European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3240

23.12.2024

CINNEADH (AE, Euratom) 2024/3240 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 17 Nollaig 2024

lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach

TÁ PARLAMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint dá Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom (1),

Ag féachaint do Riail 237 dá Rialacha Nós Imeacht,

Ag féachaint don ghlaoch ar ainmniúcháin (2),

Ag féachaint dá vóta an 17 Nollaig 2024,

TAR ÉIS A CHINNEADH:

Teresa ANJINHO a thoghadh chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Nollaig 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA


(1)   IO L 253, 16.7.2021, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1163/oj.

(2)   IO C, C/2024/4914, 30.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4914/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3240/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)