An Bhruiséil,14.3.2024

COM(2024) 128 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le tarmlilgean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 20019 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)


1.Cúlra Dlíthiúil

Le hAirteagal 51a den Chód Víosaí 1 , tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa le haghaidh tréimhse 5 bliana ón 1 Lúnasa 2019. 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tá ceangal ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas i ndáil le tharmligean na cumhachta.

Measúnú ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhéideanna na dtáillí víosa

I gcomhréir le hAirteagal 16(9) den Chód Víosaí, is gá don Choimisiún measúnú a dhéanamh maidir leis an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na táillí víosa ar bhonn critéir oibiachtúla amhail an ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais agus tuarastail státseirbhísigh na mBallstát. Tá an measúnú sin le fáil sa tuarascáil freisin. I gcás inarb iomchuí, tá gníomh tarmligthe le gabháil leis an measúnú lena ndéantar coigeartú ar na táillí víosa i gcomhréir le hAirteagal 51a den Chód Víosaí.

Ós rud é go bhfuil sé de chúram ar an gCoimisiún an measúnú sin a dhéanamh gach 3 bliana agus gur tháinig an fhoráil i bhfeidhm den chéad uair an 2 Feabhra 2020, rinneadh an measúnú den chéad uair ar bhonn sonraí ó 2023.

Na táillí reatha agus Comhaontuithe um Eisiúint Víosaí a Éascú

Faoi láthair is é EUR 80 2 an táille le haghaidh iarratas ar víosa ghearrfhanachta do dhaoine fásta (níos sine ná 12 bhliain d’aois) agus is é EUR 40 an táille d’iarratasóirí idir 6 bliana agus 12 bhliain d’aois. Tarscaoiltear táillí víosa d’iarratasóirí níos óige ná sin. Ina theannta sin, is féidir cur i bhfeidhm na víosaí a sheachfhoinsiú go dtí soláthraithe seirbhíse seachtracha a fhéadfaidh táille víosa a ghearradh suas le leath den táille víosa chaighdeánach ar a mhéad (is é sin EUR 40 faoi láthair).

I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme faoi phointe (b) d’Airteagal 25a(5) mar gheall ar chomhar neamhleor ó thríú tír maidir le hathligean isteach, gearrfar táille víosa EUR 120 nó EUR 160 ar iarratasóirí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.

Ina theannta sin, tá comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú sínithe ag an Aontas le roinnt tríú tíortha, a bhfuil ceithre cinn díobh fós i bhfeidhm:

–An Airméin 3 : laghdaítear an táille víosa go dtí EUR 35 d’iarratasóirí fásta agus tarscaoiltear í d’iarratasóirí faoi bhun 12 bhliain d’aois.

–An Asarbaiseáin 4 : laghdaítear an táille víosa go dtí EUR 35 d’iarratasóirí fásta agus tarscaoiltear í d’iarratasóirí faoi bhun 12 bhliain d’aois.

–An Bhealarúis 5 : laghdaítear an táille víosa go dtí EUR 35 d’iarratasóirí fásta agus tarscaoiltear í d’iarratasóirí faoi bhun 12 bhliain d’aois. (Tá sé ar fionraí go páirteach i gcás comhaltaí de Rialtas na Bealarúise nó comhaltaí toscaireachtaí oifigiúla.) 6

–Cabo Verde 7 : laghdaítear an táille víosa go 75 % den táille chaighdeánach i gcás náisiúnaigh nach dtairbhíonn de chomhaontú um eisiúint víosaí a éascú (VFA) (mar atá EUR 60 faoi láthair) agus tarscaoiltear í i gcás iarratasóirí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois.

