|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/535 |
21.3.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/535 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Márta 2025
lena mbunaítear an tSaoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an tAontas fothaithe ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine. Is cuid iad na luachanna sin de na critéir aontachais a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993 (critéir Chóbanhávan), arb ionann iad agus na coinníollacha incháilitheachta do bhallraíocht san Aontas. |
|
(2) |
Tá próiseas mhéadú an Aontais bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe, ar choinníollacht chothrom agus dhian agus ar phrionsabal na dtuillteanas dílis. Is ríthábhachtach i gcónaí tiomantas daingean don chur chuige ‘bunphrionsabail ar dtús’, lena n-éilítear béim láidir ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha, ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus ar athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus ar chritéir eacnamaíocha. Braitheann an dul chun cinn ar chur chun feidhme na n-athchóirithe is gá ag Poblacht na Moldóive (an Mholdóiv) chun ailíniú le acquis an Aontais. |
|
(3) |
Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, léiríodh freisin gur infheistíocht gheostraitéiseach é méadú an Aontais sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa chobhsaíocht. Tá an tAontas tiomanta go hiomlán agus go haonchiallach do pheirspictíocht na Moldóive maidir le ballraíocht san Aontas. Is léiriú láidir é treoshuíomh agus tiomantas na Moldóive i leith an Aontais ar a rogha straitéiseach agus ar a háit i bpobal luachanna. Is gá conair na Moldóive i dtreo an Aontais a bheith fréamhaithe go daingean i ndul chun cinn inláimhsithe agus nithiúil i leith athchóirithe. |
|
(4) |
Is chun leasa choitinn an Aontais agus na Moldóive dul chun cinn a dhéanamh leis na hathchóirithe ar a córais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo agus chun tacú lena próiseas aontachais. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát de dhroim na féidearthachta go mbainfear ballraíocht san Aontas amach, lena leabaítear athrú dearfach daonlathach, polaitiúil, eacnamaíoch agus sochaíoch agus leis an bhféidearthacht sin, rannchuidítear le hathléimneacht na Moldóive a neartú. |
|
(5) |
Is gá roinnt de na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a thabhairt chun cinn roimh aontachas. Tá cóineasú eacnamaíoch i gcroílár na dtairbhí sin. Faoi láthair, tá cóineasú na Moldóive i dtéarmaí OTI per capita arna shloinneadh i gcaighdeáin cumhachta ceannaigh fós íseal ag 29 % de mheán an Aontais, agus níl dul chun cinn tapa go leor á dhéanamh aige. Ba cheart diaspóra na Moldóive a mheas freisin mar rannpháirtí tábhachtach le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na Moldóive. |
|
(6) |
Ós rud é gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Moldóiv i mí an Mheithimh 2024, tá sé tábhachtach an tacaíocht is gá a sholáthar do chonair aontachais na Moldóive. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaí tacaíocht a thabhairt go leibhéil atá inchomparáide le tíortha eile is iarrthóirí atá i mbun caibidlíocht aontachais agus go ndéanfaí acmhainní comhréireacha a áirithiú. |
|
(7) |
Chun an Plean Fáis don Mholdóiv a chur chun feidhme, tá gá leis an gcistiú iomchuí faoi ionstraim mhaoiniúcháin thiomnaithe nua (‘an tSaoráid’). Tá an tSaoráid chun cúnamh a thabhairt don tír athchóirithe le haghaidh fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun feidhme agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe. |
|
(8) |
I bhfianaise chogadh foghach éagórach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a raibh tionchar ollmhór aige ar shlándáil agus geilleagar na Moldóive agus ar shlite beatha shaoránaigh na Moldóive, chomh maith leis na hionsaithe hibrideacha leanúnacha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus atá dírithe ar an tír agus ar a hinstitiúidí daonlathacha, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an tSaoráid tacú leis an Moldóiv aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shuntasacha, go háirithe maidir leis an ngeilleagar, fuinneamh, bia agus slabhraí luacha. Is iomchuí don tSaoráid tacaíocht a sholáthar don Mholdóiv go tráthúil agus é a chur ar chumas na Moldóive a hathléimneacht i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a neartú a mhéid a bhaineann lena ceannasacht, lena próisis dhaonlathacha agus lena hinstitiúidí. |
|
(9) |
Chun spriocanna an Phlean Fáis don Mholdóiv a bhaint amach, ba cheart, a mhéid a bhaineann le réimsí infheistíochta, béim a leagan ar earnálacha ar dócha go bhfeidhmeoidís mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch: an nascacht, bonneagar, lena n-áirítear iompar inbhuanaithe, dícharbónú, fuinneamh, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, tionscal na talmhaíochta agus an bhia, forbairt tuaithe, chomh maith le hoideachas, rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus forbairt scileanna, agus béim ar leith á leagan ar leanaí agus ar an óige agus ar an gcaighdeán maireachtála a ardú ar fud na tíre. |
|
(10) |
Ba cheart don tSaoráid cur leis an gClár Oibre Comhlachais leis an Moldóiv chomh maith le hobair an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Mholdóiv a bhí i gceannas ar infheistíochtaí in earnálacha criticiúla amhail an nascacht, an éifeachtúlacht fuinnimh agus an tslándáil fuinnimh, agus sócmhainní tréigthe á seachaint, forbairt gnó agus an t-iomaíochas. Le rochtain fheabhsaithe ar mhargadh aonair an Aontais, trí chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, trí bhonneagar feabhsaithe agus trí rannpháirtíocht i gcláir agus beartais de chuid an Aontais, faoi réir ailíniú na Moldóive le rialacha ábhartha mhargadh aonair an Aontais, cuirfear tairbhí shocheacnamaíocha inláimhsithe ar fáil láithreach. |
|
(11) |
Tá bonneagar iompair inbhuanaithe ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an nascacht idir an Mholdóiv agus an tAontas agus ba cheart dó rannchuidiú le comhtháthú na Moldóive i ngréasán iompair an Aontais. Sa ghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) athbhreithnithe, leathnaigh an Coimisiún an Chonair Iompair Eorpach ‘Muir Bhailt – an Mhuir Dhubh – an Mhuir Aeigéach’ chun na Moldóive. Is é TEN-T an tagairt chun bonneagar iompair inbhuanaithe a chistiú, lena n-áirítear le haghaidh modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail iarnróid, chomh maith le digitiú an iompair. Tá tionscadail bonneagair fuinnimh trasteorann agus idirnaisc leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe mhéadú an Aontais ríthábhachtach le haghaidh slándáil fuinnimh réigiúnach agus comhtháthú fuinnimh réigiúnach laistigh den Aontas. |
|
(12) |
Leis an tSaoráid, ba cheart tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe lena gcuirtear chun cinn conair na Moldóive i dtreo chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí i gcomhréir le fís an Aontais le haghaidh 2030 a cuireadh i láthair i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021, dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití], trína gcothaítear geilleagar digiteach cuimsitheach a théann chun tairbhe do na saoránaigh uile. Leis an tSaoráid, ba cheart féachaint le baint amach chuspóirí ginearálta agus spriocanna digiteacha na Moldóive i leith an Aontais a éascú. Mar a leag an Coimisiún amach i dteachtaireacht uaidh an 15 Meitheamh 2023, dar teideal ‘Cur chun feidhme an bhosca uirlisí cibearshlándála 5G’, ba cheart an Bosca Uirlisí cibearshlándála 5G a bheith ina thagairt maidir le cistiú ón Aontas chun an tslándáil, an athléimneacht agus cosaint sláine tionscadal bonneagair dhigitigh sa réigiún a áirithiú. |
|
(13) |
Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a sholáthar chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, cuspóirí atá bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus lena mbaineann coinníollacha íocaíochta soiléire. Ba cheart na cuspóirí ginearálta agus sonracha sin a shaothrú ar bhealach comhlántach. Leis an tSaoráid, ba cheart tacú le próiseas an mhéadaithe trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas, ba cheart dlús a chur le comhtháthú na Moldóive i margadh aonair an Aontais de réir a chéile, agus ba cheart dlús a chur lena cóineasú socheacnamaíoch leis an Aontas. Leis an tSaoráid, ba cheart dea-chaidreamh comharsanachta a chothú freisin. |
|
(14) |
