An Bhruiséil,28.4.2023

COM(2023) 219 final

2023/0117(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

i dtaca le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach comhaontaithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus a phrótacail cur chun feidhme (2023-2027)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Síníodh Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar an 19 Nollaig 2007 agus cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ón 1 Eanáir 2007. Tá sé inathnuaite go huathoibríoch go ceann tréimhsí 6 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Síníodh an Prótacal Cur Chun Feidhme is déanaí a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta sin an 23 Nollaig 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2018, nuair a chuaigh sé in éag.

Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ábhartha 1 , rinne an Coimisiún caibidlíocht le Madagascar maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua idir an tAontas Eorpach agus Madagascar a thabhairt i gcrích, lena n‑áirítear prótacal nua chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin. Is é an cuspóir atá ann ceadú do shoithí an Aontais rochtain a fháil ar limistéar iascaireachta agus tuinníní agus speicis ghaolmhara a iascach ansin, faoi shainordú bainistíochta ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha le téacs nua den Chomhaontú agus le téacs nua den Phrótacal Cur Chun Feidhme an 28 Deireadh Fómhair 2022.

Leis an gComhaontú nua déantar an Comhaontú a bhí ann cheana a aisghairm agus a ionadú. Cumhdaítear leis tréimhse 4 bliana ó dháta an iarratais shealadaigh a leagtar síos in Airteagal 19 de, mar atá an 1 Iúil 2023, faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ó dháta an tsínithe má shínítear é tar éis an 1 Iúil 2023.

Leis an bPrótacal nua, cumhdaítear tréimhse 4 bliana ó dháta an iarratais shealadaigh a leagtar síos ina Airteagal 19, de réir na bhforálacha céanna atá sa Chomhaontú.

Is é is cuspóir don togra tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe agus a Phrótacail Cur Chun Feidhme a údarú.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é príomhaidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua creat cothrom le dáta a sholáthar lena gcuirtear san áireamh tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus a ghné sheachtrach. Cuideoidh sé sin le leanúint den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Madagascar agus í a neartú. Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua, cuirfear ar a gcumas dóibh comhoibriú níos dlúithe le chéile d’fhonn beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhréir leis an gcuspóir acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú, mar a aithnítear i ndlí an Aontais, agus chun acmhainní iascaigh in uiscí Mhadagascar a shaothrú ar bhealach freagrach. Tacóidh sé freisin le geilleagar muirí inbhuanaithe a fhorbairt, chun leas an dá pháirtí. Rannchuideoidh an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla in earnáil an iascaigh freisin.

Leis an bPrótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais in uiscí Mhadagascar, laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil i gcás inarb iomchuí. Tá sé bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ar na moltaí eolaíocha a rinne an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh a bhainistíonn stoic éisc mhór-imircigh, a bhfuil a chinntí infheidhme go hiomlán, mar a mheabhraítear sa Chomhaontú (Airteagal 4.3). Na bearta bainistíochta a ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, tá siad san áireamh freisin sna forálacha ábhartha den Chomhbheartas Iascaigh is infheidhme maidir le limistéar an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, go háirithe iad siúd sa Rialachán bliantúil lena socraítear na deiseanna iascaireachta 2 .

Bhun an Coimisiún a sheasamh i bpáirt ar thorthaí meastóireachta a rinneadh ar an bPrótacal roimhe seo (2015-2018), agus ar mheastóireacht réamhbhreathnaitheach maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart Prótacal nua a thabhairt chun críche. Is saineolaithe seachtracha a thug faoin bpéire acu.

Déantar foráil sa Phrótacal maidir leis na deiseanna iascaireachta seo a leanas i ndáil le hiasc mór-imirceach:

–32 bhád saighne tuinníní;

–13 bhád spiléireachta dromchla ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste;

–20 bád spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste,

–mar aon le soithí tacaíochta de réir rúin ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin é caibidliú Prótacail nua agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.

Tá an tAontas agus Madagascar ina bPáirtithe sa Chomhaontú eatramhach freisin, a síníodh an 29 Lúnasa 2009, lena mbunaítear creat le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit Oirthear agus Dheisceart na hAfraice, ar thaobh amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit ar an taobh eile. Tá an chaibidlíocht maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, lena ndéantar foráil maidir le comhar idir na Páirtithe i ndáil forbairt earnáil an iascaigh agus trádála táirgí a bhaineann leis an iascaireacht mhuirí, lena gcumhdaítear an iascaireacht mhuirí, an iascaireacht intíre agus an dobharshaothrú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is é an bunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh agus Airteagal 218(6)(a)(v) agus Airteagal 218(7) CFAE maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha agus an fhéidearthacht atá ann an t‑idirbheartaí a údarú chun leasuithe a fhormheas thar ceann an Aontais, is iad sin modhnuithe ar an gcomhaontú arna nglacadh trí nós imeachta simplithe nó ag comhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú.

