Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún
(COM(2022) 666 final — 2022/0391 (COD))
agus maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)
(COM(2022) 667 final — 2022/0392 (COD))
(2023/C 184/07)
|
Rapóirtéir:
|
Ferre WYCKMANS
|
|
Comhairliúchán
|
|
a)
|
An Chomhairle, 21.12.2022
|
|
b)
|
Parlaimint na hEorpa, 12.12.2022
An Chomhairle, 21/12/2022
|
|
|
Bunús dlí
|
|
a)
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
b)
|
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
22.3.2023
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
577
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
148/0/3
|
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1.
|
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go dtéann córas éifeachtach cosanta dearaidh chun sochair do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne sa chaoi is go spreagtar iomaíocht agus cleachtais tráchtála atá cóir. Lena chois sin, cuireann a leithéid de chóras dlús leis an bhforbairt eacnamaíoch tríd an gcruthaitheacht a spreagadh sa tionscal, sna táirgí, sna gníomhaíochtaí tráchtála agus san easpórtáil.
|
|
1.2.
|
I bhformhór na mBallstát, ní mór an dearadh a chlárú le hoifig náisiúnta maoine tionsclaíche chun a áirithiú go mbeidh an dearadh faoi chosaint an dlí. De réir na reachtaíochta náisiúnta atá á breithniú, mar aon leis an gcineál dearaidh, d’fhéadfadh an dearadh a bheith faoi chosaint cóipchirt mar dhearadh neamhchláraithe nó saothar ealaíne. I roinnt Ballstát, is féidir an chosaint mar dhearadh tionsclaíoch agus an chosaint cóipchirt a thabhairt le chéile; i roinnt Ballstát eile tá siad éagsúil go hiomlán ó chéile. I gcúinsí áirithe, bíonn dearadh incháilithe do chosaint faoi dhlí maidir le hiomaíocht éagórach; d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann, áfach, ó thaobh na gcoinníollacha maidir le cosaint agus raon feidhme na gceart/na modhanna sásaimh atá ann cheana.
|
|
1.3.
|
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an creat dlíthiúil maidir le dearaí a chur in oiriúint don ré dhigiteach d’fhonn téarnamh agus athléimneacht an Aontais a chothú, mar aon leis an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a spreagadh. Tá sé ar aon fhocal maidir leis an sainmhíniú nua a úsáidtear ar dhearadh dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Treorach. Cuirtear le hábharthacht an tsainmhínithe sin i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, trí choincheap an táirge a leathnú chun go mbeidh dearaí teicneolaíocha i gceist leis, dearaí nach gcorpraítear iad i dtáirgí fisiciúla.
|
|
1.4.
|
Ina theannta sin, tacaíonn CESE le teorainn a chur leis an gcosaint a bhaineann le gnéithe den chuma, gnéithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú, óir cuirfidh sé seo le deimhneacht dhlíthiúil na cosanta céanna.
|
|
1.5.
|
Is díol sásaimh do CESE go nglactar an réiteach sa togra le haghaidh rialacháin, réiteach a leag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amach ina breithiúnas “Acacia” an 20 Nollaig 2017 (1), inar shoiléirigh sí léirmhíniú ar choincheap an chlásail deisiúcháin, go háirithe mar gheall go gcuireann sé feabhas ar chosaint do thomhaltóirí.
|
|
1.6.
|
Ar an taobh eile, ní chreideann CESE go laghdófar costas iomlán na dtáillí dá socrófaí an táille foilseacháin agus an táille chlárúcháin a thabhairt le chéile, óir tiocfaidh méadú suntasach ar chostas na n-athnuachaintí, mar atá beartaithe. Dá bhrí sin, níl an beart seo chomh fabhrach céanna do FBManna ná do dhearthóirí aonair mar a mhaítear. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh táillí níos ísle ann do FBManna agus do dhearthóirí aonair, táillí a bheidh i gcomhréir lena láimhdeachas, más féidir sin.
|
|
1.7.