Chomh maith le borradh a chur faoin gcóineasú socheacnamaíoch, ba cheart, leis an tSaoráid, cuidiú freisin le dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n-áirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha, inter alia, cearta dídeanaithe, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta agus na Romaigh, chomh maith le cearta na ndaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI). Ba cheart di feabhas a chur freisin ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus na riarachán poiblí, ar an soláthar poiblí, ar rialú Státchabhrach agus bainistíocht airgeadais phoiblí, ar an gcomhrac in aghaidh gach cineáil éillithe agus coireachta eagraithe, ar oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán chomh maith le beartais fostaíochta, agus ar chuspóirí aistrithe ghlais, aeráide agus comhshaoil na tíre. |
|
(15) |
Leis an tSaoráid, ba cheart cuidiú leis an Moldóiv agus í ag ullmhú do bhallraíocht san Aontas i gcomhréir leis an modheolaíocht um méadú atá ann cheana. |
|
(16) |
Ba cheart an tSaoráid a bheith ina comhlánú ar an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais atá ann cheana gan a raon feidhme a chur i mbaol, lena bhfeabhsaítear, ar an gcaoi sin, an comhtháthú eacnamaíoch agus an t-ullmhúchán le haghaidh an fhaireachas iltaobhaigh a dhéanann an tAontas ar bheartais eacnamaíocha. |
|
(17) |
Leis an tSaoráid, ba cheart prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don bhreisíocht agus don chomhlántacht leis an tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus iarracht á déanamh dúbailt a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cineálacha eile cúnaimh, lena n-áirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna sholáthar ag an Aontas, ag na Ballstáit, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha. Tá rannpháirtíocht leanúnach na Moldóive i gcláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais ríthábhachtach. |
|
(18) |
I gcomhréir le prionsabal na gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go cuí le parlaimint na Moldóive, le húdaráis áitiúla, i gcomhréir le creat dlíthiúil náisiúnta na Moldóive, agus le páirtithe leasmhara ábhartha sa Mholdóiv, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh ról fóinteach acu le linn cheapadh agus chur chun feidhme na gclár agus na bpróiseas gaolmhar faireacháin. |
|
(19) |
Ba cheart cúnamh teicniúil, chomh maith le cúnamh comhair trasteorann, a sholáthar chun tacú le cuspóirí na Saoráide agus chun acmhainneachtaí ábhartha na Moldóive a neartú chun an Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme. |
|
(20) |
Leis an tSaoráid, ba cheart comhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 CAE a áirithiú, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart tacaíocht a áirithiú le haghaidh na gcuspóirí sin. Go háirithe ba cheart a áirithiú léi go ndéanfar cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn. |
|
(21) |
Leis an tSaoráid, ba cheart borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, lena ndéantar tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil. |
|
(22) |
Ba cheart don Mholdóiv tiomantas inchreidte do luachanna Eorpacha a léiriú, lena n-áirítear trína hailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES), lena n-áirítear le bearta sriantacha an Aontais. |
|
(23) |
Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, ba cheart uathriail straitéiseach an Aontais agus leasanna straitéiseacha an Aontais agus a Bhallstát agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chur i gcuntas. |
|
(24) |
Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, ba cheart tacú le dul chun cinn maidir le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, agus tacú le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’), le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart dóibh rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na Moldóive, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena huaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Leis an tSaoráid, ba cheart rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an gcumas oiriúnú dá éifeachtaí díobhálacha, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Go háirithe, ba cheart, leis an gcistiú faoin tSaoráid, an t-aistriú i dtreo geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, aeráid-díonach agus ciorclach a chur chun cinn. |
|
(25) |
Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith á threorú ag prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhormhínítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Le cur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh, rannpháirtíocht fhóinteach na mban i bpróisis chinnteoireachta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a áirithiú, agus ba cheart féachaint le dul chun cinn agus teachtadh iomlán chearta an duine do mhná agus do chailíní a chosaint agus a chur chun cinn, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac, agus Pleananna Gníomhaíochta ábhartha an Aontais maidir le hInscne agus conclúidí ábhartha ón gComhairle agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear maidir le cosaint leanaí agus cearta saothair. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus leis an bprótacal a ghabhann leis, agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú leis, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(26) |
Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach (3), leis an tSaoráid, ba cheart rannchuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus 7,5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bheith ag tacú le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, lena n-áirítear soláthar, a sholáthraítear do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, ceann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a shannadh do chuspóirí aeráide. Ba cheart an méid sin a ríomh trí úsáid a bhaint as ‘marcóirí Rio’ de réir na hoibleagáide chun maoiniú idirnáisiúnta aeráide an Aontais a thuairisciú do ECFE, chomh maith le hoibleagáidí faoi chomhaontuithe nó creataí idirnáisiúnta eile. Chomh luath le mí an Mheithimh 2025, déanfar comhéifeachtaí aeráide an Aontais, is infheidhme ar fud na gclár uile faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 agus a leagtar amach i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Climate Mainstreaming Architecture in the 2021-2027 Multiannual Financial Framework [Ollstruchtúr Príomhshruthaithe Aeráide i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027], a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas aeráide faoi Cheannteideal 6 CAI (‘an Chomharsanacht agus an Domhan’). Beidh an tSaoráid ag teacht le cur chuige ionstraimí eile Cheannteideal 6, chun tuairisciú comhsheasmhach aeráide a áirithiú sa Mholdóiv. Leis an tSaoráid, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. |
|
(27) |
Déantar tionscadail a fhormheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu agus faoi réir tuairim dhearfach ó na Ballstáit ar Bhord Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. |
|
(28) |
Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Moldóiv, comhlíonadh, comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht, trédhearcacht mhéadaithe agus cuntasacht mhéadaithe a áirithiú agus cúnamh á sholáthar, lena n-áirítear trí chórais rialaithe inmheánaigh iomchuí agus beartais frithchalaoise iomchuí a chur chun feidhme. Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoi na réamhchoinníollacha go ndéanfaidh an Mholdóiv sásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, meáin iolraíocha neamhspleácha shaora, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus go ndéanfaidh sí urraim d’oibleagáidí uile chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. |
|
(29) |
Ba cheart tacú leis an tSaoráid le hacmhainní ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI – an Eoraip Dhomhanda), go príomha ón leithdháileadh airgeadais do Chomharsanacht an Oirthir, arb ionann é agus EUR 520 milliún i dtacaíocht neamh-inaisíoctha agus uasmhéid EUR 1 500 milliún in iasachtaí le haghaidh na tréimhse 2025-2027. Ba cheart a chumhdach leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha an soláthar 9 % is gá le haghaidh na n-iasachtaí arb ionann iad agus EUR 135 mhilliún, an tacaíocht arna soláthar ag an Aontas le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, dá dtagraítear in Airteagal 18(2) den Rialachán seo, agus tacaíocht chomhlántach, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Ba cheart an tacaíocht neamh-inaisíoctha a mhaoiniú ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha uile faoi Rialachán (AE) 2021/947 mura luaitear a mhalairt sa Rialachán seo. |
|
(30) |
Cinntí maidir le scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 19(3) le haghaidh na tacaíochta i bhfoirm iasachtaí, ba cheart iad a ghlacadh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2029. Áirítear ar an dáta deiridh sin an t-am is gá don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh rathúil na gcoinníollacha íocaíochta lena mbaineann agus chun an cinneadh maidir le scaoileadh na gcistí ina dhiaidh sin a ghlacadh. |
