|
8.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 201/27 |
CINNEADH (CBES) 2021/919 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1939 (1). |
|
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2018/1939 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de. |
|
(3) |
An 6 Aibreán agus an 16 Aibreán 2021, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta, agus Oifig na Náisiún Aontaithe um an bhFrithsceimhlitheoireacht, ina n-inniúlacht faoi seach mar ghníomhaireachtaí cur chun feidhme, údarú an Aontais chun síneadh a chur le cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/1939 go dtí an 30 Samhain 2022 mar gheall ar dhúshláin leanúnacha a eascraíonn as paindéim COVID-19. |
|
(4) |
Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1939 gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de go dtí an 30 Samhain 2022. |
|
(5) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1939 a leasú dá réir dá bhrí sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/1939:
“Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. VAN DUNEM
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1939 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 314, 11.12.2018, lch. 41).