|
Dar le CESE, tá gá leis an simpliú a rinneadh de bharr deireadh a chur leis an riail “aontacht aicme” ach measann sé nach leor é, ós rud é go bhfuil gá fós le hinúsáidteacht na gcóras clárúcháin dearaidh a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-oifigí náisiúnta maoine tionsclaíche agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “EUIPO” as seo amach) a fheabhsú. D’fhéadfadh lucht na n-oifigí dul i muinín shaineolas na ngníomhairí paitinní chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, rud a ligfidh do FBManna agus do dhearthóirí aonair a gcuid dearaí a chosaint ar bhealach níos éasca.
|
|
1.8.
|
Measann CESE nach iomchuí leas a bhaint as Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun rialacha a tharraingt suas maidir le díospóidí agus achomhairc i gcoinne chinntí EUIPO; is chuig bunghníomh a fhorlíonadh a cheapadh gníomh tarmligthe agus chuige sin amháin, agus níor cheart baint a bheith aige ach le heilimintí neamhriachtanacha. Mar sin féin, na forálacha a bheartaítear leis an togra le haghaidh Rialacháin a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, baineann siad leis na cearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir leis an gceartas, lena n-áirítear go háirithe Airteagal 47 maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, níor cheart iad a mheas mar eilimintí neamhriachtanacha.
|
|
1.9.
|
Molann CESE go ndéanfaí na forálacha sin a shainiú sa Rialachán féin.
|
2. Cúlra
|
2.1.
|
Sa dlí substainteach, le Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 13 Deireadh Fómhair 1998 (uaidh seo amach “an Treoir”) déantar comhchuibhiú páirteach ar na dlíthe náisiúnta a bhaineann le cosaint dhlíthiúil ar dhearaí, agus bunaítear le Rialachán CE Uimh. 6/2002 ón gComhairle (3) an 12 Nollaig 2001 (uaidh seo amach “an Rialachán”) córas uathrialach cosanta do chearta aonadacha ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh dearaí Comhphobail cláraithe agus dearaí Comhphobail neamhchláraithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na dearaí neamhchláraithe sin na coinníollacha cosanta, eadhon nach mór dóibh a bheith nua agus carachtar aonair a bheith acu. In éagmais clárú, is mó seans go mbeadh deacrachtaí ag an sealbhóir más mian leis nó léi a chruthú gurb ann don cheart dearaidh. Thairis sin, tá an téarma cosanta teoranta do thrí bliana agus is lú fós raon feidhme na gceart a thugtar.
|
|
2.2.
|
Leasaíodh an Rialachán in 2006 chun éifeacht a thabhairt d’aontachas an Aontais i gCóras Clárúcháin Idirnáisiúnta na Háige, a raibh sé d’aidhm aige nós imeachta clárúcháin do dhearaí aonair a bhunú, dearaí a bheadh uathúil, simplí, nach mbeadh daor agus láraithe laistigh den Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).
|
|
2.3.
|
Sa Rialachán, ní chuirtear páirteanna spártha san áireamh i gcosaint dearaidh an Chomhphobail de bharr nár thángthas ar chomhaontú ar an ábhar agus an Treoir á dréachtú. D’éagmais tacaíocht ón gComhairle, tharraing an Coimisiún siar a thogra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir.
|
|
2.4.
|
Eascraíonn an togra seo as na cúinsí sin agus as an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais Eorpaigh – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais Eorpaigh], a foilsíodh i ndiaidh na hoibre athchóirithe a rinneadh ar thrádmharcanna. Is é is aidhm don togra a bheith níos oiriúnaí don ré dhigiteach, níos inrochtana agus níos éifeachtúla do dhearthóirí aonair, do FBManna agus do thionscail, a bheith níos saoire agus go mbeidh níos lú castachta ag baint leis, mar aon le deimhneacht dhlíthiuil an chórais cosanta a mhéadú.
|
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1.