Aon mhéadú ar an táille víosa trí bhíthin gníomh tarmligthe, ní bheidh feidhm aige maidir le hiarratasóirí ón Airméin, ón Asarbaiseáin nó ón mBealarúis, toisc go sonraítear na táillí víosa sna comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú a bhaineann leo agus ní dhéanann gníomh tarmligthe difear dóibh. Mar sin féin, ós rud é go ndéantar foráil sa chomhaontú um eisiúint víosaí a éascú le Cabo Verde maidir le céatadán den táille víosa chaighdeánach seachas méid socraithe, d’athródh sé i gcás náisiúnaigh Cabo Verde.

Síníodh comhaontuithe eile um eisiúint víosaí a éascú leis an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh, leis an tSeirbia agus leis an Úcráin. Mar sin féin, ós rud é gur aistríodh na tíortha sin go hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Víosaí 2018/1806 8 , ní gá dá náisiúnaigh iarratas a dhéanamh ar víosaí a thuilleadh, rud a fhágann nach bhfuil na comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú ábhartha a thuilleadh i gcleachtas den chuid is mó 9 .

Cuireadh an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú a síníodh le Cónaidhm na Rúise ar fionraí tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. 10

2.An táille víosa athbhreithnithe a ríomh

I gcomhréir le hAirteagal 16(9) den Chód Víosaí, déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar na táillí víosa gach trí bliana, agus critéir oibiachtúla amhail boilsciú ar fud an Aontais agus tuarastail na státseirbhíseach i mBallstáit an Aontais á gcur san áireamh.

Tá sé beartaithe leis an sásra um athbhreithniú ar tháillí méaduithe costais do na Ballstáit a léiriú agus iarratais ar víosaí á bpróiseáil acu ar fud an domhain. Chomh maith le speansais foirne, is iad réadmhaoin, trealamh agus seirbhísí, go háirithe sa réimse TF, na príomh‑chomhpháirteanna costais. Is léiriú iad tuarastail státseirbhíseach náisiúnta ar na méaduithe ar chostais foirne agus is léiriú é an boilsciú ar fud an Aontais ar na méaduithe ar chostais sna comhpháirteanna eile.

Cé go bhféadfadh an Coimisiún táscairí breise a úsáid agus an t‑athbhreithniú ar tháillí á ríomh, cuireadh an rogha sin as an áireamh ag céim luath sa phróiseas. Mar shampla, breithníodh ar cheart comhpháirt bhoilscithe a bhaineann go sonrach le suíomh a chur leis an ríomh, ós rud é gur lasmuigh den Aontas Eorpach a dhéantar formhór na próiseála víosaí. Dá bhrí sin, ní hamháin go ndéanann boilsciú san Aontas difear do chostais na mBallstát, ach déantar difear ar bhealach difreáilte mar gheall ar an mboilsciú i ngach ceann de shuíomhanna consalacha na mBallstát. Mar sin féin, dá gcuirfí comhpháirt bhoilscithe a bhaineann go sonrach le suíomh leis, bheadh gá le sonraí a fháil maidir leis na céadta cathracha ar fud an domhain, agus tharraingeodh sé anuas an cheist maidir le hualaí iomchuí a bhaineann go sonrach le suíomh a chinneadh. Ós rud é go bhfuil líonraí consalacha de mhéideanna agus de raonta feidhme geografacha an‑éagsúil ag na Ballstáit, is rud é an chomhpháirt bhoilscithe sin a thabharfadh isteach an fhéidearthacht go gcaithfí leis na Ballstáit ar bhealach éagothrom.

Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún an ríomh a theorannú don dá tháscaire a luaitear go sonrach sa Chód Víosaí, mar atá boilsciú ar fud an Aontais agus meán ualaithe thuarastail státseirbhísigh na mBallstát.

