|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/832 |
10.4.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/832 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun liosta a bhunú de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí den phainéal saineolaithe arna bhunú faoi Airteagal 409 den Chomhaontú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), tugadh i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 409(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’) arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (j), den Chomhaontú Trádála agus Comhair le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus ábalta a bheith ina bpainéalaithe maidir le hábhair a eascraíonn as Airteagal 355(3) agus Caibidlí 6, 7 agus 8 de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
|
(3) |
Ba cheart do gach Páirtí cúigear ar a laghad a ainmniú chun bheith ina bpainéalaithe. Ba cheart do na Páirtithe freisin cúigear ar a laghad a ainmniú nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus atá toilteanach agus ábalta a bheith ina chathaoirleach ar phainéal saineolaithe. |
|
(4) |
Ba cheart don Choiste Speisialaithe Trádála a áirithiú go gcoimeádfar an liosta cothrom le dáta, agus go mbeidh 15 dhuine aonair ar a laghad ar an liosta i gcónaí. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 409(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart do na saineolaithe a mholtar chun bheith ina bpainéalaithe eolas speisialaithe nó saineolas a bheith acu ar dhlí an tsaothair nó an chomhshaoil, ar shaincheisteanna eile a dtugtar aghaidh orthu sa Chaibidil ábhartha nó sna Caibidlí ábhartha, nó ar réiteach díospóidí a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta. |
|
(6) |
Thairis sin, ba cheart do na saineolaithe a mholtar chun bheith ina bpainéalaithe feidhmiú ina gcáil phearsanta, agus níor cheart dóibh glacadh le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Níor cheart go mbeidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí agus níor cheart dóibh glacadh le treoracha ó cheachtar Páirtí, agus ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh ná ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de Rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe ar an liosta sin. |
|
(7) |
Ar bhonn na moltaí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, is iomchuí don Choiste Speisialaithe Trádála teacht ar chomhaontú maidir leis an dá fholiosta le haghaidh phost na bpainéalaithe, agus maidir leis an bhfoliosta le haghaidh phost an chathaoirligh ar an bpainéal saineolaithe. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Choiste Speisialaithe Trádála a leagan amach sa Dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’) arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun liosta a bhunú de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí den phainéal saineolaithe arna bhunú faoi Airteagal 409 den Chomhaontú sin, leagtar amach é sa Dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/689/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2026 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE TRÁDÁLA UM CHOTHROM IOMAÍOCHTA UM AN IOMAÍOCHT CHÓIR AGUS OSCAILTE AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an …
lena mbunaítear liosta de dhaoine aonair a bheidh toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí de phainéal saineolaithe arna bhunú faoi Airteagal 409 den Chomhaontú sin
AN COISTE SPEISIALAITHE TRÁDÁLA UM CHOTHROM IOMAÍOCHTA UM AN IOMAÍOCHT CHÓIR AGUS OSCAILTE AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 409 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, tugadh i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 409(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’) arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (j), den Chomhaontú Trádála agus Comhair le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí den phainéal saineolaithe maidir le hábhair a eascraíonn as Airteagal 355(3) agus Caibidlí 6, 7 agus 8 de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
|
(3) |
Ba cheart do gach Páirtí cúigear ar a laghad a ainmniú chun bheith ina gcomhaltaí den phainéal saineolaithe. Ba cheart do na Páirtithe freisin cúigear ar a laghad a ainmniú nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus atá toilteanach agus ábalta a bheith ina chathaoirleach ar phainéal saineolaithe. |
|
(4) |
Ba cheart don Choiste Speisialaithe Trádála a áirithiú go gcoimeádfar an liosta cothrom le dáta agus go mbeidh 15 dhuine aonair ar a laghad ar an liosta i gcónaí. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 409(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart do na saineolaithe a mholtar chun bheith ina bpainéalaithe eolas speisialaithe nó saineolas a bheith acu ar dhlí an tsaothair nó an chomhshaoil, ar shaincheisteanna eile a dtugtar aghaidh orthu sa Chaibidil ábhartha nó sna Caibidlí ábhartha, nó ar réiteach díospóidí a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta. |
|
(6) |
Ina theannta sin, ba cheart do na saineolaithe a mholtar chun bheith ina bpainéalaithe feidhmiú ina gcáil phearsanta, agus níor cheart dóibh glacadh le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Níor cheart go mbeidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí agus níor cheart dóibh glacadh le treoracha ó cheachtar Páirtí, agus ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh ná ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de Rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe ar an liosta sin. |
|
(7) |
Ar bhonn na moltaí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, is iomchuí don Choiste Speisialaithe Trádála teacht ar chomhaontú maidir leis an dá fholiosta le haghaidh phost na bpainéalaithe, agus maidir leis an bhfoliosta le haghaidh phost an chathaoirligh ar an bpainéal saineolaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí de phainéal saineolaithe a luaitear in Airteagal 409 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann an Choiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe
Na Comhchathaoirligh
(1) IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/689/oj).
IARSCRÍBHINN
|
(a) |
foliosta na ndaoine arna bhunú ar bhonn moltaí ón Aontas;
|
|
(b) |
foliosta na ndaoine arna bhunú ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe;
|
|
(c) |
an foliosta de dhaoine aonair ba cheart a bheith ina chathaoirleach ar an bpainéal saineolaithe
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/832/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)