AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.9.2024
COM(2024) 430 final
2013/0186(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2013/0186 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2013) 0410 final – 2013/0186 COD):
|
11 Meitheamh 2013.
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
11 Nollaig 2013 (togra bunaidh) agus 2 Nollaig 2020 (togra leasaithe).
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
12 Márta 2014.
|
|
An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:
|
22 Meán Fómhair 2020.
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
26 Meán Fómhair 2024.
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é is aidhm don togra creat dlíthiúil an Aerspáis Eorpaigh Aonair a athchóiriú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán i ndáil leis an gcaoi a ndéantar aerspás na hEorpa agus soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a rialáil, a eagrú agus a bhainistiú. Tá sé d’aidhm aige freisin an Rialachán seo a ailíniú le Rialachán (AE) 2018/1139 (Rialachán EASA), go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar fhorluí.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Leis an seasamh ón gComhairle mar a glacadh é ar an gcéad léamh, léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 5 Márta 2024. Glacann an Coimisiún leis an gcomhaontú foriomlán. Is iad seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin:
·Ní mór na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta (NSAnna) a bheith neamhspleách ar sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (ANSPanna), go háirithe ó thaobh na cinnteoireachta de. Mura bhfuil siad leithleach ó na soláthraithe sin ó thaobh an dlí de agus gan iad a bheith scartha ach ó thaobh na feidhme de, ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun ceanglais neamhspleáchais a chomhlíonadh. Féadfar NSAnna a nascadh leis an údarás inniúil náisiúnta ar choinníoll go ndéanfar a gcinntí go neamhspleách. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann an fhoireann ceanglais neamhspleáchais áirithe. Mar sin féin, cé nach bhfuil na forálacha sin chomh huaillmhianach céanna leis an togra ón gCoimisiún, neartaíonn siad na ceanglais i gcomparáid leis an status quo.
·Tá deimhniú aonair ann le haghaidh ANSPanna, lena gcumhdaítear ceanglais sábháilteachta agus eacnamaíocha an deimhniúcháin araon. Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta atá i gceannas ar an deimhniú a eisiúint agus a mhaoirsiú. Ní mór do NSAnna a measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas eacnamaíoch maidir le deimhniú ANSPanna a chur ar fáil don údarás inniúil náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go sannfar an measúnú sin don údarás inniúil náisiúnta. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán EASA atá ann cheana, féadfaidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerloingseoireachta ag na fórsaí míleata a cheadú gan deimhniú i gcás ina dtairgeann na fórsaí míleata seirbhísí den sórt sin go príomha don trácht míleata. Dá bhrí sin, leis na forálacha sin coinnítear ar bun na ceanglais atá ann cheana maidir le deimhniú, agus an tráth céanna déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh ról níos láidre ag na NSAnna.
·Ní mór do sholáthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe ceanglais Rialachán EASA maidir le deimhniú a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ní mór dóibh ceanglais slándála agus cosanta náisiúnta a chomhlíonadh, agus ceanglais maidir le príomháit ghnó agus úinéireacht agus rialú a chomhlíonadh, ceanglais lena n‑ailínítear le ceanglais maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta eile. Ainmniú soláthraithe seirbhísí aerthráchta, ní fhéadfadh sé a bheith faoi réir coinníollacha lena gcumhdófaí srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bunaíochta, srian nach bhfuil údar leis mar gheall ar chuspóir dlisteanach leasa ghinearálta agus nach bhfuil comhréireach leis an gcuspóir sin. Is léiriú é sin ar rialacha an Chonartha agus ar an gcásdlí gaolmhar. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar chearta agus oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus ar a gcomhlíontacht le hoibleagáidí, rud a neartaíonn na ceanglais maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ANSPanna i gcomparáid leis na rialacha atá ann cheana, cé nach bhfuil siad chomh huaillmhianach céanna leis an togra ón gCoimisiún.
·Féadfaidh ANSPanna leas a bhaint as seirbhísí ANSPanna eile. Ní dhearnadh foráil maidir leis sin sa togra ón gCoimisiún. Tá sé faoi réir coinníll, áfach, go gcomhlíonfaidh na ANSPanna eile sin ceanglais Rialachán EASA. Thairis sin, ní mór dul i gcomhar i gcomhréir leis na ceanglais soláthair atá sa Rialachán sin, lena n‑áirítear i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Aontais maidir le soláthar, i gcás inarb infheidhme iad sin.
