AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2021
COM(2021) 554 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú
{SEC(2021) 554 final} - {SWD(2021) 551 final} - {SWD(2021) 609 final} - {SWD(2021) 610 final}
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn B:
‘B.
Taiscumair charbóin dá dtagraítear in Airteagal 5(4):
(a)
bithmhais bheo;
(b)
bruscar;
(c)
adhmad marbh;
(d)
ábhar orgánach marbh;
(e)
ithreacha mianracha;
(f)
ithreacha orgánacha;
(g)
táirgí adhmaid lománaithe i gcatagóirí cuntasaíochta talún de thalamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe.’
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn IIa seo a leanas a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841:
‘Iarscríbhinn IIa
Sprioc an Aontais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(2) atá le baint amach in 2030
|
|
Ballstát
|
Luach an ghlanlaghdaithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa in kt de choibhéis CO2 in 2030
|
|
|
An Bheilg
|
-1 352
|
|
|
An Bhulgáir
|
-9 718
|
|
|
An tSeicia
|
-1 228
|
|
|
An Danmhairg
|
5 338
|
|
|
An Ghearmáin
|
-30 840
|
|
|
An Eastóin
|
-2 545
|
|
|
Éire
|
3 728
|
|
|
An Ghréig
|
-4 373
|
|
|
An Spáinn
|
-43 635
|
|
|
An Fhrainc
|
-34 046
|
|
|
An Chróit
|
-5 527
|
|
|
An Iodáil
|
-35 758
|
|
|
An Chipir
|
-352
|
|
|
An Laitvia
|
-644
|
|
|
An Liotuáin
|
-4 633
|
|
|
Lucsamburg
|
-403
|
|
|
An Ungáir
|
-5 724
|
|
|
Málta
|
2
|
|
|
An Ísiltír
|
4 523
|
|
|
An Ostair
|
-5 650
|
|
|
An Pholainn
|
-38 098
|
|
|
An Phortaingéil
|
-1 358
|
|
|
An Rómáin
|
-25 665
|
|
|
An tSlóivéin
|
-146
|
|
|
An tSlóvaic
|
-6 821
|
|
|
An Fhionlainn
|
-17 754
|
|
|
An tSualainn
|
-47 321
|
|
|
AE‑27
|
-310 000
|
'
IARSCRÍBHINN III
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999:
‘Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa. Feidhmeoidh an fardal gás ceaptha teasa ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografach, agus beidh siad comhdhéanta de:
(a) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún le talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar a shainmhínítear in Airteagal 29(4) de Threoir 2018/2001;
(b) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir cosanta, a shainmhínítear mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
-
Talamh a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige mar a shainmhínítear in Airteagal 29(3) de Threoir 2018/2001;
-
Láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo agus Limistéir Chaomhantais Speisialta mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus aonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 6(1) agus (2) den Treoir sin d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;
-
Láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá faoi réir bearta cosanta faoi Airteagal 12 den Treoir sin;
-
Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a fhaightear lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus a rannchuidíonn leis na gnáthóga agus leis na speicis sin stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach faoi Airteagal 2 den Treoir sin nó ar féidir iad a chur faoi réir bearta coisctheacha agus feabhais faoi Threoir 2004/35/CE;
-
Limistéir chaomhantais speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na haonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CEE agus Airteagal 6(2) de Threoir 92/43/CEE d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;
-
Aonaid talún atá faoi réir bearta le haghaidh caomhnú éan a thuairiscítear mar éan nach bhfuil stádas slán acu faoi Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE d’fhonn an ceanglas faoi Airteagal 4(4), an dara habairt den Treoir sin a chomhlíonadh, in iarracht truailliú agus meathlú gnáthóige a sheachaint nó an ceanglas faoi Airteagal 3 den Treoir sin a chomhlíonadh chun éagsúlacht agus limistéar leordhóthanach gnáthóg do speicis éan a chaomhnú, agus a choinneáil ar bun;
-
Aon ghnáthóg eile arna ainmniú ag na Ballstáit chun críocha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 92/42/CEE agus 2009/147/CE;
-
Aonaid talún atá faoi réir bearta is gá chun stádas éiceolaíoch na ndobharlach uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chosaint agus chun neamh‑mheathlú an stádais sin a áirithiú;
-
Tuilemhánna nádúrtha nó limistéir chun uisce ó thuilte a choimeád atá faoi chosaint na mBallstát i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte faoi Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún faoi réir athchóirithe, arna shainiú mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
-
Láithreáin a bhfuil tábhacht chomhphobail leo, limistéir chaomhantais speisialta agus limistéir faoi chosaint speisialta mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe (b) thuas, mar aon leis na haonaid talún lasmuigh díobh atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe nó cúiteacha de dhíth orthu, atá dírithe ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;
-
Gnáthóga na speiceas éan fiáin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sin, a fhaightear lasmuigh de limistéir faoi chosaint speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch Threoir 2009/147/CE;
-
Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch stádas fabhrach caomhantais a bhaint amach faoi Threoir 92/43/CEE agus/nó atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta feabhais de dhíth orthu chun críoch Airteagal 6 de Threoir 2004/35/CE;
-
Limistéir atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu de réir plean athbhunaithe dúlra is infheidhme i mBallstát;
-
Aonaid talún atá faoi réir bearta a éilítear chun stádas maith éiceolaíoch a chur ar ais sna dobharlaigh uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE, nó bearta a éilítear chun stádas ard éiceolaíoch a chur ar ais i ndobharlaigh den sórt sin i gcás ina gceanglaítear é sin de réir dlí;
-
Aonaid talún atá faoi réir bearta chun limistéir bhogaigh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.B(vii) de Threoir 2000/60/CE, a athchruthú agus a athchóiriú;
-
Limistéir a bhfuil athchóiriú éiceachórais de dhíth orthu chun riocht mhaith éiceachórais a bhaint amach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún a bhfuil riosca ard aeráide ag baint leo:
-
Limistéir faoi réir cúitimh de bharr suaití nádúrtha faoi mhír 5 d’Airteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841
-
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2007/60/CE
-
Limistéir atá sainaitheanta i straitéis náisiúnta um oiriúnú na mBallstát mar limistéir ina bhfuil rioscaí arda nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, faoi réir gníomhaíochtaí laghdaithe rioscaí tubaiste a bhaineann leis an aeráid.
Leis an bhfardal gás ceaptha teasa beifear in ann sonraí a mhalartú agus a chomhtháthú idir na bunachair sonraí leictreonacha agus na córais faisnéise gheografacha.
Modheolaíocht Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT, don tréimhse 2021-2025. I gcás astaíochtaí agus aistrithe do thaiscumar carbóin arb ionann í agus 25‑30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linne a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí an dearbh‑leibhéil astaíochtaí agus aistrithe, na treochta maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe, nó na neamhchinnteachta sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, agus ó 2026 amach i gcás gach meastacháin astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin, agus modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT.
Ó 2026 amach, i gcás gach meastacháin ar astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin a thiteann i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún ina bhfuil stoc ard carbóin dá dtagraítear i bpointe (c) thuas, i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi chosaint nó faoi athchóiriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) thuas, agus i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi rioscaí arda aeráide sa todhchaí dá dtagraítear i bpointe (f) thuas, cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 i bhfeidhm, i gcomhréir le treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT.’.