|
An chuma ornáideach is ea atá i gceist le dearadh tionsclaíoch. D’fhéadfadh sé a bheith tríthoiseach nó déthoiseach. Déanann dearadh rathúil feidhm agus cruth an táirge a chomhchuibhiú le chéile gan uaim. Cibé acu tábla nó teileafón atá i gceist, is tábhachtaí an dearadh thar aon ní eile chun an táirge a dhéanamh níos tarraingtí ná táirge eile.
|
|
3.2.
|
Baineann dearadh tionsclaíoch le táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta éagsúla, amhail uirlisí teicniúla nó leighis, uaireadóirí, seodra, só-earraí, earraí tí, fearais leictreacha, feithiclí, struchtúir ailtireachta, táirgí teicstíle, earraí fóillíochta, etc.
|
|
3.3.
|
Dá tharraingtí an dearadh tionsclaíoch, is ea is mó luach margaidh an táirge. Dá bhrí sin, má dhéantar cosaint ar dhearadh, áirithítear gur mó seans go mbeidh toradh ar infheistíocht.
|
|
3.3.1.
|
Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go spreagtar an iomaíocht chóir, mar aon le cleachtais tráchtála chóra i gcóras éifeachtach cosanta, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne.
|
|
3.3.2.
|
Spreagann córas den chineál sin an chruthaitheacht sa tionscal agus sa táirgeadh tionsclaíoch freisin, rud a chuireann chun cinn an fhorbairt eacnamaíoch, mar aon le forbairt gníomhaíochtaí tráchtála agus onnmhairí.
|
|
3.4.
|
I bhformhór na mBallstát, ní mór an dearadh a chlárú le hoifig náisiúnta maoine tionsclaíche chun a áirithiú go mbeidh an dearadh faoi chosaint an dlí. De réir na reachtaíochta náisiúnta atá á breithniú mar aon leis an gcineál dearaidh, d’fhéadfadh an dearadh a bheith faoi chosaint cóipchirt mar dhearadh neamhchláraithe nó saothar ealaíne.
|
|
3.5.
|
I roinnt Ballstát, is féidir an chosaint mar dhearadh tionsclaíoch agus an chosaint cóipchirt a thabhairt le chéile; i roinnt Ballstát eile tá siad éagsúil go hiomlán ó chéile. I gcúinsí áirithe, bíonn dearadh incháilithe do chosaint faoi dhlí maidir le hiomaíocht éagórach; d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann, áfach, ó thaobh na gcoinníollacha maidir le cosaint agus raon feidhme na gceart/na modhanna sásaimh atá ann cheana.
|
|
3.6.
|
I bhfianaise chuspóirí an Aontais maidir le borradh a chur faoin téarnamh agus faoin athléimneacht, mar aon leis an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a chothú, tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an creat dlíthiúil le haghaidh dearaí a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Tá sé ar aon fhocal leis an sainmhíniú nua a beartaíodh mar gheall go bhfuil sé ábhartha i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, agus go leathnaítear coincheap an táirge chuig dearaí teicneolaíocha nach gcorpraítear iad i dtáirgí fisiciúla.
|
|
3.7.
|
Tacaíonn CESE freisin leis an deimhneacht dhlíthiúil a neartú trí chosaint a cheadú do ghnéithe den chuma, gnéithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú.
|
|
3.8.
|
Tacaíonn sé freisin le hoiriúnú raon feidhme na gceart a thugtar agus dearadh á chlárú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí priontála 3T, chomh maith leis an gceart atá ag sealbhóirí dearaidh, amhail a chuirtear san áireamh i ndlí na dtrádmharcanna, cosc a chur ar earraí góchumtha dul trí chríoch an Aontais nó ar iad a chur faoi nós imeachta custaim eile, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ann, chun an góchumadh a chomhrac.
|
4. Barúlacha sonracha
4.1.