|
(31) |
Chun giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais a uasmhéadú chun infheistíocht bhreise a mhealladh, agus chun rialú an Aontais ar an gcaiteachas a áirithiú, ba cheart na hinfheistíochtaí lena dtacaítear leis an gClár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Ba cheart don Mholdóiv 25 % ar a laghad de mhéid na hiasachta a scaoiltear don Mholdóiv a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Tá sé sin sa bhreis ar an tacaíocht neamh-inaisíoctha a sholáthraíonn an tAontas do na tionscadail sin. |
|
(32) |
Níor cheart an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin tSaoráid a bheith ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2021/947. |
|
(33) |
Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘an Rialachán Airgeadais’) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach trí dheontais, soláthar, cúnamh airgeadais, oibríochtaí measctha agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. |
|
(34) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta incháilitheachta i nósanna imeachta dámhachtana faoin tSaoráid, i gcás inarb ábhartha, mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht difear don tslándáil nó don bheartas poiblí. |
|
(35) |
Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena n-áirítear comhtháthú na Moldóive i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid a bheith de thionscnamh na mBallstát, na Moldóive, tíortha is iarrthóirí agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a sholáthraíonn leibhéal tacaíochta don Mholdóiv atá inchomparáide leis an leibhéal a sholáthraíonn an tAontas, agus méid a ngeilleagair á chur i gcuntas, agus ar tíortha iad ar ina leith a bhunaíonn an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sa Mholdóiv, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. |
|
(36) |
Ba cheart Comhaontú Saoráide a thabhairt i gcrích leis an Moldóiv chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Mholdóiv a bhunú, agus chun sonrú a dhéanamh ar na sásraí is gá a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh an chistithe ón Aontas faoin tSaoráid, ar rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir agus ar bhearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú. Dá bharr sin, ba cheart comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích leis an Moldóiv freisin ina leagtar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí. Ba cheart an Comhaontú Saoráide agus an comhaontú iasachta araon a tharchur go comhuaineach agus gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. |
|
(37) |
Leis an gComhaontú Saoráide, ba cheart oibleagáid a chur ar an Moldóiv a áirithiú go mbaileofar sonraí leormhaithe faoi dhaoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, agus go mbeidh rochtain ar shonraí den sórt sin, i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, chun an Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme. |
|
(38) |
Ba cheart an Clár Oibre Athchóirithe a bheith mar bhonn taca le cur chun feidhme na Saoráide, lena soláthraítear creat chun borradh a chur faoin bhfás socheacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach, agus é curtha in iúl agus ailínithe go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais agus le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe. Beidh an Clár Oibre Athchóirithe ina chreat uileghabhálach chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach. Ba cheart an Clár Oibre Athchóirithe a ullmhú i ndlúthchomhairle le parlaimint na Moldóive agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ba cheart a n-ionchur a léiriú. Ba cheart don Mholdóiv, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena creat dlíthiúil náisiúnta, a dícheall a dhéanamh chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus comhairliúchán leo a áirithiú. Ba cheart eisíocaíocht na tacaíochta ón Aontas a bheith faoi réir an choinníll go gcomhlíonfar na coinníollacha íocaíochta agus go ndéanfar dul chun cinn intomhaiste maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe arna measúnú agus arna bhformheas go foirmiúil ag an gCoimisiún. Ba cheart scaoileadh na gcistí a struchtúrú dá réir sin, agus cuspóirí na Saoráide á léiriú. |
|
(39) |
Ba cheart a áireamh sa Chlár Oibre Athchóirithe bearta athchóirithe spriocdhírithe agus réimsí infheistíochta tosaíochta, mar aon le coinníollacha íocaíochta i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil na mbeart sin, agus tráthchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart liosta táscach de thionscadail infheistíochta atá beartaithe lena gcur chun feidhme faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta a áireamh sa Chlár Oibre Athchóirithe freisin. Ba cheart a bheartú na céimeanna sin a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027, cé gur cheart é a bheith indéanta cur i gcrích foriomlán na mbeart, dá dtagraíonn céimeanna den sórt sin, a fhadú tar éis 2027 ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028. Ba cheart a áireamh sa Chlár Oibre Athchóirithe míniú ar chóras na Moldóive chun neamhrialtachtaí, éilliú, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe chun cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile de chuid an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint. |
|
(40) |
Ba cheart a áireamh sa Chlár Oibre Athchóirithe míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh na bearta leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus leis an aistriú digiteach. |
|
(41) |
Leis na bearta faoin gClár Oibre Athchóirithe, ba cheart rannchuidiú le feabhas a chur ar chóras éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe airgeadais phoiblí agus ar chóras éifeachtach rialaithe Státchabhrach agus leis an sciúradh airgid, an tseachaint cánach, an imghabháil cánach, an chalaois agus an choireacht eagraithe a chosc, agus é mar aidhm leo dálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas. Ba cheart tuairisc ar chórais den sórt sin a bheith sa Chlár Oibre Athchóirithe chomh maith le céimeanna sonracha a bhaineann le Caibidil chaibidlíochta 32 chun tacú leis an Moldóiv a ceanglais iniúchóireachta agus rialuithe a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. I gcás ina n-áirítear in iarraidh ar scaoileadh cistí céim a bhaineann le Caibidil chaibidlíochta 32, dá dtagraítear in Airteagal 19(2), níor cheart don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena n-údaraítear scaoileadh na gcistí mura rud é go ndéanann sé measúnú dearfach ar chéim den sórt sin. |
|
(42) |
Ba cheart táscairí a áireamh sa Chlár Oibre Athchóirithe freisin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach chuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Ba cheart na táscairí a bheith comhleanúnach freisin, a mhéid is féidir, leis na príomhtháscairí feidhmíochta a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar na Cláir Oibre Athchóirithe le haghaidh na mBalcán Thiar faoi Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+. Ba cheart na táscairí a bheith ábhartha, inchreidte, éasca agus láidir agus ba cheart glacadh a bheith leo. |
|
(43) |
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóirithe bunaithe ar an liosta critéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an Clár Oibre Athchóirithe a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart don Choimisiún Cinneadh 2010/427/AE (8) ón gComhairle agus ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i gcás inarb iomchuí, a chur i gcuntas go cuí. |
|
(44) |
Leis an gclár oibre de réir bhrí Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais arna ghlacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart na méideanna arna gcistiú ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947 a chumhdach. |
|
(45) |
I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht le linn chur chun feidhme na Saoráide, ba cheart an deis a bheith ag an Moldóiv iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme a leasú, i gcás nach féidir an Clár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Ba cheart don Mholdóiv a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chun an Clár Oibre Athchóirithe a leasú, lena n-áirítear trí aguisíní a mholadh, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a chinneadh cur chun feidhme a leasú. |
|
(46) |
Ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht airgeadais le haghaidh an Chláir Oibre Athchóirithe a thabhairt i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na Moldóive, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 224 den Rialachán Airgeadais agus é a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair ann, a meastar go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtacht eisiúint an Aontais. |
