|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/786 |
31.3.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/786 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) 2026/249 lena socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin, lena n-áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha agus torthaí chruinnithe de chuid eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna). |
|
(2) |
In 2025, chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le líon mór gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú le haghaidh 2026, lena n-áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna sin, le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’). Rinneadh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú sa taifead i scríbhinn a shínigh na Cinn Toscaireachta an 10 Nollaig 2025. Mar a taifeadadh sa taifead i scríbhinn sin, chomhaontaigh na Cinn Toscaireachta a mholadh dá n-údaráis féin gur cheart feidhm a bheith ag na bearta feabhais le haghaidh trosc (Gadus morhua), cadóg (Melanogrammus aeglefinus) agus faoitíní (Merlangius merlangus) sa Mhuir Cheilteach agus i Muir Éireann agus le haghaidh sól (Solea solea) agus leathóg (Pleuronectes platessa) i Muir nIocht, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2026, san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon chun cothrom iomaíochta a áirithiú toisc go mbainistítear na stoic sin go comhpháirteach. Tá tús chur i bhfeidhm na mbeart feabhais sin le bheith faoi réir fógra a bheith tugtha ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe faoi chur i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha féin, ar nósanna imeachta iad a bhfuil gá leo chun na bearta feabhais sin a ghlacadh. Chuir an Ríocht Aontaithe in iúl do sheirbhísí an Choimisiúin go measann sí go dtabharfar chun críche a nósanna imeachta inmheánacha maidir leis na bearta feabhais a comhaontaíodh le haghaidh trosc agus faoitíní i Muir Éireann agus le haghaidh sól agus leathóg i Muir nIocht a ionchorprú i ndlí na Ríochta Aontaithe faoin 1 Meán Fómhair 2026. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí an Aontais vis-à-vis oibreoirí na Ríochta Aontaithe, ba cheart cur i bhfeidhm na mbeart sin a chur siar go dtí an 1 Meán Fómhair 2026, go dtí go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe na nósanna imeachta inmheánacha ábhartha i gcrích. |
|
(3) |
Idir an 6 agus 11 Márta 2026, chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le leibhéal an TAC le haghaidh corra gainimh (Ammodytes spp.) agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES, agus in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 3 Márta 2026. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú sa taifead i scríbhinn sin arna shíniú an 13 Márta 2026. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC sin a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2026/249, socraíodh cuótaí sealadacha de chuid an Aontais le haghaidh ronnach (Scomber scombrus) san Atlantach Thoir Thuaidh don chéad leath de 2026 in éagmais cinneadh maidir leis an TAC le haghaidh an stoic sin sna comhairliúcháin le Stáit chósta agus ag an gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Tháinig an Ríocht Aontaithe, an Iorua, an Íoslainn agus Oileáin Fharó ar chomhaontú maidir le TAC le haghaidh ronnach le haghaidh 2026 ar leibhéal atá éagsúil leis an leibhéal a mhol ICES. Níor thángthas ar aon chomhaontú go fóill idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, an Iorua, an Íoslainn agus Oileáin Fharó maidir le TAC le haghaidh ronnach le haghaidh 2026. I bhfianaise shéasúracht an iascaigh sin, agus an ghá atá le cothrom iomaíochta a chur chun cinn d’oibreoirí an Aontais vis-à-vis oibreoirí tríú tír, ba cheart cuótaí an Aontais le haghaidh an stoic sin a shocrú le haghaidh 2026 ina iomláine, agus i gcomhréir leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ó bhí 2021 ann a mhéid a bhaineann le sciar comhpháirteach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe sa TAC sin. Tá an cur chuige sin bunaithe ar sciar comhpháirteach de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe de 49,29 % den TAC le haghaidh ronnach, tar éis na haistrithe cuótaí a eascraíonn as cur chun feidhme thábla B d’Iarscríbhinn 36 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm. |
|
(5) |
