fáil, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sa Chomhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 14 d’fhonn bearta a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí agus trí chomhaontú frithpháirteach, chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach.
Airteagal 10
Comhar eacnamaíoch agus sóisialta
1.Geallann na Páirtithe go gcuirfidh siad an comhar eacnamaíoch, teicniúil, teicneolaíoch agus tráchtála chun cinn in earnáil an iascaigh agus sna hearnálacha gaolmhara, réimsí áirithe den gheilleagar gorm san áireamh. Rachaidh siad i gcomhairle lena chéile chun na bearta éagsúla a d’fhéadfaí a dhéanamh chuige sin a éascú agus a chur chun cinn.
2.Geallann na Páirtithe go ndéanfaidh siad malartú faisnéise a chur chun cinn maidir le teicníochtaí agus trealamh iascaireachta, modhanna caomhnaithe agus próisis thionsclaíocha próiseála agus luachshocrú táirgí iascaigh.
3.Féachfaidh na Páirtithe le dálaí a chruthú a bheidh fabhrach do chaidreamh a chur chun cinn idir a bhfiontair sna réimsí teicniúla, teicneolaíocha, eacnamaíocha agus tráchtála, trí chuidiú le timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach d’fhorbairt gnó agus infheistíochta.
4.Spreagfaidh na Páirtithe cur chun cinn na hinfheistíochta i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i Madagascar agus san Aontas.
5.Déanfaidh na Páirtithe tabhairt i dtír ghabhálacha éisc shoithí an Aontais i Madagascar a chur chun cinn agus a éascú. Féachfaidh soithí an Aontais leis na soláthairtí agus na seirbhísí uile is gá dá ngníomhaíochtaí a fháil ó Mhadagascar mar ábhar tosaíochta.
6.Spreagfaidh na Páirtithe neartú acmhainneachtaí daonna agus institiúideacha araon in earnáil an iascaigh d’fhonn leibhéal na hoiliúna a fheabhsú agus scileanna a fhorbairt, chun cur le hinbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí iascaireachta i Madagascar.
Airteagal 11
Comhar i réimse an fhaireacháin, an rialaithe agus an fhaireachais agus an chomhraic in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
Geallann na Páirtithe go n‑oibreoidh siad i gcomhar le chéile i réimse an fhaireacháin, an rialaithe agus an fhaireachais ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta agus an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac d’fhonn iascaireacht inbhuanaithe a bhunú.
Áiritheoidh Madagascar cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha maidir le faireachán, rialú agus faireachas ar iascaigh dá bhforáiltear sa Chomhaontú agus sa Phrótacal a ghabhann leis agus i reachtaíocht Mhadagascar. Oibreoidh soithí an Aontais i gcomhar le hÚdarás Mhadagascar atá freagrach as na hoibríochtaí sin a chur i gcrích.
Airteagal 12
Comhar riaracháin
Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm bearta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus a bhainistiú, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
–comhar riaracháin a chur ar bun d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh soithí an Aontais forálacha an Chomhaontaithe seo agus forálacha an Phrótacail,
–oibriú i gcomhar chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc agus a chomhrac, go háirithe trí dhlúthchomhar agus faisnéis a mhalartú go tráthrialta idir na húdaráis lena mbaineann.
Airteagal 13
Ranníocaíocht airgeadais
1.I gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe, deonóidh an tAontas ranníocaíocht airgeadais do Mhadagascar, a ndéantar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann léi a shainiú sa Phrótacal.
2.Tá sé beartaithe an méid seo a leanas a dhéanamh leis an ranníocaíocht airgeadais:
(a)rochtain ar limistéar iascaireachta Mhadagascar agus ar a acmhainní iascaigh a chumhdach, gan dochar do na muirir atá le híoc ag oibreoirí shoithí an Aontais;
(b)rannchuidiú, trí thacaíocht earnála, le beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun feidhme agus leis an ngeilleagar gorm a chur chun cinn;
3.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais a dheonóidh an tAontas go bliantúil i gcomhréir leis an bPrótacal.
4.Beidh an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála díchúpláilte ó na híocaíochtaí a bhaineann le cearta rochtana. Cuirfear chun feidhme í trí chláir bhliantúla agus ilbhliantúla i gcomhréir le forálacha an Phrótacail.
5.Féadfaidh an Comhchoiste méid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i mír 2(a) a athbhreithniú sna cásanna seo a leanas:
(a)má laghdaítear na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí iascaireachta an Aontais, (go háirithe) chun na stoic lena mbaineann a bhainistiú, i gcás ina meastar gur gá sin chun acmhainní a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe ar bhonn na comhairle eolaíche ábhartha is fearr dá bhfuil ar fáil; nó
(b)má mhéadaítear na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí an Aontais, i gcás ina gcomhaontaíonn an chomhairle eolaíoch ábhartha is fearr dá bhfuil ar fáil go gceadaítear amhlaidh mar gheall ar staid na n‑acmhainní;
(c)má dhéantar an Comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mar a fhoráiltear in Airteagail 20 agus 21.
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
Airteagal 14
An Comhchoiste
1.Bunaítear leis seo Comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis an Aontais agus ó Údarás Mhadagascar.
2.Áirítear ar fheidhmeanna an Chomhchoiste, inter alia, an méid seo a leanas:
(a)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus ar shainiú na tacaíochta earnála agus ar an meastóireacht ar chur chun feidhme na tacaíochta earnála, go háirithe;
(b)an t‑idirchaidreamh is gá a sholáthar maidir le hábhair leasa fhrithpháirtigh a bhaineann le hiascaigh, lena n‑áirítear anailís staidrimh ar shonraí maidir le gabhálacha;
(c)fónamh mar fhóram chun an Comhaontú a léirmhíniú, chun na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 21(b) agus (c) a bhailíochtú, agus chun réiteach cairdiúil a fháil ar aon díospóid a thiocfaidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
3.Féadfaidh an Comhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta agus, dá bhrí sin, ar an ranníocaíocht airgeadais ábhartha;
(b)forálacha cur chun feidhme na tacaíochta earnála;
(c)na dálaí agus na socruithe teicniúla faoina rachaidh soithí an Aontais i mbun a ngníomhaíochtaí iascaireachta;
(d)aon fheidhm eile a chinneann na Páirtithe, trí chomhaontú frithpháirteach, a thabhairt dó, lena n‑áirítear maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, leis an gcomhar riaracháin agus le rialachas na n‑aigéan.
4.Déanfaidh an Comhchoiste a fheidhmeanna i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe.
5.Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, i Madagascar agus san Aontas gach re seach, nó má chomhaontaíonn siad amhlaidh go frithpháirteach, in áit eile nó trí fhíschomhdháil, agus is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a dhéanfaidh cathaoirleacht. Tionólfaidh sé cruinniú speisialta arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, sa mhí tar éis na hiarrata.
6.Glacfar na cinntí trí chomhthoil, agus taifeadfar iad i miontuairiscí an chruinnithe. Féadfaidh an Comhchoiste, i gcás inarb iomchuí, plé agus breithniú a dhéanamh trí mhalartú litreacha.
7.Féadfaidh an Comhchoiste a rialacha oibríochtúla a ghlacadh trí bhíthin rialacha nós imeachta.
Airteagal 15
Limistéar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe
Beidh feidhm ag an gComhaontú, ar thaobh amháin, maidir leis na críocha ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin agus, ar an taobh eile, beidh feidhm aige maidir le críoch Mhadagascar agus sna huiscí atá faoi cheannasacht agus faoi dhlínse Mhadagascar.
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 16
Réiteach díospóidí
Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste i gcás díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, gan dochar, i gcás nach dtiocfar ar réiteach sa chomhairliúchán, don fhéidearthacht dul ar iontaoibh dlínse fóraim idirnáisiúnta, faoi réir thoiliú an dá Pháirtí.
Article17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh sé i bhfeidhm an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu.
Airteagal 18
Fad
Beidh feidhm ag an gComhaontú go ceann 4 bliana ón dáta a chuirfear i bhfeidhm é go sealadach, mura ndéanfar é a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 21.
Airteagal 19
Cur i bhfeidhm sealadach
Beidh feidhm shealadach ag an gComhaontú ón 1 Iúil 2023 faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ó dháta an tsínithe má shínítear é tar éis an 1 Iúil 2023.
Airteagal 20
Fionraí
1.Féadfar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar de na Páirtithe nuair a bheidh ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas i gceist:
(a)imthosca a thagann chun cinn nach bhfuil neart réasúnach ag ceann de na Páirtithe orthu agus ar imthosca iad de chineál a choiscfidh gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta. I gcás feiniméin nádúrtha, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar chur chun feidhme an Phrótacail;
(b)go mairfidh díospóid thromchúiseach nach bhfuil réitithe idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe;
(c)go mainneoidh ceann de na Páirtithe an Comhaontú a chomhlíonadh;
(d)go dtiocfaidh athrú nach beag ar an mbeartas earnála as ar lean tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, rud a spreagfadh iarraidh ó cheann de na Páirtithe é a leasú.
2.Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn don Pháirtí eile maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí agus beidh éifeacht leis an bhfionraí 3 mhí tar éis an fógra a fháil. Nuair a sheolfar an fógra sin cuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe, trí bhíthin an Chomhchoiste, d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid laistigh de 3 mhí.
3.I gcás nach dtiocfar ar réiteach cairdiúil ar na difríochtaí agus go ndéantar an fionraí a chur i bhfeidhm, leanfaidh na Páirtithe de bheith ag dul i gcomhairle lena chéile. I gcás inarb iomchuí, comhaontóidh na Páirtithe deireadh a chur leis an bhfionraí.
4.Déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 13(2) le haghaidh na tréimhse fionraí a choigeartú tar éis comhairliúchán idir na Páirtithe. Tiocfaidh an coigeartú sin i gceist freisin i gcás ina ndéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí an cur i bhfeidhm sealadach a fhoirceannadh.
Airteagal 21
Foirceannadh
1.Féadfar an Comhaontú a fhoirceannadh ar thionscnamh ceachtar de na Páirtithe i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
(a)imthosca a thagann chun cinn nach bhfuil neart réasúnach ag ceann de na Páirtithe orthu agus ar imthosca iad de chineál a choiscfidh gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta. I gcás feiniméin nádúrtha, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar chur chun feidhme an Phrótacail;
(b)go dtiocfaidh athrú nach beag ar na stoic lena mbaineann;
(c)go dtiocfaidh laghdú nach beag ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí an Aontais;
(d)gur sáraíodh na gealltanais arna ndéanamh ag na Páirtithe maidir leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte;
(e)go mairfidh díospóid thromchúiseach nach bhfuil réitithe idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe;
(f)go mainneoidh ceann de na Páirtithe an Comhaontú a chomhlíonadh;
(g)go dtiocfaidh athruithe nach beag ar an mbeartas earnála as ar eascair tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.
2.Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn faoi fhoirceannadh an Chomhaontaithe don Pháirtí eile agus beidh éifeacht leis 6 mhí tar éis dó sin an fógra a fháil, ach amháin má chinneann na Páirtithe, trí chomhaontú frithpháirteach, síneadh a chur leis an tréimhse sin. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(b) agus (c), áfach, tabharfar fógra tar éis don Chomhchoiste na coinníollacha maidir le foirceannadh a bhailíochtú.
3.Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile ón tráth a thabharfar fógra d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil laistigh de 6 mhí.
4.Déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 13 le haghaidh na bliana ina ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh a choigeartú tar éis comhairliúchán idir na Páirtithe. Tiocfaidh an coigeartú sin i gceist freisin i gcás ina ndéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí an cur i bhfeidhm sealadach a fhoirceannadh.
Airteagal 22
Aisghairm
Aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhadagascar a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007.
Airteagal 23
Téacsanna barántúla
Tarraingeofar suas an Comhaontú i ndúblach sna teangacha seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris, agus gach téacs díobh barántúil.
IARSCRÍBHINN 2
PRÓTACAL
lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (2023-2027)
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 den Chomhaontú, seachas mar a leasaítear thíos agus arna bhforlíonadh mar a leanas:
ciallaíonn ‘breathnóir’ aon duine atá údaraithe ag údarás náisiúnta chun gníomhaíocht iascaireachta a bhreathnú ar bord soithigh iascaireachta agus chun sonraí a bhailiú lena gcainníochtaítear nó lena gcáilítear torthaí na gníomhaíochta sin;
ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc (FAD)’ réad, struchtúr nó feiste buan, leathbhuan nó sealadach, d’aon ábhar, bíodh sé nádúrtha nó de dhéantús an duine, a úsáidtear nó a rianaítear, chun spriocspeicis tuinníní a chomhthiomsú lena ngabháil ina dhiaidh sin.
Airteagal 2
Ábhar
Is é is cuspóir don Phrótacal forálacha an Chomhaontaithe a chur chun feidhme go háirithe trí na coinníollacha lena rialaítear rochtain shoithí an Aontais ar limistéar iascaireachta Mhadagascar mar aon leis an gcomhar dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chomhaontú a bhunú.
Déanfar forálacha an Phrótacail a léiriú agus a chur i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail agus forálacha an Chomhaontaithe agus ar bhealach atá comhsheasmhach leo.
Airteagal 3
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis an méid seo a leanas:
–gníomhaíochtaí shoithí an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar atá dírithe ar speicis tuinníní agus ar speicis chomhchosúla,
–cur chun feidhme na réimsí comhair dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chomhaontú.
Airteagal 4
Speicis éisc agus líon na soithí atá údaraithe
1.Is tuinníní agus speicis ghaolmhara na speicis atá údaraithe, mar a liostaítear i bhFoscríbhinn 1, agus faoi shainordú bainistíochta ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh.
2.Beidh toirmeasc ar iascaireacht na speiceas seo a leanas:
–speicis a chosnaítear faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Cethorinus maximus, Rhincodon typus, Carcharodon carcharias, Carcharinus falciformis, Carcharinus longimanus, Isurus oxyrinchus, Isurus paucus;
–speicis a bhfuil toirmeasc ar iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a stóráil de réir an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, go háirithe speicis den fhine Alopiidae, den fhine Sphyrnidae agus den fhine Lamnidae.
3.Leithdháilfear na deiseanna iascaireachta ar 65 shoitheach de chuid an Aontais mar a leanas:
–32 bhád saighne tuinníní,
–13 bhád spiléireachta dromchla ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste,
–20 bád spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste.
4.Beidh feidhm ag mír 3 faoi réir fhorálacha Airteagail 11 agus 12.
Airteagal 5
Fad
Beidh feidhm ag an bPrótacal ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh.
Airteagal 6
Ranníocaíocht airgeadais
1.Le haghaidh na tréimhse iomláine 4 bliana, is é EUR 12 880 000 luach iomlán measta an Phrótacail, nó EUR 3 220 000 in aghaidh na bliana. Is é seo a leanas an miondealú ar an méid foriomlán sin:
–EUR 7 200 000, méid a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chomhaontú,
–EUR 5 680 000, méid a chomhfhreagraíonn do luach measta ranníocaíochtaí na n‑úinéirí soithigh.
2.Is éard a bheidh i ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais:
(a)méid bliantúil EUR 700 000, méid atá comhionann le tonnáiste tagartha, na speicis uile i dteannta a chéile, 14 000 tona in aghaidh na bliana le haghaidh rochtain ar limistéar iascaireachta Mhadagascar,
(b)méid sonrach EUR 1 100 000 in aghaidh na bliana chun tacú le beartas earnála iascaigh Mhadagascar agus lena chur chun feidhme. Cuirfear an méid sin ar fáil don Aireacht atá freagrach as an iascach agus déanfaidh Gníomhaireacht Mhadagascar atá freagrach as an iascach agus an dobharshaothrú é a riar, faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta i lámhleabhar nósanna imeachta a rinne an Aireacht atá freagrach as an iascach a tharraingt suas agus a sheolfar chuig údaráis an Aontais sula gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm go sealadach.
3.Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo faoi réir fhorálacha Airteagail 7, 8, 11, 14 agus 15 den Phrótacal.
4.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach sna cuntais bhainc seo a leanas:
(a)cuntas Státchiste a osclaíodh le Banc Ceannais Mhadagascar i gcás na coda a bhaineann le rochtain ar limistéar iascaireachta Mhadagascar,
(b)cuntas bainc atá tiomnaithe do thacaíocht earnála faoi mhaoirseacht na hAireachta atá freagrach as an iascach, i gcás na coda a bhaineann le tacaíocht earnála.
Déanfaidh Údarás Mhadagascar mionsonraí na gcuntas bainc a chur in iúl d’údaráis an Aontais sula gcuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm sealadach agus deimhneofar iad go bliantúil.
Airteagal 7
Socruithe maidir leis an ranníocaíocht airgeadais chun rochtain a fháil ar limistéar iascaireachta Mhadagascar a íoc
1.Má sháraíonn gabhálacha bliantúla shoithí an Aontais, arna mbunú i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil IV den Iarscríbhinn, an tonnáiste tagartha 14 000 tona, déanfar an ranníocaíocht bhliantúil airgeadais a mhéadú EUR 50 i gcás gach tona bhreise.
2.Mar sin féin, ní fhéadfaidh an méid bliantúil a íocfaidh an tAontas Eorpach le haghaidh rochtana ar limistéar iascaireachta Mhadagascar dul thar dhá oiread an mhéid a luaitear in Airteagal 6(2)(a). I gcás ina sáraíonn gabhálacha shoithí an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar dhá oiread an tonnáiste tagartha, íocfar an méid a bheidh dlite i leith gabhálacha a théann thar an teorainn sin an bhliain dár gcionn.
3.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais chun rochtain le haghaidh shoithí an Aontais a fháil ar limistéar iascaireachta Mhadagascar tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail le haghaidh na chéad bhliana agus tráth nach déanaí ná cothrom dáta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail sin sna blianta ina dhiaidh sin.
4.Beidh lánrogha ag Madagascar maidir leis an úsáid a bhainfear as an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh rochtana ar limistéar iascaireachta Mhadagascar.
Airteagal 8
Forálacha cur chun feidhme na híocaíochta agus na tacaíochta earnála
1.Glacfaidh an Comhchoiste, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, clár tacaíochta earnála ilbhliantúil, a mhiondealófar de réir bliana, arb é an cuspóir ginearálta atá aige iascaireacht fhreagrach agus inbhuanaithe a chur chun cinn i Madagascar.