|
(47) |
Is iomchuí iasachtaí a sholáthar don Mholdóiv ar théarmaí ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 40 bliain ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíocaíocht na príomhshuime roimh 2034. |
|
(48) |
Ós rud é go bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht don Mholdóiv i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid inchomparáide leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí trína dtugtar iasachtaí faoi Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart an soláthar le haghaidh dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo a chur le chéile ag ráta 9 %, i gcomhréir le hAirteagal 214 den Rialachán Airgeadais, agus ba cheart cistiú an tsoláthair a fhoinsiú ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/947. |
|
(49) |
Ba cheart an ráta soláthair le haghaidh an dliteanais airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo a shocrú ag ráta 9 %, ráta a bhfuil athbhreithniú le déanamh air gach 3 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a bhunaítear faoi Airteagal 31(5), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947 a ghlacadh. |
|
(50) |
Chun a áirithiú go mbeidh fáil ag an Moldóiv ar chistiú gnólachtaí nuathionscanta chun na chéad athchóirithe a chur chun feidhme, ba cheart rochtain a bheith aici ar suas le 18 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear sa tSaoráid, tar éis tacaíocht chomhlántach a asbhaint, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil, agus soláthar d’iasachtaí, i bhfoirm réamh-mhaoiniú, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus faoi réir urramú na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid. |
|
(51) |
Tá sé tábhachtach solúbthacht agus inchláraitheacht araon a ráthú agus tacaíocht ón Aontas á soláthar don Mholdóiv. Ba cheart don Mholdóiv iarraidh chuí-réasúnaithe a thíolacadh gach 6 mhí ar chistí a scaoileadh 2 mhí ar a dhéanaí tar éis na hamlíne maidir le comhlíonadh na gcéimeanna atá beartaithe, mar a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóirithe. Chun na críche sin, ba cheart cistí faoin tSaoráid a scaoileadh de réir sceideal seasta leathbhliantúil, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, ar bhonn iarraidh ar chistí a scaoileadh arna tíolacadh ag an Moldóiv agus tar éis don Choimisiún fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann le cobhsaíocht macrairgeadais, le bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, le trédhearcacht agus le formhaoirseacht ar an mbuiséad agus ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll íocaíochta de réir na hamlíne táscaí a leagtar síos sa chinneadh cur chun feidhme lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóirithe, d’fhéadfadh an Coimisiún scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn don choinníoll sin a choinneáil siar go hiomlán nó i bpáirt, de réir modheolaíocht maidir le híocaíochtaí páirteacha. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a scaoileadh le linn na chéad tréimhse eile le haghaidh scaoileadh cistí agus suas le 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. Sa chéad bhliain den chur chun feidhme, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am sin go 24 mhí ón measúnú diúltach tosaigh. |
|
(52) |
De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) den Rialachán Airgeadais, is iomchuí an sprioc-am íocaíochta le haghaidh ranníocaíochtaí le buiséid stáit a shocrú ó thús an dáta a dhéantar an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an Moldóiv a chur in iúl agus íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an Moldóiv a eisiamh. |
|
(53) |
Ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh, faisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoi chur chun feidhme bhuiséad an Aontais faoin tSaoráid, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiniúchtaí a rinneadh, lena n-áirítear laigí a sainaithníodh agus bearta ceartaitheacha a rinneadh, agus a mhéid a bhaineann le tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, méid an chómhaoinithe ón Moldóiv chomh maith le foinsí eile ranníocaíochtaí lena n-áirítear ó ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais. |
|
(54) |
Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, níor cheart aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí dlítheanacha ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, níor cheart tacaíocht ón tSaoráid a thabhairt d’eintitis ainmnithe den sórt sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu. |
|
(55) |
Ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht, ba cheart don Mholdóiv sonraí a fhoilsiú faoi fhaighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 50 000 go carnach le linn chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí faoin tSaoráid. |
|
(56) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (CE, Euratom,) Uimh. 2185/96 (11) agus (AE) 2017/1939 (12) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, agus le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. |
|
(57) |
Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla sé go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. |
|
(58) |
I gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), lena n-áirítear ag tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais. |
|
(59) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. I bhfianaise go bhfuil cúnamh airgeadais á sholáthar le fada don Mholdóiv, lena n-áirítear faoi bhainistíocht indíreach, agus a ailíniú de réir a chéile le caighdeáin agus cleachtais rialaithe inmheánaigh an Aontais á chur i gcuntas, ba cheart don Choimisiún brath go mór ar oibriú chórais rialaithe inmheánaigh agus chórais coiscthe calaoise na Moldóive. Go háirithe, ba cheart an Coimisiún agus OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, OIPE a chur ar an eolas gan mhoill maidir le gach cás amhrasta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa lena ndéantar difear do chur chun feidhme cistí faoin tSaoráid. |
|
(60) |
Ina theannta sin, ba cheart don Mholdóiv na neamhrialtachtaí lena n-áirítear calaois arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, agus é a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nósanna imeachta riaracháin agus dlí. Agus é mar chuspóir an tuairisciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid. |
|
(61) |
Ba cheart don Mholdóiv córas faireacháin a bhunú a mbeifear in ann na torthaí as a chur isteach sa tuarascáil leathbhliantúil maidir le comhlíonadh choinníollacha íocaíochta a Cláir Oibre Athchóirithe a ghabhann leis an iarraidh leathbhliantúil ar scaoileadh cistí. Ba cheart don Mholdóiv sonraí agus faisnéis a bhailiú agus rochtain orthu a sholáthar, ar sonraí agus faisnéis iad lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid. |
|
(62) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí soiléire faireacháin agus meastóireachta neamhspleáiche i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo. |
|
(63) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo. |
|
(64) |
Ar chríochnú na Saoráide, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh uirthi. |
|
(65) |
Ba cheart don Mholdóiv tacú le meáin iolraíocha neamhspleácha shaora a dhéanann an tuiscint ar luachanna an Aontais, agus ar na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht ionchasach san Aontas, a fheabhsú agus a chur chun cinn, agus gníomhaíochtaí cinntitheacha á ndéanamh acu ó thaobh dul i ngleic le FIMI. Ba cheart di cumarsáid phoiblí réamhghníomhach, shoiléir agus chomhsheasmhach a áirithiú freisin, lena n-áirítear maidir leis an tacaíocht ón Aontas. Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas gníomhach a thabhairt d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus infheictheacht an chistithe sin a áirithiú, i gcomhréir leis an Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais. |
|
(66) |
Ba cheart cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí fheabhsaithe a bheith ag gabháil le cur chun feidhme na Saoráide freisin chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus chun béim a leagan ar an mbreisluach a bhaineann leis an tacaíocht ón Aontas agus ar an gcaoi a dtéann an tSaoráid chun tairbhe do shaoránaigh na Moldóive. |
|
(67) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(68) |
Chun cistiú a sholáthar don Mholdóiv in am trátha gan a thuilleadh moille, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, bunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive (an Mholdóiv) don tréimhse ó 2025 go 2027 (‘an tSaoráid’).