Idir mí na Samhna 2025 agus mí Feabhra 2026, bhí comhairliúcháin ar siúl idir an tAontas agus an Iorua a mhéid a bhaineann le rochtain ar a n-uiscí faoi seach le haghaidh iascaireacht ar an scadán (Clupea harengus) agus ar an bhfaoitín gorm (Micromesistius poutassou) san Atlantach Thoir Thuaidh. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 17 Deireadh Fómhair 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dtaifead comhaontaithe arna shíniú an 27 Feabhra 2026. Ba cheart, dá bhrí sin, na leibhéil rochtana sin a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Iorua. |
|
(6) |
Tar éis TAC tagartha a shocrú le haghaidh trosc san Artach Thoir Thuaidh le haghaidh 2026, ba cheart cuóta cinntitheach an Aontais le haghaidh trosc in uiscí Svalbard agus in uiscí idirnáisiúnta fholimistéar 1 agus roinn 2b ICES le haghaidh 2026 a shocrú bunaithe ar an TAC tagartha sin le haghaidh 2026 agus ar sciar stairiúil an Aontais le haghaidh trosc san Artach Thoir Thuaidh. Ba cheart cuóta sin an Aontais a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh 87/277/CEE ón gComhairle (3), faoi réir na n-oiriúnuithe is gá de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a bheith déanta mar a leagtar amach i dtábla E d’Iarscríbhinn 36 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. |
|
(7) |
Maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinníní gorma (Thunnus thynnus) i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA), lastoir de 45°I, agus maidir leis an uas-ionchur agus uas-acmhainneacht le haghaidh fheirmeacha tuinníní gorma an Aontais sa limistéar sin, tá siad bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna pleananna bliantúla dá dtagraítear in Airteagail 11, 13 agus 15 de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tá na Ballstáit leis na pleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain, de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/2053. Tá an Coimisiún leis na pleananna sin a thiomsú ansin agus tá siad le bheith ina mbonn le plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú, ar plean é atá le cur ar aghaidh chuig Rúnaíocht CICTA chun go ndéanfaidh CICTA é a phlé agus a fhormheas, mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2023/2053. An 5 Márta 2026, d’fhormheas CICTA plean bliantúil an Aontais le haghaidh 2026. Ba cheart, dá bhrí sin, teorainneacha iarrachta iascaireachta an Aontais agus uas-ionchur agus uas-acmhainneacht feirmeoireachta an Aontais le haghaidh 2026 a leasú i gcomhréir leis an bplean bliantúil sin. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go n-aistreofar 5 % ar a mhéad dá gcuóta bliantúil le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún CICTA, lastoir de 45°I, ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith. Chuimsigh Ballstáit áirithe sna pleananna bliantúla iascaireachta a chuir siad faoi bhráid an Choimisiúin iarrataí chun a gcuóta bliantúil tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún CICTA, lastoir de 45°I, a thabhairt anonn ó 2025 go 2026. Ar bhonn na n-iarrataí sin, chuir an Coimisiún iarraidh ar chuóta an Aontais le haghaidh an stoic sin a thabhairt anonn ó 2025 go 2026 san áireamh i bplean bliantúil an Aontais le haghaidh 2026. Tar éis plean bliantúil an Aontais a fhormheas, ba cheart, dá bhrí sin, cuótaí na mBallstát sin le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún CICTA, lastoir de 45°I le haghaidh 2026, a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagail 8a, 17b agus 18b de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), maidir le cuótaí bliantúla Ballstát áirithe le haghaidh tuinníní mhórshúileacha (Thunnus obesus) i limistéar Choinbhinsiún CICTA, tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) i limistéar Choinbhinsiún CICTA, lastuaidh de 5°T agus laisteas de 5°T araon, agus le haghaidh colgáin (Xiphias gladius) i limistéar Choinbhinsiún CICTA, lastuaidh de 5°T agus laisteas de 5°T araon, aistríodh iad ó 2024 go 2026 i gcomhréir le moltaí ábhartha CICTA. Ba cheart, dá bhrí sin, cuótaí na mBallstát sin le haghaidh na stoc sin le haghaidh 2026 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Ag an 14ú cruinniú bliantúil a bhí ag an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) in 2026, ghlac sí teorainneacha gabhála le haghaidh an bholmáin (Trachurus murphyi) agus choinnigh sí ar bun iascaigh thaiscéalaíocha le haghaidh an déadéisc (Dissostichus spp.). Ina theannta sin, rinne SPRFMO bearta atá nasctha go feidhmiúil maidir le hiascaigh thaiscéalaíocha déadéisc a choinneáil ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(11) |