2.1.Boilsciú

Mar a fhoráiltear sa Chód Víosaí, úsáidtear an ráta boilscithe ar fud an Aontais arna fhoilsiú ag Eurostat, i.e. innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) 11 . Déantar an ráta boilscithe bliantúil a ríomh mar seo a leanas:

Ar bhonn an ríomh thuas, is féidir na sonraí seo a leanas a ríomh:

2020-2021

2021-2022

2022-2023

Innéacs mhí an Mheithimh i mBliain N

106,31

108,65

119,03

Innéacs mhí an Mheithimh i mBliain N+1

108,65

119,03

126,69

Ráta boilscithe bliantúil

2,2 %

9,6 %

6,4 %

2.2.Táscaire cumhachta ceannaigh maidir le státseirbhísigh na mBallstát

Rinneadh meán ualaithe na cumhachta ceannaigh a bhain le tuarastail státseirbhísigh na mBallstát a ríomh tríd an méid seo a leanas (ríomh mionsonraithe san Iarscríbhinn):

a)Éabhlóid an fhíor-ghlanluacha saothair i ngach Ballstát idir bliain N agus N+ 1 (=éabhlóid na cumhachta ceannaigh) a iolrú faoi ualach gach Ballstáit in OTI iomlán an Aontais. An OTI, arna shloinneadh mar phaireachtaí cumhachta ceannaigh, de bhrí go n‑úsáidtear an sciar d’OTI iomlán an Aontais mar fhachtóir ualaithe. Foilsíonn Eurostat an fíortháscaire glanluacha saothair in aghaidh an Bhallstáit chomh maith leis na hualuithe OTI comhfhreagracha go bliantúil i mí Dheireadh Fómhair agus cumhdaíonn siad an bhliain roimhe sin suas go dtí mí Iúil 12 .

b)Déantar an táscaire tuarastail iomlán uile-Aontais a ríomh mar shuim tháscaire OTI-ualaithe gach Ballstáit.

2.3.Táscaire Coigeartaithe Táille Víosa

Ríomhadh táscaire foriomlán a léiríonn éabhlóid an dá fhachtóir do gach tréimhse bhliantúil. Ríomhtar an táscaire sin ar an mbealach céanna a ríomhtar an nuashonrú bliantúil ar thuarastal státseirbhíseach an Aontais, lena gcomhcheanglaítear táscaire boilscithe le táscaire maidir le héabhlóid cumhachta ceannaigh na státseirbhíseach náisiúnta 13 :

Bunaithe air sin, is féidir an coigeartú seo a leanas ar an táille víosa a ríomh:

Rátaí boilscithe

Táscaire cumhachta ceannaigh tuarastail

Táscaire coigeartaithe táille víosa

Táille víosa choigeartaithe (EUR)

Tús

80,00

2020-2021

2,2 %

0,2 %

2,4 %

81,92

2021-2022

9,6 %

-4,6 %

4,6 %

85,69

2022-2023

6,4 %

-1,7 %

4,6 %

89,63

(Táillí in EUR)

Táille víosa laghdaithe do leanaí

Táille VFA ar víosa do náisiúnaigh Cabo Verde

Táille víosa mhéadaithe mar gheall ar Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle (1)

Táille víosa mhéadaithe mar gheall ar Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle (2)

Tús

40,00

60,00

120,00

160,00

2020-2021

40,96

61,44

122,88

163,84

2021-2022

42,84

64,26

128,53

171,38

2022-2023

44,81

67,22

134,44

179,26

Socraítear gurb é 2020 an bhliain ‘tosaigh’, toisc gurb é sin an bhliain a tháinig an sásra reatha i bhfeidhm chun athbhreithniú a dhéanamh ar an táille víosa.

3.Measúnú agus Tionchar

Mar thoradh ríomh na táille athbhreithnithe, méadaítear an táille ó EUR 80 go EUR 90 do dhaoine fásta, EUR 40 go EUR 45 do leanaí, agus EUR 120 go EUR 135 nó EUR 160 go EUR 180 i gcás inar ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme faoi phointe (b) d’Airteagal 25a(5) maidir le comhar neamhleor um athligean isteach. Mhéadódh an táille do náisiúnaigh Cabo Verde faoin gcomhaontú comhfhreagrach um eisiúint víosaí a éascú ó EUR 60 go EUR 67,50. Mhéadódh an táille seirbhíse uasta a ghearrfadh soláthraithe seirbhíse seachtracha ó EUR 40 go EUR 45. Is ionann é sin agus méadú 12,5 % ar an táille i gcoitinne le trí bliana anuas.