2. Leis an tSaoráid, soláthrófar cúnamh don Mholdóiv chun athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chur i gcrích, go háirithe athchóirithe socheacnamaíocha cuimsitheacha agus inbhuanaithe agus athchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, atá ailínithe le luachanna an Aontais, chomh maith le hinfheistíochtaí chun Clár Oibre Athchóirithe na Moldóive a chur chun feidhme.
3. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/947 maidir le cur chun feidhme na Saoráide, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘Comhaontú Saoráide’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mholdóiv lena leagtar síos na prionsabail le haghaidh comhar airgeadais idir an Mholdóiv agus an Coimisiún faoin Rialachán seo; is é atá sa socrú sin comhaontú maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘creat beartais um méadú’ an creat beartais foriomlán chun an Rialachán seo a chur chun feidhme mar atá sainithe ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, agus áirítear ann an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadú, comhaontuithe lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an Moldóiv, na creataí caibidlíochta lena rialaítear an chaibidlíocht aontachais le tíortha is iarrthóirí, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ábhartha ón gCoimisiún, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, teachtaireachtaí maidir leis an smacht reachta, agus teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘comhaontú iasachta’ an comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Mholdóiv lena leagtar síos téarmaí na tacaíochta iasachta faoin tSaoráid; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘Clár Oibre Athchóirithe’ sraith chuimsitheach, chomhleanúnach agus thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus de réimsí tosaíochta infheistíochta sa Mholdóiv, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta lena léirítear dul chun cinn sásúil nó tabhairt i gcrích sásúil beart gaolmhar, agus tráthchlár táscach dá gcur chun feidhme; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe faoi Chaibidil III; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘coinníollacha íocaíochta’ coinníollacha maidir le scaoileadh cistí atá i bhfoirm céimeanna inbhraite agus intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla atá le cur chun feidhme ag an Moldóiv, mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe faoi Chaibidil III; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha ó bhuiséad an Aontais le cineálacha tacaíochta in-aisíoctha ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine nó eintiteas a fhaigheann cistiú faoin tSaoráid; maidir leis an gcuid den chistiú a chuirtear ar fáil mar chúnamh airgeadais, ciallaíonn faighteoir deiridh státchiste na Moldóive; maidir leis an gcuid den chistiú a chuirtear ar fáil trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, ciallaíonn faighteoir deiridh an conraitheoir nó an fochonraitheoir a chuireann an tionscadal infheistíochta chun feidhme; |
|
(9) |
ciallaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, i gcás inarb ábhartha, de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13); |
|
(10) |
tá ‘Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta’ ar cheann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947. |
Airteagal 3
Cuspóirí na Saoráide
1. Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an tSaoráid:
|
(a) |
tacú le próiseas an mhéadaithe trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) trí athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo; |
|
(b) |
tacú leis an Moldóiv a chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais; |
|
(c) |
dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagar na Moldóive leis an Aontas; |
|
(d) |
dea-chaidreamh comharsanachta a chothú le Ballstáit agus le comhpháirtithe mhéadú an Aontais, chomh maith le teagmháil idir dhaoine. |
2. Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an tSaoráid:
|
(a) |
bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe a neartú tuilleadh, lena n-áirítear an smacht reachta agus cearta bunúsacha, feidhmiú institiúidí daonlathacha, lena n-áirítear dípholarú, riarachán poiblí agus na critéir eacnamaíocha a chomhlíonadh; áirítear leis sin breithiúnacht neamhspleách a chur chun cinn, slándáil agus cobhsaíocht a threisiú, an comhrac in aghaidh na calaoise agus gach cineáil éillithe a neartú, lena n-áirítear an t-éilliú ardleibhéil, tionchar olagarcach agus finíochas, an choireacht eagraithe, an choireacht trasteorann agus an sciúradh airgid chomh maith le maoiniú na sceimhlitheoireachta, an imghabháil cánach, an chalaois chánach agus an tseachaint cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a mhéadú; saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse acadúil a neartú; an fhuathchaint a chomhrac; timpeallacht a chumasú don tsochaí shibhialta, lena gcothaítear an t-idirphlé sóisialta; comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, cearta leanaí, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn; urraim do chearta dídeanaithe agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a áirithiú agus a neartú, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta agus na Romaigh, chomh maith le cearta daoine LADTI; |
|
(b) |
dul i dtreo ailíniú iomlán na Moldóive le CBES an Aontais, lena n-áirítear le bearta sriantacha de chuid an Aontais; |
|
(c) |
cuidiú le maolú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar iarrachtaí an Mholdóiv a dhíchobhsú, agus an bhréagaisnéis, bagairtí hibrideacha, agus FIMI, ón Rúis go háirithe, i gcoinne cheannasacht, phróisis dhaonlathacha agus institiúidí na Moldóive, agus i gcoinne an Aontais agus a luachanna, a chomhrac; |
|
(d) |
dul i dtreo beartais víosaí a chomhchuibhiú leis an Aontas; |
|
(e) |
éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, acmhainneachtaí a fhothú agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann riaracháin sa Mholdóiv; rochtain ar fhaisnéis, grinnscrúdú poiblí agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú; tacú le trédhearcacht, cuntasacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena gcumhachtaí formhaoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu agus i réimsí na bainistíochta airgeadais phoiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe Státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta sa Mholdóiv agus lena fhorfheidhmiú; |
|
(f) |
dlús a chur le haistriú na Moldóive chuig geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus cuimsitheach, atá in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta, agus a spleáchas straitéiseach a laghdú trí fhoinsí fuinnimh a éagsúlú, lena n-áirítear trí idirnaisc le Ballstáit agus comhpháirtithe mhéadú an Aontais a fheabhsú, chun slándáil agus neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach ; |
|
(g) |
comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive le margadh aonair an Aontais a chothú, go háirithe trí shreafaí méadaithe trádála agus infheistíochta, agus trí shlabhraí luacha athléimneacha; |
|
(h) |
tacú le comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe agus inbhuanaithe i gcomhréir le gréasáin thras-Eorpacha chun dea-chaidreamh comharsanachta a threisiú, chomh maith le teagmháil idir dhaoine; |
|
(i) |