Go dtí go bhfaighfear toradh an 10ú seisiún de Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC), ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh an ronnaigh sheapánaigh (Scomber japonicus) i limistéar Choinbhinsiún NPFC le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027 a mharcáil ‘le bunú’, chun go bhféadfar tús a chur leis an iascach ar ronnaigh sheapánacha ón 1 Meitheamh 2026, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar eisíodh údarú iascaireachta chucu i gcomhréir le hAirteagail 20, 21 agus 22 de Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(12) |
An dá ghrúpa tréimhsí coiscthe le haghaidh soithí iascaireachta peas-saighne de chuid an Aontais i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) arna bhunú le Rialachán (AE) 2026/249, ar lena linn a thoirmisctear ar na soithí sin iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní buí (Thunnus albacares), tuinníní mórshúileacha nó tuinníní aigéanacha (Katsuwonus pelamis), ba cheart iad a leasú i gcomhréir le bearta arna nglacadh ag IATTC. Ba cheart an chéad ghrúpa tréimhsí coiscthe a leasú chun go mbeidh feidhm acu ar fud limistéar Choinbhinsiún IATTC ina iomláine agus ba cheart go leanfadh an dara grúpa tréimhsí coiscthe d’fheidhm a bheith acu i limistéar sonrach agus sa limistéar sin amháin. Ina theannta sin, na síntí ar thréimhsí coiscthe le haghaidh shoithí iascaireachta peas-saighne an Aontais, bunaithe ar a ngabhálacha tuinníní mórshúileacha i limistéar Choinbhinsiún IATTC le linn na bliana roimhe sin, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir leis an gcéad ghrúpa tréimhsí coiscthe agus, dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith acu a thuilleadh maidir leis an dara grúpa tréimhsí coiscthe. |
|
(13) |
An 20 Eanáir 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/56 (7) lena gcuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe áirithe is infheidhme i limistéar Choinbhinsiún IATTC. Le hAirteagal 8 den Rialachán sin, bunaítear bearta maidir le siorcanna bána aigéanacha (Carcharhinus longimanus). Tá forluí idir Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2026/249 agus Rialachán (AE) 2021/56 maidir leis an ábhar sin agus forchuirtear leis ceanglais ar tugadh aghaidh orthu cheana faoi dhlí an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2026/249 a scriosadh. |
|
(14) |
Le Rialachán (AE) 2026/249 socraíodh TAC le haghaidh sól i ranna 8c, 8d agus 8e ICES, i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES, agus in uiscí an Aontais den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1 le haghaidh 2026 agus 2027. De réir ICES, is ann do thrí phríomhspeiceas sól a ghabhtar sa limistéar sin: an sól coiteann (Solea solea), an sól Seineagálach (Solea senegalensis) agus an sól gainimh (Pegusa lascaris). Is é ‘Solea spp.’ an t-ainm eolaíoch dá dtagraítear sa TAC agus ní chumhdaíonn sé sin an sól gainimh. Mar sin féin, measadh roimhe seo gur leis an ngéineas Solea a bhain an sól gainimh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, ba cheart ‘Solea spp. agus Pegusa lascaris’ a chur in ionad an ainm eolaíoch dá dtagraítear sa TAC chun an sól gainimh a chumhdach freisin. |
|
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2026/249 a leasú dá réir sin. |
|
(16) |
Chun na tréimhsí tuairiscithe le haghaidh na TACanna arna leasú leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun, agus toisc go bhfuil feidhm ag na TACanna sin ón 1 Eanáir 2026, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na TACanna leasaithe ón dáta sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh toisc go gcoinnítear na TACanna lena mbaineann ar bun nó go dtagann méadú orthu. |
|
(17) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann le briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2026/249
Leasaítear Rialachán (AE) 2026/249 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(3): ‘3. Is iad an Spáinn agus an Fhrainc (BSS/8AB) a thuairisceoidh gabhálacha in iascaigh thráchtála faoi na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear i mír 1.’. |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
|
(3) |
Scriostar Airteagal 40. |
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Codanna A agus B d’Iarscríbhinn IA, agus Iarscríbhinní IB, ID, IH, IM agus VI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 lena socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202, (IO L, 2026/249, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/249/oj).
