|
22.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 222/27 |
CINNEADH (CBES) 2021/1012 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meitheamh 2021
lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/819/CBES (1) lena gceaptar Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice. |
|
(2) |
An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/905 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú Alexander RONDOS mar ISAE do Chorn na hAfraice. Rinneadh an Cinneadh sin a leasú go deireanach le Cinneadh (CBES) 2021/352 ón gComhairle (3). Rachaidh sainordú ISAE in éag an 30 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
Ba cheart ISAE nua do Chorn na hAfraice a cheapadh ar feadh tréimhse 14 mhí. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas, agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
1. Leis seo, ceaptar Annette WEBER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (ISAE) ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a shíneadh nó a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
2. Chun críocha shainordú ISAE, sainítear gurb é Corn na hAfraice an réigiún lena mbaineann príomhfhócas Straitéis an Aontais do Chorn na hAfraice (an “Straitéis”) arna glacadh le conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021, eadhon Djibouti, an Eiritré, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSúdáin agus Uganda. Rachaidh ISAE i gcomhar freisin le tíortha na Mara Rua, le tíortha Abhantrach na Níle agus le tíortha eile agus eintitis ábhartha réigiúnacha nó idirnáisiúnta laistigh agus lasmuigh de Chorn na hAfraice, lena n-áirítear Leithinis na Murascaille agus an Afraic Thuaidh, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 2
Cuspóirí beartais
1. Bunaithe ar chuspóirí beartais Straitéis an Aontais i ndáil le Corn na hAfraice, is é a bheidh i sainordú ISAE rannchuidiú go gníomhach le hiarrachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun cómhaireachtáil shíochánta agus síocháin mharthanach, slándáil agus forbairt a bhaint amach laistigh de na tíortha sa réigiún agus ina measc. Thairis sin, beidh sé d’aidhm ag ISAE feabhas a chur ar cháilíocht, déine, tionchar agus infheictheacht rannpháirteachas ilghnéitheach an Aontais i gCorn na hAfraice.
2. Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí uile an Aontais sa réigiún a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcur chuige comhtháite, lena n-áirítear i réimsí na polaitíochta, na slándála agus na forbartha, ag déanamh ionstraimí agus geallsealbhóirí ábhartha uile do ghníomhaíochtaí an Aontais a chomhordú. Saothrófar rannpháirtíocht ISAE chun tacú le Cinn thoscaireachtaí ábhartha an Aontais, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), an Coimisiún, Ballstáit, gníomhaithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus i ndlúthchomhar leo. Feabhsóidh ISAE tionchar an Aontais sa réigiún agus áiritheoidh sé nó sí comhleanúnachas i gcur chuige an Aontais ar an leibhéal réigiúnach.
3. Rannchuideoidh ISAE le tiomantas an Aontais chun a chaidreamh straitéiseach agus a chomhpháirtíocht le réigiúin agus tíortha Chorn na hAfraice a dhoimhniú, arb é an cuspóir tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil, leis an daonlathas, le cearta daonna, leis an smacht reachta, leis an gcomhionannas inscne, le prionsabail dhaonnúla agus leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI), leis an bhfás inbhuanaithe, le gníomhú ar son na haeráide agus leis an gcomhar réigiúnach.