2.Leagfar an clár sin amach i ndoiciméad ina sonrófar na nithe seo a leanas:
2.1.treoirlínte bliantúla agus ilbhliantúla a leanfar chun méid sonrach na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) a úsáid;
2.2.na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí, a shaineofar ar bhonn bliantúil agus ilbhliantúil, i dtreo iascaireacht fhreagrach agus inbhuanaithe agus an gheilleagair ghoirm, agus tosaíochtaí Mhadagascar á gcur sin áireamh, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
–an straitéis náisiúnta um bainistiú na hiascaireachta tuinníní a chur chun feidhme,
–tacaíocht don iascaireacht ar mionscála agus don iascaireacht thraidisiúnta,
–oiliúint a chur ar iascairí,
–faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus go háirithe an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac,
–taighde iascaigh, cumas bainistithe éiceachóras muirí agus acmhainní iascaigh a neartú, agus
–slándáil sláinte táirgí iascaigh a neartú
2.3.na critéir agus na nósanna imeachta chun meastóireacht bhliantúil a dhéanamh ar na torthaí a fuarthas, trí bhíthin táscairí i gcás inarb iomchuí.
3.Gach bliain, cuirfidh Údarás Mhadagascar tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an chláir faoi bhráid an Chomhchoiste. Áireofar freisin sa tuarascáil a chuirfear i láthair sa bhliain dheireanach athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir thar thréimhse iomlán an Phrótacail.
4.Cuirfear aon leasú ar an gclár a mholtar faoi bhráid an Chomhchoiste.
5.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála i dtráthchodanna bliantúla tar éis anailís a dhéanfaidh an Comhchoiste ar bhonn thorthaí chur chun feidhme an chláir.
6.Féadfaidh an tAontas Eorpach íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(b) a chur ar fionraí, ina hiomláine nó i bpáirt, i gcás ina léirítear an méid seo a leanas san anailís ón gComhchoiste:
6.1.nach bhfuil na torthaí a fuarthas i gcomhréir leis an gclársceidealú a comhaontaíodh sa Chomhchoiste;
6.2.gur mainníodh na bearta sin a chur chun feidhme faoin gclársceidealú.
7.Tar éis fionraí dá bhforáiltear i mír 6, ní atosófar ar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála a íoc ach amháin tar éis comhairliúchán agus comhaontú idir na Páirtithe agus i gcás ina mbeidh torthaí chur chun feidhme na tacaíochta earnála comhsheasmhach leis an gclársceidealú a ghlacfaidh an Comhchoiste. Mar sin féin, ní féidir an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a íoc níos mó ná 6 mhí tar éis don Phrótacal dul in éag.
8.Leanfar den fhaireachán ar an gclár a dhéanfaidh na Páirtithe go dtí go gcuirfear chun feidhme é ina iomláine.
9.Féadfaidh comhlachtaí iniúchóireachta agus comhlachtaí rialaithe gach Páirtí, lena n‑áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, seiceálacha agus rialuithe a dhéanamh ar úsáid chistí na ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b). Áirítear leis sin an ceart rochtana ar fhaisnéis, doiciméid, suíomhanna agus saoráidí is tairbhithe.
10.Déanfaidh Údarás Mhadagascar bearta cur chun cinn agus bearta cumarsáide a chur chun feidhme lena dtabharfar infheictheacht don mhéid atá bainte amach a mhaoinítear leis an tacaíocht earnála agus do ranníocaíocht an Aontais.
Airteagal 9
Comhar eolaíoch maidir leis an iascaireacht fhreagrach
1.Trí bhíthin comhar eolaíoch, geallann na Páirtithe iascaireacht fhreagrach a chur chun cinn i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
2.Malartóidh na Páirtithe an fhaisnéis eolaíoch ábhartha uile chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar staid acmhainní bitheolaíocha na mara i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
3.Sa chruinniú eolaíoch comhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) den Chomhaontú, tabharfar le chéile na heolaithe ábhartha a mholann gach Páirtí. Cuirfidh na Páirtithe ar fáil na sonraí is gá le haghaidh obair na n‑eolaithe. Is é an Comhchoiste a bhunóidh téarmaí tagartha, comhdhéanamh agus feidhmiú an chruinnithe eolaíoch chomhpháirtigh sin.
4.Ullmhóidh an cruinniú eolaíoch comhpháirteach tuarascáil, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, tuairim ag gabháil léi, a chuirfear faoi bhráid an Chomhchoiste lena mbreithniú agus lena nglacadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 9(4) den Chomhaontú.
Airteagal 10
Comhar eacnamaíoch agus sóisialta
1.Chun Prionsabail Airteagal 10 den Chomhaontú maidir le comhar eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun feidhme, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile go tráthrialta sa Chomhchoiste agus déanfaidh siad oibreoirí agus Páirtithe leasmhara eile a rannpháirtiú chun deiseanna comhair a shainaithint, é sin áireamh leis sin chun trádáil agus infheistíocht in earnáil an iascaigh a fhorbairt.
2.Sa chomhairliúchán sin cuirfear san áireamh cláir forbartha agus chomhair an Aontais Eorpaigh nó comhpháirtithe teicniúla agus airgeadais eile.
Airteagal 11
Athbhreithniú trí bhíthin comhaontú frithpháirteach ar na deiseanna iascaireachta agus ar na forálacha maidir leis an bPrótacal a chur chun feidhme
1.Féadfaidh an Comhchoiste na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a athbhreithniú ar bhonn comhairle eolaíoch ábhartha agus na rúin agus na moltaí a ghlac Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh á gcur san áireamh go háirithe, ar bhealach chun bainistiú inbhuanaithe na speiceas éisc a chumhdaítear leis an bPrótacal a áirithiú, agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcruinniú eolaíoch comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 9.
2.Sa chás sin, féadfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 (2)(a) a athbhreithniú pro rata agus déanfar na leasuithe is gá ar an bPrótacal agus ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis.
3.Féadfaidh an Comhchoiste oiriúnú a dhéanamh ar fhorálacha an Phrótacail maidir leis na coinníollacha iascaireachta agus ar na módúlachtaí chun an tacaíocht earnála a chur chun feidhme.
4.Beidh an fheidhm dhlíthiúil chéanna ag na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste agus atá ag an bPrótacal, faoi réir nósanna imeachta an dá Pháirtí a thabhairt chun críche.
Airteagal 12
Tréimhsí iascaireachta taiscéalaíche agus deiseanna iascaireachta nua
1.Spreagfaidh na Páirtithe an iascaireacht thaiscéalaíoch i limistéar iascaireachta Mhadagascar chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht eolaíoch agus eacnamaíoch iascaigh nua, go háirithe maidir le speicis a mheastar a bheith tearcshaothraithe nó nach eol stádas an stoic ina leith.
2.I gcomhréir lena reachtaíocht, féadfaidh Údarás Mhadagascar cur chun feidhme tréimhsí iascaireachta taiscéalaíche a fhormheas ar bhonn sonraíochtaí ar leith a ghlacfaidh an Comhchoiste. Sonróidh an Comhchoiste na speicis lena mbaineann agus na coinníollacha iomchuí don tréimhse iascaireachta taiscéalaíche sin, agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh mar aon leis an gcomhairle eolaíoch a fuarthas de bhun Airteagal 9, i gcás inarb iomchuí.
3.Deonófar na húdaruithe do shoithí le haghaidh na tréimhse iascaireachta taiscéalaíche ar feadh uastréimhse 6 mhí, agus laghdófar an tréimhse sin i gcás inar gá de réir na moltaí sa chomhairle eolaíoch. Soithí atá ag gabháil d’iascaireacht thaiscéalaíoch, comhlíonfaidh siad na sonraíochtaí a d’fhormheas Údarás Mhadagascar. Beidh breathnóir a ainmneoidh Údarás Mhadagascar agus, i gcás inarb iomchuí, breathnóir eolaíoch de chuid Stát na brataí ar bord ar feadh na tréimhse iascaireachta taiscéalaíche ina hiomláine. Déanfar na sonraí breathnóireachta a bhaileofar a tharchur lena n‑anailísiú agus chun comhairle eolaíoch a fháil ina leith i gcomhréir le forálacha Airteagal 9.
4.Cuirfidh an cruinniú eolaíoch a thuairim maidir le torthaí na dtréimhsí iascaireachta taiscéalaíche faoi bhráid an Chomhchoiste, a dhéanfaidh cinneadh, i gcás inarb iomchuí, maidir le deiseanna iascaireachta a thabhairt isteach le haghaidh speicis nua go dtí go rachaidh an Prótacal in éag.
Airteagal 13
Coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a údarú agus maidir le dul i mbun gníomhaireachtaí iascaireachta
1.Ní fhéadfaidh soithí an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar ach amháin má tá údarú iascaireachta acu a d’eisigh Údarás Mhadagascar faoin gComhaontú agus faoin bPrótacal.
2.Ní eiseoidh Údarás Mhadagascar údaruithe do shoithí an Aontais ach faoin gComhaontú agus faoin bPrótacal, agus toirmisctear údaruithe a eisiúint do na soithí sin lasmuigh den chreat sin, go háirithe i bhfoirm údaruithe díreacha.
3.Beidh gníomhaíochtaí shoithí an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar faoi réir na ndlíthe agus na rialachán de chuid Mhadagascar, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo.
Airteagal 14
Fionraí
1.Féadfaidh ceann de na Páirtithe cur chun feidhme an Phrótacail, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta soithí agus íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais, a chur ar fionraí go haontaobhach sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chomhaontú.
2.Ní fhéadfar fionraí i leith neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) den Chomhaontú a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina gcuirfear tús leis na sásraí comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou a bhaineann le sárú ar eilimintí bunriachtanacha chearta an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Chomhaontú Cotonou nó san Airteagal comhfhreagrach den Chomhaontú a thiocfadh i gcomharbas air.
3.Beidh fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail faoi réir fógra ón bPáirtí lena mbaineann go bhfuil sin ar intinn aige, fógra a bheidh i scríbhinn agus a thabharfar mí amháin ar a laghad roimh an lá a thiocfadh an fhionraí sin i bhfeidhm. Nuair a sheolfar an fógra sin cuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe, trí bhíthin an Chomhchoiste, d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid.
4.I gcás fionraí, cuirfear stop le gníomhaíochtaí shoithí an Aontais i limistéar iascaireachta Madagascar ar feadh na tréimhse fionraí. Fágfaidh soithí an Aontais limistéar iascaireachta Mhadagascar laistigh de 24 uair an chloig tar éis theacht i bhfeidhm na fionraí.
5.Leanfaidh na Páirtithe de dhul i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid eatarthu. I gcás ina dtiocfar ar réiteach den sórt sin, cuirfear tús le cur i bhfeidhm an Phrótacail arís agus comhaontófar méid aon chúitimh airgeadais sa Chomhchoiste.
Airteagal 15
Foirceannadh
1.I gcás ina ndéanfar an Prótacal a fhoirceannadh, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chomhaontú, tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Prótacal a fhoirceannadh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheadh éifeacht leis an bhfoirceannadh sin.
2.Is é an toradh a bheidh ar sheoladh an fhógra dá dtagraítear sa mhír roimhe seo go gcuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe.
Airteagal 16
Cosaint sonraí
1.Áiritheoidh na Páirtithe go n‑úsáidfidh an t‑údarás inniúil na sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú chun an Comhaontú Iascaigh a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistíocht agus taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun faireachán agus faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht.
2.Maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sonraí pearsanta a bhaineann le soithí an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar sonraí iad a fuarthas i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Iascaigh, mar aon le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann le córais chumarsáide a úsáideann an tAontas, geallann na Páirtithe go n‑áiritheoidh siad go bpléifear leo mar fhaisnéis atá rúnda. Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil go poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta.
3.Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil le hábhar na sonraí.
4.Déanfar sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú a phróiseáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna breise maidir le sonraí pearsanta agus cearta na n‑ábhar sonraí a bhunú.
5.Leis na forálacha sin ní chuirfear cosc ar na Páirtithe oibleagáidí na nEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh nó na nEagraíochtaí Réigiúnacha Iascaigh a chomhlíonadh maidir le sonraí faoi shoithí a tharchur agus a fhoilsiú.
Airteagal 17
Sonraí a mhalartú go leictreonach
1.Geallann na Páirtithe go mbunóidh siad a luaithe is féidir na córais TF a bheidh riachtanach chun go ndéantar an fhaisnéis go léir agus na doiciméid a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a mhalartú go leictreonach.
2.Meastar an leagan leictreonach de dhoiciméad agus an leagan páipéir de a bheith coibhéiseach i ngach uile bhealach, faoi réir coimircí maidir le barántúlacht an doiciméid sin.
3.Leagtar amach san Iarscríbhinn agus sna Foscríbhinní a ghabhann léi forálacha cur chun feidhme agus úsáid na gcóras sin chun sonraí maidir le gabhálacha, dearbhuithe gabhála ar dhul isteach agus ar imeacht (trí ERS, córas leictreonach um dhearbhú agus um chumarsáid) agus suíomhanna soithí (tríd an gcóras um fhaireachán soithí) a mhalartú go leictreonach, agus chun ceadúnais a fháil.
4.Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile láithreach faoi aon mhífheidhmiú córais ríomhaireachta. Sa chás sin, cuirfear leagan páipéir na faisnéise agus na ndoiciméad a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe in ionad na faisnéise agus na ndoiciméad sin nó tarchuirfear iad trí mheán cumarsáide eile mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun go nglacfar é curtha i gcrích acu.
Airteagal 19
Cur i bhfeidhm sealadach
Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal ón 1 Iúil 2023 faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ó dháta an tsínithe má shínítear é tar éis an 1 Iúil 2023.
Airteagal 20
Téacsanna barántúla
Dréachtaíodh an Prótacal seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus gach téacs díobh barántúil.
IARSCRÍBHINN
Coinníollacha iascaireachta maidir le soithí an Aontais Eorpaigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
1.An t‑údarás inniúil a ainmniú
Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus mura sonraítear a mhalairt, ciallóidh aon tagairt don Aontas Eorpach (an tAontas) nó do Phoblacht Mhadagascar (Madagascar) mar údarás inniúil:
–thar ceann an Aontais Eorpaigh: an Coimisiún Eorpach, trí Thoscaireacht an Aontais i Madagascar i gcás inarb iomchuí;
–thar ceann Phoblacht Mhadagascar: an Aireacht atá freagrach as an iascach.
2.Údarú iascaireachta
Chun forálacha na hIarscríbhinne a chur i bhfeidhm, beidh an téarma ‘údarú iascaireachta’ coibhéiseach leis an téarma ‘ceadúnas’ mar a shainmhínítear é i reachtaíocht Mhadagascar.
3.Limistéar iascaireachta Mhadagascar
3.1. Leagtar amach comhordanáidí geografacha limistéar iascaireachta Madagascar mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Chomhaontú agus na bonnlínte i bhFoscríbhinn 3.
3.2 Limistéir choiscthe amhail páirceanna náisiúnta, limistéir mhuirí faoi chosaint agus iasclanna acmhainní iascaigh, leagtar amach iad in bhFoscríbhinn 3. I gcás athruithe ar na comhordanáidí i reachtaíocht Mhadagascar, cuirfidh Madagascar na comhordanáidí nua in iúl.
3.3 Rachaidh soithí an Aontais Eorpaigh i mbun a ngníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí atá lasmuigh díobh seo a leanas:
–20 muirmhíle arna dtomhas ó bhonnlíne i gcás báid saighne agus báid spiléireachta dromchla ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste, agus i gcás báid spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste, i comhair na haghaidhe thiar, ó Rinn Ambre go Rinn Ste Marie,
–12 mhuirmhíle arna dtomhas ó bhonnlíne i gcás báid spiléireachta nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste, i comhair na haghaidhe thoir, ó Rinn Ambre go Rinn Ste Marie.
3.4 Bunaítear crios cosanta 3 mhíle timpeall ar fheistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) ar ancaire a úsáideann iascairí i Madagascar, crios nach féidir le soithí an Aontais dul isteach ann. Tabharfaidh Údarás Mhadagascar fógra do shoithí an Aontais maidir le suíomh na FADanna atá ar ancaire thar 9 míle.
3.5. Déanfar limistéir Bhanc Leven agus Bhanc Castor, a leagtar a gcomhordanáidí geografacha amach i bhFoscríbhinn 3, a fhorchoimeád le haghaidh gníomhaíochtaí na hiascaireachta ar mionscála agus gníomhaíochtaí iascaireachta amach ón gcósta i Madagascar.
4.Coinsíní a ainmniú
Aon úinéir soithigh de chuid an Aontais a dhéanfaidh iarratas ar údarú iascaireachta faoin bPrótacal, déanfaidh coinsíní a bhfuil cónaí air i Madagascar ionadaíocht air
5.Íocaíochtaí na n‑úinéirí soithigh
–Cuirfidh Údarás Mhadagascar in iúl don Aontas, roimh dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, mionsonraí chuntais bhainc an Státchiste ina n‑íocfar na méideanna airgeadais éagsúla atá le híoc ag úinéirí soithigh an Aontais faoin gComhaontú.
–Tabharfaidh Údarás Mhadagascar fógra d’údaráis an Aontais faoi aon athrú ar na mionsonraí sin.
–Is iad na húinéirí soithigh a íocfaidh na costais aistrithe bainc ghaolmhara.
6.Sonraí teagmhála
Sonraítear sonraí teagmhála na bpointí teagmhála ábhartha chun an Prótacal a chur chun feidhme i bhFoscríbhinn 4.
CAIBIDIIL II
Údaruithe iascaireachta
1.Coinníoll maidir le húdarú iascaireachta a fháil – soithí incháilithe.
Eiseofar na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chomhaontú ar choinníoll go bhfuil an soitheach iontráilte i gclár shoithí iascaireachta an Aontais agus go bhfuil sé ar liosta na soithí iascaireachta údaraithe de chuid an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. Ina theannta sin, ní fhéadfar cosc a chur ar an gcaptaen ná ar an soitheach iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar, ar cosc é a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí sa limistéar.
I gcás inarb iomchuí, beidh formheas sláintíochta ag an soitheach iascaireachta a d’eisigh údarás sláinte inniúil a Stáit brataí ina leith.
2.Iarratas ar údarú iascaireachta.
2.1. Cuirfidh údaráis an Aontais iarratas ar údarú iascaireachta faoi bhráid Údarás Mhadagascar go leictreonach i gcás gach soithigh ar mian leis iascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú.