(2) Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj).
(3) Cinneadh 87/277/CEE ón gComhairle an 18 Bealtaine 1987 maidir le féidearthachtaí gabhála trosc i réigiún Spitsbergen agus Oileán na mBéar a chionroinnt agus i Roinn 3M mar a shainítear i gCoinbhinsiún NAFO (IO L 135, 23.5.1987, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1987/277/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2053/oj).
(5) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin de chuid an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (CICTA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2107/oj).
(6) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2403/oj).
(7) Rialachán (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2021 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme maidir le Limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 24, 26.1.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/56/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2026/249
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn IB mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn ID mar a leanas:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IH: ‘IARSCRÍBHINN IH LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN SPRFMO Tábla 1
Tábla 2
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IM: ‘IARSCRÍBHINN IM LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN NPFC Tábla 1
|
||||||||||||||||
|
(6) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Laistigh de theorainneacha na gcuótaí seo, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí seo a leanas sól coiteann (Solea solea) a ghabháil (SOL/8CDE34):
|
|
190’ |
(2) Déanfar gabhálacha sna limistéir bhainistíochta éagsúla le haghaidh corra gainimh a leagtar amach thíos a thuairisciú ar leithligh.
(3) Féadfaidh foghabhálacha faoitíní (OT1/*2A3A4X) a bheith i suas le 2 % den chuóta. Fo-ghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní sháróidh siad, i dteannta a chéile, 9 % den chuóta.
(3) Beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96
Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96’
(4) Gabhálacha scadán a ghabhtar in iascaigh a úsáideann líonta ina bhfuil mogallmhéid cothrom le 32 mm nó níos mó ná sin.
(5) Ní fhéadfar ach na méideanna seo a leanas amháin de na stoic scadán HER/03A. (HER/*03A.) agus HER/03A-BC (HER/*03A-BC) a iascach in 3a:
|
An Danmhairg |
554 |
|
An Ghearmáin |
8 |
|
An tSualainn |
407 |
|
An tAontas |
969 |
(6) Coinníoll speisialta: féadfar suas le 50 % den mhéid sin a iascach in uiscí na Ríochta Aontaithe in 4 (HER/*4-UK), agus féadfar suas le 50 % a iascach in uiscí an Aontais in 4b (HER/*4B-EU).
(7) Gabhálacha scadán a ghabhtar in iascaigh a úsáideann líonta ina bhfuil mogallmhéid cothrom le 32 mm nó níos mó ná sin.
(8) Gabhálacha a ghabhfar laistigh den chuóta sin, asbhainfear iad ó sciar na hIorua den TAC. Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht a leanas a ghabháil in uiscí an Aontais in 4b (HER/*04B-C):
|
|
2 700 |
(9) Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná 250 tona a ghabháil in uiscí na hIorua agus uiscí an Aontais i limistéar 3a (HER/*03A).
(10) Coinníoll speisialta: laistigh de theorainn rochtana iomlán de líon tonaí atá le bunú le haghaidh an Aontais, féadfaidh na Ballstáit suas leis an gcéatadán seo a leanas dá gcuótaí a iascach in uiscí Fharó (WHB/*05-F.): 0 %
(11) Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig 8c, 9 agus 10 agus chuig uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún roimh ré faoi aistrithe dá leithéid.
(12) Coinníoll speisialta: ó chuótaí an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 (WHB/*NZJM1) agus i limistéir 8c, 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 (WHB/*NZJM2), féadfar an chainníocht seo a leanas a iascach i Limistéar Eacnamaíoch na hIorua nó sa limistéar iascaigh timpeall Jan Mayen:
|
0 |
(13) Féadfar é a iascach in uiscí an Aontais i limistéir 4, 6a lastuaidh de 56°30'T, i limistéir 6b agus 7 laistiar de 12°I (WHB/*46AB7-EU).