4. Áirítear, inter alia, ar na cuspóirí beartais foriomlána a rannchuideoidh EUSR leo:
|
(a) |
cobhsú Chorn na hAfraice, agus béim shonrach ar dhinimic réigiúnach níos leithne, lena n-áirítear ar leibhéal na dtíortha, nuair is ábhartha do chobhsaíocht an réigiúin; |
|
(b) |
na haistrithe polaitiúla e.g. san Aetóip agus sa tSúdáin, próisis cothaithe síochána agus próisis cothaithe stáit sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas chomh maith le coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir tíortha sa réigiún nó laistigh díobh a chosc agus luathrabhadh a thabhairt ina dtaobh, agus rannchuidiú le headrán agus réiteach ina leith; |
|
(c) |
an comhar polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch inbhuanaithe sa réigiún agus an ghníomhaíocht chomhpháirteach iltaobhach, go háirithe leis na Náisiúin Aontaithe, leis an Aontas Afracach (AA) agus leis an Údarás Idir-rialtasach ar Fhorbairt (IGAD); |
|
(d) |
réiteach caibidlithe maidir le Damba Mhór-Athbheochan na hAetóipe (GERD) agus comhar trasteorann a chur chun cinn in Abhantrach iomlán na Níle; |
|
(e) |
an tslándáil an chobhsaíocht agus an comhar timpeall na Mara Rua. |
Airteagal 3
Sainordú
1. Chun na cuspóirí beartais i ndáil le Corn na hAfraice a bhaint amach, beidh an méid seo a leanas mar shainordú ag ISAE:
|
(a) |
cur go gníomhach le cur chun feidhme na Straitéise agus feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht fhoriomlán ghníomhaíochtaí an Aontais d’fhonn caidreamh agus comhpháirtíocht an Aontais le Corn na hAfraice, a thíortha agus a eagraíochtaí, a dhoimhniú agus a neartú a thuilleadh; |
|
(b) |
dul i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sa réigiún, gníomhaithe rialtais náisiúnta, údaráis réigiúnacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, leis an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach, an óige agus an diaspóra, d‘fhonn cuspóirí an Aontais a chur chun cinn, agus d’fhonn cur le tuiscint níos fearr ar ról an Aontais sa réigiún. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh ISAE cuairt rialta ar thíortha uile an réigiúin. |
|
(c) |
dul i gcomhar le gníomhaithe ábhartha lasmuigh den réigiún a bhfuil tionchar acu i gCorn na hAfraice, ar mhaithe le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht réigiúnach níos leithne, lena n-áirítear GERD, an Mhuir Rua, an tAigéan Indiach Thiar agus maoiniú Mhisean an Aontais Afracaigh sa tSomáil (AMISOM) agus an rannpháirtíocht slándála faoi stiúir an Aontais Afracaigh ina dhiaidh sin. Áireofar ar na teagmhálaithe lena mbeidh rannpháirtíocht dhéthaobhach, mar is iomchuí, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, tíortha na Murascaille, an Éigipt, teagmhálaithe réigiúnacha le Comhairle Comhair na Murascaille, le Comhairle Stáit Arabacha agus Afracacha na Mara Rua agus Mhurascaill Áidin agus le gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile; |
|
(d) |
ionadaíocht a dhéanamh do leasanna agus infheictheacht an Aontais i bhfóraim ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus iad sin a chur chun cinn; |
|
(e) |
comhar éifeachtach polaitiúil agus slándála agus comhtháthú eacnamaíoch inbhuanaithe sa réigiún a spreagadh agus tacú leis sin trí chomhpháirtíocht an Aontais leis an Aontas Afracach agus le heagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe IGAD. Ba cheart do ISAE sásraí chun coinbhleachtaí a réiteach a thionscnamh/a stiúradh, tacú leo agus iad a chur chun cinn, go háirithe sásraí atá faoi cheannasaíocht na hAfraice agus an Mheánoirthir/na hAfraice Thuaidh ar mhaithe le héifeacht bhreise a chur le cosc, díghéarú agus réiteach síochánta díospóidí agus ar mhaithe le hathmhuintearas trí idirphlé agus idirghabháil a chothú; |
|
(f) |
a bheith ar an eolas faoi fhorbairtí polaitiúla agus slándála sa réigiún agus rannchuidiú le forbairt bheartas an Aontais i leith an réigiúin, d’fhonn tograí nithiúla a fhoirmliú le haghaidh gníomhaíochta, lena n-áirítear maidir leis an Eiritré, an Aetóip, an tSomáil, an tSúdáin, an tSúdáin Theas, an díospóid teorann idir an tSúdáin agus an Aetóip, an teannas idir an tSomáil agus an Chéinia, ról na Céinia sa réigiún, díospóid na Níle, slándáil timpeall na Mara Rua, comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus ábhair imní eile a bhfuil tionchar acu ar shlándáil, ar chobhsaíocht agus ar rathúnas síochánta agus cuimsitheach an réigiúin. Rannchuideoidh ISAE le fís luathfhreagraíochta agus straitéiseach agus fad-téarmach an Aontais i gCorn na hAfraice |
|
(g) |