Leagtar síos in Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cé is moite den chomhbheartas eachtrach agus slándála, go bhfuil an Coimisiún le hionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, is é an Coimisiún amháin atá inniúil chun fógra a thabhairt do Mhadagascar faoi chur i gcrích an phróisis daingniúcháin.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(1)(d) CFAE.

•Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, mar a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Comhlíontar na forálacha sin chomh maith leis na forálacha sin maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2017, rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Phrótacal 2015-2018 a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh le Madagascar chomh maith le meastóireacht ex ante ar Phrótacal nua d’fhéadfaí a bheith ann 3 .

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post ar Phrótacal 2015-2018 gur chomhlánaigh sé na socruithe rochtana eile a bunaíodh sa réigiún, socruithe lena gceadaítear do shoithí de chuid an Aontais saothrú na stoc imirceach a bharrfheabhsú laistigh de na rialacha réigiúnacha arna leagan síos ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. Bhí sé ábhartha do riachtanais pháirtithe leasmhara an Aontais toisc gur thug sé rochtain intuartha d’oibreoirí soithigh de chuid an Aontais ar limistéar iascaireachta leasa ina bhfuil na speicis spriocdhírithe flúirseach. Tugann rochtain ar uiscí Mhadagascar deiseanna do chabhlach spiléireachta an Aontais atá lonnaithe in La Réunion limistéir iascaireachta a leathnú chun uiscí comharsanachta an réigiúin an-fhorimeallaigh sin a chumhdach. Mar gheall ar ghníomhaíochtaí chabhlach tuinníní an Aontais in uiscí Mhadagascar agus san Aigéan Indiach i gcoitinne, bhí tionchar substaintiúil dearfach socheacnamaíoch ar Mhadagascar a bhailigh cuid den bhreisluach de thoradh na próiseála áitiúla, agus rinneadh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a ailíniú a bheag nó a mhór leis na deiseanna iascaireachta a shaothraítear.

Maidir le tacaíocht earnála, tugadh faoi deara sa mheastóireacht go raibh cur chun feidhme an chláir sásúil, go raibh ráta maith eisíocaíochta sa mheántéarma agus gur cheart é a bheith d’aidhm ag clár tacaíochta earnála a bheidh ann amach anseo, mar ábhar tosaíochta, cur leis an acmhainneacht faireacháin, rialaithe agus faireachais, leis na hacmhainneachtaí cigireachta sláinte chun acmhainneacht onnmhairiúcháin a chaomhnú, agus leis an tacaíocht d’oiliúint ghairmiúil maraithe. D’fhéadfadh clár tacaíochta earnála a bheidh ann amach anseo cuidiú freisin leis an earnáil náisiúnta an iascaigh a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt d’iascairí ar mionscála agus trí dhea-chomhordú a choinneáil ar bun le gníomhaíochtaí a mhaoiníonn deontóirí. Moltar sa mheastóireacht freisin go gcuirfí cuid den mhaoiniú atá ar fáil chun cúntóir teicniúil seachtrach a earcú i leataobh chun cur chun feidhme an chláir tacaíochta earnála a chomhordú agus a éascú.

Ó thaobh an Aontais de, tá sé tábhachtach ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear dlúthchomhar earnála le tír atá ina príomh-chomhpháirtí, ina soláthróir táirgí éisc don Aontas, le páirtithe leasmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfuil meánna iascaireachta aici atá chun leas chabhlach an Aontais.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheastóireacht thuasluaite, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le riarachán iascaigh agus sochaí shibhialta Mhadagascar. Reáchtáladh comhairliúcháin freisin laistigh den Chomhairle Chomhairleach um Iascach Fadraoin. Dealraíonn sé ó na comhairliúcháin sin gur chun leasa an Aontais Eorpaigh agus Mhadagascar é ionstraim a choimeád lena gceadaítear comhar domhain earnálach, le deiseanna maoinithe ilbhliantúla do Mhadagascar. I gcás armálacha an Aontais, is chun leas an Aontais é rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta a choimeád trí chomhaontú in earnáil an iascaigh. Ó rinneadh an mheastóireacht in 2018, dheimhnigh an earnáil ghairmiúil ag cruinnithe na Comhairle Comhairlí um Iascach Fadraoin go gcoinnítear a spéis ar bun.

•Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

•Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Sa chomhaontú a caibidlíodh, cuimsítear clásal a bhaineann leis na hiarmhairtí má sháraítear na gnéithe riachtanacha a bhaineann le cearta daonna a leagtar síos in Airteagal 9 de Chomhaontú Cotonou, nó san airteagal comhfhreagrach sa chomhaontú a thiocfaidh i gcomharbas air.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 1 800 000 an ranníocaíocht airgeadais bhliantúil, bunaithe ar na nithe seo a leanas:

a) tonnáiste tagartha 14 000 tona, ar socraíodh méid bliantúil ina leith maidir le rochtain ag EUR 700 000;

b) tacaíocht chun beartas earnála iascaigh Mhadagascar a fhorbairt, ar fiú EUR 1 100 000 in aghaidh na bliana é.

Leis an tacaíocht sin, comhlíontar cuspóirí an chomhair i réimsí an tsaothraithe inbhuanaithe acmhainní iascaigh, an dobharshaothraithe, fhorbairt inbhuanaithe na n‑aigéan, chosaint na muirthimpeallachta agus an gheilleagair ghoirm.

Déantar an méid bliantúil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhunú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n‑áirítear an líne chúltaca do phrótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana 4 .

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe agus sa Phrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

2023/0117 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

i dtaca le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach comhaontaithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus a phrótacail cur chun feidhme (2023-2027)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (…) 5

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh [XXX] ón gComhairle an […] 6 , síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’) mar aon le prótacal cur chun feidhme (‘an Prótacal’) an [...], faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is déanaí.

(2)Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh a bhí ann roimhe seo idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar, atá i bhfeidhm ó bhí 1 Eanáir 2007 ann agus atá inathnuaite go huathoibríoch go ceann tréimhse 6 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(3)Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an bPrótacal a ghabhann leis ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus ligean don Aontas agus do Mhadagascar comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus san Aigéan Indiach a chur chun cinn ar bhonn freagrach. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(4)Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(5)Chun go dtiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún, ina cháil mar ionadaí an Aontais, obair leantach a dhéanamh ar an gCinneadh ón gComhairle agus ba cheart dó fógra a thabhairt do Mhadagascar faoi thoiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an bPrótacal

(6)Le hAirteagal 14 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Tá sé de chumhacht ag an gCoiste sin leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go n‑éascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(7)Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 7 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim fúthu an [cuir isteach dáta],

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (2023-2027) (‘an Prótacal’).

Tá téacs an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, téacs an Phrótacail agus Iarscríbhinní 1 agus 2 i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus in Airteagal 18 den Phrótacal, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an bPrótacal a chur in iúl.

Airteagal 3

I gcomhréir leis na forálacha agus na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún leis seo, thar ceann an Aontais, leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14 den Chomhaontú Comhpháirtíochta a ghlacadh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle i dtaca le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus a Phrótacail Cur Chun Feidhme (2023-2027).

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

08 – Talmhaíocht agus Beartas Muirí

08.05 – Comhaontuithe agus Comhpháirtíochtaí Iascaigh Inbhuanaithe agus Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh

08.05.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

X beart nua 

◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 8  

◻ síneadh ar bheart atá ann cheana 

◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.

Leis na conarthaí comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, áirithítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an comhbheartas iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe, comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe i ngach gné, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar iascaigh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.º1 

Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach uiscí de chuid an Aontais iad, láithreacht Eorpach a choinneáil ar bun in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh na hEorpa agus tomhaltóirí a chosaint trí idirbheartaíocht agus comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a thabhairt i gcrích le Stáit chósta, i gcomhréir le beartais Eorpacha eile.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe agus a Phrótacail Cur Chun Feidhme, leantar den chomhpháirtíocht iascaigh straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Madagascar agus treisítear í. Le tabhairt i gcrích an Phrótacail, cruthófar deiseanna iascaireachta le haghaidh shoithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar.

Leis an gComhaontú agus an Prótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe an Plean Cuimsitheach Iascaigh, faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach agus an comhrac ina haghaidh agus tacaíocht a thabhairt d’earnáil an iascaigh ar mionscála.

Ar deireadh, leis an gComhaontú agus an Prótacal, cuirfear le saothrú inbhuanaithe na n‑acmhainní muirí i Madagascar agus le geilleagar iascaireachta Mhadagascar, trí fhás agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an iascaireacht.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).

Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.

