|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3205 |
19.12.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3205 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Nollaig 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE rialaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a úsáideann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Ceanglaítear le hAirteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ngnó. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 (2) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1774ón gComhairle (3), údaraítear an Ungáir, go dtí an 31 Nollaig 2024, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar chaiteachas a bhaineann le gluaisteáin paisinéirí nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus údaraítear an Ungáir gan caitheamh le húsáid gluaisteáin paisinéirí chun críoch príobháideach mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, ar gluaisteán é a áirítear i sócmhainní gnólachta duine inchánaigh, i gcás ina raibh an gluaisteán sin faoi réir teorannú a údaraítear faoi Airteagal 1 den Chinneadh sin (‘an beart speisialta’). |
|
(3) |
Le litir a chláraigh an Coimisiún an 26 Márta 2024, d’iarr an Ungáir údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh’). |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 29 Bealtaine 2024. Le litir dar dáta an 30 Bealtaine 2024, thug an Coimisiún fógra don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 5, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493, chuir an Ungáir tuarascáil isteach, in éineacht leis an iarraidh, ina raibh an t-athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar síos le haghaidh an teorannaithe ar an gceart asbhainte CBL dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, eadhon taithí iniúchóireachta cánach agus sonraí staidrimh a bhaineann le húsáid phríobháideach gluaisteán paisinéirí, áitíonn an Ungáir go bhfuil bonn cirt fós leis an teorainn 50 % agus go bhfuil sí iomchuí i gcónaí. |
|
(6) |
I bhfianaise thionchar dearfach an mbeart speisialta maidir leis an ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach trí bhailiú CBL a shimpliú agus trí imghabháil cánach a chosc trí thaifid mhíchearta a choinneáil, measann an Coimisiún gurb iomchuí síneadh a chur leis an mbeart speisialta.. Dá bhrí sin, ba cheart údarú a thabhairt don Ungáir leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027. |
|
(7) |
Ba cheart an beart speisialta a theorannú don am is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a iomchuí atá an ráta céatadáin a chuirtear i bhfeidhm. |
|
(8) |
Tá an beart speisialta comhoiriúnach leis na cuspóirí atá á saothrú, is é sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile. |
|
(9) |
I gcás ina measann an Ungáir gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2027. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith ag gabháil leis an iarraidh sin, ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm. |
|
(10) |
De réir na faisnéise a chuir an Ungáir ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Ungáir ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493:
‘Airteagal 5
1. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.
2. Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (IO L 252, 8.10.2018, lch. 44).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1774 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 360, 11.10.2021, lch. 108).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3205/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)