2.2. Cuirfear iarratais isteach i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5.
2.3. Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le gach iarratas ar údarú iascaireachta:
–cruthúnas gur íocadh an muirear ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leis le haghaidh na tréimhse údaraithe agus cruthúnas gur íocadh an ranníocaíocht shonrach dá bhforáiltear i bpointe 6 de Chaibidil III den Iarscríbhinn;
–grianghraf daite digiteach den soitheach a tógadh le déanaí, de ghléine íosta 1400 x 1050 picteilín, ar grianghraf é ina dtaispeántar radharc cliathánach den soitheach;
–cóip den deimhniú muiracmhainneachta atá cothrom le dáta;
–cóip den chonradh a tugadh i gcrích le cuideachta earcaíochta agus infheistíochta (foirniú) arna formheas i Madagascar, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, Caibidil V, pointe 7.
3.Muirear agus muirear ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leis
3.1. Is é 85 EUR/tonne an muirear a bheidh ar bhád saighne tuinníní agus ar bhád spiléireachta dromchla, méid a shloinnfear in euro in aghaidh an tona a ghabhtar i limistéar iascaireachta Mhadagascar, ar feadh thréimhse iomlán an Phrótacail.
3.2. Eiseofar údaruithe iascaireachta tar éis na muirir ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leo seo a leanas a íoc:
I gcás báid saighne tuinníní
–EUR 16°150 in aghaidh an tsoithigh, coibhéiseach leis na muirir atá dlite i leith 190 tona in aghaidh na bliana.
I gcás báid spiléireachta dromchla ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste
–EUR 4°930 in aghaidh an tsoithigh, coibhéiseach leis na muirir atá dlite i leith 58 dtona in aghaidh na bliana.
I gcás báid spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste
–EUR 3°145 in aghaidh an tsoithigh, coibhéiseach leis na muirir atá dlite i leith 37 dtona in aghaidh na bliana
3.3. Áireofar i méid an mhuirir ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leis na cánacha náisiúnta agus áitiúla ar fad, cé is moite de chánacha calafoirt, cánacha ar thabhairt i dtír, cánacha trasloingsithe agus muirir chun seirbhísí a sholáthar.
4.Údaruithe iascaireachta a eisiúint
4.1. Ar iarratas ar údarú iascaireachta a fháil, beidh 20 lá oibre ag Madagascar chun údarú iascaireachta a eisiúint do shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh a bhfuil a iarratas incháilithe.
4.2. Déanfar cóip leictreonach den údarú iascaireachta a tharchur láithreach chuig údarás an Aontais agus chuig na húinéirí soithigh nó chuig a gcoinsínithe. Beidh an chóip leictreonach sin a choinnítear ar bord bailí ar feadh tréimhse 45 lá féilire tar éis dháta eisiúna an údaraithe iascaireachta. Tar éis na tréimhse sin, ní mór bunchóip an údaraithe iascaireachta a choinneáil ar bord. Féadfar an tréimhse sin a fhadú i gcásanna force majeure.
4.3. Seolfaidh Madagascar bunchóipeanna na n‑údaruithe iascaireachta a eisíodh chuig na húinéirí soithigh nó chuig a gcoinsíní, trí Thoscaireacht an Aontais i Madagascar nuair is iomchuí.
4.4. A luaithe a eiseofar an t‑údarú iascaireachta, cuirfidh Madagascar an soitheach de chuid an Aontais ar liosta shoithí an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar láithreach. Cuirfear an liosta sin ar fáil láithreach do Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) Mhadagascar agus don Aontas. Tabharfaidh Madagascar liosta na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh cothrom le dáta go tráthrialta. Cuirfear an liosta nua ar fáil don Lárionad Faireacháin Iascaigh agus don Aontas láithreach.
5.An t‑údarú iascaireachta a aistriú
5.1. Eiseofar an t‑údarú iascaireachta le haghaidh soitheach ar leith agus ní bheidh sé inaistrithe.
5.2. Mar sin féin, arna iarraidh sin don Aontas Eorpach agus i gcás ina gcruthófar force majeure, go háirithe i gcás ina gcaillfear soitheach nó ina gcuirfear bac gluaiseachta fada air mar gheall ar chliseadh teicniúil tromchúiseach, cuirfear údarú nua in ionad údarú iascaireachta an tsoithigh, údarú a eiseofar thar ceann soitheach eile den chatagóir chéanna leis an soitheach a bhfuil soitheach eile le cur ina ionad, gan muirear nua a bheith dlite.
5.3. Sa chás sin, agus leibhéal na ngabhálacha á ríomh chun aon íocaíocht bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann a chinneadh, cuirfear san áireamh suim ghabhálacha iomlána an dá shoitheach i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
5.4. Rachaidh an t‑iar-údarú in éag an lá a eiseofar an t‑údarú athsholáthair.
5.5. Cuirfear an t‑úinéir soithigh, a choinsíní agus údarás an Aontais ar an eolas faoi ionadú na n‑údaruithe iascaireachta.
5.6. Cuirfidh an t‑úinéir soithigh lena mbaineann, nó a choinsíní, an t‑údarú iascaireachta atá imithe i léig ar ais chuig údarás Mhadagascar, trí Thoscaireacht an Aontais i Madagascar nuair is iomchuí.
5.7. Déanfaidh Údarás Mhadagascar liosta na soithí údaraithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir.
6.Tréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta
6.1. Bunófar údaruithe iascaireachta ar feadh tréimhse bhliantúil mar seo a leanas:
–i gcás na chéad bhliana a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm, an tréimhse idir dáta a chur i bhfeidhm sealadach agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna;
–ina dhiaidh sin, gach bliain féilire iomlán;
–i gcás na bliana deiridh a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an dáta a rachaidh an Prótacal in éag.
7.Na doiciméid atá le coinneáil ar bord an tsoithigh
Coinneoidh soithí an Aontais na doiciméid seo a leanas ar bord, le linn na tréimhse ar fad a bheidh siad i limistéar iascaireachta Mhadagascar:
–bunchóip an údaraithe iascaireachta, nó cóip de i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 4.2;
–deimhniú muiracmhainneachta an tsoithigh;
–liosta na foirne;
–an logleabhar iascaireachta leictreonach;
–an ceadúnas iascaireachta Comhphobail arna eisiúint ag a Stát brataí;
–plean de thoilleadh an tsoithigh, i bhfoirm léaráidí nó tuairiscí cothrom le dáta ar leagan amach an tsoithigh iascaireachta agus go háirithe, líon na mbolg éisc, agus an toilleadh stórála léirithe i méadair chiúbacha.
8.Soithí tacaíochta
8.1. Údaróidh Madagascar soithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh a bhfuil údarú iascaireachta acu le cúnamh a fháil ó shoithí tacaíochta faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a leag an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh síos. I gcás athruithe ar reachtaíocht Mhadagascar lena mbeartaítear a bheith níos déine maidir leis na teorainneacha nó na coinníollacha sin, tabharfar fógra maidir leis na leasuithe ar an reachtaíocht nó maidir leis an reachtaíocht nua agus beidh feidhm acu i gcomhréir le forálacha Airteagal 8 den Chomhaontú.
8.2. Ní mór do shoithí tacaíochta bratach Ballstáit den Aontas a bheith ar foluain acu agus ní bheidh siad feistithe chun éisc a ghabháil. Ní fhéadfar athbhreoslú ná trasloingsiú gabhálacha a áireamh sa tacaíocht sin.
8.3. Beidh soithí tacaíochta faoi réir an nós imeachta chéanna maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta a leagtar amach sa Chaibidil seo a a tharchur, a mhéid is infheidhme. Tarraingeoidh Madagascar liosta na soithí tacaíochta údaraithe suas agus seolfaidh sé láithreach chuig an Aontas é.
8.4. Is é EUR 5 000 in aghaidh na bliana na táillí bliantúla is infheidhme maidir leis an soitheach tacaíochta.
9.Córas leictreonach uathoibrithe a chur chun feidhme chun údaruithe a bhainistiú
9.1. Féachfaidh na Páirtithe le húsáid a bhaint as an gcóras LICENCE a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil chun iarratais ar údaruithe a tharchur go leictreonach agus chun fógra a thabhairt faoina n‑eisiúint.
9.2 Ar bhonn idirthréimhseach go dtí go n‑úsáidfidh na Páirtithe córas LICENCE, déanfar malartuithe leictreonacha idir na Páirtithe trí ríomhphost.
CAIBIDIL III
Bearta teicniúla caomhnúcháin
1.Soithí de chuid an Aontais Eorpaigh atá údaraithe i limistéar iascaireachta Mhadagascar, comhlíonfaidh siad na bearta teicniúla agus caomhnúcháin, na rúin agus na moltaí ar fad ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh agus i reachtaíocht Mhadagascar is infheidhme maidir leo.
2.Déanfar na bearta teicniúla is infheidhme a shainiú, le haghaidh gach catagóire iascaireachta, sna doiciméid chomhairleacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1.
3.Ceadaítear cur in úsáid agus úsáid na FADanna saorga le sruth sin faoin gComhaontú seo. Comhlíonfaidh siad rúin agus moltaí ábhartha ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. Go háirithe, chun a dtionchar ar na héiceachórais a theorannú chun an méid smionagair mhuirí shintéisigh a laghdú, tógfar na FADanna le hábhair neamhphlaisteacha neamh‑fhostúcháin, nádúrtha nó in‑bhithdhíghrádaithe, cé is moite i gcás baoithe. Seachnóidh siad foghabhálacha céiticeach, siorcanna nó turtar.
4.Coimeádann Madagascar an ceart aige féin, áfach, chun bearta níos déine a mholadh ar bhonn moltaí eolaíocha iontaofa.
5.Ina theannta sin, cuirfidh an t‑úinéir soithigh Lárionad Faireacháin Iascaigh Mhadagascar ar an eolas, ag tús na tréimhse iascaireachta taiscéalaíche, faoi líon na FADanna a bhfuil sé beartaithe aige a chur in úsáid in aghaidh an tsoithigh tacaíochta i limistéar iascaireachta Mhadagascar. Déanfar líon na FADanna a aisghabhfar a dhearbhú freisin tar éis dheireadh na tréimhse iascaireachta taiscéalaíche sin.
6.Chun an comhshaol bhainistiú agus éiceachórais mhuirí in uiscí Mhadagascar a chosaint, íocfaidh úinéirí soithigh an Aontais ranníocaíocht shonrach gach bliain, agus ba cheart tuairim is EUR 200 000 a bheith sa mhéid iomlán measta. Beidh ranníocaíocht gach soithigh bunaithe ar olltonnáiste gach soithigh agus is é EUR 2,5 in aghaidh an OT a bheidh sa ranníocaíocht sin. Íocfar an ranníocaíocht an tráth céanna leis an réamhíocaíocht. Is í Gníomhaireacht Mhadagascar atá freagrach as iascach agus dobharshaothrú a riarfaidh na cistí agus íocfar iad isteach sa chuntas bainc atá tiomnaithe don tacaíocht earnála dá dtagraítear in Airteagal 6(4)(b) den Phrótacal.
7.Cuirfidh Údarás Mhadagascar an Comhchoiste ar an eolas faoin gclár gníomhaíochta a mhaoineofar leis an ranníocaíocht shonrach sin agus tabharfaidh sé tuairisc ar an úsáid a bhaineann sé aisti, ar a bhfuil bainte amach aige agus ar an tionchar. Áiritheoidh sé cur chun cinn agus infheictheacht na mbeart a dhéanfar.
CAIBIDIL IV
Roinn 1
Gabhálacha agus iarrachtaí iascaireachta a dhearbhú
1.Logleabhar iascaireachta
1.1. An captaen ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bheidh ag iascaireacht faoin gComhaontú, coimeádfaidh sé logleabhar iascaireachta a bheidh i gcomhréir le rúin ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh.
1.2. Déanfaidh an captaen an logleabhar iascaireachta a líonadh isteach le haghaidh gach lae a bheidh an soitheach i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
1.3. Déanfaidh an captaen an méid seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta gach lá:
- cainníochtaí gach speicis (príomhghabhálacha nó foghabhálacha) a ghabhtar agus a choimeádtar ar bord, arna sloinneadh i gcileagraim bheomheáchain, arna shainaithint lena chód alfa 3 FAO,
- cainníochtaí gach speicis a aischuireadh, arna sloinneadh i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb infheidhme, i líon na n‑aonán.
- na gabhálacha nialasacha, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh.
1.4. Beidh an t‑úinéir soithigh agus captaen an tsoithigh freagrach go comhpháirteach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.
2.Ráiteas gabhálacha
2.1 Dearbhóidh an captaen gabhálacha an tsoithigh trí fhaisnéis fúthu a sheoladh chuig LFI Mhadagascar agus chuig seirbhís staidrimh na hAireachta, agus sin ar an mbealach seo a leanas:
–ar bhonn seachtainiúil le linn don soitheach a bheith i limistéar iascaireachta Mhadagascar;
–láithreach i gcás ina rachaidh an soitheach trí chalafort de chuid Mhadagascar;
–laistigh de 24 uair an chloig tar éis imeacht as limistéar iascaireachta Mhadagascar i gcás nach rachaidh an soitheach trí chalafort de chuid Mhadagascar roimhe sin.
2.2. I gcás nach gcomhlíonfar na forálacha maidir leis na gabhálacha a dhearbhú, lena n‑áirítear i gcás dearbhú neamhchomhlíontach, féadfaidh Madagascar údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a chur ar fionraí gan dochar do phionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar a d’fhéadfaí a fhorfheidhmiú. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh Madagascar diúltú an t‑údarú iascaireachta a athnuachan.
2.3. Tabharfaidh Údarás Mhadagascar fógra don úinéir soithigh faoi aon phionós a fhorfheidhmeofar sa chomhthéacs sin agus cuirfidh sé údaráis an Aontais ar an eolas faoi sin.
3.Teacht i bhfeidhm córais leictreonaigh um dhearbhú sonraí iascaireachta (ERS)
Comhaontaíonn na Páirtithe córas leictreonach um dhearbhú sonraí iascaireachta a úsáid de réir na dtreoirlínte a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6. Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas nuair a bheidh an córas sin ag feidhmiú. As sin amach, cuirfear dearbhuithe ERS in ionad na ndearbhuithe gabhála dá bhforáiltear i bpointe 2 den Chaibidil seo.
4.Ráitis ráithiúla gabhálacha.
4.1. Tabharfaidh údaráis an Aontais fógra do Mhadagascar, roimh dheireadh an 3ú mí de gach ráithe, faoi na sonraí gabhála le haghaidh gach catagóire dá bhforáiltear sa Phrótacal a chomhfhreagraíonn do mhíonna na ráithe nó na ráithí roimhe sin den bhliain reatha. Cuirfear na sonraí sin i láthair go míosúil, de réir an tsoithigh agus an speicis a léireofar lena chód FAO, i gcomhréir leis an tsamhail i bhFoscríbhinn 7.
4.2. Measfar na sonraí comhiomlánaithe sin ó logleabhair iascaireachta a bheith sealadach go dtí go dtabharfaidh údaráis an Aontais fógra faoi chuntas bliantúil críochnaitheach ar ghabhálacha agus iarrachtaí.
5.Cuntas ar ghabhálacha bliantúla agus muirir le haghaidh shoithí an Aontais.
5.1. Tarraingeoidh údaráis an Aontais suas cuntas críochnaitheach ar na gabhálacha bliantúla a rinne gach soitheach agus na muirir atá dlite aige maidir lena thréimhse iascaireachta bhliantúil sa bhliain féilire roimhe sin, ar bhonn sonraí gabhála arna mbailíochtú ag údaráis náisiúnta na stát brataí.
5.2. Seolfaidh údaráis an Aontais an cuntas críochnaitheach sin ar na gabhálacha agus na muirir chuig Údarás Mhadagascar roimh an 30 Aibreán den bhliain i ndiaidh na bliana ina ndearnadh na gabhálacha, ionas gur féidir é a dheimhniú.
5.3. Cuirfidh Údarás Mhadagascar in iúl d’údaráis an Aontais go bhfuair sé na ráitis agus an cuntas sin agus féadfaidh sé aon soiléiriú a mheasann sé a bheith riachtanach a iarraidh laistigh de 2 mhí.
5.3.1. Sa chás sin, rachaidh údaráis an Aontais i dteagmháil le húdaráis na stát brataí agus le hinstitiúidí náisiúnta inniúla an Aontais agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis bhreise is gá chuig Údarás Mhadagascar laistigh de 20 lá oibre.
5.3.2 I gcás inarb infheidhme, féadfar cruinniú sonrach den mheitheal eolaíoch a eagrú agus cuireadh a thabhairt d’ionadaithe institiúidí náisiúnta ábhartha an Aontais agus Mhadagascar chun scrúdú a dhéanamh ar na sonraí gabhála agus ar na modheolaíochtaí a úsáideadh chun faisnéis a chros‑seiceáil.
5.4. Beidh 30 lá oibre ag Madagascar tar éis dó an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 5.3.1 a fháil chun cur in aghaidh an ráitis bhliantúil gabhálacha agus an chuntais chríochnaithigh ar mhuirir, ar bhonn fianaise tacaíochta.
5.4.1. Mura gcuirfear ina n‑aghaidh agus tar éis an sprioc-ama sin, measfaidh na Páirtithe an ráiteas bliantúil gabhálacha agus iarrachta agus an cuntas críochnaitheach a bheith glactha.
5.4.2. I gcás easaontais, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sa Chomhchoiste.
5.5. I gcás ina mbeidh an cuntas críochnaitheach níos mó ná an muirear ar ráta comhréidh a íocadh roimh ré chun an t‑údarú iascaireachta a fháil, íocfaidh an t‑úinéir soithigh an t‑iarmhéid le Madagascar laistigh de 30 lá tar éis don dá Pháirtí teacht ar chomhaontú faoin gcuntas, ar a dhéanaí. I gcás ina mbeidh méid an chuntais chríochnaithigh níos lú ná an muirear ar ráta comhréidh a íocadh roimh ré, ní fhéadfaidh an t‑úinéir soithigh an tsuim iarmhair a fháil ar ais.
Roinn 2
Dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus imeacht as
1.Cuirfidh captaein shoithí iascaireachta an Aontais a oibríonn faoin bPrótacal i limistéar iascaireachta Mhadagascar in iúl do LFI Mhadagascar, 3 uair an chloig roimh ré ar a laghad, go bhfuil sé beartaithe acu dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar nó imeacht as.
2.Agus fógra á thabhairt faoi dhul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar nó imeacht as, cuirfidh captaein na soithí in iúl freisin an suíomh ina meastar go dtarlóidh an méid sin, agus anuas air sin, cainníochtaí measta gach speicis, arna sainaithint lena chód alfa 3 FAO, a choimeádtar ar bord, arna sloinneadh i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb infheidhme, i líon na n‑aonán, agus úsáid á baint as na modhanna cumarsáide a leagtar amach i bhFoscríbhinn 8.
