|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2324 |
14.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2324 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2025
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena leagtar amach an uasteorainn do mhéid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2027, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2026, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2026 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh 2028 agus 2029
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1)(‘an Comhaontú Inmheánach’) agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaítear an treoir ranníoca le haghaidh gach páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le hAirteagal 1 den Chomhaontú Inmheánach. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. |
|
(3) |
I gcomhréir le Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2025 lena leagtar amach an uasteorainn do mhéid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2027, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2026, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2026 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh 2028 agus 2029. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna arna leagan síos do CEFanna roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar ranníocaíochtaí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh an Choimisiúin agus le haghaidh BEI a dhéanamh. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin, le hathúsáid. |
|
(6) |
Le Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle (4), socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2026 ag EUR 700 000 000 i gcás an Choimisiúin amháin, ós rud é gur ghlaoigh BEI a sciar uile den 11ú CEF in 2025. |
|
(7) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le haghaidh 2027, socraítear leis seo í ag EUR 460 000 000 i gcás an Choimisiúin.
Airteagal 2
Méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2026, socraítear leis seo é ag EUR 700 000 000 i gcás an Choimisiúin.
Airteagal 3
Méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF mar chéad tráthchuid le haghaidh 2026, socraítear leis seo é ag EUR 300 000 000.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 1 200 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin 9ú CEF a aisíoc leis na páirtithe in CEF trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta in aghaidh na chéad tráthchoda le haghaidh 2026 a shocraítear in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2028, socraítear leis seo í ag EUR 400 000 000 i gás an Choimisiúin. Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2029, socraítear leis seo í ag EUR 300 000 000 i gás an Choimisiúin.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_eums/2013/806/oj.
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1877/oj.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.
(4) Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle an 14 Samhain 2024 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2026, an méid bliantúil le haghaidh 2025, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2025 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2027 agus 2028 (IO L, 2024/2906, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2906/oj).
IARSCRÍBHINN
An chéad tráthchuid de ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2026 (EUR) leis an gCoimisiún (1)
|
NA BALLSTÁIT & RA |
Treoir 9ú CEF (%) |
Treoir 11ú CEF (%) |
Ranníocaíocht an 11ú CEF |
Íocaíocht an 9ú CEF |
11ú ranníocaíocht CEF lúide 9ú ranníocaíocht CEF |
|
AN BHEILG |
3,92 |
3,24927 |
9 747 810 |
47 040 |
9 700 770 |
|
AN BHULGÁIR |
|
0,21853 |
655 590 |
|
655 590 |
|
AN tSEICIA |
|
0,79745 |
2 392 350 |
|
2 392 350 |
|
AN DANMHAIRG |
2,14 |
1,98045 |
5 941 350 |
25 680 |
5 915 670 |
|
AN GHEARMÁIN |
23,36 |
20,57980 |
61 739 400 |
280 320 |
61 459 080 |
|
AN EASTÓIN |
|
0,08635 |
259 050 |
|
259 050 |
|
ÉIRE |
0,62 |
0,94006 |
2 820 180 |
7 440 |
2 812 740 |
|
AN GHRÉIG |
1,25 |
1,50735 |
4 522 050 |
15 000 |
4 507 050 |
|
AN SPÁINN |
5,84 |
7,93248 |
23 797 440 |
70 080 |
23 727 360 |
|
AN FHRAINC |
24,30 |
17,81269 |
53 438 070 |
291 600 |
53 146 470 |
|
AN CHRÓIT |
|
0,22518 |
675 540 |
|
675 540 |
|
AN IODÁIL |
12,54 |
12,53009 |
37 590 270 |
150 480 |
37 439 790 |
|
AN LAITVIA |
|
0,11612 |
348 360 |
|
348 360 |
|
AN LIOTUÁIN |
|
0,18077 |
542 310 |
|
542 310 |
|
LUCSAMBURG |
0,29 |
0,25509 |
765 270 |
3 480 |
761 790 |
|
AN UNGÁIR |
|
0,61456 |
1 843 680 |
|
1 843 680 |
|
MÁLTA |
|
0,03801 |
114 030 |
|
114 030 |
|
AN ÍSILTÍR |
5,22 |
4,77678 |
14 330 340 |
62 640 |
14 267 700 |
|
AN OSTAIR |
2,65 |
2,39757 |
7 192 710 |
31 800 |
7 160 910 |
|
AN PHOLAINN |
|
2,00734 |
6 022 020 |
|
6 022 020 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
0,97 |
1,19679 |
3 590 370 |
11 640 |
3 578 730 |
|
AN RÓMÁIN |
|
0,71815 |
2 154 450 |
|
2 154 450 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
|
0,22452 |
673 560 |
|
673 560 |
|
AN tSLÓVAIC |
|
0,37616 |
1 128 480 |
|
1 128 480 |
|
AN FHIONLAINN |
1,48 |
1,50909 |
4 527 270 |
17 760 |
4 509 510 |
|
AN tSUALAINN |
2,73 |
2,93911 |
8 817 330 |
32 760 |
8 784 570 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
12,69 |
14,67862 |
44 035 860 |
152 280 |
43 883 580 |
|
IOMLÁN AE-27 & RA |
100,00 |
100,00 |
300 000 000 |
1 200 000 |
298 800 000 |
(1) Ghlaoigh BEI a sciar uile den 11ú CEF in 2025.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2324/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)