(14) Coinníoll speisialta: ó chuóta na hIorua, féadfar an chainníocht seo a leanas a iascach in uiscí an Aontais in 4, 6a lastuaidh de 56°30’T, 6b agus 7 laistiar de 12°I:
|
50 000 |
(15) Coinníoll speisialta: ó chuótaí an Aontais in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 (WHB/*NZJM1) agus i limistéir 8c, 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 (WHB/*NZJM2), féadfar an chainníocht seo a leanas a iascach i Limistéar Eacnamaíoch na hIorua nó sa limistéar iascaigh timpeall Jan Mayen:
|
0’ |
(16) Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí seo, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a thógáil sna limistéir seo a leanas:
|
|
3a (MAC/*03A.) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 3a, 4b agus 4c (MAC/*3A4BC) |
4b (MAC/*04B.) |
4c (MAC/*04C.) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéir 2a, 5b, 6, 7, 8d, 8e, 12 agus 14 (MAC/*2AX14) |
|
An Bheilg |
0 |
0 |
0 |
0 |
131 |
|
An Danmhairg |
0 |
4 130 |
0 |
0 |
7 165 |
|
An Ghearmáin |
0 |
0 |
0 |
0 |
136 |
|
An Fhrainc |
0 |
490 |
0 |
0 |
411 |
|
An Ísiltír |
0 |
490 |
0 |
0 |
414 |
|
An tSualainn |
0 |
0 |
390 |
10 |
1 311 |
|
An tAontas |
0 |
5 110 |
390 |
10 |
9 568 |
(17) Laistigh de theorainneacha na gcuótaí seo, agus i gcomhaontú leis an Stát cósta ábhartha, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil freisin sa dá limistéar seo a leanas:
|
|
Uiscí na hIorua i limistéir 2a agus 4a (MAC/*02A4AN-) |
uiscí Fharó (MAC/*FRO1) |
|
An Bheilg |
Le bunú |
Le bunú |
|
An Danmhairg |
Le bunú |
Le bunú |
|
An Ghearmáin |
Le bunú |
Le bunú |
|
An Fhrainc |
Le bunú |
Le bunú |
|
An Ísiltír |
Le bunú |
Le bunú |
|
An tSualainn |
Le bunú |
Le bunú |
|
An tAontas |
Le bunú |
Le bunú |
(18) Coinníoll speisialta: féadfar an chainníocht seo a leanas a ghabháil in uiscí na hIorua i limistéir 2a agus 4a (MAC/*2A4AN):
|
|
242 |
Nuair a bheifear ag iascach faoin gcoinníoll speisialta seo, ní mór foghabhálacha trosc, cadóg, mangach, faoitíní agus glasán a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí le haghaidh na speiceas sin.
(19) Laistigh de theorainn an chuóta seo, déanfaidh an Danmhairg na haistrithe seo a leanas a bheidh le hiascach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 6, 7, 8d; Uiscí an Aontais in 8a, 8b agus 8e; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14; agus Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéir 2a agus 5b (MAC/*2A14):
|
An Ghearmáin |
179 |
|
An Spáinn |
0 |
|
An Eastóin |
1 |
|
An Fhrainc |
119 |
|
Éire |
596 |
|
An Laitvia |
1 |
|
An Liotuáin |
1 |
|
An Ísiltír |
261 |
|
An Pholainn |
13 |
(20) Coinníoll speisialta: a bhféadfar suas le 25 % de a chur ar fáil le haghaidh malartuithe atá le hiascach ag an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil in 8c, 9 agus 10 agus uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF (MAC/*8C910).
(21) A fhéadfar a iascach in 2a, 6a lastuaidh de 56°30′T, 4a, 7d, 7e, 7f agus 7h (MAC/*AX7H).
(22) Féadfaidh an Iorua an méid a léirítear thíos den teorainn rochtana a iascach lastuaidh de 56°30’T (MAC/*N5630). Déanfar na méideanna nach gcomhairfear faoi fhonóta 2 a chomhaireamh in aghaidh na teorann gabhála arna bunú ag an Iorua.
|
Le bunú |
(23) Déanfar an méid seo a asbhaint ó theorainn ghabhála (cuóta rochtana) Oileáin Fharó. Ní fhéadfar é a iascach ach amháin i limistéar 6a lastuaidh de 56°30’T (MAC/*6AN56). Ón 1 Eanáir go dtí an 15 Feabhra agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, áfach, féadfar an cuóta seo a iascach in 2a, 4a lastuaidh de 59°T freisin (MAC/*24N59).