3.Mura gcomhlíonfar na forálacha sin nó i gcás ina ndéanfar ráiteas calaoiseach, féadfar na pionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar a ghearradh ar an úinéir soithigh agus ar an gcaptaen soithigh.
4.Féadfar na pionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar a ghearradh ar shoitheach a mbéarfar air agus é i mbun iascaireachta gan LFI Mhadagascar a chur ar an eolas faoi sin. Féadfaidh Údarás Mhadagascar údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a chur ar fionraí. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh sé diúltú an t‑údarú iascaireachta a athnuachan.
5.Tarchuirfear liosta chriú an tsoithigh ar dhul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar dó.
6.Déanfar an chumarsáid sin le ERS, le ríomhphost nó le teachtaireacht raidió chuig na seoltaí a liostaítear i bhFoscríbhinn 4. Cuirfidh Údarás Mhadagascar na soithí lena mbaineann agus údaráis an Aontais ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar an seoladh ríomhphoist nó ar an radaimhinicíocht.
7.Cuirfidh Údarás Mhadagascar in iúl go bhfuarthas an teachtaireacht leictreonach trí ríomhphost a sheoladh ar ais.
Roinn 3
Trasloingsithe agus tabhairt i dtír
1.Tá toirmeasc ar gach trasloingsiú ar muir.
2.Féadfar trasloingsiú a dhéanamh i gcalafort ainmnithe de chuid Mhadagascar tar éis údarú a fháil roimh ré ó LFI Mhadagascar agus faoi mhaoirseacht chigirí iascaireachta agus údarás sláinte iascaireachta Mhadagascar.
3.Is iad Antsiranana, Toliary, Ehoala, Toamasina agus Mahajanga na calafoirt iascaireachta atá ainmnithe le haghaidh na n‑oibríochtaí trasloingsithe agus tabhairt i dtír sin.
4.Cuirfidh úinéir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh, nó a ionadaí, ar mian leis tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh i gcalafort de chuid Mhadagascar a fhaisnéis seo a leanas go háirithe in iúl go comhuaineach don LFI agus d’údarás an chalafoirt i Madagascar, 72 uair an chloig roimh ré ar a laghad, i gcomhréir leis an gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt, agus tarchuirfear í trí bhíthin ERS, i gcás inarb infheidhme:
–ainm agus uimhir chlárúcháin an tsoithigh a dhéanfaidh an trasloingsiú nó a thabharfaidh i dtír mar atá ar chlár na soithí iascaireachta den Choimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh;
–calafort an trasloingsithe nó an tabhairt i dtír, agus i gcás inarb infheidhme, ainm an tsoithigh lasta;
–an dáta agus an t‑am a bheartaítear an trasloingsiú nó an tabhairt i dtír a dhéanamh;
–cainníocht gach speicis, arna shainaithint lena chód alfa 3 FAO, atá le trasloingsiú nó le tabhairt i dtír, arna sloinneadh i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb infheidhme, i líon na n‑aonán;
–leagan amach agus ceann scríbe na ngabhálacha a trasloingsíodh nó a tugadh i dtír.
Tá na forálacha sin gan dochar do na hoibleagáidí doiciméid a sholáthar do na húdaráis inniúla chun dul isteach sa chalafort.
5.Tar éis do LFI Mhadagascar scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 4 agus laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fógra a fháil, eiseoidh sé réamhúdarú don úinéir soithigh, nó dá ionadaí, chun trasloingsiú nó tabhairt i dtír a dhéanamh.
6.Measfar gur imeacht as limistéar iascaireachta Mhadagascar iad an trasloingsiú agus an tabhairt i dtír. Chuige sin, beidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo.
7.Tar éis an trasloingsithe nó an tabhairt i dtír, cuirfidh an t‑úinéir soithigh nó a ionadaí in iúl do LFI agus don údarás muirí agus calafoirt go mbeartaíonn sé leanúint den ghníomhaíocht iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar nó go mbeartaíonn sé imeacht as limistéar iascaireachta Mhadagascar.
8.Tá toirmeasc ar gach trasloingsiú nó tabhairt i dtír nach gcomhlíonann na forálacha dá dtagraítear i bpointí 1 go 7 den Roinn seo i limistéar iascaireachta Mhadagascar. Féadfar na pionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar atá i bhfeidhm a ghearradh ar aon duine a sháróidh an fhoráil seo.
9.Geallann soithí iascaireachta an Aontais cuid dá bhfoghabhálacha a chur ar fáil do ghnóthais phróiseála áitiúla ar phraghsanna an mhargaidh áitiúil. Arna iarraidh sin d’úinéirí shoithí iascaireachta an Aontais, soláthróidh Stiúrthóireachtaí Réigiúnacha na hAireachta atá freagrach as an iascach i Madagascar liosta agus sonraí teagmhála na ngnóthas próiseála áitiúil.
Roinn 4
Córas saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí (VMS)
1.Teachtaireachtaí maidir le suíomh na soithí – VMS
1.1. Ní mór soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú acu a bheith feistithe le córas saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí (VMS) lena n‑áiritheofar go gcuirfear a suíomh in iúl go huathoibríoch agus go leanúnach, gach uair an chloig, do lárionad rialúcháin iascaigh (Lárionad Faireacháin Iascaigh – LFI) an stáit brataí.
1.2. Cloífidh gach teachtaireacht maidir le suíomh leis an bhformáid dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 9 a ghabhann leis an Iarscríbhinn agus beidh an méid seo a leanas inti:
–sonraí aitheantais an tsoithigh;
–suíomh geografach is déanaí an tsoithigh (domhanleithead, domhanfhad), lena ngabhann lamháil earráide is lú ná 500 méadar, agus le heatramh muiníne 99 %;
–an dáta agus an t‑am a taifeadadh an suíomh;
–luas agus cúrsa an tsoithigh.
1.3. Sainaithneofar leis an gcód ‘ENT’ an chéad suíomh a thaifeadfar tar éis dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar. Sainaithneofar gach suíomh ina dhiaidh sin leis an gcód ‘POS’, cé is moite den chéad suíomh a thaifeadfar tar éis imeacht as limistéar iascaireachta Mhadagascar, suíomh a shainaithneofar leis an gcód ‘EXI’.
1.4. Is é LFI an stáit brataí a dhéanfaidh na teachtaireachtaí maidir le suíomh a phróiseáil go huathoibríoch agus, i gcás inarb infheidhme, iad a tharchur go leictreonach. Déanfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh a thaifeadadh ar bhealach slán agus coimeádfar iad ar feadh tréimhse 3 bliana.
2.Tarchur a dhéanfaidh an soitheach i gcás ina gclisfidh ar VMS
2.1. Áiritheoidh an captaen go mbeidh VMS a shoithigh lánoibríochtúil i gcónaí agus go ndéanfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh a tharchur i gceart chuig LFI an stáit brataí.
2.2. Ní údarófar soithí de chuid an Aontais a bhfuil córas VMS lochtach acu dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
2.3. I gcás ina mbeidh cliseadh tar éis dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar, ní mór é sin a chur in iúl do LFI Mhadagascar láithreach. Déanfar VMS an tsoithigh a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 15 lá. Tar éis na tréimhse sin, nó i gcás ina gclisfear ar VMS arís agus arís eile ina dhiaidh sin, ní bheidh an soitheach údaraithe a thuilleadh iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
2.4. Cuirfidh soithí a bhfuil VMS lochtach acu a dteachtaireachtaí maidir le suíomh in iúl do LFI an stáit brataí agus do LFI Mhadagascar le ríomhphost nó le raidió, gach 4 uair an chloig ar a laghad, agus soláthróidh siad an fhaisnéis shainordaitheach ar fad, i gcomhréir le pointe 1.2 den Roinn seo.
3.Teachtaireachtaí maidir le suíomh a chur in iúl do Mhadagascar go slán
3.1. Déanfaidh LFI an stáit brataí na teachtaireachtaí maidir le suíomh na soithí lena mbaineann a tharchur go huathoibríoch chuig LFI Mhadagascar. Malartóidh LFI an stáit brataí agus LFI Mhadagascar a seoltaí ríomhphoist agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na seoltaí sin.
3.2. Déanfar teachtaireachtaí maidir le suíomh a tharchur idir LFI an stáit brataí agus LFI Mhadagascar go leictreonach le córas cumarsáide slán, trí úsáid a bhaint as an líonra leictreonach a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil chun sonraí maidir leis an iascach a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe.
3.3. Cuirfidh LFI Mhadagascar LFI an stáit brataí ar aon eolas faoi aon chur isteach ar theachtaireachtaí i ndiaidh a chéile maidir le suíomh a fháil ó shoitheach a bhfuil údarú iascaireachta aige, i gcás nár thug an soitheach lena mbaineann fógra faoina imeacht as limistéar iascaireachta Mhadagascar.
4.Mífheidhm sa chóras cumarsáide
4.1. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh a dtrealamh leictreonach comhoiriúnach leis an gcaighdeán cumarsáide sonraí iascaireachta.
4.2 Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon mhífheidhm i gcórais cumarsáide na dteachtaireachtaí maidir le suíomh d’fhonn teacht ar réiteach teicniúil a luaithe is féidir.
4.3. Measfar gurb é an captaen atá freagrach i gcás ina bhfaighfear amach go ndearnadh crioscaíl le VMS an tsoithigh chun cur isteach ar a fheidhmiú nó chun a theachtaireachtaí maidir le suíomh a bhrionnú. Beidh aon sárú faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar. Ní fhéadfar a mheas go bhfuil an captaen freagrach as mhífheidhmeanna na gcóras cumarsáide dá dtagraítear sa phointe roimhe seo.
4.4. Pléifidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
5.Minicíocht na dteachtaireachtaí maidir le suíomh a mhodhnú
5.1. Ar bhonn fianaise dhoiciméadach lena gcruthaítear sárú, féadfaidh LFI Mhadagascar iarraidh ar LFI an stáit brataí, agus an tAontas i gcóip, an t‑eatramh idir seoladh na dteachtaireachtaí maidir le suíomh soithigh a laghdú go dtí eatramh 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe réamhshocraithe.
5.2. Ní mór do LFI Mhadagascar an fhianaise sin a tharchur chuig LFI an stáit brataí agus chuig údaráis an Aontais.
5.3. Seolfaidh LFI an stáit brataí na teachtaireachtaí maidir le suíomh chuig LFI Mhadagascar gan mhoill ag an minicíocht laghdaithe.
5.4. Tabharfaidh LFI Mhadagascar fógra do LFI an stáit brataí agus don Aontas gan mhoill faoi dheireadh an nós imeachta cigireachta.
5.5. Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe réamhshocraithe, cuirfidh LFI Mhadagascar LFI an stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoin obair leantach, más ann di.
6.Bailíocht na teachtaireachta VMS i gcás díospóide
Beidh na sonraí maidir le suíomh a sholáthróidh VMS barántúil i gcás díospóide idir na Páirtithe.
Roinn 5
Breathnóirí
1.Breathnóireacht ar na gníomhaíochtaí iascaireachta
1.1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé urraim a thabhairt don chlár náisiúnta breathnóirí agus do na hoibleagáidí a eascraíonn as rúin ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh a mhéid a bhaineann le clár na mbreathnóirí eolaíocha.
1.2. Chun na gcríoch sin:
1.2.1. Ní mór do gach soitheach breathnóir iascaireachta a thabhairt ar bord le linn dó a bheith i limistéar iascaireachta Mhadagascar. Ní mór breathnóirí arna n‑ainmniú ag údarás inniúil Mhadagascar a thabhairt ar bord 30 % de na soithí, ar a laghad. I gcás an 70 % eile de na soithí, eagrófar láithreacht na mbreathnóirí de réir mar is gá trí chláir réigiúnacha breathnóirí nó trí chláir bhreathnóireachta leictreonaí.
1.2.2. Beidh sé de chúram ar bhreathnóirí a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha dá dtagraítear i bpointe 1.1 nó aon ghá eile maidir le faisnéis eolaíoch a bhailiú arna sainaithint ag institiúid inniúil náisiúnta Mhadagascar nó ag an meitheal eolaíoch chomhpháirteach.
2.Soithí agus breathnóirí ainmnithe
2.1. Tráth eisiúna na n‑údaruithe iascaireachta, foilseoidh Údarás Mhadagascar liosta na soithí roghnaithe chun breathnóir de chuid Mhadagascar a thabhairt ar bord, agus i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta, i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 1.2.1 thuas.
2.2. Tarchuirfidh Údarás Mhadagascar an liosta sin go leictreonach chuig údaráis an Aontais agus chuig úinéirí na soithí lena mbaineann díreach tar éis dó é a fhoilsiú nó a thabhairt cothrom le dáta. Má tá easpa spáis atá doiciméadaithe i gceart i gceist le ceann de na soithigh roghnaithe mar gheall ar cheanglais slándála, ceanglais a bhaineann go háirithe le gníomhartha píoráideachta, déanfaidh Údarás Mhadagascar liosta na soithí roghnaithe a oiriúnú chun an staid sin a chur san áireamh, agus an cuspóir dá dtagraítear i bpointe 1.2.1 á áirithiú an tráth céanna.
2.3. A luaithe a thabharfar i gcrích liosta na soithí iascaireachta a bheidh roghnaithe chun breathnóir a thabhairt ar bord, cuirfidh Madagascar úinéirí nó coinsínithe na soithí lena mbaineann ar an eolas go comhuaineach faoi na soithí nach mór dóibh breathnóir ainmnithe a thabhairt ar bord i gcomhréir le pointe 1.2.1.
2.4. A luaithe a thiocfaidh Údarás Mhadagascar agus an t‑úinéir soithigh roghnaithe ar chomhaontú faoin dáta bordála mar a leagtar amach i bpointe 7.2 den Roinn seo, cuirfidh Madagascar ainm agus sonraí teagmhála an bhreathnóra ainmnithe in iúl don Aontas agus don úinéir soithigh lena mbaineann, nó dá choinsíní.
2.5. Cuirfidh Údarás Mhadagascar údaráis an Aontais agus úinéirí nó coinsínithe na soithí lena mbaineann ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar liosta na soithí agus na mbreathnóirí ainmnithe.
2.6. Soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá ainmnithe chun breathnóir a thabhairt ar bord, beidh sé díolmhaithe ón oibleagáid sin má tá breathnóir ar bord cheana agus má fhanann sé ann ar feadh na tréimhse ar fad a leagtar síos, ar choinníoll go mbeidh an breathnóir aitheanta i gclár breathnóireachta réigiúnach a bhfuil Madagascar ina pháirtí ann.
2.7. Ní bheidh an méid ama a chaithfidh an breathnóir ar bord níos faide ná an méid ama is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh.
3.Ranníocaíocht airgeadais ó úinéirí na soithí
3.1. Ranníocfaidh an t‑úinéir soithigh EUR 30 in aghaidh an lae a chaithfear ar bord agus in aghaidh an bhreathnóra de chuid Mhadagascar. Íocfaidh úinéirí na soithí an tsuim sin le clár na mbreathnóirí a bhainistíonn LFI Mhadagascar.
3.2. Is é an t‑úinéir soithigh a iompróidh gach costas a bhaineann leis an mbreathnóir de chuid Mhadagascar a thabhairt ar bord agus a thabhairt i dtír idir an calafort bordála nó an calafort díbhordála agus a ghnátháit chónaithe.
4.Tuarastal agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta an bhreathnóra
Is iad údaráis Mhadagascar a iompróidh tuarastal agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta an bhreathnóra arna ainmniú ag Madagascar.
5.Coinníollacha bordála
5.1. Saineofar na coinníollacha faoina dtabharfar an breathnóir ar bord, go háirithe an méid ama a chaithfear ar bord, i gcomhaontú frithpháirteach idir an t‑úinéir soithigh nó an coinsíní soithigh agus údaráis Mhadagascar.
5.2. Caithfear le breathnóirí ar bord ar an mbealach céanna a chaitear leis na hoifigigh. Mar sin féin, cuirfear struchtúr teicniúil an tsoithigh san áireamh maidir le cóiríocht an bhreathnóra ar bord.
5.3. Is é an t‑úinéir soithigh a iompróidh na costais a bhaineann le cóiríocht agus bia a chur ar fáil don bhreathnóir ar bord.
5.4. Déanfaidh an captaen gach beart laistigh dá réimse freagrachta chun sábháilteacht fhisiceach agus folláine ghinearálta an bhreathnóra a áirithiú.
5.5. Cuirfidh an captaen na saoráidí uile is gá ar fáil don bhreathnóir chun a chuid dualgas a dhéanamh agus tabharfaidh sé rochtain dó ar na modhanna cumarsáide agus na doiciméid atá ar bord an tsoithigh agus ar dhoiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, go háirithe an logleabhar iascaireachta, an loga reo agus an loga loingseoireachta, agus ar na codanna den soitheach a bhaineann go díreach lena chuid cúraimí.
6.Oibleagáidí an bhreathnóra
Fad a bheidh an breathnóir ar bord, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
–déanfaidh sé gach beart iomchuí ionas nach gcuirfear stop leis na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu;
–tabharfaidh sé urraim do na hearraí agus don trealamh atá ar bord;
–tabharfaidh sé urraim do rúndacht gach doiciméid ar leis an soitheach é.
7.An breathnóir a thabhairt ar bord agus a thabhairt i dtír
7.1. Tabharfar an breathnóir ar bord i gcalafort a roghnóidh an t‑úinéir soithigh.
7.2. 15 lá roimh an mbreathnóir a thabhairt ar bord, tabharfaidh an t‑úinéir soithigh nó an gníomhaire soithigh fógra do LFI Mhadagascar faoin dáta agus faoin am a thabharfar ar bord é, mar aon leis an gcalafort bordála. I gcás ina dtabharfar an breathnóir ar bord i dtír eachtrach, is é an t‑úinéir soithigh a iompróidh a chostais taistil agus idirthurais (lena n‑áirítear costais a bhaineann le cóiríocht agus bia) chun an calafort bordála a bhaint amach.
7.3. Mura dtiocfaidh an breathnóir i láthair chun dul ar bord laistigh de 12 uair an chloig ón dáta agus ón am réamhshocraithe, tabharfaidh an captaen, an t‑úinéir soithigh nó a ionadaí fógra láithreach do LFI Mhadagascar chun teacht ar réiteach trí chomhaontú frithpháirteach.
7.4. Mura ndéanfar an breathnóir a thabhairt i dtír i gcalafort de chuid Mhadagascar, íocfaidh an t‑úinéir soithigh as costais taistil agus idirthurais an bhreathnóra (lena n‑áirítear costais a bhaineann le cóiríocht agus bia) chun a ghnátháit chónaithe i Madagascar a bhaint amach.