Ranníocaíocht le fostaíocht agus dálaí oibre cuibhiúla san iascach agus le breisluach san Aontas agus le margadh an Aontais a chobhsú (go comhiomlán le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe eile).

Tacaíocht leis an tír chomhpháirtíochta chun feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascaigh ar mionscála.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé i gceist go mbeidh feidhm ag an gComhaontú nua agus ag an bPrótacal Cur Chun Feidhme ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe, ionas go gcuirfear laghdú ar aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta atá ar bun faoin bPrótacal reatha dá rachadh sé in éag.

Leis an gComhaontú agus an Prótacal nua cuirfear creat ar fáil do ghníomhaíochtaí iascaireachta de chabhlach an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus tabharfar údarú d’úinéirí soithí an Aontais iarratas a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta chun dul i mbun iascaireachta sa limistéar sin. Ina theannta sin, leis an gComhaontú agus an Prótacal nua cuirfear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Madagascar d’fhonn forbairt ar bheartas iascaigh inbhuanaithe i ngach gné a chur chun cinn. Foráiltear ann, go háirithe, go ndéanfar faireachán ar shoithí trí chóras saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí agus go dtarchuirfear sonraí gabhála go leictreonach. Leis an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal cuideofar le Madagascar lena straitéis iascaigh náisiúnta, lena n‑áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí iascaireachta.

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Má mhainníonn an tAontas aontú ar Chomhaontú agus ar Phrótacal nua, cuirfidh sé sin bac ar ghníomhaíocht iascaireachta shoithí an Aontais toisc go bhfuil clásal sa Chomhaontú reatha lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise do chabhlach fadraoin an Aontais Eorpaigh an-soiléir. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus Madagascar

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

De thoradh na hanailíse ar ghabhálacha a fuarthas i limistéar iascaireachta Mhadagascar san am atá thart, agus ar na measúnuithe agus ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, tá na Páirtithe in ann tonnáiste tagartha a shocrú le haghaidh tuinníní agus speiceas cosúil le tuinnín arb ionann é agus 14 000 tona in aghaidh na bliana le deiseanna iascaireachta le haghaidh 32 bhád peas‐saighne tuinníní agus 33 bhád spiléireachta dromchla. Socraíodh tacaíocht earnála ar ardleibhéal chun tosaíochtaí na straitéise iascaigh náisiúnta, agus go háirithe tosaíochtaí an Phlean Chuimsithigh Iascaigh, a chur san áireamh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Na cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe, is ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta Mhadagascar iad. Mar sin féin, leithdháiltear cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína thabhairt isteach sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as an iascach, agus is coinníoll é sin go dtabharfaí na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe chun críche agus go ndéanfaí faireachán orthu. Tá na hacmhainní airgeadais seo comhoiriúnach le foinsí maoinithe eile ó dheontóirí idirnáisiúnta eile chun tionscadail agus/nó cláir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta in earnáil an iascaigh

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní bhaineann le hábhar

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X tréimhse theoranta

–X    I bhfeidhm ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2027 (faoi réir a shínithe roimh an 1 Iúil 2023)

–X    Tionchar airgeadais ó 2023 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2023 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

◻ tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 9

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–◻    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

–◻ comhlachtaí dlí poiblí;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Áiritheoidh an Coimisiún (AS MARE, i gcomhar lena attaché iascaigh, arb é atá freagrach as an réigiún – Port Louis, Oileán Mhuirís, agus i gcomhar le Toscaireacht an Aontais Eorpaigh i Madagascar agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin), áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán rialta ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir le húsáid deiseanna iascaireachta oibreoirí, sonraí gabhála agus comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.

Ina theannta sin, foráiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe maidir le cruinniú den Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus a ndéanfaidh an Coimisiún agus Madagascar athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail ann agus, más gá, déanfar na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear íocaíochtaí chun feidhme ar bhealach díchúpláilte maidir leis an ranníocaíocht le haghaidh rochtana agus an ranníocaíocht le haghaidh tacaíocht earnála.

Déanfar na híocaíochtaí le haghaidh rochtana ar bhonn bliantúil ar dháta comórtha an Phrótacail, ach amháin sa chéad bhliain, nuair a dhéanfar an íocaíocht sna 3 mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh. Déanfar rochtain ar shoithí a rialú trí údaruithe iascaireachta a eisiúint.