Clásal deisiúcháin agus na tomhaltóirí a chosaint
|
4.1.1.
|
Is iomaí conspóid a bhain le cosaint na bpáirteanna spártha (“comhpháirteanna an táirge ilchasta”) faoin dlí maidir le dearaí. Tháinig an chosaint seo chun cinn de thoradh an Rialacháin, agus tá eisceacht ag gabháil léi, ar a dtugtar an “clásal deisiúcháin”, arb é is aidhm di monaplacht monaróirí nó soláthraithe (go háirithe in earnáil na mótarfheithiclí) a theorannú i margadh na bpáirteanna spártha (Airteagal 110). Foráiltear leis an “clásal deisiúcháin” sin nach bhféadfaidh sealbhóir dearaidh a mbaineann a dhearadh le comhpháirt spártha leas a bhaint as monaplacht ná cosc a chur ar thríú páirtí ar mian leis comhpháirteanna spártha a chur ar an margadh chun táirge a dheisiú agus an chuma a bhí i dtosach ar an táirge sin a chur air an athuair.
|
|
4.1.2.
|
Go deimhin, is minic a bhíonn smacht iomlán ar an slabhra táirgthe ina iomláine ag táirgeoir de tháirge críochnaithe ilchasta (carr, uaireadóir, fón póca, etc.) Is dealraitheach lena athrach, dá bhrí sin, go ndéanfadh an táirgeoir sin brabús dúbailte: ar an margadh agus an táirge críochnaithe á dhíol ar dtús, agus ar an margadh ar a dhíoltar comhpháirteanna spártha ina dhiaidh sin.
|
|
4.1.3.
|
Léirítear le staidéir a bhaineann leis an eacnamaíocht iompraíochta, áfach, go ndéanann formhór na dtomhaltóirí a rogha bunaithe ar phraghas díola an táirge phríomhúil, gan praghas díola na seirbhísí tánaisteacha a chur san áireamh. Dá bhrí sin, tá siad gafa leis an gcéad infheistíocht sin agus cuirtear iallach orthu glacadh le praghas nach nglacfaidís leis in imthosca eile.
|
|
4.1.4.
|
Tá CESE á thabhairt dá aire gur dócha, dá bhrí sin, go n-eascróidh fadhbanna a bhainfidh le dlí na hiomaíochta as an staid sin, toisc go mbeadh mórbhuntáiste iomaíoch ag an táirgeoir/cóimeálaí bunaidh a bhfuil an ceart dearaidh aige, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tomhaltóir ar deireadh:
|
—
|
dochar i leith na gcustaiméirí, mar go mbeidh deis aige praghsanna arda a ghearradh nó díolacháin nasctha a sholáthar;
|
|
—
|
dochar i leith na ndeisitheoirí, chun rochtain a fháil ar an margadh nó chun na coinníollacha a shocrú do na deisitheoirí a thoilíonn sé a sholáthar;
|
|
—
|
dochar i leith na soláthraithe, i.e. go bhfhéadfadh sé toirmeasc a chur orthu deisitheoirí neamhspleácha a sholáthar, nó toirmeasc a chur ar sholáthraithe neamhspleácha a chomhpháirteanna a chóipeáil chun an margadh deisiúcháin a sholáthar.
|
|
|
4.1.5.
|
Shocraigh an reachtóir Eorpach teorainn a chur i bhfeidhm maidir leis na cearta a bhaineann leis na comhpháirteanna spártha d’fhonn cosc a chur ar mhonaplú na margaí tánaisteacha.
|
—
|
Tugtar an “meaitseáil éigeantach” ar an gcéad teorainn ar uairibh (must match) (Airteagal 82)). Ní féidir an chuma sheachtrach de tháirge atá riachtanach chun táirge eile a nascadh a chosaint.
|
|
—
|
Baineann an dara teorainn le cosaint comhpháirteanna neamh-fheiceálacha.
|
|
|
4.1.6.
|
Ní féidir páirt nach bhfuil infheicthe le linn ghnáthúsáid an táirge a chosaint trí dhearadh a chomhdú (Airteagal 4(2)).
