|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2118 |
11.4.2025 |
Achoimre ar an gCinneadh ón gCoimisiún
an 23 Deireadh Fómhair 2024
A bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(Cás AT.40401 – Rothstoc Athláimhe)
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)7355 final)
(is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
(C/2025/2118)
An 23 Deireadh Fómhair 2024 ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , tá an Coimisiún ag foilsiú, leis seo, ainmneacha na bpáirtithe agus phríomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós a fhorchuirtear, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas i leith a rúin ghnó a chosaint.
1. RÉAMHRÁ
|
(1) |
Leis an gCinneadh, gearrtar fíneáil ar České dráhy, a.s. (‘ČD’, an tSeicia) agus Österreichische Bundesbahnen-Holding Aktiengesellschaft, ÖBB-Personenverkehr Aktiengesellschaft agus ÖBB-Technische Services-Gesellschaft mbH (dá ngairtear i dteannta a chéile ‘ÖBB’, an Ostair) as Airteagal 101 CFAE a shárú. |
|
(2) |
Ón 9 Bealtaine 2012 go dtí an 21 Eanáir 2016, bhí ÖBB agus ČD (dá ngairtear i dteannta a chéile ‘na Páirtithe’) rannpháirteach i gcomhaontú agus/nó i gcleachtas comhbheartaithe arbh é ab aidhm dó bac a chur ar iontráil a gcomhiomaitheora RegioJet a.s. (‘RegioJet’, an tSeicia) sna margaí chun seirbhísí iompair fad-achair intíre d’iarnród a sholáthar do phaisinéirí sa tSeicia agus sna margaí chun seirbhísí iompair fad-achair idirnáisiúnta d’iarnród a sholáthar do phaisinéirí idir an Ostair agus an tSeicia ar an mbealach idir Prág agus Vín, nó bac a chur ar leathnú RegioJet sna margaí sin, trí chosc, bac nó srian a chur ar rochtain RegioJet ar vaigíní iarnróid athláimhe ÖBB le haghaidh iompar fad-achair paisinéirí. |
2. TUAIRISC AR AN gCÁS
2.1. NÓS IMEACHTA
|
(3) |
Idir an 28 Meitheamh agus an 1 Iúil 2016, rinne an Coimisiún cigireachtaí ag áitreabh ČD (i bPrág) agus ÖBB (i Vín). |
|
(4) |
Ina dhiaidh sin, fuair an Coimisiún iarratas ó ÖBB ar laghdú fíneálacha faoi fhógra 2006 ón gCoimisiún maidir le díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha i gcásanna cairtéil (an ‘Fógra Trócaire’). |
|
(5) |
An 10 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí. An 14 Meán Fómhair 2022, chuir ÖBB isteach a fhreagra i scríbhinn ar an ráiteas agóidí. An 30 Meán Fómhair 2022, chuir ČD isteach a fhreagra i scríbhinn ar an ráiteas agóidí. An 13 agus an 14 Nollaig 2022, d’fheidhmigh an dá Pháirtí a gceart éisteachta trí pháirt a ghlacadh san Éisteacht ó Bhéal. |
|
(6) |
D’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach an 18 Deireadh Fómhair 2024. |
2.2. Achoimre ar an Sárú
2.2.1. Fíorais
|
(7) |
Suitear leis an gCinneadh go ndearna ČD agus ÖBB nósanna imeachta díolachán maidir le vaigíní paisinéirí iarnróid athláimhe ÖBB a rigeáil go claonpháirteach chun aimhleas RegioJet chun an iomaíocht ar an margadh iompair fad-achair do paisinéirí iarnróid sa tSeicia agus ar an mbealach iarnróid idirnáisiúnta idir Prág agus Vín a shaobhadh. |
|
(8) |
Is é príomhghnó na bPáirtithe seirbhísí iompair a sholáthar do phaisinéirí iarnróid sa tSeicia agus san Ostair faoi seach agus ar línte idirnáisiúnta idir an dá thír, mar a gcuireann na Páirtithe seirbhísí comhpháirteacha ar fáil i gcomhar le chéile (e.g. ar an mbealach idir Prág agus Vín). Le linn na tréimhse sáraithe, bhí RegioJet ina iomaitheoir iarbhír ag ČD sa tSeicia agus ina iomaitheoir féideartha ag an dá Pháirtí ar an mbealach idir Prág agus Vín. |
|
(9) |
Mar iontrálaí beag nua a raibh acmhainní teoranta aige, bhí RegioJet ag brath den chuid is mó ar vaigíní athláimhe chun na hoibríochtaí a bhí aige cheana féin a dhéanamh agus chun iad sin a leathnú a thuilleadh, b’fhéidir. Foinse thábhachtach de na vaigíní sin ab ea ÖBB, mar gheall ar a gcomhoiriúnacht theicniúil le gréasáin iarnróid na hOstaire agus na Seicia agus an líon mór vaigíní ar ardchaighdeán a bhí ar fáil agus a raibh gnéithe nua-aimseartha acu (aerchóiriú, oiriúnacht do luas níos airde, etc.). |