Ar bhonn ríomhanna inmheánacha, bheadh ioncam breise réamh‑mheasta thart ar EUR 71 milliún ann do na Ballstáit uile mar gheall ar mhéadú 12,5 % ar an táille víosa. 14  

Bhreithnigh an Coimisiún an iomchuí gníomh tarmligthe a ghlacadh lena leasófar na táillí víosa trí scrúdú a dhéanamh ar na táillí a ghearrann dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad ar sheirbhísí víosa. I gcomparáid le formhór na mórthíortha cinn scríbe eile, beidh an táille ar víosa Schengen fós íseal. Mar shampla, d’ardaigh na Stáit Aontaithe a dtáillí víosa le déanaí ó USD 160 go USD 185, arb é atá i gceist leis méadú 15 % ar tháillí víosaí. 15

Tír

Táille san airgeadra náisiúnta

Neastáillí in EUR

Stáit Aontaithe Mheiriceá

185 (USD)

172

An Ríocht Aontaithe

115-771, ag brath ar fhad na bailíochta (GBP)

135 – 900

Ceanada

100 + 85 táille bhithmhéadrachta (CAD)

130

An Astráil

190 (AUD)

117

An Nua-Shéalainn

211, gan tobhach turasóireachta a áireamh (NZD)

120

An tSeapáin

3 000 iontráil aonair
6 000 iontráil iolrach (JPY)

19
38

I bhfianaise na timpeallachta boilscithe le roinnt blianta anuas agus na méaduithe ar chostais ba ghá leis na Ballstáit a ionsú, measann an Coimisiún gur cheart na méaduithe ar tháillí ríofa a chur ar aghaidh chuig na hiarratasóirí ar víosaí. Dá bhrí sin, ghlac sé gníomh tarmligthe i gcomhthráth leis an tuarascáil seo chun éifeacht a thabhairt do na táillí víosa nua.

Mar thoradh ar mhéadú 12,5 % ar an táille víosa, meastar go dtiocfaidh méadú beagnach 12,5 % ar an ioncam víosa do na Ballstáit.

De réir Aithris 7 de Rialachán 2019/1155 16 , ba cheart an t‑ioncam breise sin a úsáid chun acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil, lena n‑áirítear foireann, chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus an sprioc-am 15 lá a leagtar amach in Airteagal 23 den Chód Víosaí agus an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear faoi Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas á gcomhlíonadh 17 . Ba cheart é a úsáid freisin chun a áirithiú gur féidir coinní a dhéanamh chun iarratas ar víosa a thaisceadh laistigh de choicís, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 den Chód Víosaí.

Is deacair coinne a chur in áirithe i roinnt mhaith tríú tíortha chun iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen mar is minic nach féidir le hiarratasóirí coinne a chur in áirithe ach amháin ar dháta a bheidh níos faide ná an spriocdháta coicíse a leagtar síos sa Chód Víosaí 18 . Mar gheall air sin, d’fhéadfaí cosc a chur freisin ar bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas tairbhe a bhaint as an nós imeachta brostaithe a fhorordaítear faoi Threoir 2004/38/CE. Tá tionchar diúltach ag an staid reatha ar íomhá an Aontais thar lear agus ar an gcaidreamh atá aige le roinnt dá chomhpháirtithe, agus dá bhrí sin ní mór aghaidh a thabhairt air.