7.5. Mura dtiocfaidh an soitheach i láthair ag an am a comhaontaíodh ag calafort a socraíodh roimhe sin chun breathnóir a thabhairt ar bord, ní mór don úinéir soithigh íoc as na costais a bhaineann leis an mbac gluaiseachta a cuireadh ar an mbreathnóir agus é ag fanacht ag an gcalafort (cóiríocht, bia).
7.6. Mura dtiocfaidh an soitheach i láthair, cuirfidh an t‑úinéir soithigh LFI Mhadagascar ar an eolas faoi sin láithreach. Féadfaidh údaráis Mhadagascar údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a chur ar fionraí agus na pionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhadagascar atá i bhfeidhm a ghearradh, ach amháin i gcás force majeure ar tugadh fógra faoi do LFI Mhadagascar. Sa chás deireanach sin, tiocfaidh an t‑úinéir soithigh ar chomhaontú le húdarás Mhadagascar faoi dháta nua a thiocfaidh an breathnóir ar bord agus ní fhéadfaidh an soitheach dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar go dtí go dtabharfar an breathnóir ar bord iarbhír. Tabharfaidh Madagascar fógra don Aontas agus don úinéir soithigh láithreach faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir leis an bpointe seo.
8.Cúraimí an bhreathnóra
8.1. Déanfaidh an breathnóir na cúraimí seo a leanas:
8.1.1. an fhaisnéis uile a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh a chomhthiomsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
–an trealamh iascaireachta a úsáidtear;
–suíomh an tsoithigh le linn a chuid oibríochtaí iascaireachta;
–méideanna nó, i gcás inarb infheidhme, líon na n‑aonán a ghabhtar i gcás gach spriocspeicis agus gach speicis ghaolmhair, chomh maith le méideanna nó líon na n‑aonán i gcás foghabhálacha agus gabhálacha de thaisme;
–meastachán ar na gabhálacha atá á gcoimeád ar bord agus ar an méid a cuireadh ar ais;
8.1.2. An tsampláil bhitheolaíoch dá bhforáiltear i gcláir eolaíocha a dhéanamh.
8.2. Le linn don soitheach a bheith ag oibriú i limistéar iascaireachta Mhadagascar, cuirfidh an breathnóir a chuid barúlacha in iúl go laethúil le raidió nó le ríomhphost, lena n‑áirítear méid na bpríomhghabhálacha agus na bhfoghabhálacha ar bord, agus déanfaidh sé aon chúram eile de réir mar a cheanglaíonn LFI Mhadagascar air.
9.Tuarascáil ón mbreathnóir
9.1. Sula bhfágfaidh an breathnóir an soitheach, cuirfidh sé tuarascáil ar a chuid barúlacha faoi bhráid chaptaen an tsoithigh. Beidh sé de cheart ag captaen an tsoithigh tráchtanna a dhéanamh i sa tuarascáil ón mbreathnóir. Síneoidh an breathnóir agus an captaen an tuarascáil agus gheobhaidh an máistir cóip den tuarascáil. I gcás ina ndiúltóidh an captaen an tuarascáil ón mbreathnóir a shíniú, sonróidh sé na cúiseanna leis an diúltú sa tuarascáil agus scríobhfaidh sé ‘dhiúltaigh mé síniú’ uirthi.
9.2. Cuirfidh an breathnóir a thuarascáil faoi bhráid LFI Mhadagascar, a sheolfaidh cóip di chuig údaráis an Aontais laistigh de 15 lá oibre tar éis dhíbhordáil an bhreathnóra.
Roinn 6
Iniúchadh ar muir agus sa chalafort
1. Is iad soithí agus cigirí iascaireachta faoi bhrí mionna de chuid Mhadagascar a dhéanfaidh an t‑iniúchadh ar muir i limistéar iascaireachta Mhadagascar, nó i gcalafort, i gcé nó i gcuan, ar shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil údarú bailí iascaireachta acu.
2. Sula rachaidh cigirí de chuid Mhadagascar ar bord, cuirfidh siad in iúl do chaptaen an tsoithigh de chuid an Aontais go bhfuil sé beartaithe acu iniúchadh a dhéanamh. Sula gcuirfear tús leis an iniúchadh, nochtfaidh na cigirí a gcéannacht, a gcáilíocht agus a n‑ordú taistil.
3. Ní fhanfaidh na cigirí ar bord an tsoithigh de chuid an Aontais ach ar feadh an ama is gá chun na cúraimí a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanamh. Déanfaidh siad an t‑iniúchadh ar bhealach a n‑íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a ghníomhaíocht iascaireachta agus ar a lasta.
3.1. Éascóidh captaen an tsoithigh de chuid an Aontais bordáil agus obair na gcigirí.
3.2. Ag deireadh gach iniúchta, déanfaidh na cigirí tuarascáil iniúchóireachta a tharraingt suas. Beidh sé de cheart ag captaen an tsoithigh de chuid an Aontais a bharúlacha a chur leis an tuarascáil iniúchóireachta. Is iad na daoine seo a leanas a shíneoidh an tuarascáil iniúchóireachta: an cigire a tharraing suas í agus captaen an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndiúltóidh an captaen an tuarascáil iniúchóireachta a shíniú, sonróidh sé na cúiseanna leis an diúltú sa tuarascáil iniúchóireachta agus scríobhfaidh sé ‘dhiúltaigh mé síniú’ uirthi.
3.3. Tabharfaidh na cigirí cóip den tuarascáil iniúchóireachta do chaptaen an tsoithigh de chuid an Aontais Eorpaigh sula bhfágfaidh siad an soitheach. Seolfaidh Madagascar cóip den tuarascáil iniúchóireachta chuig an Aontas laistigh de 8 lá oibre ar a mhéad tar éis do na cigirí teacht i dtír, gan dochar do na forálacha dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn 7 den Iarscríbhinn.
4. Féadfaidh Madagascar ionadaithe de chuid an Aontais nó de chuid a Bhallstát a údarú chun páirt a ghlacadh in iniúchadh mar bhreathnóir.
5. Ar bhonn measúnú riosca, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha ar shoithí de chuid an Aontais, go háirithe le linn oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht Mhadagascar araon. Le linn do na cigirí arna n‑imlonnú ag na Páirtithe a gcuid dualgas a chomhlíonadh, cloífidh siad leis na forálacha maidir le hiniúchtaí dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus i reachtaíocht Mhadagascar faoi seach. Déanfar na hoibríochtaí sin faoi stiúir agus faoi údarás chigirí Mhadagascar. Féadfaidh na Páirtithe, i gcomhthéacs a gcuid freagrachtaí mar Stát na brataí agus Stát an chalafoirt, cinneadh a dhéanamh oibriú i gcomhar a chéile chun gníomhartha leantacha a dhéanamh, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Ina theannta sin, arna iarraidh sin d’údaráis an Aontais, féadfaidh údaráis Mhadagascar cigirí iascaireachta de chuid Ballstáit den Aontas a údarú iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachta faoina ndlí náisiúnta.
Roinn 7
Sáruithe
1.Láimhseáil sáruithe
1.1. Aon sárú a dhéanfaidh soitheach de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar, tabharfar fógra faoi agus luafar é i dtuarascáil iniúchóireachta.
1.2. Déanfar an fógra faoin sárú mar aon leis na pionóis arna ngearradh ar an gcaptaen nó ar an ngnóthas iascaireachta a sheoladh go díreach chuig úinéirí na soithí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i reachtaíocht Mhadagascar.
1.3. Tarchuirfidh Údarás Mhadagascar cóip den tuarascáil iniúchóireachta, cóip den fhógra faoin sárú agus na pionóis arna ngearradh chuig an Aontas go leictreonach laistigh de 72 uair an chloig.
1.4. Beidh síniú an chaptaein ar an tuarascáil iniúchóireachta, dá bhforáiltear i bpointe 3.2 de Roinn 6, gan dochar do cheart cosanta an úinéara soithigh i leith an tsáraithe a braitheadh.
2.Dul ar bord soithigh – Cruinniú faisnéise
2.1. I gcás ina mbraithfear sárú, i gcomhréir le reachtaíocht Mhadagascar, ordóidh Údarás Mhadagascar don soitheach de chuid an Aontais a rinne an sárú deireadh a chur lena ghníomhaíocht i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus, nuair a bheidh an soitheach ar muir, filleadh ar chalafort de chuid Mhadagascar.
2.2. Aon uair a rachfar ar bord soitheach de chuid an Aontais, tabharfaidh Údarás Mhadagascar fógra faoi sin d’údaráis an Aontais go leictreonach laistigh de 24 uair an chloig. Sonrófar san fhógra na cúiseanna leis an dul ar bord agus/nó leis an soitheach a choinneáil, agus beidh fianaise ar an sárú a braitheadh ag gabháil leis.
2.3. Féadfaidh údaráis an Aontais a iarraidh ar Údarás Mhadagascar cruinniú faisnéise a eagrú, a luaithe is féidir tar éis fógra a thabhairt faoi dhul ar bord an tsoithigh, chun soiléiriú a dhéanamh ar na fíorais ba chúis le dul ar bord an tsoithigh ar na pionóis fhéideartha arna ngearradh nó arna mbeartú. Féadfaidh ionadaithe an stáit brataí agus ionadaithe an úinéara soithigh páirt a ghlacadh sa chruinniú faisnéise sin.
3.Pionós mar gheall ar shárú – Nós imeachta um réiteach
3.1. Socróidh Madagascar an pionós mar gheall ar shárú a braitheadh i gcomhréir le forálacha reachtaíocht Mhadagascar.
3.2. I gcás ina mbainfidh imeachtaí breithiúnacha le réiteach an tsáraithe, sula dtionscnófar iad, agus ar choinníoll nach mbaineann gníomh coiriúil leis an sárú, tionscnófar nós imeachta um réiteach idir údarás Mhadagascar agus an soitheach de chuid an Aontais chun téarmaí agus leibhéal an phionóis a chinneadh. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta um réiteach 72 uair an chloig ar a dhéanaí tar éis fógra a thabhairt faoi dhul ar bord an tsoithigh.
3.3. Féadfaidh ionadaí an stáit brataí agus ionadaí an tsoithigh de chuid an Aontais páirt a ghlacadh sa nós imeachta um réiteach sin.
4.Imeachtaí breithiúnacha – Ráthaíocht bainc
4.1. Má theipeann ar an nós imeachta um réiteach agus má thugtar an sárú os comhair na cúirte inniúla, déanfaidh an t‑úinéir soithigh a rinne an sárú urrús bainc a thaisceadh i mbanc arna ainmniú ag Madagascar, agus cumhdófar le méid an urrúis, arna socrú ag Madagascar, na costais a bhaineann le dul ar bord an tsoithigh, an fhíneáil mheasta agus aon chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní fhéadfar an t‑urrús bainc a aisghabháil go dtí go gcuirfear na himeachtaí breithiúnacha i gcrích.
4.2. Scaoilfear an t‑urrús bainc agus tabharfar ar ais don úinéir soithigh é a luaithe is féidir tar éis thabhairt an bhreithiúnais chríochnaithigh, breithiúnas a mbeidh éifeacht res judicata faighte aige, agus déanfar sin ar an mbealach seo a leanas:
–ina iomláine, murar gearradh aon phionós;
–tabharfar ar ais méid an iarmhéid atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós atá níos lú ná méid an urrúis bainc.
4.3. Cuirfidh Madagascar an tAontas ar an eolas faoi thoradh na n‑imeachtaí breithiúnacha laistigh de 8 lá tar éis thabhairt an bhreithiúnais.
5.Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú
Údarófar don soitheach agus dá chriú an calafort a fhágáil a luaithe a réiteofar an pionós arna eascairt as an nós imeachta um réiteach, nó a luaithe a thaiscfear an t‑urrús bainc.
Roinn 8
Faireachán rannpháirteach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
1.Cuspóir
Chun faireachas iascaigh agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a neartú, tuairisceoidh captaein shoithí an Aontais gach soitheach atá i limistéar iascaireachta Mhadagascar nach bhfuil ar liosta na soithí eachtracha atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar, liosta arna soláthar ag Madagascar.
2.Nós imeachta
2.1. I gcás ina mbreathnóidh captaen soithigh de chuid an Aontais soitheach iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, féadfaidh sé a mhéid faisnéise is féidir a bhailiú faoin mbreathnóireacht sin.
2.2. Seolfar an fhaisnéis sin gan mhoill agus go comhuaineach chuig LFI Mhadagascar agus chuig údaráis inniúla stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh an bhreathnóireacht, chuig údaráis Mhadagascar go leictreonach, agus an tAontas i gcóip.
3.Cómhalartacht
A luaithe is féidir, tarchuirfidh Madagascar chuig údaráis an Aontais gach tuarascáil bhreathnóireachta a bheidh aige ar shoithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina ngníomhaireacht iascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
CAIBIDIL V
Maraithe a thabhairt ar bord
1.Prionsabail agus cuspóirí is bun le cur chun feidhme na Caibidle seo
1.1.Fostaíocht agus obair maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad a thugtar ar bord shoithí de chuid an Aontais atá údaraithe faoin bPrótacal, déanfar iad i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3(4) den Chomhaontú.
1.2.Geallann na Páirtithe daingniú na gcoinbhinsiún den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta is infheidhme maidir le maraithe a chur chun cinn agus a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme na Caibidle seo i gcomhréir le prionsabail na gCoinbhinsiún sin.
1.3.Geallann na Páirtithe oiliúint leormhaith ar mharaithe a chur chun cinn. Féadfar cuid den mhaoiniú atá curtha i leataobh le haghaidh na tacaíochta earnála a úsáid chun na críche sin.
2.Rialacha maidir le maraithe ó Mhadagascar a thabhairt ar bord
2.1.Fostóidh an t‑úinéir soithigh maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad chun oibriú ar bord a shoithigh mar bhaill chriú fad a mhairfidh gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
2.2.Chuige sin, seolfaidh Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar liosta chuig úinéirí na soithí ar a mbeidh líon leordhóthanach maraithe oiriúnacha ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad, a chomhlíonfaidh ceanglais Fhoscríbhinn 10, agus ina léireofar a n‑inniúlacht. Mura féidir leis an úinéir soithigh teacht ar mharaithe cáilithe atá ar fáil ar an liosta sin, beidh sé díolmhaithe ón oibleagáid maraithe a thabhairt ar bord dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, tar éis dó fógra a thabhairt d’Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar faoin méid sin.
2.3.Is é seo a leanas an t‑íoslíon maraithe atá le fostú ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais:
-triúr i gcás gach báid saighde,
-beirt i gcás gach báid spiléireachta ar mó ná 100 a olltonnáiste:
2.4.Coimeádfaidh an captaen clár de na maraithe atá ag obair ar bord a shoithigh trí bhíthin liosta criú arna shíniú go cuí ag an máistir nó ag duine eile atá údaraithe ag an máistir. Seolfar cóip den chlár sin chuig Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar roimh thús an turais iascaireachta.
2.5.Diúltóidh an t‑úinéir soithigh nó an captaen atá ag gníomhú thar a cheann an t‑údarú iascaire de chuid Mhadagascar a fhostú ar bord a shoithigh mura gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos i bhFoscríbhinn 10. Tabharfaidh sé fógra d’Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar faoin gcinneadh sin.
3.Conarthaí aonair bordála
3.1.Déanfar conradh aonair bordála scríofa idir gach náisiúnach de Mhadagascar atá fostaithe ar bord agus an t‑úinéir soithigh nó a ionadaí a chaibidliú agus a shíniú. Féadfaidh an conradh aonair sin a bheith bunaithe ar chomhaontú comhchoiteann arna chaibidliú idir na ceardchumainn, i gcomhairle le húdaráis inniúla Mhadagascar.
3.2.Ní mór na coinníollacha íosta a leagtar síos i bhFoscríbhinn 11 a chomhlíonadh sa chonradh sin. Cuirfidh an t‑úinéir soithigh nó a ionadaí an conradh faoi bhráid údarás inniúil Mhadagascar a fhormhuineoidh é roimh an dul ar bord.
3.3.Tabharfar cóip den chonradh do na sínitheoirí agus d’Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre.
4.Luach saothair.
4.1.Is é an t‑úinéir soithigh a íocfaidh luach saothair na maraithe a thiocfaidh ar bord, maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad (tuarastal seasta, liúntais agus bónais éagsúla).
4.2.Déanfar an pá íosta a dheonófar do mharaithe a chinneadh ar bhonn reachtaíocht Mhadagascar, nó ar bhonn an chaighdeáin le haghaidh maraithe arna shocrú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, cibé acu is airde.
4.3.Íocfar an luach saothair gach mí nó ag eatraimh thráthrialta níos giorra ná sin. Ní mór na maraithe a bheith in ann na híocaíochtaí uile a gheofar, nó cuid díobh, lena n‑áirítear réamhíocaíochtaí, a sheoladh chuig a dteaghlach saor in aisce.
5.Oibleagáidí an úinéara soithigh
5.1.Is é an t‑úinéir soithigh a iompróidh gach costas a bhaineann leis an náisiúnach de Mhadagascar a thabhairt ar bord nó a thabhairt i dtír idir an calafort bordála nó an calafort díbhordála agus a ghnátháit chónaithe.
5.2.I gcás nach dtiocfaidh an soitheach i láthair an dáta agus an t‑am a socraíodh le haghaidh dul ar bord náisiúnaigh de Mhadagascar, iompróidh an t‑úinéir soithigh na costais arna dtabhú a tabhaíodh le linn dó a bheith ag fanacht sa chalafort (amhail cóiríocht, bia).
6.Oibleagáidí na maraithe
6.1.Ní mór do gach náisiúnach de Mhadagascar a fhostóidh úinéirí shoithí iascaireachta an Aontais teacht i láthair os comhair chaptaen an tsoithigh ainmnithe an lá roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe go rachaidh sé ar bord.
6.2.I gcás nach dtiocfaidh sé i láthair chun dul ar bord an t‑am agus an dáta a comhaontaíodh de dheasca cúiseanna arb é féin is cúis leo, scaoilfear úinéir an tsoithigh go huathoibríoch óna oibleagáid an maraí sin a thabhairt ar bord.
7.Gníomhairí idirmheánacha
Bainfidh úinéirí shoithí an Aontais úsáid as cuideachtaí earcaíochta agus socrúcháin (foirniú) arna bhformheas ag Madagascar, lena n‑áiritheofar comhlíonadh na Caibidle seo.