·Féadfaidh na Ballstáit soláthraí seirbhísí meitéareolaíocha a ainmniú ar bhonn eisiach. An tráth céanna, déantar foráil sa Rialachán maidir le maoirseacht eacnamaíoch ar na soláthraithe sin mar chuid den scéim feidhmíochta i gcás ainmniúcháin.
·Féadfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe a chinneadh seirbhísí tacaíochta a sholáthar (seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais, seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta, seirbhísí sonraí aerthráchta agus seirbhísí meitéareolaíocha) faoi dhálaí margaidh, nó faoi chineálacha eile comhaontaithe i gcás nach bhfuil feidhm ag rialacha cothrománacha maidir le soláthar (Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE). Dá bhrí sin, tá rialacha cothrománacha maidir le soláthar fós i réim. A mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí aerthráchta críochfoirt le haghaidh rialú aeradróim agus rialú ascnaimh araon, féadfaidh na Ballstáit soláthar a cheadú faoi dhálaí an mhargaidh. Sa chás sin, ní mór ceanglais maidir le cáilíocht seirbhíse a áireamh sna sonraíochtaí tairisceana, i gcomhréir le cuspóirí an togra ón gCoimisiún. Ní mór do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun tras‑fhóirdheonú idir seirbhísí arna soláthar agus seirbhísí eile a sheachaint, rud atá i gcomhréir le cuspóirí an Choimisiúin saobhadh iomaíochta a sheachaint. Déantar foráil maidir le maolú ar na ceanglais atá ar ANSPanna maidir le háit ghnó agus úinéireacht agus rialú do sholáthraithe áirithe seirbhísí satailíte domhanda, chun staid an tsoláthair seirbhíse san Aontas tráth a ghlactar an Rialachán a chur san áireamh. I gcomhréir le cuspóirí an togra ón gCoimisiún, níl soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n‑ainmniú mar thoradh ar nós imeachta soláthair faoi réir forálacha áirithe de chuid na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, go háirithe ní cheanglaítear orthu plean feidhmíochta lena ngabhann spriocanna feidhmíochta a chur isteach.
·Ní mór do Sholáthraithe Seirbhísí Coiteanna Faisnéise (SCFanna) ceanglais slándála agus cosanta náisiúnta a chomhlíonadh, agus ceanglais maidir lena bpríomháit ghnó agus úinéireacht agus rialú a chomhlíonadh, ar ceanglais iad atá ailínithe leis na ceanglais is infheidhme maidir le ANSPanna. I gcás ina gcuireann soláthraí aonair SCF ar fáil, ní mór praghas na seirbhísí sin a bheith bunaithe ar chostais agus féadfar corrlach brabúis a áireamh ann. I gcás nach soláthraí aonair a chuireann SCF ar fáil, ní mór an SCF aonair a chur ar fáil saor in aisce. Leis sin tugtar aghaidh ar chuspóir an togra ón gCoimisiún an tseirbhís a bhfuil monaplacht i bhfeidhm inti a rialáil.
·Féadfaidh na Ballstáit an comhar a choinneáil ar bun laistigh d’aerspás na mBloc Feidhme Aerspáis atá bunaithe cheana féin, ar choinníoll nach ndéanann sé difear do chur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin agus go ndéantar na costais ghaolmhara a thuairisciú ar leithligh.
·Bunaítear leis an Rialachán Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF) atá neamhspleách agus neamhchlaonta, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún lena chúraimí a bhaineann leis na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe. Bunaítear leis an Rialachán freisin Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta (NCB). Ní mór don Choimisiún rúnaíocht BAF agus NCB a sholáthar. Tá na costais a bhaineann le BAF, NCB agus an rúnaíocht le maoiniú ó bhuiséad an Aontais. Tá an méid sin ag imeacht go mór ón togra ón gCoimisiún inar moladh BAF rialála a bhunú laistigh de Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus ról difriúil a bheith ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme/i bhforfheidhmiú na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe. Mar sin féin, ba cheart go ndéanfaí roinnt feabhsuithe ar fhorfheidhmiú na scéime feidhmíochta agus go ndéanfaí foráil maidir leis an gcobhsaíocht a bhfuil gá léi i rialáil na seirbhísí aerloingseoireachta.
·Mar thoradh ar bhunú BAF agus NCB, baineadh na leasuithe ábhartha ar Rialachán EASA. Leasaítear Rialachán EASA anois chun foráil a dhéanamh maidir le roinnt ceartúchán teoranta ar chrostagairtí don Rialachán maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, maidir le hailíniú na sainmhínithe idir an dá Rialachán, agus maidir le rialacha maidir le deimhniú ANSPanna a thabhairt cothrom le dáta.