dlús a chur leis an aistriú glas cuimsitheach agus inbhuanaithe chuig an aeráidneodracht faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus lena gcumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch, go háirithe earnáil na talmhaíochta agus earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear an t-aistriú i dtreo geilleagar dícharbónaithe, aeráidneodrach, aeráid-díonach agus ciorclach, á áirithiú ag an am céanna go n-urramaítear le hinfheistíochtaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; |
|
(j) |
an claochlú digiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn mar mhodh chun forbairt inbhuanaithe agus fás cuimsitheach a chumasú; |
|
(k) |
borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, lena ndéantar tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil; |
|
(l) |
borradh a chur faoin oideachas ar ardchaighdeán, faoin oiliúint, faoin athsciliú agus faoin uas-sciliú ar gach leibhéal, agus béim ar leith á leagan ar an óige, lena n-áirítear dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, imirce daoine oilte a chosc agus tacú le pobail leochaileacha, lena n-áirítear dídeanaithe, agus tacú le beartais fostaíochta, lena n-áirítear cearta saothair, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus an bhochtaineacht a chomhrac; |
|
(m) |
tacú le gníomhaíochtaí chun cur le feasacht shaoránaigh na Moldóive ar na tairbhí a bhaineann le próiseas aontachais an Aontais, lena n-áirítear trí fheachtais chumarsáide. |
Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta
1. Bainisteoidh an Coimisiún an tacaíocht ón tSaoráid ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv agus le beartas an Aontais um méadú.
2. Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar riachtanais agus cuirfidh sé prionsabail éifeachtacht na forbartha chun cinn, eadhon úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag an Moldóiv agus béim á leagan ar choinníollacht shoiléir agus torthaí inláimhsithe, ar chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar sin bunaithe ar leithdháileadh agus úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní.
3. Ní thiocfaidh soláthar cúnaimh macrairgeadais faoi raon feidhme na Saoráide.
4. Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna soláthar faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus comhlántach léi. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear leis an tacaíocht sin an costas céanna agus go n-áirithítear formhaoirseacht iomchuí agus rialú buiséadach iomchuí. Áiritheoidh an Coimisiún comhlántachtaí agus sineirgí idir an tSaoráid agus cláir eile de chuid an Aontais, d’fhonn dúbailt cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint.
5. Chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile agus déanfaidh siad a ndícheall dúbailt cúnaimh a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cineálacha eile cúnaimh, lena n-áirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna soláthar ag an Aontas, Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ábhartha, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach deontóirí de chuid an Aontais iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena n-áirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil. Is é a bheidh i gceist le comhordú den sórt sin ar an leibhéal áitiúil comhairliúcháin rialta thráthúla agus malartuithe minice faisnéise le linn chur chun feidhme na Saoráide.
6. Leis na gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar an daonlathas, cearta an duine agus comhionannas inscne a phríomhshruthú agus a chur chun cinn, déanfar iad a ailíniú de réir a chéile le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, déanfar príomhshruthú ar an maolú ar an athrú aeráide, agus oiriúnú don athrú sin, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mheasúnuithe tionchair ar an gcomhshaol, agus tacófar leis an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, lena gcuirtear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a bhaint amach ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leis na gníomhaíochtaí sin, agus beidh siad á dtreorú ag na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Déanfar 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, lena n-áirítear soláthar, a sholáthraítear do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, a shannadh do chuspóirí aeráide.
7. Áiritheoidh an Mholdóiv agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne i gcuntas agus go gcuirfear chun cinn iad le linn ullmhú an Chláir Oibre Athchóirithe agus chur chun feidhme na Saoráide. Déanfaidh an Mholdóiv agus an Coimisiún bearta iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chosc. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na bearta sin i gcomhthéacs an tuairiscithe rialta uaidh faoi na Pleananna Gníomhaíochta Inscne.
8. Leis an tSaoráid, ní thacófar le gníomhaíochtaí ná bearta atá ar neamhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na Moldóive, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná leis an uaillmhian atá aici aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ná le gníomhaíochtaí ná bearta lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn nó atá ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol, ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá le gníomhaíochtaí nó bearta den sórt sin chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, go háirithe Airteagal 3(2), pointe (c), agus socruithe idirthréimhseacha féideartha á gcur san áireamh agus straitéis fuinnimh mheántéarmach go fadtéarmach á saothrú ag an am céanna chun slándáil fuinnimh a áirithiú. Beidh bearta iomchuí ag gabháil leis na socruithe idirthréimhseacha sin, i gcás inarb ábhartha, chun na héifeachtaí díobhálacha sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, a fhritháireamh.
9. I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall grinnscrúdú daonlathach a áirithiú, de réir mar is iomchuí, i bhfoirm comhairliúcháin a dhéanfaidh rialtas na Moldóive le parlaimint na Moldóive, le húdaráis áitiúla, i gcomhréir le creat dlíthiúil náisiúnta na Moldóive, agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, mar aon le grúpaí leochaileacha, dídeanaithe, agus gach mionlach agus pobal, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach i múnlú dhearadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid agus sna próisis ghaolmhara faireacháin, ghrinnscrúdaithe agus mheastóireachta, de réir mar is ábhartha. Leis an gcomhairliúchán sin, féachfar le hiolrachas shochaí na Moldóive a léiriú. Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tsochaí shibhialta sa Mholdóiv, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, in ann aon neamhrialtachtaí a bhaineann le cistiú nó faighteoirí deiridh a thuairisciú go díreach don Choimisiún trí bhuanbhealaí iomchuí.
10. Áiritheoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an Moldóiv, go gcuirfear gealltanais de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe chun feidhme agus tacaíocht á soláthar, lena n-áirítear trí chur chun feidhme agus treisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh na tacaíochta ar fáil go poiblí tríd an scórchlár Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 24. Foilseoidh an Mholdóiv sonraí cothrom le dáta maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann cistí ón Aontas chun athchóirithe agus infheistíochtaí faoin tSaoráid a chur chun feidhme, mar a thuairiscítear in Airteagal 20.