8.Comhlíonadh na Caibidle seo
8.1.Áiritheoidh údarás inniúil gach ceann den dá Pháirtí go mbeidh an reachtaíocht is infheidhme maidir le maraithe inrochtana ina hiomláine ar bhealach éasca trédhearcach saor in aisce.
8.2.De bhun Airteagal 94 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, beidh údaráis an stáit brataí freagrach as an gCaibidil seo a chur i bhfeidhm i gceart. Feidhmeoidh na húdaráis sin a bhfreagracht i gcomhréir le Treoracha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an iniúchadh ag Stát na brataí agus Stát an chalafoirt ar dhálaí maireachtála agus oibre ar bord soithí iascaireachta.
8.3.Áiritheoidh Údarás Muirí agus Calafoirt Mhadagascar freisin go gcuirfear an Chaibidil seo i bhfeidhm i gceart.
8.4.I gcás nach gcomhlíonfaidh úinéir soithigh an oibleagáid náisiúnaigh de Mhadagascar a thabhairt ar bord, féadfaidh Údarás Mhadagascar diúltú údarú iascaireachta an tsoithigh sin a athnuachan.
LIOSTA NA bhFOSCRÍBHINNÍ
Foscríbhinn 1 – Doiciméad comhairleach - Speicis údaraithe
Foscríbhinn 2 – Sonraí pearsanta a phróiseáil
Foscríbhinn 3 – Comhordanáidí limistéar iascaireachta Mhadagascar, na limistéar coiscthe mar atá Banc Leven agus Banc Castor agus na mbonnlínte,
Foscríbhinn 4 – Sonraí teagmhála i Madagascar
Foscríbhinn 5 – An fhaisnéis is gá san iarratas ar údarú (soitheach iascaireachta agus soitheach tacaíochta)
Foscríbhinn 6 – Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an chórais leictreonaigh um chumarsáid sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)
Foscríbhinn 7 – Samhail an ráitis ráithiúil de ghabhálacha comhiomlánaithe
Foscríbhinn 8 – Formáid na ndearbhuithe dul isteach agus imeachta
Foscríbhinn 9 – Formáid na teachtaireachta VMS maidir le suíomh
Foscríbhinn 10 – Coinníollacha incháilitheachta le haghaidh maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad chun oibriú ar bord shoithí iascaireachta an Aontais
Foscríbhinn 11 – Forálacha íosta an chonartha fostaíochta i gcás maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad
|
Foscríbhinn 1 – Doiciméad comhairleach – Speicis údaraithe
|
|
1 – Bearta teicniúla caomhnúcháin
1.1. Limistéar iascaireachta:
|
|
·Níos faide ná 12 mhuirmhíle arna dtomhas ón mbonnlíne (i gcás báid spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste, agus iad sin amháin), ar an aghaidh thoir, ó Rinn Ambre go Rinn Ste Marie. Comhfhreagraíonn an teorainn domhanleithid is gá cloí léi do dhomhanleithead gach ceann de na pointí a luaitear i bhFoscríbhinn 3, mír 3.
·Níos faide ná 20 muirmhíle ón mbonnlíne i gcásanna eile.
·An limistéar iascaireachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3.
·Ní mór cloí le limistéar cosanta 3 mhíle thart timpeall ar na feistí náisiúnta comhthiomsaithe éisc ar ancaire.
·Maidir le Banc Leven agus Banc Castor, a leagtar amach a gcomhordanáidí i bhFoscríbhinn 3, ní cheadaítear iontu ach iascaireacht ar mionscála agus iascaireacht thraidisiúnta amach ón gcósta Mhadagascar.
|
|
1.2. Cineálacha trealaimh údaraithe:
|
|
·Saighean
·Spiléar dromchla
|
|
1.3. Speicis údaraithe:
|
|
Tuinníní agus speicis chomhchosúla (tuinnín, boiníotó, ronnach, mairlíní, colgán), speicis chomhchosúla agus iascaigh faoi shainordú bainistíochta ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, seachas:
- speicis atá faoi chosaint ag coinbhinsiúin idirnáisiúnta,
- speicis a bhfuil toirmeasc ar chodanna díobh nó iad ina n‑iomláine a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a stóráil de réir an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, go háirithe speicis den fhine Alopiidae, den fhine Sphyrnidae agus den fhine Lamnidae
- na speicis seo a leanas: Cethorinus maximus, Rhincodon typus, Carcharodon carcharias, Carcharinus falciformis, Carcharinus longimanus, Isurus oxyrinchus, Isurus paucus
|
|
1.4 Gabhálacha a rialaítear le cuóta:
|
|
Beidh teorainn 220 tona le cainníocht na siorcanna údaraithe a ghabhann báid spiléireachta dromchla in aghaidh na bliana in éineacht le tuinníní agus speicis chomhchosúla i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
Má bhaintear an teorainn ghabhála sin amach, ní fhéadfar leanúint den ghabháil siorcanna.
Moltaí an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh
|
|
2 – Muirir atá le híoc ag úinéirí soithí in aghaidh na coibhéise gabhála:
|
|
Muirear atá le híoc ag úinéirí soithí in aghaidh an tona a ghabhtar
|
·EUR 85 in aghaidh an tona
|
|
Táillí ar ráta comhréidh a íoctar roimh ré in aghaidh an tsoithigh:
|
·EUR 16 150 in aghaidh na bliana in aghaidh an bháid saighde tuinníní le haghaidh tonnáiste gabhála 190 tona
·EUR 4 930 in aghaidh na bliana in aghaidh an bháid spiléireachta dromchla > 100 GT le haghaidh tonnáiste gabhála 58 thona
·EUR 3 145 in aghaidh na bliana in aghaidh an bháid spiléireachta dromchla ≤ 100 GT le haghaidh tonnáiste gabhála 37 dtona
·EUR 5 000 an soitheach tacaíochta in aghaidh na bliana
|
|
An líon soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh
|
·32 bhád saighde
·13 bhád spiléireachta dromchla > 100 GT
·20 bád spiléireachta dromchla ≤ 100 GT
|
|
3 – Eile
|
|
Maraithe:
·Báid saighne tuinníní: tugtar ar a laghad triúr náisiúnach de chuid Mhadagascar ar bord le linn na tréimhse iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
·Báid spiléireachta dromchla > 100 GT: tugtar ar a laghad beirt náisiúnach de chuid Mhadagascar ar bord le linn na tréimhse iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
|
|
Ranníocaíocht shonrach ar mhaithe leis an mbainistiú comhshaoil agus le héiceachórais a chosaint:
EUR 2.5/GT
|
|
Breathnóirí:
·Arna iarraidh sin d’údaráis Mhadagascar, tabharfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh breathnóir ar bord d’fhonn ráta cumhdaigh 30 % de na soithí atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar a bhaint amach.
·Iarrtar ar úinéir gach soithigh a thugann breathnóir ar bord ranníocaíocht EUR 30 a íoc as gach lá a chaitheann sé ar bord. Íocfar an tsuim sin le Clár na mbreathnóirí arna mbainistiú ag an LFI.
|
Foscríbhinn 2 Sonraí pearsanta a phróiseáil
1.Sainmhínithe agus raon feidhme
1.1. Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 den Chomhaontú Iascaigh Inbhuanaithe agus ag na sainmhínithe seo a leanas:
a. ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (dá ngairtear ‘ábhar sonraí’ anseo feasta); is é is in‑sainaitheanta ann duine nádúrtha is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh;
b. ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
c. ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;
1.2. Is iad na daoine a mbaineann an Prótacal leo, go háirithe, daoine nádúrtha ar leo soithí iascaireachta, a n‑ionadaithe, an captaen agus an criú atá ag fónamh ar bord soithí iascaireachta a oibríonn faoin bPrótacal.
Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail, go háirithe maidir le hiarratais ar dheonú, faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, d’fhéadfaí na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil tráth is déanaí:
— sonraí aitheantais agus teagmhála an tsoithigh;
— gníomhaíochtaí soithigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach, a shuíomh agus a chuid gluaiseachtaí, a ghníomhaíocht iascaireachta nó a ghníomhaíocht a bhaineann leis an iascaireacht, arna mbailiú trí sheiceálacha, trí iniúchtaí nó ag breathnóirí;
— sonraí a bhaineann le húinéir/úinéirí an tsoithigh nó lena ionadaí, amhail a ainm, a náisiúntacht, a shonraí teagmhála gairmiúla agus a chuntas bainc gairmiúil,
— sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail a ainm, a náisiúntacht agus a shonraí teagmhála gairmiúla,
— sonraí a bhaineann leis na captaein agus le baill den chriú, amhail a n‑ainm, a náisiúntacht, a bhfeidhm agus, i gcás an mháistir, a shonraí teagmhála,
— sonraí a bhaineann leis na maraithe ar bord, amhail a n‑ainm, a shonraí teagmhála, an oiliúint a fuair siad, a ndeimhniú sláinte.
1.3. I gcás an Aontais, is iad an Coimisiún Eorpach agus údarás an Bhallstáit brataí iad na húdaráis atá freagrach as na sonraí a phróiseáil, agus is gcás Mhadagascar, is í an Aireacht atá freagrach as an iascach an t‑údarás atá freagrach as na sonraí a phróiseáil.
2.Ráthaíochtaí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta
2.1. Teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí
Beidh na sonraí pearsanta a iarrfar agus a aistreofar faoin bPrótacal leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin bPrótacal ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Phrótacal. Ní dhéanfar na sonraí arna bhfáil a phróiseáil tráth is déanaí ar bhealach nach mbeidh ag luí leis na cuspóirí sin. Arna iarraidh sin, cuirfidh Údarás Mhadagascar údaráis an Aontais ar an eolas faoi úsáid na sonraí arna seoladh.
2.2. Beachtas
Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta a aistreofar faoin bPrótacal cruinn, cothrom le dáta agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta de réir na faisnéise atá ag an t‑údarás aistrithe lena mbaineann. Má thugann ceann de na Páirtithe faoi deara go bhfuil na sonraí pearsanta arna n‑aistriú nó arna bhfáil míchruinn, cuirfidh sé an Pháirtí eile ar aon eolas faoi sin gan moill mhíchuí.
2.3. Stóráil a theorannú
Ní choimeádfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad, suas le huastréimhse 10 mbliana, mura rud é go bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach chun gníomh leantach a dhéanamh maidir le sárú, iniúchadh nó imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Sa chás sin, féadfar sonraí pearsanta a stóráil ar feadh 20 bliain. Má dhéantar na sonraí pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.
2.4. Slándáil agus rúndacht
Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar a slándáil iomchuí, agus rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme. Geallann na Páirtithe bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an phróiseáil forálacha an Phrótacail. Tabharfaidh na húdaráis atá i gceannas ar an bpróiseáil aghaidh ar aon sárú i ndáil le sonraí agus déanfaidh siad gach beart is gá chun aon éifeacht dhiúltach fhéideartha a bhaineann le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a leigheas agus chun na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú. Tabharfaidh údaráis Mhadagascar fógra faoin sárú sin don údarás aistrithe lena mbaineann a luaithe is féidir agus cuirfidh siad an comhar tráthúil is gá ar fáil dá chéile ionas gur féidir le gach ceann de na húdaráis sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as sárú i ndáil le sonraí pearsanta faoina gcreat dlíthiúil náisiúnta.
2.5. Áiritheoidh an dá Pháirtí go ndéanfaidh údarás an aistrithe agus an t‑údarás is faighteoir gach beart réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, de réir mar is infheidhme, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an Phrótacail, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leordhóthanach, ábhartha, nó cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le cuspóir na próiseála. Áirítear leis sin fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi aon cheartú nó léirscriosadh.
2.6. Trédhearcacht
Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoin gcaoi a bpróiseálfar a sonraí pearsanta agus faoina gcearta faoin Iarscríbhinn trí bhíthin fógra ginearálta, amhail foilsiú an Phrótacail nó fógra aonair, amhail ráitis phríobháideachais a bheidh le soláthar le linn an nós imeachta um iarraidh ceadúnas iascaireachta.
2.7. Aistriú ar aghaidh
Ní aistreoidh údaráis Mhadagascar sonraí pearsanta arna bhfáil faoin bPrótacal chuig tríú páirtí atá bunaithe i dtír seachas na Ballstáit brataí. Go heisceachtúil agus i gcás ina measfar go bhfuil gá leis, féadfar aistriú ar aghaidh a dhéanamh chuig tríú páirtí i dtír seachas an Ballstát brataí nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ar choinníoll gur thur údarás an aistrithe toiliú roimh ré agus go dtabharfaidh an tríú páirtí lena mbaineann dearbhuithe iomchuí atá i gcomhréir leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear san Iarscríbhinn.
3.Cearta na n‑ábhar sonraí
3.1. Rochtain ar shonraí pearsanta:
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór d’údaráis Mhadagascar an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a dhearbhú don ábhar sonraí an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil;
(b)faisnéis a sholáthar faoi chuspóir na próiseála, na catagóirí sonraí pearsanta, an fad stórála (más féidir), an ceart chun ceartúchán/scriosadh a iarraidh, an ceart chun gearán a dhéanamh, etc.;
(c)cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar;
(d)faisnéis ghinearálta a sholáthar faoi na ráthaíochtaí is infheidhme.
3.2. Sonraí pearsanta a cheartú
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ceartóidh údaráis Mhadagascar a shonraí pearsanta atá neamhiomlán, míchruinn nó imithe i léig.
3.3. Sonraí pearsanta a scriosadh
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór d’údaráis Mhadagascar an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad a próiseáladh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na ráthaíochtaí a leagtar amach sa Phrótacal;
(b)sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a próiseáladh iad go dleathach.
3.4. Rialacha mionsonracha
Tabharfaidh údaráis Mhadagascar freagra, laistigh de thréimhse réasúnta agus in am trátha, ar iarratas ó ábhar sonraí maidir le rochtain ar a shonraí pearsanta, a shonraí pearsanta a cheartú agus a léirscriosadh. Féadfaidh údaráis Mhadagascar bearta iomchuí a dhéanamh, amhail costais réasúnta a thobhach chun costais riaracháin a chumhdach nó diúltú iarratas a chomhlíonadh ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó iomarcach.
3.5. Féadfar na cearta thuasluaite a theorannú más gá an phróiseáil a dhéanamh chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus chun críocha tábhachtacha faireacháin, iniúchta nó rialála eile a bhaineann le feidhmiú údaráis oifigiúil i gcásanna den sórt sin. Féadfar iad a theorannú freisin chun an t‑ábhar sonraí a chosaint nó ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile. Ní mór foráil le dlí do theorainneacha den sórt sin.
4.Sásamh
Tá cearta éifeachtacha in‑fhorfheidhmithe ag ábhair sonraí maidir lena gcearta faoi na ceanglais dlí is infheidhme i ndlínse gach údaráis. Soláthraíonn na húdaráis ráthaíochtaí chun sonraí pearsanta a chosaint trí theaglaim de dhlíthe, rialacháin agus a mbeartais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha. Féadfar go háirithe aon ghearán in aghaidh údaráis na bPáirtithe maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, i gcás an Aontais, nó faoi bhráid Choimisiún Mhadagascar um Fhaisnéisíocht agus um Shaoirsí, i gcás Mhadagascar.