Rinneadh breithniú ar an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag athrú ar an táille víosa, ós rud é go dtugann náisiúnaigh a ndeonaítear víosa dóibh agus a thaistealaíonn chuig limistéar Schengen ar chúis ar bith caipiteal eacnamaíoch leo a rannchuidíonn le geilleagair áitiúla. Ní mheastar gur dócha go mbeidh méadú íosta 12,5 % nó EUR 10 ina dhíspreagadh d’iarratasóirí ar víosaí, i bhfianaise an chostais iompair measartha níos airde ar thaisteal chuig limistéar Schengen nó an chostais ar lóistín le linn an turais. Thángthas ar an gconclúid chéanna in 2018, roimh an méadú deireanach ar an táille víosa. 19 Dá bhrí sin, níltear ag súil le haon tionchar eacnamaíoch diúltach, agus níl an Coimisiún ag súil le haon tionchar suntasach ar an líon iarratasóirí ar víosaí, go háirithe le haghaidh turasóireachta nó gnó.

4.Tuairisc ar tharmligean na gcumhachtaí

Ós rud é gur tugadh tarmligean na cumhachta don Choimisiún in 2019, is é seo an chéad uair a bhfuil an Coimisiún á úsáid agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige lena ndéantar athbhreithniú ar na táillí víosa. Bhí an Coimisiún in ann tarmligean na gcumhachtaí a fheidhmiú mar a bhí beartaithe ag na comhreachtóirí gan fadhbanna, agus é ag teorannú é féin do na táscairí oibiachtúla a liostaítear go sainráite sa Chód Víosaí (boilsciú ar fud an Aontais agus meán ualaithe thuarastail státseirbhísigh na mBallstát). Bhí na sonraí riachtanacha ar fáil ó Eurostat go tráthúil agus chuir siad ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar a iomchuí a bheadh sé an táille víosa a athbhreithniú. Bhain an Coimisiún úsáid as an gcumhacht tharmligthe chun na táillí víosa nua a shocrú i gcomhréir le torthaí na ríomhanna.

Ní fheiceann an Coimisiún aon bhac ar shíneadh intuigthe a chur le tarmligean na gcumhachtaí, dá bhforáiltear in Airteagal 51a(2) den Chód Víosaí, rud a d’fhágfadh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú arís ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa in 2026/27.

5.Conclúid

Ar bhonn na modheolaíochta agus an mheasúnaithe thuas, glacann an Coimisiún, in éineacht leis an tuarascáil seo, gníomh tarmligthe lena méadaítear na táillí víosa 12,5 %, rud a fhágfaidh go n‑íocfaidh daoine fásta táille EUR 90 feasta.

Thairis sin, tapaíonn an Coimisiún an deis seo chun Aithris 7 de Rialachán 2019/1155 chomh maith le hAirteagal 9 den Chód Víosaí arna leasú a mheabhrú do na Ballstáit agus iarrann sé ar na Ballstáit an t‑ioncam nua a úsáid chun acmhainní a mhéadú — lena n‑áirítear foireann — chun acmhainneachtaí próiseála víosaí a mhéadú sna consalachtaí agus chun amanna feithimh a laghdú d’iarratasóirí, deireadh a chur le cásanna nuair nach gcomhlíontar na sprioc-amanna a shonraítear sa Chód Víosaí ná an nós imeachta brostaithe a fhorordaítear do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas faoi Threoir 2004/38/CE.

Comhlíonann an tuarascáil seo an ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 51d(2) den Chód Víosaí freisin. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.



Iarscríbhinn — Ríomh an táscaire tuarastail (cumhacht ceannaigh)

2020-21

An Ballstát

Táscaire fíor-ghlanluacha saothair

Ualach OTI i gCaighdeán Cumhachta Ceannaigh (EU27=100)