(24) Coinníoll speisialta: féadfar na cainníochtaí atá faoi réir malartuithe le Ballstáit eile a thógáil in 8a, 8b agus 8d (MAC/*8ABD.). Mar sin féin, ní rachaidh na cainníochtaí arna soláthar ag an Spáinn, an Phortaingéil nó an Fhrainc chun críoch malartaithe agus a bheidh le gabháil in 8a, 8b agus 8d thar 25 % de chuótaí an Bhallstáit is deontóir.
(25) Ní fhéadfar é a iascach idir an 1 Márta agus an 31 Bealtaine laistigh de “limistéar bainistíochta Kleine Bank”, ar limistéar é a theorannaítear leis na línte a cheanglaíonn na comhordanáidí seo a leanas:
|
Pointe |
Domhanleithead |
Domhanfhad |
|
1 |
65°00’T |
38°00’I |
|
2 |
65°00’T |
35°15’I |
|
3 |
64°00’T |
35°15’I |
|
4 |
64°00’T |
38°00’I |
(26) Tá cionroinnt sciar an stoic trosc atá ar fáil don Aontas sna limistéir Spitzbergen agus Oileán na mBéar agus na foghabhálacha gaolmhara cadóg gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as Conradh Pháras 1920.
(27) Féadfaidh suas le 14 % de gach dol i limistéar Spitzbergen agus Oileán na mBéar a bheith ina fhoghabhálacha cadóg. Tá cainníochtaí na bhfoghabhálacha cadóg sa bhreis ar an gcuóta le haghaidh trosc.
(28) Seachas an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Pholainn agus an Phortaingéil. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (COD/1/2B_AMS).’
(29) Coinníoll speisialta: ní dhíreofar ar an ngránádóir cruinnsocach (Coryphaenoides rupestris) (RNG/514GRN) ná ar an ngránádóir ceanngharbh (Macrourus berglax) (RHG/514GRN). Is mar fhoghabhálacha amháin a ghabhfar iad agus déanfar iad a thuairisciú ar leithligh.
(30) Cionroinntear an méid thíos ar an Iorua. Coinníoll speisialta le haghaidh an mhéid seo: ní dhíreofar ar an ngránádóir cruinnsocach (Coryphaenoides rupestris) (RNG/GL251214) ná ar an ngránádóir ceanngharbh (Macrourus berglax) (RHG/GL251214). Is mar fhoghabhálacha amháin a ghabhfar iad agus déanfar iad a thuairisciú ar leithligh.
|
|
40’ |
(31) Ní bheidh rochtain ag an Danmhairg, ag an nGearmáin ná ag an tSualainn ar chuóta “na mBallstát uile” go dtí go mbeidh a gcuóta féin ídithe acu. Ní bheidh aon rochtain, áfach, ar an gcuóta “na Ballstáit uile” ag Ballstáit a bhfuil níos mó ná 10 % de chuóta an Aontais acu. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (CAP/GL251214_AMS).
(32) Beidh feidhm ag an gcuóta seo ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026.
(33) Beidh feidhm ag an gcuóta seo ón 15 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 15 Aibreán 2027.’
(34) Nár cheart níos mó ná sé shoitheach a bheith ag déanamh iascaireachta air an tráth céanna.’
(35) Ní fhéadfar péirsí mara grinnill a iascach ach amháin lastuaidh agus laistiar den líne a shainítear leis na comhordanáidí seo a leanas:
|
Pointe |
Domhanleithead |
Domhanfhad |
|
1 |
59°15’T |
44°00’I |
|
2 |
59°30’T |
42°45’I |
|
3 |
62°00’T |
42°00’I |
|
4 |
60°00’T |
40°30’I |
|
5 |
62°00’T |
40°00’I |
|
6 |
62°40’T |
40°15’I |
|
7 |
63°09’T |
39°40’I |
|
8 |
63°30’T |
37°15’I |
|
9 |
64°20’T |
35°00’I |
|
10 |
65°15’T |
32°30’I |
|
11 |
65°15’T |
29°50’I |
(36) Déanfar gabhálacha péirsí mara órga (Sebastes norvegicus) (REG/*GL251214) agus péirsí domhainmhara (Sebastes mentella) (REB/*GL251214) a thuairisciú ar leithligh.’
