|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3225 |
27.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3225 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Nollaig 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú seisiún den Chomhairle Aireachta agus ag an 59ú seisiún de Bhord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas Conradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2006. |
|
(2) |
De bhun Airteagail 47 agus 76 den Chonradh, tá Comhairle Aireachta an Chomphobail Fuinnimh (‘an Chomhairle Aireachta’) le bearta a ghlacadh i bhfoirm Cinnidh nó Molta. |
|
(3) |
De bhun Airteagail 60 agus 86 den Chonradh, tá Bord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Bord Rialála’) lena rialacha nós imeachta inmheánacha a ghlacadh trí Ghníomh Nós Imeachta. |
|
(4) |
Tá an Chomhairle Aireachta, le linn an 22ú seisiún a bheidh aici i Vín an 12 Nollaig 2024, inter alia, le gníomhartha a ghlacadh a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus a bhfuil ionadaithe an Aontais le vótáil orthu. Áirítear sna gníomhartha atá le glacadh roinnt cinntí i gcomhréir le hAirteagal 91(1)(a) den Chonradh, ar choinníoll go dtugann Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh arna bhunú le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2008/01 ón gComhairle Aireachta tuairim roimh ré go tráthúil chun tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh lena gcinntear gur ann do shárú ar an gConradh agus cinneadh maidir le hurscaoileadh airgeadais stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh. Thairis sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le sainorduithe beirt chomhaltaí den Choiste Comhairleach a fhadú agus triúr comhaltaí nua a cheapadh go dtí an 31 Nollaig 2028. |
|
(5) |
Tá an Bord Rialála, ag an 59ú seisiún a bheidh aige an 10 Nollaig 2024 san Aithin, le cinneadh a ghlacadh, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE agus a bhfuil ionadaithe an Aontais le vótáil orthu, eadhon Gníomh Nós Imeachta a chuirtear in ionad a rialacha nós imeachta inmheánacha. |
|
(6) |
Is é is cuspóir do na gníomhartha atá beartaithe ón gComhairle Aireachta agus ón mBord Rialála baint amach chuspóirí an Chonartha a éascú. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta agus sa Bhord Rialála maidir leis na gníomhartha atá beartithe, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla don Aontas ag na cinntí sin. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Chomhairle Aireachta’) ag a 22ú seisiún a reáchtálfar an 12 Nollaig 2024 maidir leis na saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE, leagtar amach é in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i mBord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Bord Rialála’) ag a 59ú seisiún a reáchtálfar an 10 Nollaig 2024 maidir leis na saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE, leagtar amach é in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na dréacht-chinntí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II, i bhfianaise barúlacha ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh chruinniú na Comhairle Aireachta nó an Bhoird Rialála, nó ag na cruinnithe sin, gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY I.
(1) Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a thabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 198, 20.7.2006, lch. 15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3225/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)