Airteagal 5
Réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht ón Aontas
1. Is iad na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid go ndéanfaidh an Mholdóiv sásraí éifeachtacha daonlathacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus go ráthóidh sí urraim d’oibleagáidí uile chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, chuig an Moldóiv faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an gcreat beartais um méadú. Cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise dá cuid, nó Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), sa phróiseas faireacháin.
3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 á comhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh chuige sin, agus go háirithe, déanfaidh sé scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 19 a choinneáil siar, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.
CAIBIDIL II
MAOINIÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 6
Cur chun feidhme
1. Tacófar leis an tSaoráid le hacmhainní ó ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, arb éard atá iontu EUR 520 milliún i dtacaíocht neamh-inaisíoctha agus uasmhéid EUR 1 500 milliún in iasachtaí. Ní bheidh an méid le haghaidh iasachtaí ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2021/947.
2. Déanfar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a mhaoiniú don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027 ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947. Cumhdófar léi an soláthar le haghaidh iasachtaí dar luach EUR 135 mhilliún, tacaíocht arna soláthar ag an Aontas do thionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, dá dtagraítear in Airteagal 18(2), agus tacaíocht chomhlántach, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.
Cinntí maidir le scaoileadh cistí dá dtagraítear in Airteagal 19(3) le haghaidh na tacaíochta i bhfoirm iasachtaí, déanfar iad a ghlacadh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2029.
3. Bainisteoidh an Coimisiún scaoileadh chúnamh an Aontais ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n-athchóirithe a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe. Déanfar na cistí uile, cé is moite de thacaíocht chomhlántach dá dtagraítear i mír 2, agus na hacmhainní dá dtagraítear i mír 6, a sholáthar i dtráthchodanna dhá uair sa bhliain bunaithe ar chur i gcrích na n-athchóirithe is gá sna hamlínte sonraithe mar a comhaontaíodh sa Chlár Oibre Athchóirithe agus mar a comhaontaíodh sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.
4. Cuirfidh an Mholdóiv 25 % ar a laghad den iasacht a scaoiltear leis an Moldóiv ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, arb é ceann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947 é. Sonrófar sa Chomhaontú Saoráide an oibleagáid sin, chomh maith leis na rialacha mionsonraithe agus na prionsabail mhionsonraithe maidir lena cur chun feidhme. Mura gcomhlíontar an oibleagáid sin, cuirfear oibríochtaí breise faoin tSaoráid ar fionraí agus aisghabhfar na méideanna sin ón Moldóiv, dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo.
5. Comhfhreagróidh tacaíocht chomhlántach do 20 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha iomlán dá dtagraítear i mír 2.
6. Féadfar méid suas le 1 % den tacaíocht neamh-inaisíoctha dá dtagraítear i mír 2 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus gníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, oiliúint, comhairliúcháin le húdaráis na Moldóive, comhdhálacha, comhairliúchán le húdaráis áitiúla, i gcomhréir le creat dlíthiúil náisiúnta na Moldóive, agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana, agus cumarsáid thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí na Saoráide, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus malartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, chomh maith le gach caiteachas eile ag an gceanncheathrú agus ag toscaireacht an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá le haghaidh na Saoráide. Le speansais, féadfar costais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le trédhearcacht agus le gníomhaíochtaí eile amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail nó ar chláir ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar athchóirithe agus infheistíochtaí agus chun iad a chur chun feidhme.
7. Chun tacaíocht idirnáisiúnta a uasmhéadú, féadfaidh deontóirí rannchuidiú le cur chun feidhme na Saoráide trí bhíthin ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 7
Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, maidir le tionscnamh an tsoláthair agus na n-ábhar agus maidir le srianta faoin tSaoráid
1. De mhaolú ar Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/947, maidir leis an deis a bheith rannpháirteach i soláthar agus i nósanna imeachta dámhachtana deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid, beidh an deis sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus ag na daoine nádúrtha uile ar náisiúnaigh de na tíortha seo a leanas iad nó ag daoine dlítheanacha atá bunaithe go héifeachtach iontu:
|
(a) |
na Ballstáit, an Mholdóiv, tíortha is iarrthóirí agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(b) |
tíortha a sholáthraíonn leibhéal tacaíochta don Mholdóiv atá inchomparáide leis an leibhéal a sholáthraíonn an tAontas, agus méid a ngeilleagair á cur i gcuntas, agus a mbunaíonn an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sa Mholdóiv ina leith. |
2. Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta bliain amháin ar a laghad i gcás ina ndeonaíonn tír incháilitheacht ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Moldóiv.
3. Beidh na soláthairtí agus na hábhair uile arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid de thionscnamh aon tír dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), seachas mura féidir na soláthairtí agus na hábhair sin a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha maidir le srianta a leagtar síos i mír 6.
4. Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha den sórt sin, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 6.
5. I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go comhpháirteach ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm freisin ag na rialacha is infheidhme maidir leis na heintitis sin sa bhreis ar na rialacha a bhunaítear faoin Airteagal seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na srianta dá bhforáiltear faoi mhír 6 den Airteagal seo agus a léirítear go cuí sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna doiciméid chonarthacha arna síniú leis na heintitis sin.
6. Na rialacha incháilitheachta agus na rialacha maidir le tionscnamh na soláthairtí agus na n-ábhar a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 agus na rialacha maidir le náisiúntacht na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i mír 4, féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na n-eintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana, agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na n-ábhar i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
(a) |
tá gá le srianta den sórt sin mar gheall ar chineál sonrach nó cuspóirí na gníomhaíochta nó ar an nós imeachta sonrach dámhachtana nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach; |
|
(b) |
déanann an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta sonracha dámhachtana difear don tslándáil nó don bheartas poiblí, go háirithe a mhéid a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna straitéiseacha an Aontais, na mBallstát, nó na Moldóive, lena n-áirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, lena n-áirítear bonneagar líonra 5G, córais chumarsáide agus faisnéise, agus slabhraí soláthair gaolmhara. |
7. Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair gníomhaíocht a chur i gcrích dá ndéanfaí na rialacha incháilitheachta a chur i bhfeidhm.
8. Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, ní dhéanfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha de chuid an Aontais nó chun a dtairbhe siúd. Leis an tSaoráid, ní thabharfar tacaíocht dhíreach ná indíreach do dhaoine ná eintitis den sórt sin, ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, lena n-áirítear mar úinéirí indíreacha, fochonraitheoirí sa slabhra soláthair nó tairbhithe deiridh.
Airteagal 8
Comhaontú Saoráide
1. Tabharfaidh an Coimisiún Comhaontú Saoráide i gcrích leis an Moldóiv chun an tSaoráid a chur chun feidhme ina leagtar amach na hoibleagáidí agus na coinníollacha íocaíochta maidir le cistiú a eisíoc.
2. Comhlánófar an Comhaontú Saoráide le comhaontú iasachta i gcomhréir le hAirteagal 15, ina leagtar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe arna sholáthar i bhfoirm iasachta. Cuirfear an Comhaontú Saoráide, lena n-áirítear aon doiciméadacht ghaolmhar, ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach agus gan mhoill.
