European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3232

23.12.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3232 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 9300)

(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 ón gCoimisiún (4) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagadh síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir.

(5)

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíocht ina raibh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ar coimeád. Mar thoradh air sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 ón gCoimisiún (5) rinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 a aisghairm agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 ón gCoimisiún a chur ina ionad. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBulgáir, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(6)

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi ráigeanna breise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí ina raibh ainmhithe den chineál caorach ar coimeád. Dá bhrí sin, leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/3111 ón gCoimisiún (6).

(7)

Ina dhiaidh sin, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi dhá ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí ina raibh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhar ar coimeád, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiúin Sliven agus Haskovo. Tá ceann de na ráigeanna ann lasmuigh de na criosanna srianta a bunaíodh cheana féin mar thoradh ar ráigeanna a tharla roimhe sin.

(8)

Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise sa Bhulgáir san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918, ba cheart iad a choigeartú ó thaobh spáis agus ama de, chun leathadh breise an ghalair sa Bhulgáir agus sa chuid eile den Aontas a chosc, agus ba cheart fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a choigeartú. Thairis sin, is gá tuilleadh criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise a bhunú agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm iontu a leagan síos maidir leis an ráig a deimhníodh i réigiún Sliven. Dá bhrí sin, an liosta de chriosanna cosanta agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm iontu, ar liosta é a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, ba cheart é a leasú dá réir sin.

(9)

Méid na gcriosanna agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise, tá siad bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar sa Bhulgáir mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. Cuirtear caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH (7)) san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá riosca ard ann go leathfaidh an galar a thuilleadh ós rud é gur tharla ráig nua den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, agus gur deimhníodh an chéad ráig i réigiún Sliven. Tugann sé sin le fios go bhfuil an galar fós ann agus ag leathadh thar achair fhada, d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm cheana.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 a leasú dá réir sin.

(11)

Agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 a fhadú go dtí an 1 Márta 2025.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 mar a leanas:

1.

in Airteagal 4, cuirtear ‘1 Márta 2025’ in ionad an dáta ‘28 Feabhra 2025’;

2.

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Seolaí

Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Bhulgáir (IO L, 2024/2778, 29.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2778/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 (IO L, 2024/2918, 22.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2918/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3111 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir (IO L, 2024/3111, 11.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3111/oj).

(7)  Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Domhanda um Shláinte Ainmhithe, Rochtain ar Líne ar an gCód um Shláinte na nAinmhithe Talún - WOAH - an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.


IARSCRÍBHINN

A.   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

Réigiún Haskovo

BG-CAPRIPOX-2024-00003

BG-CAPRIPOX-2024-00004

BG-CAPRIPOX-2024-00006

BG-CAPRIPOX-2024-00007

BG-CAPRIPOX-2024-00009

Crios cosanta:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.9698, Long. 25.6564 (2024/3), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2024/4), Lat. 41.96618 Long. 25.66267 (2024/6), Lat 1.91051, Long. 25.54653(2024/7), Lat 41.92, Long. 25.53 (2024/9)

27.12.2024

Crios faireachais:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.9698, Long. 25.6564 (2024/3), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2024/4), Lat. 41.96618 Long. 25.66267 (2024/6), Lat 41.91051, Long. 25.54653(2024/7), Lat 41.92, Long. 25.53 (2024/9) excluding the areas contained in the protection zone

5.1.2025

Crios faireachais:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.9698, Long. 25.6564 (2024/3), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2024/4), Lat. 41.96618, Long. 25.66267 (2024/6), Lat 1.91051, Long. 25.54653(2024/7), Lat 41.92, Long. 25.53 (2024/9)

28.12.2024 – 5.1.2025

Réigiún Sliven

BG-CAPRIPOX-2024-00008

Crios cosanta:

Those parts of the region of Sliven, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.587, Long. 26.4778 (2024/8)

22.12.2024

Crios faireachais:

Those parts of the region of Sliven, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.587, Long. 26.4778 (2024/8) excluding the areas contained in the protection zone

31.12.2024

Crios faireachais:

Those parts of the region of Sliven, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.587, Long. 26.4778 (2024/8).

23.12.2024 go dtí an 30.1.2025

B.   Criosanna srianta breise

Aonad réigiúnach

Limistéir a áirítear sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 2

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

Réigiún Stara Zagora

Municipalities Radnevo, Stara Zagora

16.11.2024 – 20.12.2024

Municipalities Galabovo and Opan

4.2.2025

Réigiún Haskovo

Entire territory of the region of Haskovo, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

4.2.2025

Entire territory of the region of Haskovo

6.1.2025 – 4.2.2025

Réigiún Sliven

Entire territory of the region of Sliven excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

30.1.2025

Críoch iomlán réigiún Sliven

1.1.2025 go dtí an 30.1.2025

Réigiún Yambol

Municipalities of Straldzha, Yambol and Tundzha

30.1.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3232/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)