Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0034 - 0035
Airteagal 6 1. Beidh na comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag an gComhphobal nó i gcomhréir le hAirteagal 24 nó le hAirteagal 38 de Chonradh AE, le tríú Stát amháin nó níos mó, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, ina gceangal ar na Ballstáit nua faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí bunaidh agus san Ionstraim seo. 2. Gabhann na Ballstáit nua orthu féin aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim seo, do na comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag na Ballstáit láithreacha agus ag an gComhphobal, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, agus do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit sin agus a bhfuil baint acu leis na comhaontuithe nó coinbhinsiúin sin. Déanfar aontachas na mBallstát nua leis na comhaontuithe nó coinbhinsiún atá luaite i mír 6 thíos, mar aon leis na comhaontuithe leis an mBealarúis, leis an tSín, leis an tSile, le Mercosur agus leis an Eilvéis arna dtabhairt i gcrích nó arna síniú go comhpháirteach ag an gComhphobal agus a Bhallstáit a chomhaontú trí phrótacal le comhaontuithe nó coinbhinsiúin den sórt sin a thabhairt i gcrích idir an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus an tríú tír nó na tríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Tá an nós imeachta seo gan dochar d'inniúlachtaí an Chomhphobail agus ní dhéanann sé difear do chionroinnt na gcumhachtaí idir an Comhphobal agus na Ballstáit i dtaca le comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích sa todhchaí nó aon leasuithe eile nach mbaineann le haontachas. Caibidleoidh an Coimisiún na prótacail sin thar ceann na mBallstát ar bhonn treoracha caibidlíochta arna bhformheas ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aontoil, agus i gcomhairle le coiste ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát. Tíolacfaidh sé dréacht de na prótacail don Chomhairle lena dtabhairt i gcrích. 3. Amhail óna n-aontachas leis na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 2, gheobhaidh na Ballstáit nua na cearta agus na hoibleagáidí céanna faoi na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin sin atá ag na Ballstáit láithreacha. 4. Aontóidh na Ballstáit nua leis an Ionstraim seo don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí den Ghrúpa Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile [1], arna shíniú in Cotonou ar an 23 Meitheamh 2000. 5. Gabhann na Ballstáit nua orthu féin aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim seo, don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch [2], i gcomhréir le hAirteagal 128 den Chomhaontú sin. 6. Amhail ó dháta an aontachais, agus go dtí go dtabharfar na prótacail dá dtagraítear i mír 2 i gcrích, cuirfidh na Ballstáit nua i bhfeidhm forálacha na gComhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit láithreacha agus, go comhpháirteach, ag an gComhphobal leis an Ailgéir, leis an Airméin, leis an Asarbaiseáin, leis an mBulgáir, leis an gCróit, leis an Éigipt, le IPIM, leis an tSeoirsia, le hIosrael, leis an Iordáin, leis an gCasacstáin, leis an gCirgeastáin, leis an Liobáin, leis an Moldáiv, le Maracó, leis an Rómáin, le Cónaidhm na Rúise, le San Mairíne, leis an Afraic Theas, leis an gCóiré Theas, leis an tSiria, leis an Túinéis, leis an Tuirc, leis an Tuircméanastáin, leis an Úcráin agus leis an Úisbéiceastáin mar aon le forálacha aon chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích go comhpháirteach ag na Ballstáit láithreacha agus ag an gComhphobal roimh an aontachas. Beidh aon oiriúnuithe ar na Comhaontuithe sin ina n-ábhar do phrótacail arna dtabhairt i gcrích leis na tíortha comhchonarthacha ar cothrom le forálacha an dara fomhír de mhír 2. Mura mbeidh na prótacail tugtha i gcrích faoi dháta an aontachais, glacfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, na bearta is gá chun déileáil leis an staid sin amhail ón aontachas. 7. Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh na Ballstáit nua na comhaontuithe agus comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstílí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha a chur i bhfeidhm. Déanfar na srianta cainníochtúla arna gcur i bhfeidhm ag an gComhphobal ar allmhairí táirgí teicstíle agus éadaigh a oiriúnú chun aontachas na mBallstát nua leis an gComhphobal a chur san áireamh. Chuige sin, féadfaidh an Comhphobal leasuithe ar na comhaontuithe agus comhshocraíochtaí déthaobhacha dá dtagraítear thuas a chaibidil leis na tríú tíortha i dtrácht roimh dháta an aontachais. Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstíle tagtha i bhfeidhm faoi cheann dháta an aontachais, déanfaidh an Comhphobal na hoiriúnuithe is gá ar a rialacha maidir le táirgí teicstíle agus éadaigh a allmhairiú ó thríú tíortha chun aontachas na mBallstát nua leis an gComhphobal a chur san áireamh. 8. Déanfar na srianta cainníochtúla ar allmhairí cruach agus táirgí cruach arna gcur i bhfeidhm ag an gComhphobal a oiriúnú ar bhonn allmhairí na mBallstá nua sna blianta deireanacha de tháirgí cruach de thionscnamh na dtíortha is soláthraithe i dtrácht. Chuige sin, déanfar na leasuithe is gá ar na comhaontuithe agus comhshocraíochtaí déthaobhacha cruach arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha a chaibidliú roimh dháta an aontachais. Mura mbeidh na na leasuithe ar na comhaontuithe agus comhshocraíochtaí déthaobhacha tar éis teacht i bhfeidhm faoi cheann dháta an aontachais, beidh feidhm ag forálacha na chéad fhomhíre. 9. Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an Comhphobal comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit nua le tríú tíortha a bhainistiú. Ní dhéanfar difear do na cearta ná oibleagáidí a leanann do na Ballstáit nua ó na comhaontuithe sin le linn na tréimhse a mbeidh forálacha na gcomhaontuithe sin á gcoimeád ar bun go sealadach. A thúisce is féidir agus ar chaoi ar bith roimh na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhul in éag, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí iomchuí i ngach cás chun go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a leanann ó na comhaontuithe sin, lena n-áirítear an chaoi chun comhaontuithe áirithe a fhadú go ceann tréimhsí nach mó ná bliain amháin. 10. Le héifeacht ó dháta an aontachais, tarraingeoidh na Ballstáit nua siar ó aon chomhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa. Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe idir ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nua ar thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile ag luí leis na hoibleagáidí a thig ón gConradh seo, glacfaidh an Ballstát nua gach céim iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí arna bhunú. Má bhaineann deacrachtaí do Bhallstát nua le linn oiriúnú a dhéanamh ar chomhaontú arna thabhairt i gcrích roimh an aontachas le tríú tír amháin nó níos mó, tarraingeoidh sé siar ó gcomhaontú sin de réir théarmaí an chomhaontaithe. 11. Tríd an Ionstraim seo agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos inti, aontaíonn na Ballstáit nua do na comhaontuithe inmheánacha arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit láithreacha chun na comhaontuithe nó coinbhinsiúin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 go 6 a chur chun feidhme. 12. Glacfaidh na Ballstáit nua, más gá, bearta iomchuí chun a seasamh i ndáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a bhfuil an Comhphobal nó a bhfuil Ballstáit eile ina bpáirtithe iontu freisin a oiriúnú do na cearta agus oibleagáidí a eascraíonn óna n-aontachas leis an Aontas. Tarraingeoidh siad siar go háirithe ar dháta an aontachais nó ar an dáta is túisce is féidir ina dhiaidh ó eagraíochtaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh ar páirtí iontu freisin an Comhphobal, mura mbaineann a gcomhaltas le hábhair seachas ábhair iascaigh. [1] IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. [2] IO L 1, 3.1.1994, lch. 3. --------------------------------------------------