Áirítear an méid sin sna samplaí seo a leanas:
|
—
|
córas meicníochta uaireadóra;
|
|
—
|
an taobh istigh d’fhormhór na n-inneall fearas leictreach tí;
|
|
—
|
ineall cairr (a mheastar nach bhfuil sé infheicthe le linn ghnáthúsáid na feithicle, fiú más furasta é a dhéanamh infheicthe ar oscailt bhoinéad an chairr).
|
|
|
4.1.7.
|
Dá bhrí sin, is ionann na comhpháirteanna spártha atá i dteideal cosanta agus na páirteanna sin nach bhfuil aon sásra idirnaisc iontu agus atá infheicthe. Is féidir, dá réir sin, líon mór páirteanna a chosaint faoin rialachán. Mar shampla, tá an méid seo a leanas i gceist i gcás cairr:
|
—
|
an boinéad agus na doirse (ní chuirtear na hinsí san áireamh leis seo);
|
|
|
4.1.8.
|
Dá bhrí sin, maidir le táirgí nach bhfuil faoi chosaint trí dhearadh a chomhdú, is féidir le haon táirgeoir a sholáthraíonn páirteanna spártha iad seo a atáirgeadh agus iad a chur isteach sa mhargadh deisiúcháin.
|
|
4.1.9.
|
Mar sin féin, is iomaí ceist atá tagtha chun cinn de bharr chur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear réiteach san áireamh sa togra le haghaidh rialacháin, réiteach a chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar aghaidh i mbreithiúnas “Acacia” an 20 Nollaig 2017, inar shoiléirigh sí an léirmhíniú atá le tabhairt don choincheap a bhaineann le “clásal deisiúcháin”.
|
|
4.1.10.
|
Tá CESE á thabhairt le fios gur chuir Cúirt Achomhairc Pháras an réiteach sin i bhfeidhm go paiteanta ina breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2018 i gCás Uimh. 2017/01589, cás a bhain le margú fonsaí rotha ar shiopa gréasáin. Níor éirigh leis an díoltóir an “clásal deisiúcháin” a agairt go bailí toisc gur cuireadh na fonsaí rotha sin ar fáil chun pearsantú aeistéitiúil agus chun tiúnáil a dhéanamh ar fheithiclí. Dá thoradh sin, measadh gur fonsaí rotha góchumtha a bhí iontu agus gearradh pionós ar an díoltóir as dearadh a shárú.
|
|
4.1.11.
|
Tá roinnt Ballstát tar éis srianta áirithe a bhaint sa mhargadh maidir le páirteanna spártha. De thoradh dhlí na Fraince maidir leis an aeráid agus an athléimneacht Uimh. 2021-1104 an 22 Lúnasa 2021, osclaíodh an margadh chun díolachán páirteanna spártha áirithe ó ghluaisteáin a cheadú ón 1 Eanáir 2023.
|
|
4.1.12.
|
Is é is aidhm don bheart seo praghsanna a ísliú sa mhargadh seo. Idir 2019 agus 2020, tháinig méadú 8 % ar an meán ar na praghsanna céanna, de bharr go bhfuil castacht áirithe theicniúil ag baint le roinnt de na páirteanna, amhail na hinnill ar na scátháin siar leictreacha, na braiteoirí a suiteáladh sna gaothscáthanna, etc. Níl tionscal ardfhorbartha sna Ballstáit is liobrálaí don earnáil seo, amach ón nGearmáin: tá tairgeoirí láidre gluaisteán sa tír seo ach tá an margadh i bhfad níos oscailte cheana féin.
Ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, beidh cead ag monaróirí trealaimh sa Fhrainc páirteanna gloine comhréidhe a dhíol, is cuma má thairgeann siad buntrealamh, is é sin, go raibh siad rannpháirteach i gcóimeáil na feithicle úrnua, nó más monaróirí neamhspleácha iad. Dá bhrí sin, is féidir le monaróirí a bhí rannpháirteach i gcóimeáil na bpáirteanna spártha infheicthe (comhpháirteanna optúla, scátháin siar etc.) na comhpháirteanna a dhíol, ar aon dul leis na monaróirí iad féin.
|
4.2.