·A mhéid a bhaineann leis na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, coinnítear ar bun sa Rialachán róil agus freagrachtaí éagsúla na mBallstát, NSAnna, an Choimisiúin agus BAF, agus príomheilimintí an chreata dhlíthiúil atá ann cheana, lena n‑áirítear na príomheilimintí sna rialacha cur chun feidhme. Leis an gcomhaontú, cuirtear roinnt breisluacha leis an reachtaíocht atá ann cheana, agus soiléiríonn sé an creat dlíthiúil atá ann cheana. Go háirithe, déantar an próiseas measúnaithe a chuíchóiriú i gcomparáid leis an reachtaíocht atá ann cheana. Faoi réir táscairí leordhóthanacha a bheith glactha ag an gCoimisiún, bheadh spriocanna feidhmíochta ceangailteacha sna pleananna feidhmíochta náisiúnta freisin le haghaidh seirbhísí críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil. Ní mór don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh ar mhodhnú muirear aerloingseoireachta faoi bhealach chun tacú le feabhsuithe ar fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil úsáideoirí aerspáis. Ar bhonn an staidéir sin, cinnfidh an Coimisiún an nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun modhnú den sórt sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach.
·Liostaítear naoi bhfeidhm líonra sa Rialachán: struchtúir aerspáis a dhearadh agus a úsáid; bainistíocht na sreibhe aerthráchta; acmhainní tearca a chomhordú; tarmligean soláthair seirbhíse a éascú; acmhainn rialaithe aerthráchta a chur ar fáil; géarchéimeanna líonra a bhainistiú; sannadh moille bhainistíocht na sreibhe aerthráchta; pleanáil, faireachán agus comhordú na ngníomhaíochtaí cur chun feidhme maidir le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach um bainistíocht aerthráchta (BAT) a bhainistiú; faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú bhonneagar líonra BAT na hEorpa. Tá liosta na bhfeidhmeanna gréasáin uileghabhálach agus cumhdaíonn sé gach gné is gá i ndáil le bainistiú an líonra. Soiléirítear sa Rialachán go bhfuil na feidhmeanna gréasáin sin le cur i gcrích ag na Ballstáit agus ag na páirtithe leasmhara ábhartha uile le rannchuidiú ón mBainisteoir Líonra. Liostaítear ann cúraimí an Bhainisteora Líonra agus leagtar síos ann a phríomh‑mhodhanna oibre, lena n‑áirítear an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí. Bunaítear leis an Bord Bainistithe Líonra chun rialachas a dhéanamh ar fhorghníomhú na bhfeidhmeanna líonra. Soiléirítear leis na forálacha sin na róil agus na freagrachtaí éagsúla, agus déantar foráil maidir le cumhachtú iomchuí don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh.
·Áirítear sa Rialachán ceanglais agus coinníollacha maidir le sonraí oibríochtúla le haghaidh trácht sibhialta a chomhroinnt agus a chur ar fáil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún tuilleadh sonraí a chur ar fáil sna rialacha cur chun feidhme. Cumhdaítear leis an gcumhachtú sin glacadh prionsabal ginearálta agus rialacha comhchoiteanna maidir le praghsanna a shocrú, agus ceanglais maidir le hiontrálaithe ionchasacha sa mhargadh a shainaithint, ar a dtugtar eintitis a bhfuil sé cruthaithe acu gur spéis leo soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus a bhfuil rochtain ar shonraí den sórt sin de dhíth orthu freisin.
·Ní mór don Choimisiún rialacha a ghlacadh a bhaineann le cur chun feidhme aonfhoirmeach aicmiú aerspáis ICAO. Comhfhreagraíonn sé sin do chumhachtú atá ann cheana don Choimisiún.
·Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm Úsáid Sholúbtha Aerspáis a chur ar fionraí go sealadach faoi choinníollacha áirithe. Is fearr a shainítear an coinníoll maidir le fionraí i gcomparáid leis na rialacha atá ann cheana.
·Féadfaidh an Coimisiún comhthionscadail a bhunú bunaithe ar an ngá atá le sioncrónú i measc páirtithe leasmhara chun athruithe oibríochtúla riachtanacha arna sainaithint sa Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a chur chun feidhme, a mbeidh tionchar acu ar fud an líonra agus a mbeidh aibíocht leordhóthanach bainte amach acu lena gcur chun feidhme. Tá na coinníollacha breise sin i gcomhréir le cuspóirí an togra ón gCoimisiún.
·A mhéid a bhaineann leis an nós imeachta coiste, i gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta scrúdúcháin agus nach dtugann an coiste aon tuairim, ní féidir leis an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Is léiriú é sin ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.
