16.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 343/16


CINNEADH (AE) 2020/1493 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, a mhéid a bhaineann le leasú Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú agus leis Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh a ghlacadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa (1) a nascadh (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

(2)

De bhun an Chomhaontaithe, is féidir leis an gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú (“an Comhchoiste”) cinneadh a ghlacadh maidir leis Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh (LTS) arna bhforbairt ag riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais agus a bheidh bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, cinneadh ina mbeidh tuairisc ar na ceanglais mhionsonraithe chun ceangal láidir slán a bhunú idir Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (SSTL) agus Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (EUTL). Beidh éifeacht ag Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh tar éis iad a ghlacadh le cinneadh ón gComhchoiste.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú i gcomhréir leis an gComhaontú chun aistriú rianúil a áirithiú maidir le hoibreoirí aerárthaí de chuid na hEilvéise a riaradh den chéad uair tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe tríd an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an nasc clárlainne a bhunú a chur san áireamh.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn II a leasú chun foráil a dhéanamh le haghaidh tacar teicneolaíochtaí níos leithne, ach coibhéiseach, chun an nasc clárlainne a cheanglaítear leis an gComhaontú a bhunú.

(5)

Sa tríú cruinniú a bheidh aige, a bheidh ar siúl in 2020, tá na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh forbartha le glacadh ag an gComhchoiste.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú laistigh den Chomhchoiste toisc go mbeidh Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas.

(7)

Is eilimint thábhachtach í glacadh Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chun fothaí teicniúla an naisc a bhunú agus chun an bunlíne do na sonraíochtaí teicniúla a leagadh amach i dtéarmaí na gceanglas ailtireachta, seirbhíse agus slándála.

(8)

Is iomchuí don Chomhchoiste meitheal a chur ar siúl de bhun an Chomhaontaithe de chúnamh don Chomhchoiste lena chuid feidhmeanna faoin gComhaontú i dtaca le forbairt na dtreoirlínte teicniúla chun a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme i gceart, lena n‐áirítear ceangal láidir slán a bhunú idir SSTL agus EUTL. Den chuid is lú, ba cheart Riarthóir Chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais a áireamh ar an meitheal.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3), a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, a mhéid a bhaineann le leasú Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú, leis Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh a ghlacadh agus le bunú na meithle de bhun Airteagal 12(5) den Chomhaontú.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Ní hann do théacs an Chomhaontaithe sa Ghaeilge (IO L 322, 7.12.2017, lch. 3).

(2)  Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 43, 16.2.2018, lch. 1).

(3)  Féach doiciméad ST 10836/20 ar http://register.consilium.europa.eu.