An costas a bhaineann le dearaí a chosaint
|
4.2.1.
|
Tá córas comhdúcháin dearaí ar líne ag EUIPO, agus is é EUR 350 an túschostas a bhaineann leis faoi láthair. Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil dearadh Comhphobail bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta comhdúcháin, agus gur féidir é a athnuachan gach cúig bliana go dtí go mbeidh 25 bliana slánaithe.
|
|
4.2.2.
|
Tá trí chineál táillí ann le cois an chostais a bhaineann leis an gcomhdú:
|
—
|
an táille chlárúcháin de EUR 230, a bhfuil táille bhreise chlárúcháin de EUR 115 le cur léi do 2-10 gclárú bhreise, agus EUR 50 do líon clárúcháin os cionn 10;
|
|
—
|
an táille foilseacháin de EUR 120; d’fhéadfaí an luach seo a mhéadú EUR 60 do 2-10 bhfoilseachán bhreise, agus é a mhéadú EUR 30 do líon foilseachán os cionn 10;
|
|
—
|
an táille foilseacháin iarchurtha de EUR 40; d’fhéadfaí é seo a mhéadú EUR 20 do líon dearaí idir 2 agus 10, agus é a mhéadú EUR 10 do líon dearaí os cionn 10;
|
|
|
4.2.3.
|
Tá dhá thoisc le cur san áireamh maidir leis na táillí iníoctha:
|
—
|
líon na ndearaí atá san iarratas;
|
|
—
|
cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear siar foilsiú an dearaidh.
|
|
|
4.2.4.
|
Is leis an tsamhail seo a leanas a thagann struchtúr na dtosca sin:
|
—
|
buntáille ar dhearadh aonair nó ar chéad dearadh i gcás iarratas iolrach;
|
|
—
|
táille laghdaithe ar líon na ndearaí idir an dara ceann agus an deichiú ceann;
|
|
—
|
táille a laghdófar tuilleadh don chéad dearadh déag agus d’aon dearaí ina dhiaidh sin;
|
|
|
4.2.5.
|
Is éard atá beartaithe sa rialachán costas na chéad athnuachana a laghdú go EUR 70 (i ndiaidh cúig bliana) agus an costas don dara hathnuachan a mhéadú go EUR 140 (i ndiaidh deich mbliana), go EUR 280 don tríú hathnuachan (i ndiaidh cúig bliana déag) agus go EUR 560 don cheathrú hathnuachan (i ndiaidh fiche bliain). Is ionann costas na dtáillí don chéad dá athnuachan agus an tsuim atá dlite faoi láthair, is é sin, EUR 210 san iomlán; mar sin féin, tagann méadú as cuimse ar na táillí athnuachana ina dhiaidh sin.
|
|
4.2.6.
|
Is cosúil nach bhfuil an togra sin chomh dearfach céanna do FBManna ná do dhearthóirí neamhspleácha mar a mhaítear. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí táillí níos ísle i bhfeidhm do FBManna agus do dhearthóirí aonair, agus go mbeadh na táillí sin i gcomhréir lena láimhdeachas, más féidir sin.
|
|
4.2.7.
|
Thairis sin, ní chreideann CESE go dtiocfadh laghdú ar chostas iomlán na dtáillí dá n-athrófaí struchtúr na dtáillí, is é sin, dá ndéanfaí na táillí foilseacháin agus clárúcháin a thabhairt le chéile.
|
4.3.
An riail “aontacht aicme” a scriosadh
|
4.3.1.
|
D’fhéadfadh baint a bheith ag an gcomhdú le níos mó ná dearadh amháin, ach mar sin féin, ní mór é a bheith beartaithe na dearaí a ionchorprú nó a chur i bhfeidhm ar tháirgí den “aicme” chéanna, de bhua na rialach “aontacht aicme”. Eagraítear na haicmí seo sa liosta dar teideal “Aicmiú Locarno”.
|
|
4.3.2.
|
De réir Airteagal 2(1) de Chomhaontú Locarno, ní bhaineann Aicmiú Locarno ach le gnéithe riaracháin agus tá an méid seo a leanas i gceist leis:
|
—
|
liosta d’aicmí agus d’fho-aicmí;
|
|
—
|
liosta in ord aibítre de na táirgí ar dearaí tionsclaíocha iad, ina gcuirtear na haicmí agus na fo-aicmí lena mbaineann in iúl;
|
|
|
4.3.3.