Éifeacht ar an iomlán

BE

-2,3 %

3,0 %

-0,1 %

BG

10,4 %

0,8 %

0,1 %

CZ

6,2 %

2,2 %

0,1 %

DK

-0,4 %

1,8 %

0,0 %

DE

0,1 %

22,6 %

0,0 %

EE

12,5 %

0,3 %

0,0 %

IE

0,3 %

2,4 %

0,0 %

EL

-0,6 %

1,5 %

0,0 %

ES

-0,5 %

9,1 %

0,0 %

FR

-0,8 %

15,7 %

-0,1 %

HR

2,3 %

0,6 %

0,0 %

IT

-1,3 %

12,5 %

-0,2 %

CY

-0,7 %

0,2 %

0,0 %

LV

0,8 %

0,3 %

0,0 %

LT

0,7 %

0,5 %

0,0 %

LU

-3,3 %

0,4 %

0,0 %

HU

1,7 %

1,6 %

0,0 %

MT

5,0 %

0,1 %

0,0 %

NL

0,2 %

5,2 %

0,0 %

AT

-0,9 %

2,5 %

0,0 %

PL

3,8 %

6,5 %

0,2 %

PT

1,2 %

1,8 %

0,0 %

RO

-1,9 %

3,1 %

-0,1 %

SI

-1,1 %

0,4 %

0,0 %

SK

6,2 %

0,9 %

0,1 %

FI

0,6 %

1,4 %

0,0 %

SE

0,0 %

2,8 %

0,0 %

   Táscaire iomlán le haghaidh 2020-21: 0,2 %



2021-22

An Ballstát

Táscaire fíor-ghlanluacha saothair

Ualach OTI i gCaighdeán Cumhachta Ceannaigh (EU27=100)

Éifeacht ar an iomlán

BE

-3,3 %

3,2 %

-0,1 %

BG

-9,6 %

0,8 %

-0,1 %

CZ

-11,3 %

2,2 %

-0,2 %

DK

-6,6 %

1,7 %

-0,1 %

DE

-5,5 %

22,2 %

-1,2 %

EE

-18,4 %

0,3 %

-0,1 %

IE

-0,9 %

2,5 %

0,0 %

EL

-10,4 %

1,5 %

-0,2 %

ES

-8,1 %

8,9 %

-0,7 %

FR

0,2 %

15,8 %

0,0 %

HR

-8,1 %

0,6 %

0,0 %

IT

1,0 %

12,6 %

0,1 %

CY

-5,9 %

0,2 %

0,0 %

LV

-9,8 %

0,3 %

0,0 %

LT

-10,7 %

0,6 %

-0,1 %

LU

-5,3 %

0,4 %

0,0 %

HU

-9,5 %

1,6 %

-0,2 %

MT

-3,3 %

0,1 %

0,0 %

NL

-4,3 %

5,2 %

-0,2 %

AT

-5,9 %

2,4 %

-0,1 %

PL

-10,9 %

6,6 %

-0,7 %

PT

-6,1 %

1,7 %

-0,1 %

RO

-8,1 %

3,1 %

-0,3 %

SI

-7,4 %

0,4 %

0,0 %

SK

-6,5 %

0,8 %

-0,1 %

FI

-5,5 %

1,4 %

-0,1 %

SE

-4,3 %

2,9 %

-0,1 %

   Táscaire iomlán le haghaidh 2021-22: -4,6 %



2022-23

An Ballstát

Táscaire fíor-ghlanluacha saothair

Ualach OTI i gCaighdeán Cumhachta Ceannaigh (EU27=100)

