|
3.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 153/128 |
CINNEADH (CBES) 2022/884 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
|
(3) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
|
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach. |
|
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí chun aon lúb ar lár a dhúnadh agus díriú ar aon teacht timpeall atá á dhéanamh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh agus smachtbhannaí láidre breise a chur gan mhoill ar an Rúis agus ar an mBealarúis chun cumas na Rúise leanúint den fhogha a chur ó mhaith. |
|
(6) |
I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. |
|
(7) |
Is iomchuí toirmeasc a chur ar allmhairiú, ceannach nó aistriú isteach i mBallstáit amhola agus táirgí áirithe peitriliam ón Rúis. Thairis sin, is iomchuí toirmeasc a chur ar árachas agus athárachas maidir le muiriompar earraí den sórt sin chuig tríú tíortha. Déantar foráil maidir le hidirthréimhsí iomchuí. |
|
(8) |
De bharr staid gheografach roinnt Ballstát, a ghineann spleáchas sonrach ar amhola arna hallmhairiú trí phíblíne ón Rúis, agus de bharr nach bhfuil aon soláthairtí malartacha inmharthana sa ghearrthéarma acu, níor cheart feidhm a bheith ag na toirmiscí allmhairiúcháin ar amhola ón Rúis maidir le hallmhairí amhola trí phíblíne ón Rúis isteach sna Ballstáit sin, go sealadach, go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Ba cheart do na Ballstáit sin gach beart is gá a dhéanamh chun soláthairtí malartacha a fháil a luaithe is féidir. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát lena mbaineann maidir le soláthairtí malartacha a fháil agus ba cheart dó an dul chun cinn sin a eascú. Nuair a bheidh dul chun cinn leordhóthanach déanta ag Ballstát, ba cheart don Ardionadaí, le tacaíocht ón gCoimisiún, a mholadh don Chomhairle deireadh a chur leis an eisceacht shealadach sin i dtaca leis an mBallstát sin. |
|
(9) |
Ag an gcruinniú a bhí aici an 30 agus 31 Bealtaine 2022, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go bhfillfidh sí ar an tsaincheist maidir leis an eisceacht shealadach sin i gcás amhola a sheachadtar trí phíblíne a luaithe is féidir. |
|
(10) |
Is gá toirmeasc a chur ar aistriú ar aghaidh, iompar nó athdhíol amhola ón Rúis a sheachadtar isteach i mBallstát trí phíblíne chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, agus toirmeasc a chur freisin, tar éis idirthréimhse 8 mí, ar tháirgí peitriliam a fhaightear ón amhola sin a aistriú ar aghaidh, a iompar nó a athdhíol chuig Ballstáit eile. Mar gheall ar an gcaoi shonrach a bhfuil an tSeicia ag brath ar tháirgí peitriliam den sórt sin, ba cheart tréimhse bhreise 10 mí a thabhairt di chun soláthairtí malartacha a fháil. |
|
(11) |
De bharr staid shonrach gheografach na Bulgáire ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú speisialta ar na toirmisc ar allmhairiú amhola trí mhuiriompar (‘amhola mhuiriompartha’) agus ar tháirgí peitriliam go ceann tréimhse teoranta. De bharr staid shonrach na Cróite atá nasctha leis an ngá atá ag an scaglann atá aici soláthar rialta ola folúsgháis a chinntiú ionas go bhfeidhmeoidh sí, ba cheart go bhféadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta ceannach, allmhairiú nó aistriú ola folúsgháis ón Rúis a údarú ar feadh tréimhse shonrach ama faoi choinníollacha áirithe. |
|
(12) |
Má chuirtear isteach ar sholáthar amhola trí phíblíne ón Rúis chuig Ballstát talamhiata ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an mBallstát sin orthu, ba cheart allmhairiú amhola muiriompartha ón Rúis isteach sa Bhallstát sin a cheadú, mar mhaolú sealadach eisceachtúil, go dtí go gcuirfear tús arís leis an soláthar trí phíblíne nó go dtí go gcinnfidh an Chomhairle go mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar allmhairiú amhola a sheachadtar trí phíblíne i ndáil leis an mBallstát sin. |
|
(13) |
I gcomhréir le prionsabal na saoirse idirthurais, ba cheart na toirmisc ar cheannach, allmhairiú nó aistriú amhola mhuiriompartha agus táirgí peitriliam áirithe ón Rúis a bheith gan dochar do cheannach, allmhairiú nó aistriú na n-earraí sin ar de thionscnamh tríú tír iad agus nach bhfuil ach ar idirthuras tríd an Rúis. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag na toirmisc sin i gcás ina sainaithnítear an Rúis mar an Stát onnmhairíochta sna dearbhuithe custaim, má shainaithnítear an tír thionscnaimh le haghaidh na hamhola agus táirgí peitriliam eile mar thríú Stát sna dearbhuithe sin |
|
(14) |
Is iomchuí toirmeasc a chur ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, lena n-áirítear iniúchóireacht reachtúil, leabharchoimeádta agus comhairliúcháin cánach, nó seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta agus seirbhísí caidrimh phoiblí a sholáthar don Rúis. Is iomchuí freisin leasuithe áirithe a dhéanamh ar na toirmisc a bhaineann, faoi seach, le taiscí, gnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis, agus seirbhísí iontaoibhe. Ar deireadh, is iomchuí iontrálacha áirithe a chur le liostaí na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES. |
|
(15) |