|
Is é is aidhm do scrios na rialach “aontacht aicme” na FBManna, mar aon le dearthóirí aonair, a spreagadh lena gcuid dearaí a chomhdú chun go mbeidís faoi chosaint. De thoradh an scriosta seo, bheadh deis ag cuideachtaí cur le líon na n-iarratas do dhearaí, agus líon mór dearaí a thabhairt le chéile in aon iarratas iolrach amháin, agus ní bheadh orthu iad féin a theorannú ó thaobh táirgí a bheith san aicme Locarno chéanna.
|
|
4.3.4.
|
Dar le CESE, tá gá leis an simpliú a rinneadh de bharr deireadh a chur leis an riail “aontacht aicme” ach measann sé nach leor é, ós rud é go bhfuil gá fós le hinúsáidteacht na gcóras clárúcháin dearaidh a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-oifigí náisiúnta maoine tionsclaíche agus EUIPO a fheabhsú.
|
|
4.3.5.
|
D’fhéadfadh na hoifigí leas a bhaint as an gcomhairle a chuirfidh gníomhairí paitinní orthu, rud a chabhróidh go mór le FBManna agus le dearthóirí aonair a gcuid dearaí a chosaint.
|
|
4.3.6.
|
Leanfaidh gníomhairí paitinní, ar ndóigh, de bheith ag tacú le sealbhóirí cirt chun leas a bhaint as a gcuid dearaí agus déanfaidh siad ionadaíocht orthu i ndíospóidí.
|
4.4.
Cumhacht a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
|
4.4.1.
|
Foráiltear leis an togra le haghaidh rialacháin gur i ngníomhartha tarmligthe a ghlacfar na forálacha a bhaineann le díospóidí sa dlí maidir le dearaí.
Áirítear leis sin:
|
—
|
tarraingt siar agus leasú an dearaidh (Airteagal 47 a agus Airteagal 47 b);
|
|
—
|
caingne le haghaidh neamhbhailíochta (Airteagal 53 a);
|
|
—
|
achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí EUIPO (Airteagal 55 a);
|
|
—
|
imeachtaí ó bhéal os comhair Bhord Achomhairc EUIPO (Airteagal 64 a);
|
|
—
|
fianaise a ghlacadh (Airteagal 65 a);
|
|
—
|
fógra a thabhairt faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha (Airteagal 66 a);
|
|
—
|
an nós imeachta maidir le teachtaireachtaí chuig EUIPO (Airteagal 66 d);
|
|
—
|
ríomh agus fad teorainneacha ama nós imeachta (Airteagal 66 f);
|
|
—
|
imeachtaí os comhair EUIPO a atosú (Airteagal 67 c);
|
|
—
|
ionadaíocht ghairmiúil os comhair EUIPO i gcás díospóide (Airteagal 78 a);
|
|
—
|
táillí agus muirir a íoc (Airteagal 106 a a).
|
|
|
4.4.2.
|
Measann CESE nach iomchuí leas a bhaint as Airteagal 290 de CFAE chun rialacha a tharraingt suas maidir le díospóidí agus achomhairc i gcoinne chinntí EUIPO; is chuig bunghníomh a fhorlíonadh a cheapadh gníomh tarmligthe agus chuige sin amháin, agus níor cheart baint a bheith aige ach le heilimintí neamhriachtanacha. Mar sin féin, baineann na forálacha dá dtagraítear leis na cearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir leis an gceartas, go háirithe le halt 47 a bhaineann leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, ní féidir iad a chur san áireamh mar eilimintí neamhriachtanacha den bhunghníomh.
|
An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christina SCHWENG
(1) Cásanna uamtha C-397/16 agus C-435/16.
(2) IO L 289, 28.10.1998, lch. 28
(3) IO L 3, 5.1.2002, lch. 1.