Éifeacht ar an iomlán

BE

6,1 %

3,1 %

0,0 %

BG

0,1 %

0,9 %

0,0 %

CZ

-8,5 %

2,2 %

-0,2 %

DK

-0,1 %

1,8 %

0,0 %

DE

-3,0 %

21,9 %

-0,7 %

EE

-2,6 %

0,3 %

0,0 %

IE

2,8 %

2,7 %

0,1 %

EL

-1,3 %

1,6 %

0,0 %

ES

2,2 %

9,1 %

0,2 %

FR

-2,0 %

15,5 %

-0,3 %

HR

4,2 %

0,6 %

0,0 %

IT

-5,3 %

12,8 %

-0,7 %

CY

4,1 %

0,2 %

0,0 %

LV

11,5 %

0,3 %

0,0 %

LT

-4,6 %

0,6 %

0,0 %

LU

2,9 %

0,4 %

0,0 %

HU

-8,7 %

1,7 %

-0,1 %

MT

-2,4 %

0,1 %

0,0 %

NL

0,2 %

5,2 %

0,0 %

AT

0,5 %

2,5 %

0,0 %

PL

-1,4 %

6,7 %

-0,1 %

PT

2,2 %

1,8 %

0,0 %

RO

-0,6 %

3,3 %

0,0 %

SI

3,4 %

0,4 %

0,0 %

SK

0,0 %

0,8 %

0,0 %

FI

-0,9 %

1,4 %

0,0 %

SE

-4,6 %

2,8 %

-0,1 %

   Táscaire iomlán le haghaidh 2022-23: -1,7 %

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí IO L 243, 15.9.2009, lch. 1,
ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/2020-02-02 .
(2) Méadaithe ó EUR 60 le linn an athbhreithnithe dheireanaigh ar an gCód Víosaí in 2020.
(3) ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/628/oj .
(4) ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/242/oj .
(5) ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2020/752/oj .
(6) ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1940/oj .
(7) ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/521/2021-10-19 .
(8)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39-58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/2023-05-15 .
(9) Mar sin féin, i gcás inar gá do náisiúnaigh na dtíortha sin iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta, mar shampla toisc go bhfuil pasanna neamh‑bhithmhéadracha acu nach bhfuil incháilithe do thaisteal gan víosa, tá feidhm fós ag na comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú. Foráiltear sna comhaontuithe maidir le táille víosa EUR 35 d’iarratasóirí fásta agus ní dhéanfadh méadú ar an táille víosa difear dó sin.
(10) ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1500/oj .
(11)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser//product/view/PRC_HICP_MIDX .
(12) Tuarascálacha Eurostat maidir le nuashonruithe bliantúla 2021, 2022 agus 2023 ar luach saothair agus pinsin oifigigh an Aontais, le fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/web/civil-servants‑remuneration/publications. Tá an bunachar sonraí ar fáil ar Eurobase ag https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/prc_rem_cs/default/table .
(13)    Féach Lámhleabhar Modheolaíochta Eurostat, Doiciméad A6465/14/26 rev4, go háirithe an sampla den ríomh anótáilte in bhFoscríbhinn a Dó, https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/Annexes/prc_rem_esms_an3.7z .
(14) Tá méadú thart ar 12,3 % i gceist leis sin. Is é is cúis leis sin nach ndéanfaidh an méadú ar tháillí víosa difear don táille víosa d’iarratasóirí a chumhdaítear faoi na comhaontaithe um eisiúint víosaí a éascú leis an Airméin, leis an Asarbaiseáin agus leis an mBealarúis. Ina theannta sin, beidh díolúine fós ag iarratasóirí áirithe ó tháille víosa a íoc.
(15) Ó 17 Meitheamh, 2023. https://travel.state.gov/content/travel/en/News/visas‑news/niv-fee-increases‑to-take-effect‑june-17-2023.html .
(16) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1155/oj .
(17) Airteagal 5(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/2011-06-16 ): ‘Deonóidh na Ballstáit gach saoráid do na daoine sin chun na víosaí is gá a fháil. Eiseofar víosaí den sórt sin saor in aisce a luaithe is féidir agus ar bhonn nós imeachta brostaithe’.
(18) Airteagal 9.2 den Chód Víosaí: ‘Féadfar a cheangal ar iarratasóirí coinne a shocrú chun iarratas a thaisceadh. De ghnáth, beidh an coinne ann laistigh de thréimhse dhá sheachtain ón dáta ar iarradh an coinne.’
(19) Féach pointe 8.1 den Mheasúnú Tionchair:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A52018SC0077 .