4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 95/42


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/733 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 April 2023

lena n-ainmnítear saoráidí tástála de chuid an Aontais le haghaidh trealamh raidió agus bréagán i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267 ón gCoimisiún (2) go bhfuil saoráidí tástála poiblí de chuid na mBallstát le hainmniú mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais tar éis glao ar léiriú spéise.

(2)

Sheol an Coimisiún an glao ar léiriú spéise maidir le trealamh raidió agus bréagáin 325/G/GRO/IMA/22/2711/12562. Rinneadh meastóireacht ar na hiarratais a fuarthas de bhun na rialacha is infheidhme agus de réir na gcritéar a leagadh amach sa ghlao ar léiriú spéise.

(3)

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta, ba cheart Údarás Phoblacht na Liotuáine um Rialáil Cumarsáide a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh trealamh raidió agus ba cheart Service Commun des Laboratoires a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh bréagán,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Saoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh trealamh raidió

Leis seo, ainmnítear Údarás Phoblacht na Liotuáine um Rialáil Cumarsáide (Mortos str. 14, LT-03219 Vilnias, an Liotuáin) mar shaoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh trealamh raidió.

Airteagal 2

Saoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh bréagán

Leis seo, ainmnítear Service Commun des Laboratoires (369 rue Jules Guesde, 59651 Villeneuve d’Ascq, an Fhrainc) mar shaoráid tástála de chuid an Aontais le haghaidh bréagán.

Airteagal 3

An t-ainmniú a athbhreithniú

I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267, déanfar an t-ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Chinneadh seo a athbhreithniú faoin 24 Aibreán 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena sonraítear na nósanna imeachta chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú chun críocha faireachais margaidh agus fíoraithe ar chomhlíonadh táirgí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 192, 21.7.2022, lch. 21).