Foscríbhinn 3 – Comhordanáidí (domhanleithead agus domhanfhad) limistéar iascaireachta Mhadagascar, na limistéar coiscthe mar atá Banc Leven agus Banc Castor agus na mbonnlínte
1.Limistéar iascaireachta Mhadagascar
|
Pointe
|
Domhanleithead (céimeanna deachúla)
|
Domhanfhad (céimeanna deachúla)
|
|
Domhanleithead (céimeanna seascadúla)
|
Domhanfhad (céimeanna seascadúla)
|
|
1
|
-10.3144
|
49.4408
|
|
10° 18' 52" D
|
049° 26' 27" O
|
|
2
|
-11.0935
|
50.1877
|
|
11° 05' 37" D
|
050° 11' 16" O
|
|
3
|
-11.5434
|
50.4776
|
|
11° 32' 36" D
|
050° 28' 39" O
|
|
4
|
-12.7985
|
53.2164
|
|
12° 47' 55" D
|
053° 12' 59" O
|
|
5
|
-14.0069
|
52.7392
|
|
14° 00' 25" D
|
052° 44' 21" O
|
|
6
|
-16.1024
|
52.4145
|
|
16° 06' 09" D
|
052° 24' 52" O
|
|
7
|
-17.3875
|
52.3847
|
|
17° 23' 15" D
|
052° 23' 05" O
|
|
8
|
-18.2880
|
52.5550
|
|
18° 17' 17" D
|
052° 33' 18" O
|
|
9
|
-18.7010
|
52.7866
|
|
18° 42' 04" D
|
052° 47' 12" O
|
|
10
|
-18.8000
|
52.8000
|
|
18° 48' 00" D
|
052° 47' 60" O
|
|
11
|
-20.4000
|
52.0000
|
|
20° 23' 60" D
|
052° 00' 00" O
|
|
12
|
-22.3889
|
51.7197
|
|
22° 23' 20" D
|
051° 43' 11" O
|
|
13
|
-23.2702
|
51.3943
|
|
23° 16' 13" D
|
051° 23' 39" O
|
|
14
|
-23.6405
|
51.3390
|
|
23° 38' 26" D
|
051° 20' 20" O
|
|
15
|
-25.1681
|
50.8964
|
|
25° 10' 05" D
|
050 ° 53' 47" O
|
|
16
|
-25.4100
|
50.7773
|
|
25° 24' 36" D
|
050 ° 46' 38" O
|
|
17
|
-26.2151
|
50.5157
|
|
26° 12' 54" D
|
050 ° 30' 57" O
|
|
18
|
-26.9004
|
50.1112
|
|
26° 54' 01" D
|
050 ° 06' 40" O
|
|
19
|
-26.9575
|
50.0255
|
|
26° 57' 27" D
|
050 ° 01' 32" O
|
|
20
|
-27.4048
|
49.6781
|
|
27° 24' 17" D
|
049 ° 40' 41" O
|
|
21
|
-27.7998
|
49.1927
|
|
27° 47' 59" D
|
049 ° 11' 34" O
|
|
22
|
-28.1139
|
48.6014
|
|
28° 06' 50" D
|
048 ° 36' 05" O
|
|
23
|
-28.7064
|
46.8002
|
|
28° 42' 23" D
|
046 ° 48' 01" O
|
|
24
|
-28.8587
|
46.1839
|
|
28° 51' 31" D
|
046 ° 11' 02" O
|
|
25
|
-28.9206
|
45.5510
|
|
28° 55' 14" D
|
045 ° 33' 04" O
|
|
26
|
-28.9301
|
44.9085
|
|
28° 55' 48" D
|
044 ° 54' 31" O
|
|
27
|
-28.8016
|
44.1090
|
|
28° 48' 06" D
|
044 ° 06' 32" O
|
|
28
|
-28.2948
|
42.7551
|
|
28° 17' 41" D
|
042 ° 45' 18" O
|
|
29
|
-28.0501
|
42.2459
|
|
28° 03' 00" D
|
042 ° 14' 45" O
|
|
30
|
-27.8000
|
41.9000
|
|
27° 48' 00" D
|
041 ° 53' 60" O
|
|
31
|
-27.5095
|
41.5404
|
|
27° 30' 34" D
|
041 ° 32' 25" O
|
|
32
|
-27.0622
|
41.1644
|
|
27° 03' 44" D
|
041 ° 09' 52" O
|
|
33
|
-26.4435
|
40.7183
|
|
26° 26' 37" D
|
040 ° 43' 06" O
|
|
34
|
-25.7440
|
40.3590
|
|
25° 44' 38" D
|
040 ° 21' 32" O
|
|
35
|
-24.8056
|
41.0598
|
|
24° 48' 20" D
|
041 ° 03' 35" O
|
|
36
|
-24.2116
|
41.4440
|
|
24° 12' 42" D
|
041 ° 26' 38" O
|
|
37
|
-23.6643
|
41.7153
|
|
23° 39' 51" D
|
041 ° 42' 55" O
|
|
38
|
-22.6317
|
41.8386
|
|
22° 37' 54" D
|
041 ° 50' 19" O
|
|
39
|
-21.7798
|
41.7652
|
|
21° 46' 47" D
|
041 ° 45' 55" O
|
|
40
|
-21.3149
|
41.6927
|
|
21° 18' 54" D
|
041 ° 41' 34" O
|
|
41
|
-20.9003
|
41.5831
|
|
20° 54' 01" D
|
041 ° 34' 59" O
|
|
42
|
-20.6769
|
41.6124
|
|
20° 40' 37" D
|
041 ° 36' 45" O
|
|
43
|
-19.6645
|
41.5654
|
|
19° 39' 52" D
|
041 ° 33' 55" O
|
|
44
|
-19.2790
|
41.2489
|
|
19° 16' 44" D
|
041 ° 14' 56" O
|
|
45
|
-18.6603
|
42.0531
|
|
18° 39' 37" D
|
042 ° 03' 11" O
|
|
46
|
-18.0464
|
42.7813
|
|
18° 02' 47" D
|
042 ° 46' 53" O
|
|
47
|
-17.7633
|
43.0335
|
|
17° 45' 48" D
|
043 ° 02' 01" O
|
|
48
|
-17.2255
|
43.3119
|
|
17° 13' 32" D
|
043 ° 18' 43" O
|
|
49
|
-16.7782
|
43.4356
|
|
16° 46' 42" D
|
043 ° 26' 08" O
|
|
50
|
-15.3933
|
42.5195
|
|
15° 23' 36" D
|
042 ° 31' 10" O
|
|
51
|
-14.4487
|
43.0263
|
|
14° 26' 55" D
|
043 ° 01' 35" O
|
|
52
|
-14.4130
|
43.6069
|
|
14° 24' 47" D
|
043 ° 36' 25" O
|
|
53
|
-14.5510
|
44.3684
|
|
14° 33' 04" D
|
044 ° 22' 06" O
|
|
54
|
-14.5367
|
45.0275
|
|
14° 32' 12" D
|
045 ° 01' 39" O
|
|
55
|
-14.3154
|
45.8555
|
|
14° 18' 55" D
|
045 ° 51' 20" O
|
|
56
|
-13.8824
|
46.3861
|
|
13° 52' 57" D
|
046 ° 23' 10" O
|
|
57
|
-12.8460
|
46.6944
|
|
12° 50' 46" D
|
046 ° 41' 40" O
|
|
58
|
-12.6981
|
47.2079
|
|
12° 41' 53" D
|
047 ° 12' 28" O
|
|
59
|
-12.4637
|
47.7409
|
|
12° 27' 49" D
|
047 ° 44' 27" O
|
|
60
|
-12.0116
|
47.9670
|
|
12° 00' 42" D
|
047 ° 58' 01" O
|
|
61
|
-11.0158
|
48.5552
|
|
11° 00' 57" D
|
048 ° 33' 19" O
|
|
62
|
-10.3144
|
49.4408
|
|
10° 18' 52" D
|
049 ° 26' 27" O
|
2.Banc Leven agus Banc Castor:
Comhordanáidí geografacha an limistéir nach gceadaítear ann ach an iascaireacht Mhalagásach ar mionscála agus an iascaireacht thraidisiúnta Mhalagásach
|
Pointe
|
Domhanleithead
|
Domhanfhad
|
|
1
|
12°18.44D
|
47°35.63
|
|
2
|
11°56.64D
|
47°51.38O
|
|
3
|
11°53D
|
48°00O
|
|
4
|
12°18D
|
48°14O
|
|
5
|
12°30D
|
48°05O
|
|
6
|
12°32D
|
47°58O
|
|
7
|
12°56D
|
47°47O
|
|
8
|
13°01D
|
47°31O
|
|
9
|
12°53D
|
47°26O
|
3. Comhordanáidí geografacha na mbonnlínte
(Airteagal 3 d’Fhoraithne Uimh. 2018-1008 an 14 Lúnasa 2018 lena socraítear na bonnlínte óna dtomhaistear leithead na limistéar muirí éagsúil faoi dhlínse náisiúnta Phoblacht Mhadagascar)
|
Uimh.
|
Ainm na bpointí
|
Domhanfhad
|
Domhanleithead
|
|
1
|
Tanjona Bobaomby (Cap d’Ambre)
|
49°15’ O
|
11°56’D
|
|
2
|
Nosy Anambo
|
48°39’ O
|
12°16’D
|
|
3
|
Nosy Lava
|
48°40’ O
|
12°45’D
|
|
4
|
Nosy Ankarea
|
48°34’ O
|
12°50’D
|
|
5
|
Nosy Fanihy
|
48°14’ O
|
13°11’D
|
|
6
|
Nosy Iranja
|
47°48’ O
|
13°36’D
|
|
7
|
Nosy Lava
|
47° 35’ O
|
14°35’D
|
|
8
|
Lohatanjona Maromanjo
|
46° 28’ O
|
15°31’D
|
|
9
|
Nosy Makamby
|
45° 54’ O
|
15°42’D
|
|
10
|
Tanjona Tanjona
|
45° 40’ O
|
15°46’D
|
|
11
|
Tanjona Amparafaka
|
45° 15’ O
|
15°56’D
|
|
12
|
Tanjona Vilanandro (Cap St -André)
|
44° 26’ O
|
16°12’D
|
|
13
|
Nosy Chesterfield
|
43° 56’ O
|
16°21’D
|
|
14
|
Nosy Vao
|
43° 45’ O
|
17°30’D
|
|
15
|
Nosy Mavony
|
43° 45’ O
|
18°19’S
|
|
16
|
Nosy Androtra
|
43° 48’ O
|
18°30’D
|
|
17
|
Tanjona Kimby
|
44° 14’ O
|
18°53’D
|
|
18
|
Amboanio
|
44° 13’ O
|
19°03’D
|
|
19
|
Ilot Indien
|
44° 22’ O
|
19°48’D
|
|
20
|
Tanjona Ankarana
|
44° 07’ O
|
20°29’D
|
|
21
|
Tanjona Andravoho
|
43° 50’ O
|
20°40’D
|
|
22
|
Nosy Andriangory
|
43° 45’ O
|
20°50’D
|
|
23
|
Lohatanjona Marohata
|
43° 29’ O
|
21°19’D
|
|
24
|
Nosy Lava
|
43° 16’ O
|
21°45’D
|
|
25
|
Nosy Andranombolo
|
43° 12’ O
|
21°58’D
|
|
26
|
Nosy Hao
|
43° 11’ O
|
22°06’D
|
|
27
|
Ambohitsobo
|
43° 13’ O
|
22°20’D
|
|
28
|
Solary Avo
|
43° 17’ O
|
22°34’D
|
|
29
|
Lohatanjona Rendrehana
|
43° 21 O
|
22°49’D
|
|
30
|
Toliara (Tuléar)
|
43° 38’ O
|
23°22’D
|
|
31
|
Nosy Ve
|
43° 36’ O
|
23°38’D
|
|
32
|
Falaise de Lanivato
|
43° 40’ O
|
24°20’D
|
|
33
|
Miary
|
43° 41’ O
|
24°23’D
|
|
34
|
Helodrano Salapaly
|
43° 54’ O
|
24°43’D
|
|
35
|
Helodrano Langarano
|
44° 01’ O
|
25°02’D
|
|
36
|
Nosy Manitse
|
44° 13’ O
|
25°14’D
|
|
37
|
Lohatonjano Fenambosy
|
44° 19’ O
|
25°16’D
|
|
38
|
Tanjona Vohimena (Cap Ste Marie)
|
45° 10’ O
|
25°36’D
|
|
39
|
Betanty (Faux Cap)
|
45° 31’ O
|
25°35’D
|
|
40
|
Helodrano Ranofotsy
|
46° 43’ O
|
25°11’D
|
|
41
|
Tanjona Ranavalona
|
46° 58’ O
|
25°05’D
|
|
42
|
Lohatanjona Evatra (Pointe Itaperina)
|
47° 06’ O
|
25°00’D
|
|
43
|
Tanjona Manafiafy (Cap Sainte Luce)
|
47° 13' O
|
24° 46' D
|
|
44
|
Mahavelona (Foulepointe)
|
49° 32' O
|
17° 41' D
|
|
45
|
Lohatanjona Vohibato
|
49° 49’ O
|
17°07’D
|
|
46
|
Fitariho
|
49° 55’ O
|
16°56’D
|
|
47
|
Lohatanjona Antsirakakambana (Pointe Albrand)
|
50° 02’ O
|
16°42’D
|
|
48
|
Tanjona Belao (Cap Bellone)
|
49° 52’ O
|
16°13’D
|
|
49
|
Nosy Nepato
|
50° 14’ O
|
16°00’D
|
|
50
|
Tanjona Tanjondaingo
|
50° 21’ O
|
15°49’D
|
|
51
|
Nosy Voara
|
50° 28’ O
|
15°28’D
|
|
52
|
Nosy Ngontsy
|
50° 29’ O
|
15°15’D
|
|
53
|
Lohatanjona Ampandrozonana
|
50° 12’ O
|
14°18’D
|
|
54
|
Mahavanona
|
50° 08’ O
|
13°48’D
|
|
55
|
Iharana (Vohémar)
|
50° 01’ O
|
13°21’D
|
|
56
|
Nosy Manampaho
|
49° 53’ O
|
12°48’D
|
|
57
|
Ambatonjanahary
|
49° 18’ O
|
11°58’D
|
Foscríbhinn 4 – Sonraí teagmhála i Madagascar
1. An Aireacht atá freagrach as an iascach
Seoladh poist: Rue Farafaty, Ampandrianomby, Antananarivo 101
Seoladh ríomhphoist: mpeb.sp@gmail.com
2. Maidir le hiarratais ar údarú iascaireachta
Seoladh poist: Rue Farafaty, Ampandrianomby, Antananarivo 101
Seoladh ríomhphoist:
sgpt.dp.mrhp@gmail.com
3. An tseirbhís staidreamh atá freagrach as an iascach
Seoladh ríomhphoist:
snstatpecheaqua@gmail.com
Uimhir theileafóin: +261 34 05 563 82
4. Gníomhaireacht Mhadagascar um an Iascach agus um an Dobharshaothrú (Agence Malgache de la Pêche et de l'Aquaculture – AMPA)
Seoladh poist: Lot Près IIA122 Nanisana Antananarivo 101
Seoladh ríomhphoist:
mpeb.ampa@gmail.com
;
Uimhir theileafóin: +261 34 05 579 89
5. An Ghníomhaireacht um Chalafoirt, an Fharraige agus Aibhneacha (Agence Portuaire Maritime et Fluviale –APMF)
Seoladh poist: Immeuble APMF, Route des hydrocarbures, Alarobia Ivandry, Antananarivo 101, BP : 581
Seoladh ríomhphoist: apmf@apmf.mg
Uimhir theileafóin: +261 32 11 257 00
6. An Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) agus um Fhógraí faoi Dhul Isteach agus Imeacht
Seoladh poist: Rue Farafaty, Ampandrianomby, Antananarivo 101
Seoladh ríomhphoist:
csp-mprh@madagascar-scs‑peche.mg
Uimhir theileafóin: +261 32 07 231 50
7. An tÚdarás Sláinte Iascaigh (Autorité Sanitaire Halieutique – ASH)
Seoladh poist: Rue Farafaty, Ampandrianomby, Antananarivo 101
Seoladh ríomhphoist:
christiane.rakotoarivony@ash.mg
Uimhir theileafóin: +261 034 05 800 48
Foscríbhinn 5 – An fhaisnéis is gá san iarratas ar údarú (soitheach iascaireachta agus soitheach tacaíochta)
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach iarratas ar údarú iascaireachta:
(1)Ainm an iarratasóra
(1)Seoladh an iarratasóra
(2)Ainm an ghníomhaire i Madagascar
(3)Seoladh an ghníomhaire i Madagascar
(4)Ainm an tsoithigh
(5)Cineál soithigh
(6)Stát na brataí
(7)Calafort clárúcháin
(8)Uimhir chlárúcháin
(9)Marcáil sheachtrach an tsoithigh iascaireachta
(10)Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió
(11)Radaimhinicíocht
(12)Uimhir theileafón satailíte an tsoithigh
(13)Ríomhphost an tsoithigh
(14)Uimhir IMO (i gcás inarb infheidhme)
(15)Fad foriomlán an tsoithigh
(16)Leithead an tsoithigh
(17)Cineál an innill
(18)Cumhacht an innill (kW)
(19)Olltonnáiste (GT)
(20)Foireann íosta
(21)Ainm an chaptaein
(22)Catagóir iascaireachta
(23)Spriocspeicis
(24)Dáta tosaigh na tréimhse arna hiarraidh
(25)Dáta deiridh na tréimhse arna hiarraidh
Foscríbhinn 6 – Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an chórais leictreonaigh um chumarsáid sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)
1.Forálacha ginearálta
1.1.Ní mór do shoithí iascaireachta uile an Aontais a bheith feistithe le córas leictreonach, dá ngairtear ‘ERS’ anseo feasta, córas lenar féidir sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur, dá ngairtear ‘sonraí ERS’ anseo feasta, nuair a bhíonn an soitheach ag oibriú i limistéar iascaireachta Mhadagascar.
1.2.Ní fhéadfaidh soitheach de chuid an Aontais nach bhfuil feistithe le ERS, nó nach bhfuil a ERS ag feidhmiú, dul isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ann.
1.3.Tarchuirfear sonraí ERS i gcomhréir le nósanna imeachta stát brataí an tsoithigh, i.e. seolfar iad ar dtús chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh (dá ngairtear LFI anseo feasta) an stáit brataí, a chuirfidh ar fáil go huathoibríoch iad do Lárionad Faireacháin Iascaigh Mhadagascar.
1.4.Áiritheoidh Stát na brataí agus Madagascar go mbeidh ag a LFI na crua-earraí agus na bogearraí ríomhaireachta is gá chun sonraí ERS a tharchur go huathoibríoch i bhformáid XML, agus go mbeidh nós imeachta cúltaca acu lenar féidir sonraí ERS a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm atá inléite ag ríomhaire ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad.
1.5.Chun sonraí ERS a tharchur, ní mór úsáid a bhaint as na modhanna leictreonacha cumarsáide arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh.
1.6.Ainmneoidh Stát na brataí agus Madagascar, faoi seach, comhfhreagraí ERS amháin a fheidhmeoidh mar phointe teagmhála.
(a)Ainmneofar comhfhreagraithe ERS ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad;
(b)Sula gcuirfidh an soláthróir tús le táirgeadh an ERS, cuirfidh LFI an stáit brataí agus LFI Mhadagascar, faoi seach, sonraí teagmhála a chomhfhreagraí ERS (ainm, seoladh, uimhir theileafóin, facs, seoladh ríomhphoist) in iúl dá chéile;
(c)Ní mór aon athrú ar shonraí teagmhála an chomhfhreagraí ERS sin a chur in iúl gan mhoill.
2.Sonraí ERS a bhailiú agus a chur in iúl
2.1.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais an méid seo a leanas:
(a)na sonraí ERS maidir le gach lá a chaitear i limistéar iascaireachta Mhadagascar a sheoladh go laethúil;
(b)taifead a dhéanamh ar chainníocht gach speicis a ghabhtar agus a choimeádtar ar bord mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil, nó a aischuirtear, le haghaidh gach oibríochta iascaireachta;
(c)i gcás gach speicis a shainaithnítear san údarú iascaireachta arna eisiúint ag Madagascar, gabhálacha nialasacha a dhearbhú freisin;
(d)gach speiceas a shainaithint lena chód alfa 3 FAO;
(e)- cainníochtaí a shloinneadh i gcileagraim bheomheáchain agus, i gcás inar gá, i líon na n‑aonán;
(f)taifead a dhéanamh sna sonraí ERS, ar chainníocht gach speicis a trasloingsíodh agus/nó a tugadh i dtír;
(g)teachtaireacht shonrach a thaifeadadh sna sonraí ERS, gach uair a théitear isteach i limistéar iascaireachta Mhadagascar (teachtaireacht COE) agus gach uair a imítear as (teachtaireacht COX), teachtaireacht ina bhfuil, i gcás gach speicis a shainaithnítear san údarú iascaireachta arna eisiúint ag Madagascar, na cainníochtaí atá ar bord tráth gach gluaiseachta;
(h)na sonraí ERS a tharchur chuig LFI an stáit brataí go laethúil, i gcomhréir leis an bhformáid dá dtagraítear i mír 1.4 thuas, ag 23:59 AUL ar a dhéanaí.
2.2.Is é an captaen atá freagrach as cruinneas na sonraí ERS arna dtaifeadadh agus arna seoladh.
2.3.Seolfaidh LFI an stáit brataí na sonraí ERS chuig LFI Mhadagascar go huathoibríoch agus láithreach.
2.4.
Deimhneoidh LFI Mhadagascar go bhfuair sé na sonraí ERS trí bhíthin teachtaireacht fillte agus próiseálfaidh sé na sonraí ERS uile faoi rún.