D’fhonn a áirithiú go gcuirfear Airteagal 1j de Chinneadh 2014/512/CBES chun feidhme go rianúil, is iomchuí síneadh a chur leis an spriocdháta maidir le scor na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin ón 10 Bealtaine 2022 go dtí an 5 Iúil 2022. |
|
(16) |
Is iomchuí a shoiléiriú nach gcuireann an Cinneadh seo cosc ar dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit íocaíochtaí a ghlacadh óna chontrapháirtí Rúiseach de bhun conarthaí a bhaineann le hearraí agus teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4c de Chinneadh 2014/512/CBES arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022 agus arna gcomhlíonadh roimh an 27 Bealtaine 2022. |
|
(17) |
Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta, agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, tá an bholscaireacht tar éis díriú arís agus arís eile agus go leanúnach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin, dírítear, leis an mbolscaireacht, ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit. |
|
(18) |
Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha arna thabhairt aici faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór. |
|
(19) |
Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus é a thabhairt chun cinn, agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta. |
|
(20) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta na n-eagraíochtaí meán sin san Aontas nó na gníomhaíochtaí craoltóireachta atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí. Ba cheart na bearta a choinneáil go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfogha faoin Úcráin, agus go dtí go n-éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a heagraíochtaí meán gaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta a dhéanamh i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát. |
|
(21) |
I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagail 11, 16 agus 17 di, ní chuireann na bearta sin cosc ar na heagraíochtaí meán ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. |
|
(22) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar seo a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 1aa mar seo a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 1b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin nó go soláthrófar seirbhísí tiachóige, cuntais nó cumhdaigh, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh i ndáil le glacadh na taisce sin nó soláthar na seirbhíse tiachóige, cuntais nó cumhdaigh sin, gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi phointí (a), (b), (c) nó (e) den mhír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’; |
|
(3) |
in Airteagal 1d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.’; |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1e: ‘Airteagal 1e 1. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, do na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn VIII. 2. Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 amhail ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna bhunú sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50% dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn VIII.’; |
|
(5) |
in Airteagal 1h(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1j: ‘Airteagal 1j: 1. Cuirfear toirmeasc ar iontaobhas nó ar aon socrú dlí comhchosúil a chlárú, nó oifig chláraithe, seoladh gnó nó seoladh riaracháin chomh maith le seirbhísí bainistíochta a sholáthar dó, arb iontaobhas nó ar socrú dlí é ag a bhfuil mar shocraitheoir nó mar thairbhí:
2. Cuirfear toirmeasc amhail ón 5 Iúil 2022 ar ghníomhú, nó socrú a dhéanamh chun go mbeadh duine eile ag gníomhú, mar iontaobhaí, mar scairshealbhóir ainmnitheach, mar stiúrthóir, mar rúnaí nó i bpost comhchosúil, i gcomhair iontaobhais nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil dá dtagraítear i mír 1. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus 2 maidir leis na hoibríochtaí atá fíor-riachtanach maidir le foirceannadh conarthaí, faoin 5 Iúil 2022, nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo a tugadh chun críche roimh an 9 Aibreán 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. 4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar náisiúnach Ballstáit nó duine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan aige i mBallstát é an socraitheoir nó an tairbhí. 5. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, leanúint de na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 tar éis 5 Iúil 2022 in ionad:
6. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:
7. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 5 nó 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.’; |
|
(7) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1k 1. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, lena n-áirítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla, seirbhísí leabharchoimeádta nó seirbhísí comhairliúcháin cánach, nó seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta nó seirbhísí caidrimh phoiblí a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá fíor-riachtanach maidir le foirceannadh, faoin 5 Iúil 2022 conarthaí nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo a tugadh i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun an ceart chun cosanta in imeachtaí breithiúnacha a fheidhmiú ná an ceart chun leigheas éifeachtach dlí a fháil. 4. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, ag eintitis nó ag comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit. 5. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear inti a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(9) |