leanúint de thacaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta a shlógadh d’aistrithe polaitiúla e.g. san Aetóip agus sa tSúdáin i ndlúthchomhar le Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus misin na mBallstát. Rannchuideoidh ISAE leis an tacaíocht d’iarrachtaí athmhuintearais go náisiúnta bunaithe ar idirphlé cuimsitheach, trédhearcach. Saothróidh ISAE iarrachtaí lena dtabharfar aghaidh ar na hiarmhairtí réigiúnacha a bhaineann leis an ngéarchéim iomadúil san Aetóip, lena n-áirítear in Tigray, go háirithe trí réiteach síochánta ar an teannas maidir leis an teorainn leis an tSúdáin a spreagadh. Maidir leis an tSúdáin, díreofar iarrachtaí ISAE freisin ar thacú le cur chun feidhme Chomhaontú Síochána Juba agus leis an gcaibidlíocht agus le cur chun feidhme na gcomhaontuithe arna ndéanamh ina dhiaidh sin; |
|
(h) |
leanúint de spreagadh a thabhairt do gheallsealbhóirí réigiúnacha agus idirnáisiúnta tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phróisis chriticiúla síochána agus cothaithe stáit sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas. Mar chomhlánú ar iarrachtaí Cheann toscaireachta an Aontais agus Bhallstáit an Aontais, tacóidh ISAE le hiarrachtaí cothaithe stáit an Aontais sa tSomáil, lena n-áirítear forbairt na hearnála slándála. Ina theannta sin, leanfaidh ISAE d’ionchur a bheith aige nó aici maidir leis na machnaimh a bhaineann le húsáid na Saoráide Eorpaí Síochána, agus maidir le misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta(CBSC) sa réigiún. Maidir leis an tSúdáin Theas, i ndlúthchomhar le Ceann Toscaireachta an Aontais, leanfaidh ISAE de bheith ag oibriú go dlúth leis na Náisiúin Aontaithe, IGAD agus leis an Aontas Afracach agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha eile chun tacú lena iarrachtaí síocháin agus cobhsaíocht fhoriomlán na tíre a bhaint amach; |
|
(i) |
dul i gcomhar leis an Eiritré, agus seasamh le clár oibre cuiditheach ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear maidir le tarraingt siar thrúpaí Eiritré as an Aetóip; |
|
(j) |
leanúint de bheith ag déanamh ionadaíocht thar ceann an Aontais ina cháil nó ina cáil mar bhreathnóir ar na cainteanna faoi stiúir an Aontais Afracaigh maidir le GERD. Ag obair i ndlúthchomhar le Cinn thoscaireachtaí an Aontais, agus le misin na mBallstát, chuig an Éigipt, an tSúdáin agus an Aetóip, rannchuideoidh ISAE leis an tacaíocht don idirphlé chomh maith leis an gcomhar idir na páirtithe agus iontaoibh á tógáil agus bearta cothaithe muiníne á bhforbairt lena bhféadfaí cabhrú le réiteach ar an díospóid i dtaca le GERD a dhreasachtú. Rannchuideoidh ISAE, tríd is tríd, le hiarracht an Aontais dlús a chur leis an rannpháirtíocht i ndobharthaidhleoireacht in Abhantrach iomlán na Níle; |
|
(k) |
déanfaidh sé nó sí comhar, idirphlé agus réiteach síochánta ar dhíospóidí timpeall na Mara Rua a spreagadh agus caidreamh pribhléidithe a chothú le tionscnaimh ar an leibhéal réigiúnach. I ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais agus misin na mBallstát sa réigiún, rannchuideoidh ISAE le cur chuige comhtháite a fhorbairt i leith réigiún na Mara Rua agus cuideoidh sé nó sí le clár oibre cuimsitheach maidir le comhar ar an Muir Rua a thógáil i measc gníomhaithe ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta; |
|
(l) |
coinneoidh sé nó sí súil ghéar ar na dúshláin thrasteorann lena ndéantar difear do Chorn na hAfraice, go háirithe maidir leis an radacú agus an sceimhlitheoireacht, an tslándáil mhuirí agus an phíoráideacht, díospóidí teorann, gach cineál gáinneála lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, sreabha airgeadais aindleathacha agus aon iarmhairtí polaitiúla agus slándála a bhaineann le géarchéimeanna daonnúla, agus an comhar a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasteorann sin; |
|
(m) |
cuirfidh ISAE rochtain dhaonnúil agus urraim don Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta chun cinn ar fud an réigiúin; |
|
(n) |
rannchuideoidh sé nó sí, i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, le cur chun cinn chearta an duine, trí chur chun feidhme Chinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle (4) agus bheartas an Aontais um chearta an duine, lena n-áirítear Treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha mar aon le maidir le foréigean in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus rúin ina dhiaidh sin maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil chomh maith le UNSCR 2250 (2015) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil. Áireofar sa mhéid sin malartuithe leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, Oifig an ArdChoimisinéara do Chearta an Duine agus le cosantóirí chearta an duine; |
|
(o) |
rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an tionchar méadaitheach atá ag an athrú aeráide ar an tsíocháin agus ar an tslándáil. Áireofar leis seo go gcinnteofar go gcuirfear san áireamh i mbearta coisctheacha agus cothaithe síochána priacail slándála a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhsaol. |