3.Cliseadh ERS ar bord an tsoithigh, agus/nó tarchur na sonraí ERS idir an soitheach agus LFI an stáit brataí
3.1.Cuirfidh Stát na brataí captaen agus/nó úinéir soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain aige, nó ionadaí an chaptaein/úinéara, ar an eolas gan mhoill faoi aon chliseadh teicniúil an ERS atá suiteáilte ar bord an tsoithigh nó faoi aon mhífheidhm i dtarchur na sonraí ERS idir an soitheach agus LFI an stáit brataí.
3.2.Cuirfidh Stát na brataí Madagascar ar an eolas faoin gcliseadh a braitheadh agus faoi na bearta ceartaitheacha a rinneadh.
3.3.I gcás ina gclisfeadh ar an ERS ar bord an tsoithigh, áiritheoidh an captaen agus/nó an t‑úinéir go ndéanfar an ERS a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 10 lá. I gcás ina dtiocfaidh an soitheach i dtír laistigh den tréimhse 10 lá sin, ní fhéadfaidh sé a chuid gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Mhadagascar a atosú go dtí go mbeidh a ERS in ord iomlán oibre, mura n‑údaróidh Madagascar a mhalairt.
(a)Tar éis cliseadh teicniúil ERS soithigh iascaireachta, ní fhéadfaidh sé calafort a fhágáil go dtí go mbeidh a ERS ag feidhmiú arís, chun sástacht an stáit brataí agus Mhadagascar, nó
(b)Go dtí go bhfaighidh sé údarú chuige sin ó Stát na brataí. Sa chás deireanach sin, cuirfidh Stát na brataí Madagascar ar an eolas faoina chinneadh roimh imeacht an tsoithigh.
3.4.Ní mór do gach soitheach de chuid an Aontais atá ag oibriú i limistéar iascaireachta Mhadagascar le ERS lochtach na sonraí uile ERS a tharchur go laethúil, ag 23:59 AUL ar a dhéanaí, chuig LFI an stáit brataí trí aon mhodh cumarsáide leictreonaí eile atá ar fáil agus a bhfuil rochtain ag LFI Mhadagascar air.
3.5.Déanfaidh LFI an stáit brataí sonraí nárbh fhéidir a chur ar fáil do Mhadagascar trí ERS mar gheall ar chliseadh an chórais a tharchur chuig LFI Mhadagascar i bhfoirm eile cumarsáide leictreonaí a chomhaontófar go frithpháirteach. Measfar gur tosaíocht é an tarchur malartach sin, i bhfianaise nach mbeifear in ann cloí leis na sprioc-amanna tarchuir is infheidhme de ghnáth.
3.6.Mura bhfaighidh LFI Mhadagascar sonraí ERS ó shoitheach ar feadh 3 lá as a chéile, féadfaidh Madagascar treoir a thabhairt don soitheach dul láithreach chuig calafort arna ainmniú ag Madagascar chun críoch imscrúdaithe.
4.Teip na LFInna - ní bhfaigheann LFI Mhadagascar sonraí ERS
4.1.I gcás nach bhfaighidh ceann de na LFInna sonraí ERS, cuirfidh a chomhfhreagraí ERS comhfhreagraí ERS an LFI eile ar an eolas faoi sin gan mhoill agus, más gá, comhoibreoidh sé chun an fhadhb a réiteach.
4.2.Sula dtiocfaidh an ERS i mbun oibríochta, tiocfaidh LFI an stáit brataí agus LFI Mhadagascar ar chomhaontú frithpháirteach maidir leis na modhanna eile cumarsáide leictreonaí nach mór a úsáid chun sonraí ERS a tharchur i gcás ina dteipfidh ar na LFInna, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú a dhéanfar orthu.
4.3.I gcás ina dtuairisceoidh LFI Mhadagascar nach bhfuarthas sonraí ERS, sainaithneoidh LFI an stáit brataí na cúiseanna leis an bhfadhb agus déanfaidh sé bearta iomchuí chun go réiteofar an fhadhb. Cuirfidh LFI an stáit brataí LFI Mhadagascar agus an tAontas ar an eolas faoi thoradh na mbeart a rinneadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis gur aithníodh an teip.
4.4.Má theastaíonn níos mó ná 24 uair an chloig chun an fhadhb a réiteach, déanfaidh LFI an stáit brataí na sonraí ERS atá ar iarraidh a tharchur chuig LFI Mhadagascar gan mhoill trí úsáid a bhaint as ceann de na bealaí leictreonacha malartacha dá dtagraítear i mír 3.5 thuas.
4.5.Cuirfidh Madagascar a sheirbhísí rialúcháin inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil soithí de chuid an Aontais ag sárú a n‑oibleagáidí toisc nár tharchuir LFI Mhadagascar sonraí ERS de dheasca na teipe i gceann de na LFInna.
5.LFI a chothabháil
5.1.Ní mór fógra faoi oibríochtaí cothabhála beartaithe ar LFI amháin (clár cothabhála) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartú sonraí ERS a thabhairt don LFI eile 72 uair an chloig ar a laghad roimh ré, agus dáta agus fad na cothabhála á sonrú más féidir. I gcás cothabháil neamhphleanáilte, seolfar an fhaisnéis sin chuig an LFI eile a luaithe is féidir.
5.2.Le linn na cothabhála, féadfar cur ar fáil na sonraí ERS a chur ar feitheamh go dtí go mbeidh an córas ag feidhmiú arís. Cuirfear na sonraí ERS ábhartha ar fáil go díreach tar éis dheireadh na cothabhála.
5.3.Má thógann an oibríocht chothabhála níos mó ná 24 uair an chloig, tarchuirfear na sonraí ERS chuig an LFI eile trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna malartacha cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear i mír 3.5 thuas.
5.4.Cuirfidh Madagascar a sheirbhísí rialúcháin inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil soithí de chuid an Aontais ag sárú a n‑oibleagáidí toisc nár tarchuireadh sonraí ERS mar gheall ar oibríocht chothabhála i gceann de na LFInna.
6.Ródú sonraí ERS chuig Madagascar
6.1.Chun sonraí ERS a tharchur ó Stát na brataí chuig Madagascar, úsáidfidh na sonraí ERS na modhanna arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach
6.2.Chun gníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais a bhainistiú, déanfar na sonraí sin a stóráil agus a chur ar fáil ionas gur féidir le baill foirne údaraithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad a cheadú, thar ceann an Aontais Eorpaigh.
7.Úsáid a bhaint as caighdeán NA/FLUX agus as líonra AE/FLUX
7.1.Agus iad lánoibríochtúil, féadfar caighdeán NA/FLUX (na Náisiún Aontaithe/Fisheries Language for Universal eXchange) agus líonra malartaithe AE/FLUX a úsáid chun suíomhanna soithí agus na logleabhair leictreonacha a mhalartú.
7.2.Déanfar leasuithe ar chaighdeán NA/FLUX a chur chun feidhme laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gComhchoiste ar bhonn forálacha teicniúla arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach, trí mhalartú litreacha i gcás inarb infheidhme.
7.3.I gcás inar gá, déanfar na socruithe chun na malartuithe leictreonacha éagsúla a chur chun feidhme a leagan amach i ndoiciméad cur chun feidhme arna ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach.
7.4.Féadfar úsáid a bhaint as bearta idirthréimhseacha go dtí go n‑athrófar go dtí caighdeán NA/FLUX le haghaidh gach comhchoda ar leith (suíomhanna, logleabhar iascaireachta). Is é Údarás Mhadagascar a chinnfidh an tréimhse is gá chun an t‑aistriú sin a dhéanamh, agus aon srian teicniúil á chur san áireamh. Saineoidh sé an tréimhse trialach a bheidh ag teastáil sula mbeidh caighdeán NA/FLUX in úsáid go héifeachtach. A luaithe a bheidh na trialacha curtha i gcrích go rathúil, socróidh na Páirtithe an dáta cur i bhfeidhm go comhpháirteach, a luaithe is féidir, sa Chomhchoiste nó trí mhalartú litreacha.
Foscríbhinn 7 – Samhail le haghaidh ráiteas ráithiúil an Aontais de ghabhálacha sealadacha a chomhiomlánaítear go míosúil
|
|
Ainm an tSoithigh
|
Cód speicis FAO *
|
Ainm an speicis
|
Mí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Catagóir iascaireachta
|
|
|
|
1
|
2
|
3
|
4
|
5
|
6
|
7
|
8
|
9
|
10
|
11
|
12
|
|
|
Báid spiléireachta dromchla 100 GT agus níos lú
|
|
|
|
|
Báid spiléireachta dromchla is mó ná 100 GT
|
|
|
|
|
Báid saighde tuinníní
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Móriomlán
|
|
|
|
NB: áireofar gabhálacha na speiceas uile
Foscríbhinn 8 – Formáid na ndearbhuithe dul isteach sa limistéar iascaireachta agus imeacht as
1. FORMÁID NA TEACHTAIREACHTA DUL ISTEACH (3 UAIR AN CHLOIG ROIMH DHUL ISTEACH)
SEOLAÍ: LFI MHADAGASCAR
CÓD NA GLUAISEACHTA: DUL ISTEACH
AINM AN tSOITHIGH:
COMHARTHA AITHEANTAIS IDIRNÁISIÚNTA RAIDIÓ:
STÁT NA BRATAÍ:
CINEÁL SOITHIGH:
UIMHIR AN CHEADÚNAIS:
SUÍOMH AR DHUL ISTEACH:
DÁTA AGUS AM (AUL) AN DUL ISTEACH:
CAINNÍOCHT IOMLÁN NA nIASC AR BORD IN KG:
- YFT (Tuinnín buí/ Thunnus albacares) in KG:
- SKJ (boiníotó aigéanach/ Katsuwonus pelamis) in KG:
- BET (tuinnín mórshúileach/ Thunnus obesus) in KG:
- ALB (tuinnín colgach/ Thunnus alalunga) in KG:
- siorcanna in KG (speicis le sonrú):
- EILE (speicis le sonrú) in KG:
2. FORMÁID NA TEACHTAIREACHTA IMEACHTA (3 UAIR AN CHLOIG ROIMH IMEACHT)
SEOLAÍ: LFI MHADAGASCAR
CÓD NA GLUAISEACHTA: IMEACHT
AINM AN tSOITHIGH:
COMHARTHA AITHEANTAIS IDIRNÁISIÚNTA RAIDIÓ:
STÁT NA BRATAÍ:
CINEÁL SOITHIGH:
UIMHIR AN CHEADÚNAIS1:
SUÍOMH AR IMEACHT:
DÁTA AGUS AM (AUL) AN IMEACHTA:
CAINNÍOCHT IOMLÁN NA nIASC AR BORD IN KG:
- YFT (Tuinnín buí/ Thunnus albacares) in KG:
- SKJ (boiníotó aigéanach/ Katsuwonus pelamis) in KG:
- BET (tuinnín mórshúileach/ Thunnus obesus) in KG:
- ALB (tuinnín colgach/ Thunnus alalunga) in KG:
- siorcanna in KG (speicis le sonrú):
- EILE (SPEICIS LE SONRÚ) in KG:
Tarchuirfear na teachtaireachtaí uile chuig an údarás inniúil ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
csp-mprh@madagascar-scs‑peche.mg
Uimhir theileafóin: +261 32 07 231 50
Lárionad Faireacháin Iascaigh Mhadagascar, B.P.60 114 Antananairíveo
Seolfar cóip chuig MARE-CATCHES@ec.europa.eu
Foscríbhinn 9 – Formáid na teachtaireachta VMS maidir le suíomh
TEACHTAIREACHTAÍ VMS A SHEOLADH CHUIG MADAGASCAR - FORMÁID SHONRAÍ VMS - TUARASCÁIL AR SHUÍOMH
|
Eilimint sonraí is éigeantach a sheoladh
|
Cód
|
Cineál inneachair
|
|
Tús an taifeadta
|
SR
|
Mionsonra a bhaineann leis an gcóras — lena léirítear tús an taifeadta
|
|
Seolaí
|
AD
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht — seolaí. Cód tíre ISO 3-alfa
|
|
Ó
|
FR
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – seoltóir. Cód tíre ISO 3-alfa
|
|
Stát na brataí
|
FS
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Stát na brataí
|
|
Cineál teachtaireachta
|
TM
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht — cineál teachtaireachta [ENT, POS, EXI]
|
|
Comhartha aitheantais raidió
|
RC
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh
|
|
Uimhir thagartha inmheánach an pháirtí chonarthaigh
|
IR
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – uimhir uathúil an pháirtí chonarthaigh (cód ISO-3 an stáit brataí agus uimhir ina dhiaidh)
|
|
Uimhir chlárúcháin sheachtrach
|
XR
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – an uimhir a fheictear ar thaobh an tsoithigh
|
|
Domhanleithead
|
LT
|
Mionsonra a bhaineann le suíomh an tsoithigh – an suíomh ina chéimeanna agus nóiméid T/D LLMM (WGS84)
|
|
Domhanfhad
|
LG
|
Mionsonra a bhaineann le suíomh an tsoithigh — an suíomh ina chéimeanna agus nóiméid O/I LLMM (WGS84)
|
|
Cúrsa
|
CO
|
Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°
|
|
Luas
|
SP
|
Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte
|
|
Dáta
|
DA
|
Mionsonra a bhaineann le suíomh an tsoithigh – dáta taifeadta an tsuímh AUL (BBBBMMLL)
|
|
Am
|
TI
|
Mionsonra a bhaineann le suíomh an tsoithigh – dáta taifeadta an tsuímh AUL (UUNN)
|
|
Deireadh an taifeadta
|
ER
|
Mionsonra a bhaineann leis an gcóras – lena léirítear deireadh an taifeadta
|
Foscríbhinn 10 – Coinníollacha incháilitheachta le haghaidh maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad chun oibriú ar bord shoithí iascaireachta an Aontais
Chun oibriú ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, ní mór do mharaí ar náisiúnach de Mhadagascar é na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)beidh doiciméad aitheantais arna eisiúint ag an Údarás Mhadagascar ina sheilbh aige;
(b)beidh sé 18 mbliana d’aois ar a laghad;
(c)beidh pas muirí bailí arna eisiúint ag Madagascar nó doiciméad coibhéiseach ina sheilbh aige lena léirítear a scileanna agus a thaithí maidir le ceann amháin ar a laghad de na poist atá le líonadh ar bord an tsoithigh;
(d)beidh na maraithe cáilithe de réir an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe agus beidh deimhniú acu lena gcruthaítear go bhfuair siad bunoiliúint sábháilteachta inar cumhdaíodh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
— teicnící marthanais phearsanta agus an tsábháilteacht phearsanta,
— comhrac dóiteáin agus cosc dóiteáin,
— garchabhair bhunúsach, etc.
(e)beidh deimhniú leighis bailí ag na maraithe arna eisiúint ag liachleachtóir cuícháilithe, lena ndeimhnítear go bhfuil siad feidhmiúil ó thaobh leighis de chun na dualgais atá le comhlíonadh acu ar muir a chomhlíonadh;
Foscríbhinn 11 – Forálacha íosta an chonartha aonair fostaíochta i gcás maraithe ar náisiúnaigh de Mhadagascar iad
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa chonradh fostaíochta:
(a)sloinne agus céadainmneacha an fhostaí, a dháta breithe nó a aois, agus a áit bhreithe;
(b)áit agus dáta thabhairt i gcrích an chonartha;
(c)ainm agus uimhir chláraithe an tsoithigh iascaireachta nó na soithí iascaireachta a ngeallann an t‑iascaire dul i mbun oibre air nó orthu;
(d)ainm an fhostóra nó ainm an úinéara soithigh iascaireachta nó ainm an pháirtí eile sa chomhaontú;
(e)an turas/na turais atá le déanamh, más féidir iad a shocrú tráth an fhostaithe; na coinníollacha faoina n‑íocfaidh an fostóir na costais;
(f)an dualgas ar ina leith nach mór an fostaí a fhostú;
(g)más féidir, an dáta agus an áit a gceanglaítear ar an bhfostaí teacht i láthair chun dul ar bord le haghaidh seirbhíse;
(h)an bia a bheidh le leithdháileadh ar an bhfostaí, mura ndéantar foráil sa reachtaíocht is infheidhme maidir le córas difriúil;
(i)méid phá an fhostaí nó, i gcás ina n‑íoctar sciar de na fáltais leis, cion céatadánach an fhostaí agus an modh ríofa, nó, i gcás gur córas pá measctha atá in úsáid, méid an phá, an sciar céatadánach agus an modh ríofa, agus aon phá íosta arna chomhaontú;
(j)foirceannadh an chomhaontaithe agus na coinníollacha a bhaineann leis, mar atá:
–i gcás conradh a tugadh i gcrích ar feadh tréimhse chinnte, an dáta a socraíodh dá dhul in éag;
–i gcás conradh a tugadh i gcrích le haghaidh turais, an calafort ceann scríbe comhaontaithe ag a dtiocfaidh deireadh leis an gcomhaontú agus léiriú i dtaobh cé chomh fada tar éis an ceann scríbe sin a bhaint amach a scaoilfear leis an bhfostaí;
–i gcás conradh a tugadh i gcrích ar feadh tréimhse éiginnte, na coinníollacha faoinar féidir le ceachtar páirtí an comhaontú a fhoirceannadh, agus an tréimhse fógra a éilítear, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra i gcás an fhostóra/an úinéara soithigh iascaireachta/páirtí eile ná mar a bheidh i gcás an fhostaí;
(k)cosaint i gcás bhreoiteacht, ghortú nó bhás an fhosaithe de dheasca a sheirbhíse;
(l)saoire bhliantúil le pá nó an fhoirmle a úsáidtear chun í a ríomh, i gcás inarb infheidhme;
(m)an cumhdach agus an sochar sláinte agus slándála sóisialaí a bheidh le cur ar fáil don fhostaí ag an bhfostóir, ag an úinéir soithigh iascaireachta nó ag páirtí eile sa chomhaontú fostaíochta, de réir mar a bheidh;
(n)teidlíocht an fhostaí ar aisdúichiú;
(o)tagairt don chomhaontú cómhargála, i gcás inarb infheidhme;
(p)na tréimhsí sosa íosta i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme nó le bearta eile;
(q)gach faisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith ina ceangal de réir na reachtaíochta is infheidhme.
IARSCRÍBHINN 3
AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE
I gcás ina n‑iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(1)Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:
(a)go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;
(b)go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;
(c)go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún.
(2)Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.
(3)Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo leis na leasuithe atá beartaithe.
(4)Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais.
(5)Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n‑áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.
(6)Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a thíolacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.
A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.