European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6201

15.10.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2695 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

(C/2024/6201)

Maidir leis na daoine agus leis na heintitis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2695 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544, agus Rialachán (AE) 2018/1542 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine agus na heintitis sin.

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, faoin 2 Bealtaine 2025 , a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544 agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2018/1542.

Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, sa cheathrú agus sa séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

(2)   IO L, 2024/2695, 11.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2695/oj.

(3)   IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6201/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)