European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4868

8.9.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1790 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1789 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

(C/2025/4868)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1790 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1789 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 agus i Rialachán (AE) 2020/1998. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, roimh an 22 Meán Fómhair 2025 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Horizontal and Global Affairs

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an athbhreithnithe thréimhsiúil a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2020/1999, ar liosta na ndaoine, agus na n-eintiteas atá ainmnithe.


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13.

(2)   IO L, 2025/1790, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1790/oj.

(3)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(4)   IO L, 2025/1789, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1789/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4868/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)