Íocfar an tacaíocht den chéad uair laistigh de 3 mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh, faoi réir an chomhaontaithe ar chlár chur chun feidhme bliantúil agus ilbhliantúil; sna blianta ina dhiaidh sin, is ar na torthaí a bhainfear amach a bheidh sé ag brath. Déanfar faireachán ar na torthaí a baineadh amach agus ar an ráta cur chun feidhme de réir na dTreoirlínte maidir le Tacaíocht Earnála a Chur Chun Feidhme do Bheartas Iascaigh Mhadagascar atá le comhaontú ag na Páirtithe, ar bhonn tuarascálacha nó fianaise dhoiciméadach arna soláthar ag an tír chomhpháirtíochta agus iniúchtaí teicniúla a dhéanann an attaché iascaigh.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is é an riosca a aithníodh ná tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais Eorpaigh agus tearc-úsáid nó úsáid mhall ag Madagascar as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú. Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 8 den Phrótacal, mar chuid de na modhanna rialaithe sin freisin. Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal lena gcur ar fionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá íocaíochtaí a bhaineann le costais rochtana faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe faoi réir seiceálacha atá dírithe ar a chinntiú go gcomhlíontar forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta. Tá seiceálacha a bhaineann le tacaíocht earnála dírithe ar fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na tacaíochta sin. Is iad baill foirne an Choimisiúin a dhéanfaidh an faireachán i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus le linn cruinnithe Comhchoistí. Úsáidtear maitrís chlársceidealaithe ilbhliantúil chun an dul chun cinn a mheas. Mura bhfuil dul chun cinn leordhóthanach ann, cuirfear íocaíocht an chéad tráinse eile ar fionraí nó b’fhéidir go laghdófaí é. Meastar gurb é costas fhoriomlán na seiceálacha ar gach Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe 1,8 % (de na ranníocaíochtaí in 2018). Tá na nósanna imeachta maidir le seiceálacha ar chonarthaí comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe bunaithe go príomha ar riachtanais rialála fíor-riachtanacha. Mura mbraitear aon easnamh a d’fhéadfadh tionchar ach beag a imirt ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais, measfar go bhfuil na seiceálacha éifeachtach. Meastar gurb é an meánráta earráide 0,0 %.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Geallann an Coimisiún go mbunófar idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta le Madagascar d’fhonn bainistiú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus tacaíocht an Aontais le bainistiú acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéanfar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Foráiltear le hAirteagal 3(7) den Phrótacal nach mór an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh rochtana a íoc isteach i gcuntas Státchiste Poiblí agus nach mór an ranníocaíocht airgeadais atá beartaithe chun an earnáil a fhorbairt a íoc isteach i gcuntas oifigiúil atá faoi mhaoirseacht na hAireachta atá freagrach as an iascach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 10

ó thíortha de chuid CSTE 11

ó thíortha is iarrthóirí 12

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí an Aontais Eorpaigh in uiscí tríú tíortha

08.05.01

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–◻    Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

Uimh. 2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

AS MARE

Bliain 
2023 13

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 14 08.05.01

Gealltanais

(1a)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

(2a)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 15  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
le haghaidh AS MARE

Gealltanais

=1a+1b +3

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2





• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

(5)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 2 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+6

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

=5+6

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

(5)

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+6

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

Íocaíochtaí

=5+6

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2




Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna 

• Caiteachas riaracháin eile 

IOMLÁN AS <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 16

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 à 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

⇩

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 17

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 18 ...

- Rochtain

0,7

0,7

0,7

0,7

2,8

- Tacaíocht earnála

1,1

1,1

1,1

1,1

4,4

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

IOMLÁIN

1,8

1,8

1,8

1,8

7,2

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

–X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin.

–◻    Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 19

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 20  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

–X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

–◻    Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

• Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 21

20 02 01 (AC, END, INT ón imchlúdach iomlánaíoch)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 22

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

–◻    is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

–◻    is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

–◻    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 23

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

–X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

–◻    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 24

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

(1)    An 3622ú cruinniú den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 4 Meitheamh 2018 https://www.consilium.europa.eu/media/36284/st09680-en18.pdf  
(2)    Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige IO L 28, 31.1.2023, lgh. 1-219. Féach roinn 5 agus Iarscríbhinn IJ. 
(3)     Meastóireacht chúlghabhálach agus ionchasach ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu)  
(4)    I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha, pointe 20 (IO L 433I, 22.12.2020)
(5)    tagairt le cur leis
(6)    (…) (IO L […], […], lch. […]).
(7)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(8)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(9)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(10)    LD = Leithreasuithe difreáilte/LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(11)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(12)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(13)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(14)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(15)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(16)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(17)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(18)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’.
(19)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(20)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(21)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(22)    Fo-uasteorainneacha d’fhoireann sheachtrach arna gcumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(23)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(24)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.