·I gcás roinnt forálacha á moill ar an dáta cur i bhfeidhm. Idir an dá linn, leanfaidh na forálacha dlíthiúla comhfhreagracha atá i bhfeidhm faoi láthair d’fheidhm a bheith acu. Tá an tús moillithe sin fós réasúnta i ndáil leis na modhnuithe atá á dtabhairt isteach.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.
DEARBHUITHE ÓN gCOIMISIÚN
Rinne an Coimisiún dhá dhearbhú aontaobhacha ar féidir teacht orthu san fhoscríbhinn.
FOSCRÍBHINN
Dearbhuithe ón gCoimisiún
I - Ráiteas aontaobhach maidir le neamhspleáchas institiúideach an Choimisiúin i ndáil leis an Rúnaíocht a thacaíonn leis an mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta
Cuirfidh an Coimisiún an Rúnaíocht ar fáil don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF), agus na riachtanais a thugann BAF le fios á gcur san áireamh, ionas go mbeidh BAF in ann a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, mar a leagtar síos leis an Rialachán. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Rúnaíocht chun na cúraimí sin a chur i gcrích. Aithníonn an Coimisiún go hiomlán gur gá go n‑oibreoidh BAF go neamhspleách. An ceanglas a bheidh ar an Rúnaíocht a cuid tacaíochta a chur ar fáil do BAF gan aon treoir a ghlacadh ach amháin ó BAF, rud a chuirfidh ar a cumas di a ról a chomhlíonadh chun críocha an t‑ábhar a ullmhú agus an treocht a ullmhú maidir le tuairimí, moltaí, tuarascálacha, agus ábhar treoraíochta BAF, ní mór an ceangal sin a thuiscint gur atoradh é ar an gcreat neamhspleáchais sin. Mar sin, ní féidir leagan amach na Rúnaíochta cur isteach ar an bprionsabal maidir le neamhspleáchas eagraíochtúil agus neamhspleáchas ón gCoimisiún.’
II - Ráiteas aontaobhach maidir le maoiniú acmhainní daonna le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus le haghaidh shuíomh na Rúnaíochta den Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta
‘Meabhraíonn an Coimisiún go ndearnadh modhnú suntasach ar shannadh chúraimí an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta agus an Choimisiúin, agus ar rialachas an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta chomh maith, mar gheall ar an gcomhaontú deiridh ar tháinig na comhreachtóirí air maidir leis an togra leasaithe le haghaidh Rialachán maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair. Is leithne cúraimí an Choimisiúin i gcomparáid leis an gcéad togra ón gCoimisiún ós rud é gurb é an Coimisiún (agus ní an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta a leagtar amach i nGníomhaireacht) a bheadh i gceannas ar na cinntí ar fad agus a bheadh ag brath ar an gcomhairle ón mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta. Thairis sin, bheadh ar an gCoimisiún Rúnaíocht a chur ar fáil don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta agus don Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta. Mar thoradh air sin, teastaíonn méid suntasach foirne agus acmhainní ón gCoimisiún.
Mar thoradh ar na hacmhainní daonna breise a cheanglaítear leis an gcomhaontú deiridh a d’fhormhuinigh na comhreachtóirí, ní bheidh an Coimisiún in ann prionsabal na foirne cobhsaí a urramú, agus beidh acmhainní breise de dhíth air, ar acmhainní iad a bheidh le húdarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil in éindí leis na leithreasuithe buiséadacha gaolmhara.
Gan aon acmhainn bhreise, ní féidir teacht ar na roghanna chun na costais riaracháin is gá a mhaoiniú le haghaidh fhoireann Rúnaíocht an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta. Is ar phrionsabal na foirne cobhsaí a bunaíodh Ceannteideal 7 ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus níl aon chorrlach ann chun oifigigh bhreise agus foireann sheachtrach a mhaoiniú. Déanfaidh an Coimisiún na hoifigigh is gá don tionscnamh seo a ath‑imlonnú go hinmheánach. Mar sin féin, le haghaidh na foirne breise atá ag teastáil, bheadh gá leis an líne bhuiséid nua a chruthú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun iad a mhaoiniú thar theorainn phrionsabal na foirne cobhsaí.
Féachfaidh an Coimisiún le comhaontuithe a bhunú le Eurocontrol agus le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh clár maidir le foireann a thabhairt ar iasacht don Rúnaíocht go tráthrialta. Ar deireadh, féachfaidh an Coimisiún le socruithe iomchuí a bhunú le Eurocontrol maidir le soláthar faisnéise ábhartha.’