|
26.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 185/23 |
CINNEADH (AE) 2021/837 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Bealtaine 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 192 agus 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006 (ITTA 2006), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh 2011/731/AE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 7 Nollaig 2011. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6 ITTA 2006, is í an Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach (ITTC) an t-údarás is airde de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach (ITTO) agus is comhairle í atá comhdhéanta de chomhaltaí uile ITTO. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 44(1) ITTA 2006, leanfaidh an Comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, go dtí an 6 Nollaig 2021, mura gcinneann ITTC, trí bhíthin vóta speisialta i gcomhréir le hAirteagal 12 de, ar shíneadh a chur leis, ar é a chaibidliú an athuair nó ar é a fhoirceannadh. De bhun Airteagal 44(2) ITTA 2006, féadfaidh ITTC a chinneadh ar shíneadh a chur leis ar feadh dhá thréimhse, eadhon, tréimhse thosaigh 5 bliana agus tréimhse bhreise 3 bliana. |
|
(4) |
Déanfaidh ITTC cinneadh maidir le síneadh a chur le ITTA 2006 ag an 57ú Seisiún dá chuid a bheidh ar siúl i mí na Samhna 2021 nó idir na seisiúin gan teacht le chéile ag seisiún. |
|
(5) |
Is chun leas an Aontais é síneadh a chur le ITTA 2006 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana, ós rud é gur sna céimeanna tosaigh de théarnamh airgeadais atá ITTO fós agus go bhfuil athchóiriú á dhéanamh aige ar a ollstruchtúr airgeadais. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ITTC a bhunú maidir le síneadh a chur le ITTA 2006, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, toiliú do shíneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach 2006 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana, nó vótáil i bhfabhar an tsínidh sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2011/731/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006 (IO L 294, 12.11.2011, lch. 1)