European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2884

13.11.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2884 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 ón gComhairle lena n-údaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE, rialaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a úsáideann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Tá ceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ngnó.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 ón gComhairle (2), údaraítear don Chróit teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a íoctar ar cheannach agus ar léasú gluaisteán sonraithe paisinéirí ag a bhfuil ocht suíochán ar a mhéad sa bhreis ar shuíochán an tiomána a asbhaint, lena n-áirítear na hearraí agus na seirbhísí uile arna soláthar i ndáil leis sin a cheannach, nuair nach n-úsáidtear na gluaisteáin sin go hiomlán chun críoch gnó. Leis an údarú sin, déantar daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid neamhghnó gluaisteán paisinéirí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin.

(3)

Cuireadh síneadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1997 ón gComhairle (3), agus tá sé le dul in éag an 31 Nollaig 2024.

(4)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 3 Aibreán 2024, d’iarr an Chróit údarú chun leanúint den beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE chun srian a chur leis an gceart asbhainte i ndáil le caiteachas a bhaineann le gluaisteáin áirithe paisinéirí nach n-úsáidtear chun críoch gnó amháin (‘an beart speisialta’).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Chróit chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 14 Bealtaine 2024. Le litir dar dáta an 15 Bealtaine 2024, thug an Coimisiún fógra don Chróit go raibh an fhaisnéis uile a raibh gá léi aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 6, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994, chuir an Chróit tuarascáil isteach ina raibh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar síos chun an ceart asbhainte a theorannú. Ar bhonn na tuarascála sin, áitíonn an Chróit go bhfuil bonn cirt leis an teorainn 50 % fós agus go bhfuil sé fós iomchuí.

(7)

Ós rud é go raibh tionchar dearfach ag an mbeart maidir leis an ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach araon trí bhailiú CBL a shimpliú agus imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choinneáil a chosc, ba cheart údarú a thabhairt don Chróit leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an bhirt speisialta, go dtí an 31 Nollaig 2027, ionas go bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar an gcéatadán iomchuí.

(8)

I gcás ina measann an Chróit go mbeidh gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2027. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt a bheith ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áiritear athbhreithniú ar an gcéatadán a cuireadh i bhfeidhm.

(9)

Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Chróit ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dheanfaidh sé dochair d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994:

‘Airteagal 6

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig Phoblacht na Cróite a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena n-údaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 320, 17.12.2018, lch. 35).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1997 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 lena n-údaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 408, 17.11.2021, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2884/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)