2. Chun sainordú ISAE a chomhlíonadh, déanfaidh ISAE na nithe seo a leanas, inter alia:
|
(a) |
comhairle a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ar fhoirmliú sheasaimh an Aontais i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, chun gníomhaíocht atá bunaithe ar chomhpháirtíocht agus cuntasacht fhrithpháirteach a chur chun cinn agus cur chuige comhtháite an Aontais i leith Chorn na hAfraice a neartú ar bhealach réamhghníomhach; |
|
(b) |
rannchuidiú le forbhreathnú a choimeád ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus comhoibriú agus comhordú go dlúth le toscaireachtaí ábhartha an Aontais agus Ballstáit ábhartha. |
Airteagal 4
An sainordú a chur chun feidhme
1. Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.
2. Coimeádfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléidithe le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála leis an gComhairle ag ISAE. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.
3. Comhoibreoidh ISEA le SEGS agus lena ranna ábhartha, agus oibreoidh sé nó sí i ndlúthchomhar leo.
Airteagal 5
Maoiniú
1. Is é EUR 2 750 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022 a chumhdach.
2. Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE cuntasach as gach caiteachas.
Airteagal 6
Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne
1. Laistigh de theorainneacha sainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna beartais ar leith de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh na foirne.
2. Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí de chuid an Aontais nó chuig SEGS a phostú freisin chun oibriú le ISAE. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag baill foirne idirnáisiúnta ar conradh.
3. Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus gníomhóidh siad chun leas shainordú ISAE.
4. Comhlonnófar foireann ISAE le ranna ábhartha SEGS nó le toscaireachtaí ábhartha an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.
Airteagal 7
Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE
Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le baill foirne ISAE a chomhaontú leis na tíortha óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.
Airteagal 8
Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais
Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (5).
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.
2. Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.
Airteagal 10
Slándáil
I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála, agus lena n-áirítear plean teagmhais agus aslonnaithe; |
|
(b) |
a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca, mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn rialta agus tuarascála chuimsitheach chríochnaitheach maidir leis an sainordú a chur chun feidhme. |
Airteagal 11
Tuairisciú
Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Tuairisceoidh ISAE do mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 12
Comhordú
1. Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí SEGS, thoscaireachtaí an Aontais agus an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise thráthrialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.
2. Ar an láthair, coinneofar dlúthchaidreamh le Cinn mhisin na mBallstát ábhartha, le cinn thoscaireachtaí an Aontais agus le Cinn mhisin agus oibríochtaí CBSC. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Cuirfidh ISAE, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí ábhartha an Aontais, treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do Cheannasaí Fórsa EUNAVFOR Atalanta, do Cheannasaí Mhisean EUTM Somalia agus do Cheann Misean EUCAP Somalia, le treoir pholaitiúil áitiúil. Rachaidh ISAE, Ceannasaithe Oibríocht an Aontais agus Ceannasaí na hOibríochta Sibhialta i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.
Airteagal 13
Cúnamh i ndáil le héilimh
Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le heilimintí a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo do Chorn na hAfraice agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.
Airteagal 14
Athbhreithniú
Déanfar cur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún a choimeád faoi athbhreithniú rialta. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2022.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2011/819/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2011 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 327, 9.12.2011, lch. 62).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 161, 26.6.2018, lch. 16).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/352 ón gComhairle an 25 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 68, 26.2.2021, lch. 187).
(4) Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56).
(5) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).