(37) Déanfar foghabhálacha gránádóirí (Macrourus spp.) a thuairisciú i gcomhréir leis na táblaí seo a leanas maidir le deiseanna iascaireachta: gránádóirí in uiscí na Graonlainne in 2, 5, 12 agus 14 (GRV/GL251214) agus gránádóirí in uiscí na Graonlainne in NAFO 1 (GRV/N1GRN.)’
(38) Is é seo a leanas an líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanfaidh iascaireacht ar thuinníní colgacha an Tuaiscirt mar spriocspeiceas: 1 241.
(39) Coinníoll speisialta: Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí seo a leanas a ghabháil in uiscí na Ríochta Aontaithe (ALB/*ICAN05NXM-UK):
|
Éire |
62,03 |
|
An Spáinn |
349,65 |
|
An Fhrainc |
109,97 |
|
An Phortaingéil |
38,35 |
|
An tAontas |
560,00 |
(40) Coinníoll speisialta: Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí seo a leanas a ghabháil in uiscí an Aontais (ALB/*ICAN05NXM-EU):
|
|
560,00 |
(41) Gabhálacha tuinníní mórshúileacha a dhéanann soithí peas-saighne (BET/*CICTAPS) agus báid spiléireachta dar fad iomlán 20 méadar nó níos mó (BET/*CICTALL), déanfar iad a thuairisciú ar leithligh. Ó mhí an Mheithimh, nuair a shroicheann gabhálacha 80 % den chuóta bíonn sé de cheangal ar Bhallstáit gabhálacha na soithí iascaireachta seo a tharchur ar bhonn seachtainiúil.’
(42) Cé is moite den Chipir, den Ghréig, den Spáinn, den Fhrainc, den Chróit, den Iodáil, de Mhálta agus den Phortaingéil, agus mar fhoghabháil amháin. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BFT/ICAE45W_AMS).
(43) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*E45W8301):
|
An Spáinn |
1 254,15 |
|
An Fhrainc |
582,63 |
|
An tAontas |
1 836,78 |
(44) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma nach lú ná 6,4 kg a meáchan nó nach lú ná 70 cm a bhfad ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*E45W641):
|
An Fhrainc |
100,00 |
|
An tAontas |
100,00 |
(45) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*E45W8302):
|
An Spáinn |
166,49 |
|
An Fhrainc |
323,21 (*1) |
|
An Iodáil |
129,66 |
|
An Chipir |
4,62 |
|
Málta |
10,36 |
|
An tAontas |
634,34 |
(*1) A bhféadfar 50 % de a iascach i Murascaill an Leoin amháin.
(46) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*E45W643):
|
An Iodáil |
129,66 |
|
An tAontas |
129,66 |
(47) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI chun críoch feirmeoireachta (BFT/*E45W8303F):
|
An Chróit |
1 168,46 |
|
An tAontas |
1 168,46 ’ |
(48) Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SWO/ICAN05NXM_AMS).
(49) Coinníoll speisialta: féadfar suas le 2,39 % den chainníocht seo a iascach san Aigéan Atlantach, laisteas de 5°T (SWO/*ICAS05N). Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh choinníoll speisialta an chuóta chomhroinnte, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SWO/*ICAS05N_AMS).
(50) Coinníoll speisialta: féadfar suas le 3,51 % den chainníocht seo a iascach san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T (SWO/*ICAN05N).’
