|
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 160/9 |
MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 5 Aibreán 2022
do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska
(ECB/2022/16)
(2022/C 160/02)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an BCE agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
In 2017, bhí Deloitte Audit s.r.o roghnaithe ag Národná banka Slovenska mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2017 go dtí 2020, leis an rogha an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2021 go dtí 2023 (1). |
|
(3) |
Tháinig deireadh le sainordú Deloitte Audit s.r.o. tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2020 i gcomhréir le Chinneadh (AE) 2017/1849 ón gComhairle (2), agus shínigh Národná banka Slovenska sainordú Deloitte Audit s.r.o. go dtí bliain airgeadais 2021. |
|
(4) |
Tháinig deireadh le síneadh sainordú Deloitte Audit s.r.o tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021 i gcomhréir le Chinneadh ón gComhairle (AE) 2021/1169 (3). |
|
(5) |
Tá sé ar intinn ag Národná banka Slovenska sainordú Deloitte Audit s.r.o. a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2022 agus 2023. Tá an síneadh sin indéanta i gcomhréir leis na socruithe conarthacha idir Národná banka Slovenska agus Deloitte Audit s.r.o., |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Moltar go gceapfaí Deloitte Audit s.r.o. mar iniúchóirí seachtracha ar Národná banka Slovenska do na blianta airgeadais 2022 agus 2023.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 5 Aibreán 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Moladh BCE/2017/27 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Meán Fómhair do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (IO C 310, 19.9.2017, lch. 1).
(2) Cinneadh (AE) 2017/1849 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/EC maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, i ndáil le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (IO L 264, 13.10.2017, lch. 5).
(3) Cinneadh (AE) 2021/1169 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/EC maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, i ndáil le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (IO L 255, 16.07.2021, lch. 1).