|
(10) |
Trí chomhaontú bearta a dhéanamh chun srian a chur ar rochtain RegioJet ar vaigíní athláimhe ÖBB, shaothraigh ČD agus ÖBB an cuspóir níos leithne go gcuirfí bac ar iontráil a gcomhiomaitheora RegioJet sna margaí chun seirbhísí iompair fad-achair intíre d’iarnród a sholáthar do phaisinéirí sa tSeicia agus chun seirbhísí iompair fad-achair idirnáisiúnta d’iarnród a sholáthar do phaisinéirí ar an mbealach idir Prág agus Vín, nó go gcuirfí bac ar leathnú RegioJet sna margaí sin. |
|
(11) |
Is éard a bhí sa sárú gníomhaíochtaí frithiomaíocha iomadúla a rinneadh le linn na tréimhse sáraithe, amhail:
|
|
(12) |
B’eol do na Páirtithe gur ionchur tábhachtach don iontrálaí nua RegioJet iad vaigíní athláimhe ÖBB agus go bhféadfaí, ar a laghad, srian a chur ar leathnú RegioJet dá gcuirfí srian ar rochtain RegioJet ar vaigíní ÖBB agus, dá bhrí sin, laghdú a dhéanamh ar a chumas dul in iomaíocht leis na Páirtithe. |
2.2.2. Measúnú dlíthiúil
|
(13) |
Suitear leis an gCinneadh gur sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101(1) CFAE agus cairtéal de réir phointe 1 den Fhógra Trócaire é comhaontú agus/nó cleachtas comhbheartaithe na bPáirtithe. |
|
(14) |
Ón inneachar, ó na cuspóirí agus ón gcomhthéacs dlíthiúil agus eacnamaíoch, is é conclúid an Chinnidh go raibh sé de chuspóir ag an gcomhaontú agus/nó ag an gcleachtas comhbheartaithe idir lámha srian a chur ar an iomaíocht de bhun Airteagal 101(1) CFAE. |
2.3. Leigheasanna
|
(15) |
Cuirtear Treoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha i bhfeidhm leis an gCinneadh (2). |
2.3.1. Bunmhéid na fíneála
|
(16) |
Bunmhéid na fíneála atá le gearradh ar gach Páirtí, déantar é a chinneadh ar bhonn luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí lena mbaineann an sárú agus leanann sé as méid athraitheach agus méid breise a chur i bhfeidhm. |
|
(17) |
Chun luach na ndíolachán a chinneadh, cuireann an Coimisiún san áireamh ioncam na bPáirtithe ar na margaí iompair fad-achair do phaisinéirí, lena n-áirítear ioncam ó dhíolacháin ticéad mar aon le hioncam a bhaineann le conarthaí oibleagáide seirbhíse poiblí. |
|
(18) |
Tá dhá chuid sa limistéar geografach ábhartha lena mbaineann an sárú: ar an gcéad dul síos, an bealach idirnáisiúnta idir Prág agus Vín, agus ar an dara dul síos, críoch iomlán na Seicia. Maidir leis an gcéad chuid den limistéar geografach ábhartha, úsáidtear ioncam gach Páirtí ar an mbealach sin mar bhonn le luach a dhíolachán faoi seach. Maidir leis an dara cuid den limistéar geografach ábhartha, glactar le hioncam ČD sa tSeicia mar bhonn freisin le luach dhíolacháin ÖBB, agus 50 % d’ioncam ČD á shannadh do gach Páirtí. |
|
(19) |
Maidir leis an méid athraitheach agus an méid breise, i gcás ÖBB agus ČD araon, cuirtear céatadán 15 % i bhfeidhm faoi seach, mar gheall ar chineál tromchúiseach an tsáraithe. |
|
(20) |
Ní chuirtear aon imthoisc mhaolaitheach ná ghéaraitheach san áireamh, agus ní chuirtear aon iolraitheoir díspreagtha i bhfeidhm. |
2.3.2. An teorainn láimhdeachais 10 % agus an Fógra Trócaire a chur i bhfeidhm
|
(21) |
I gcás ÖBB agus CD araon, fanann an fhíneáil i bhfad faoi bhun 10 % den láimhdeachas domhanda in 2023. |
|
(22) |
Agus an Fógra Trócaire á chur i bhfeidhm, rinneadh an fhíneáil a bhí le gearradh ar ÖBB a laghdú faoi 45 %. |
3. CONCLÚID
|
(23) |
As an sárú thuasluaite, gearrtar na fíneálacha seo a leanas:
|
(1) IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).
(2) Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú a ghearrtar de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán 1/2003 (IO C 210, 1.9.2006, lch. 2).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2118/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)