(51) Bloc taighde A:
|
IT: |
50°30′D, 136°O |
|
OT: |
50°30′D, 140°30′O |
|
OD: |
54°50′D, 140°30′O |
|
ID: |
54°50'D, 136°O |
Bloc taighde B:
|
IT: |
52 45′D, 140 30′O |
|
OT: |
52 45′D, 145 30′O |
|
OD: |
54°50′D, 145°30′O |
|
ID: |
54 50'D, 140 30′O |
(52) Is le haghaidh iascach taiscéalaíoch amháin an TAC bliantúil seo, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 11, de Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Beidh an iascaireacht teoranta do dhoimhneacht idir 600 m agus 2 500 m. Beidh an iascaireacht teoranta d’aon turas amháin nach faide ná 60 lá as a chéile agus a d’fhéadfadh tarlú aon am idir an 1 Bealtaine agus an 15 Samhain. Cuirfear deireadh leis an iascaireacht uile láithreach má fhaigheann an méid seo a leanas bás:
|
(a) |
aon cheann de na speicis seo a leanas: an t-albatras fáin (Diomedea exulans), an t-albatras ceannliath (Thalassarche chrysostoma), an t-albatras dú-mhalach (Thalassarche melanophris), an guairdeall liath (Procellaria cinerea), an guairdeall clúmhach (Pterodroma mollis); nó |
|
(b) |
trí cinn d’aon cheann de na speicis seo a leanas: an t-albatras éadrombhratach (Phoebetria palpebrata), an guairdeall mór deisceartach (Macronectes giganteus) agus an guairdeall mór tuaisceartach (Macronectes halli). |
Beidh an iascaireacht teoranta freisin do 5 000 duán ar a mhéad in aghaidh an tacair, agus 100 tacar ar a mhéad. Socrófar spiléir 3 mhuirmhíle ar a laghad óna chéile, agus ní shocrófar iad ag suíomhanna spiléar inar socraíodh línte roimhe sin laistigh de 1 bhliain féilire ó shin. Scoirfear den iascaireacht nuair a shroichfear an TAC nó má cuireadh agus má tarlaíodh 100 tacar le linn an turais, cibé acu is túisce.
|
* |
Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) (IO L 179, 16.7.2018, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/975/oj). |
(53) A bhféadfar suas le 129 dtona de a iascach i mbloc taighde A. Ós rud é go bhfuiltear nach mór ag an teorainn ghabhála le haghaidh bhloc taighde A, socrófar línte níos giorra chun a áirithiú nach sárófar an teorainn ghabhála. Déanfar gabhálacha déadiasc i mbloc taighde A a thuairisciú ar leithligh (TOT/SPR-A).
(54) A bhféadfar suas le 33 thona de a iascach i mbloc taighde B. Ós rud é go bhfuiltear nach mór ag an teorainn ghabhála le haghaidh bhloc taighde B, socrófar línte níos giorra chun a áirithiú nach sárófar an teorainn ghabhála. Déanfar gabhálacha déadiasc i mbloc taighde B a thuairisciú ar leithligh (TOT/SPR-B).
(55) Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027.
(56) Coinníoll speisialta: faoin teorainn ghabhála seo, ní fhéadfaidh na soithí seo a leanas níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil:
|
Trálaeir (*2) (MAS/NPFC-TR) |
Soithí peas-saighne (*2) (MAS/NPFC-PS) |
|
Le bunú |
Le bunú |
(*2) Dúnfaidh Páirtithe Conarthacha NPFC an t-iascach faoi na teorainneacha gabhála sin, agus déanfaidh an Coimisiún amhlaidh i gcás an Aontais, laistigh de 2 lá ó dháta eisiúna an fhógra ó Rúnaí Feidhmiúcháin NPFC lena dtabharfar le fios gur bhain úsáid na dteorainneacha gabhála sin 95 % amach.
(57) Ní údarófar ach trálaer amháin atá faoi bhratach Bhallstáit le hiascaireacht a dhéanamh ar ronnaigh sheapánacha tráth ar bith. Tá feidhm aige sin gan dochar d’aon chionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh an tAontas amach anseo i limistéar Choinbhinsiún NPFC, go háirithe ar an mBallstát atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh sa tréimhse ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027.
(58) Ní údarófar soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar mó a n-olltonnáiste ná 10 000 le hiascaireacht a dhéanamh ar ronnaigh sheapánacha.
(59) Déanfar gabhálacha faoin gcuóta seo a thuairisciú ar leithligh (MAS/NPFC-EU).’
(1) Féadfar na huimhreacha sa tábla seo a mhéadú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
(2) Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta, nó soitheach peas-saighne beag amháin agus trí shoitheach iascaireachta mionscála eile, a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.
(3) Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta nó soitheach peas-saighne beag amháin agus líon nach mó ná trí shoitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.
(4) Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.
(5) Is de thoradh aistrithe idir Ballstáit é líon aonair na soithí peas-saighne sa tábla seo agus ní hionann é agus cearta stairiúla don todhchaí.
(6) Soithí ilchuspóireacha, a bhaineann úsáid as iltrealamh (spiléar, dorú láimhe, dorú trollála).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/786/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)