|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4353 |
30.7.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1705 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1583 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
(C/2025/4353)
Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a ainmnítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1705 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1583 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.
Tugtar d’aire na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 8 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 15 Bealtaine 2026, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite. Is ceart aon iarraidh den chineál sin a chur chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1. |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
Belgique/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333 agus Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.
Tugtar d’aire na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.
(2) IO L, 2025/1705, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1705/oj.
(3) IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.
(4) IO L, 2025/1583, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1583/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4353/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)