in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(10) |
in Airteagal 4g, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Cuirfear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar arna léiriú nó arna chraoladh ag na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon mhodh dá dtagraítear i mír 1.’; |
|
(11) |
in Airteagal 4ha(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 4n(4) mar a leanas:
|
|
(13) |
cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas: ‘Airteagal 4o 1. Maidir le hamhola nó táirgí peitriliam, cuirfear toirmeasc ar iad a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise iad nó más ón Rúis a onnmhairítear iad. 2. Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais nó aon seirbhís eile a bhaineann leis an toirmeasc i mír 1, a sholáthar go díreach nó go hindíreach. 3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2:
4. Má chuirtear isteach ar an soláthar amhola trí phíblíne ón Rúis chuig Ballstát talamhiata ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an mBallstát sin orthu, féadfar amhola mhuiriompartha ón Rúis a allmhairiú isteach sa Bhallstát sin, mar mhaolú sealadach eisceachtúil ar mhíreanna 1 agus 2, go dtí go n-atosófar ar an soláthar nó go dtí go mbeidh feidhm ag an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 3(d) maidir leis an mBallstát sin, cibé acu is túisce. 5. Amhail ón 5 Nollaig 2022, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na Bulgáire údarú a thabhairt, suas go dtí an 31 Nollaig 2024, d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, chun amhola mhuiriompartha agus táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis, a cheannach, a allmhairiú trí phíblíne nó a aistriú trí phíblíne. 6. Amhail ón 5 Feabhra 2023, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na Cróite údarú a thabhairt go dtí an 31 Nollaig 2023 chun ola fholúsgháis, ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis, a cheannach, a allmhairiú trí phíblíne nó a aistriú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
7. Na hearraí a allmhairítear de réir maolú arna dheonú ag údarás inniúil faoi mhír 5 nó 6, ní dhíolfar ar aghaidh iad le ceannaitheoirí atá lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír. 8. Cuirfear toirmeasc ar aistriú nó iompar amhola a sheachadtar trí phíblíne isteach sna Ballstáit mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d) chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, nó ar a díol le ceannaitheoirí i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Déanfar na coinsíneachtaí agus na coimeádáin den amhola sin a mharcáil go soiléir mar ‘REBCO: onnmhairiú toirmiscthe’. Amhail ón 5 Feabhra 2023, i gcás inar seachadadh amhola trí phíblíne isteach i mBallstát mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d), beidh toirmeasc ar tháirgí peitriliam a fhaightear ón amhola sin a aistriú nó a iompar chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, nó na táirgí peitriliam sin a dhíol le ceannaitheoirí i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Mar mhaolú sealadach, beidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa tríú fomhír amhail ón 5 Nollaig 2023 maidir le táirgí peitriliam arna bhfáil as amhola a sheachadtar trí phíblíne isteach i mBallstát eile mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d) a allmhairiú nó a aistriú isteach sa tSeicia agus maidir lena ndíol le ceannaitheoirí sa tSeicia. Má chuirtear soláthairtí malartacha ar na táirgí peitriliam sin ar fáil don tSeicia níos luaithe ná an dáta sin, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, cinneadh lena bhfoirceannfar an maolú sealadach sin. Le linn na tréimhse go dtí an 5 Nollaig 2023, ní rachaidh méideanna na dtáirgí peitriliam sin arna n-allmhairiú isteach sa tSeicia ó Bhallstáit eile thar na meánmhéideanna a allmhairíodh isteach sa tSeicia ó na Ballstáit eile sin thar an tréimhse chéanna sna 5 bliana roimhe sin. 9. Ní bhainfidh na toirmisc i mír 1 le ceannacháin amhola nó táirgí peitriliam sa Rúis, ar earraí iad a bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Rúis nó ar bhunriachtanais tionscadal daonchairdiúil sa Rúis. 10. Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun na hítimí ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 4p 1. Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, a iompar, go díreach nó go hindíreach, chuig tríú tíortha, lena n-áirítear aistrithe ó long go long. 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le:
|
|
(14) |
leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Beidh feidhm ag an bpointe seo maidir le ceann amháin nó níos mó de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo amhail ón 25 Meitheamh 2022 agus ar choinníoll go gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh d'aon toil, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na cásanna faoi seach. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
|
(1) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas léi: "46th TSNII Central Scientific Research Institute Alagir Resistor Factory All-Russian Research Institute of Optical and Physical Measurements All-Russian Scientific-Research Institute Etalon JSC Almaz, JSC Arzam Scientific Production Enterprise Temp Avia Automated Procurement System for State Defense Orders, LLC Dolgoprudniy Design Bureau of Automatics (DDBA JSC) Electronic Computing Technology Scientific-Research Center JSC Electrosignal, JSC Energiya JSC Engineering Center Moselectronproekt Etalon Scientific and Production Association Evgeny Krayushin Foreign Trade Association Mashpriborintorg Ineko LLC Informakustika JSC Institute of High Energy Physics Institute of Theoretical and Experimental Physics Inteltech PJSC ISE SO RAN Institute of High-Current Electronics Kaluga Scientific-Research Institute of Telemechanical Devices JSC Kulon Scientific-Research Institute JSC Lutch Design Office JSC Meteor Plant JSC Moscow Communications Research Institute JSC Moscow Order of the Red Banner of Labor Research Radio Engineering Institute JSC NPO Elektromechaniki JSC Omsk Production Union Irtysh JSC Omsk Scientific-Research Institute of Instrument Engineering JSC Optron JSC Pella Shipyard OJSC Polyot Chelyabinsk Radio Plant JSC Pskov Distance Communications Equipment Plant Radiozavod JSC Razryad JSC Research Production Association Mars Ryazan Radio-Plant Scientific Production Center Vigstar JSC Scientific Production Enterprise ‘Radiosviaz’ Scientific Research Institute Ferrite-Domen Scientific Research Institute of Communication Management Systems Scientific-Production Association and Scientific-Research Institute of Radio-Components Scientific-Production Enterprise ‘Kant’ Scientific-Production Enterprise ‘Svyaz’ Scientific-Production Enterprise Almaz JSC Scientific-Production Enterprise Salyut JSC Scientific-Production Enterprise Volna Scientific-Production Enterprise Vostok JSC Scientific-Research Institute ‘Argon’ Scientific-Research Institute and Factory Platan Scientific-Research Institute of Automated Systems and Communications Complexes Neptune JSC Special Design and Technical Bureau for Relay Technology Special Design Bureau Salute JSC Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Salute’ Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘State Machine Building Design Bureau ‘Vympel’ By Name I.I.Toropov’ Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘URALELEMENT’ Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Plant Dagdiesel’ Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Scientific Research Institute of Marine Heat Engineering’ Tactical Missile Company, Joint Stock Company PA Strela Tactical Missile Company, Joint Stock Company Plant Kulakov Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo-service Tactical Missile Company, Joint Stock Company Saratov Radio Instrument Plant Tactical Missile Company, Joint Stock Company Severny Press Tactical Missile Company, Joint-Stock Company ‘Research Center for Automated Design’ Tactical Missile Company, KB Mashinostroeniya Tactical Missile Company, NPO Electromechanics Tactical Missile Company, NPO Lightning Tactical Missile Company, Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’ Tactical Missile Company, PJSC ‘MBDB ‘ISKRA’ ’ Tactical Missile Company, PJSC ANPP Temp Avia Tactical Missile Company, Raduga Design Bureau Tactical Missile Corporation, ‘Central Design Bureau of Automation’ Tactical Missile Corporation, 711 Aircraft Repair Plant Tactical Missile Corporation, AO GNPP ‘Region’ Tactical Missile Corporation, AO TMKB ‘Soyuz’ Tactical Missile Corporation, Azov Optical and Mechanical Plant Tactical Missile Corporation, Concern ‘MPO – Gidropribor’ Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company ‘KRASNY GIDROPRESS’ Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Avangard Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Concern Granit-Electron Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Elektrotyaga Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company GosNIIMash Tactical Missile Corporation, RKB Globus Tactical Missile Corporation, Smolensk Aviation Plant Tactical Missile Corporation, TRV Engineering Tactical Missile Corporation, Ural Design Bureau ‘Detal’ Tactical Missile Corporation, Zvezda-Strela Limited Liability Company Tambov Plant (TZ) ‘October’ United Shipbuilding Corporation ‘Production Association Northern Machine Building Enterprise’ United Shipbuilding Corporation '5th Shipyard'"; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas léi: ‘An Ríocht Aontaithe An Chóiré Theas’; |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES: ‘IARSCRÍBHINN VIII LIOSTA NA NDAOINE DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1e
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a léi: ‘Rossiya RTR / RTR Planeta Rossiya 24 / Russia 24 TV Centre International’. |