3. Ní dheonófar cistiú don Mholdóiv go dtí go mbeidh an Comhaontú Saoráide agus an comhaontú iasachta tagtha i bhfeidhm.
4. Leis an gComhaontú Saoráide agus leis an gcomhaontú iasachta arna dtabhairt i gcrích leis an Moldóiv, áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
5. Leagfar síos sa Chomhaontú Saoráide na forálacha mionsonraithe is gá maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
tiomantas na Moldóive dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i dtreo creat láidir dlíthiúil chun an chalaois a chomhrac, agus córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhunú, lena n-áirítear sásraí iomchuí chun sceithirí eolais a chosaint chomh maith le sásraí agus bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach chomh maith leis an gcomhrac a neartú in aghaidh an sciúrtha airgid, na coireachta eagraithe, mí-úsáid cistí poiblí, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na seachanta cánach, na calaoise cánach agus na himghabhála cánach, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do chistí arna soláthar faoin tSaoráid; |
|
(b) |
na rialacha maidir le scaoileadh, coinneáil siar agus laghdú cistí i gcomhréir le hAirteagal 19; |
|
(c) |
na rialacha mionsonraithe maidir le cuid de mhéid iomlán na hiasachta a sholáthar le haghaidh tionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, de bhun Airteagal 6(4), agus an oibleagáid atá ar an Moldóiv déanamh amhlaidh; |
|
(d) |
na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh, chomh maith le hathbhreithnithe córais, imscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar; |
|
(e) |
na rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus an chaoi a gcomhlíontar iad; |
|
(f) |
na rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947; |
|
(g) |
na bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus an oibleagáid ar dhaoine nó ar eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin Rialachán seo fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún, do OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa amhrasta nó iarbhír agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus faoi na bearta leantacha ina leith; |
|
(h) |
na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 22, lena n-áirítear na rialacha beachta agus tráthchlár maidir le bailiú sonraí arna dhéanamh ag an Moldóiv agus rochtain ar na sonraí sin ag an gCoimisiún, ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, ag OIPE; |
|
(i) |
nós imeachta chun a áirithiú go dtagann iarrataí ar eisíocaíocht tacaíochta iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 6(1); |
|
(j) |
an ceart atá ag an gCoimisiún an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a caitheadh chun cuspóirí an tSaoráid a bhaint amach a aisghabháil, nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe nó coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Moldóiv, i gcás aisiompú céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid dá bhforáiltear sa Chomhaontú Saoráide; |
|
(k) |
rialacha agus nósanna imeachta don Mholdóiv maidir le tuairisciú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3; |
|
(l) |
an oibleagáid atá ar an Moldóiv na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún. |
CAIBIDIL III
CLÁR OIBRE ATHCHÓIRITHE
Airteagal 9
Tíolacadh Cláir Oibre Athchóirithe
1. Chun aon tacaíocht a fháil faoin Rialachán seo, cuirfidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóirithe le haghaidh 2025-2027 faoi bhráid an Choimisiúin, ar clár oibre é a bheidh bunaithe ar phríomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n-athchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus sa chreat beartais um méadú.
2. Leis an gClár Oibre Athchóirithe, soláthrófar creat uileghabhálach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, ina leagtar amach na hathchóirithe atá le déanamh ag an Moldóiv, chomh maith leis na réimsí infheistíochta. Is é a bheidh sa Chlár Oibre Athchóirithe bearta chun athchóirithe a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach. I réimsí bhunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n-áirítear an smacht reachta, an comhrac in aghaidh an éillithe, lena n-áirítear an t-éilliú ardleibhéil, cearta bunúsacha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, léireofar sa Chlár Oibre Athchóirithe na measúnuithe sa chreat beartais um méadú.
3. Beidh an Clár Oibre Athchóirithe comhsheasmhach leis an gcreat beartais mhaicreacnamaíoch agus fhioscaigh is déanaí arna chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhthéacs an idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais leis an Aontas.
4. Beidh an Clár Oibre Athchóirithe comhsheasmhach leis na tosaíochtaí athchóirithe arna sainaithint i gcomhthéacs chonair aontachais na Moldóive, agus i ndoiciméid ábhartha eile, leis an Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus leis an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus tacófar leo leis an gClár Oibre Athchóirithe.
5. Leis an gClár Oibre Athchóirithe, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.
6. Déanfar an Clár Oibre Athchóirithe a ullmhú ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach, i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.
7. Iarrfaidh an Coimisiún ar an Moldóiv a Clár Oibre Athchóirithe a thíolacadh faoin 24 Meitheamh 2025 Tarchuirfidh an Coimisiún Clár Oibre Athchóirithe na Moldóive chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a luaithe a gheofar é.
Airteagal 10
Prionsabail le haghaidh an mhaoinithe faoin gClár Oibre Athchóirithe
1. Leis an tSaoráid, soláthrófar dreasachtaí chun an Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme trí choinníollacha íocaíochta a leagan síos maidir le scaoileadh cistí. Beidh feidhm ag na coinníollacha íocaíochta sin maidir le cistí faoi Airteagal 6(1), cé is moite de thacaíocht chomhlántach lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Beidh na coinníollacha íocaíochta sin i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla. Léireofar i gcéimeanna den sórt sin an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha agus le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe atá nasctha le baint amach chuspóirí éagsúla na Saoráide a leagtar amach in Airteagal 3, i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú.
2. Le comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear i mír 1, déanfar cistí a scaoileadh go hiomlán nó go páirteach, ag brath ar a mhéid atá siad curtha i gcrích.
3. Cobhsaíocht macrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad, is coinníollacha ginearálta iad le haghaidh íocaíochtaí nach mór a chomhlíonadh chun aon chiste a scaoileadh.
Le cistí faoin tSaoráid, ní thacófar le gníomhaíochtaí ná le bearta a bhaineann an bonn ó cheannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive.
Airteagal 11
Ábhar an Chláir Oibre Athchóirithe
1. Leagfar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús ag gabháil leo:
|
(a) |
bearta ar freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith iad ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha, infheistíochtaí, agus bearta chun comhlíonadh réamhchoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a áirithiú, i gcás inarb iomchuí; |
|
(b) |
míniú ar an gcaoi a bhfuil na bearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 9; |
|
(c) |
míniú ar an gcaoi a meastar go ndéanfar leis na bearta bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a) , a neartú tuilleadh, lena n-áirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an comhrac in aghaidh an éillithe; |
|
(d) |
liosta táscach de thionscadail agus cláir infheistíochta a bhfuil sé beartaithe iad a phlé agus a fhormheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lena n-áirítear na méideanna foriomlána infheistíochta faoi seach agus amlínte atá beartaithe don chur chun feidhme; |
|
(e) |
míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideofar leis na bearta le cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus ar a gcomhoiriúnacht don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; |
|
(f) |
míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideofar leis na bearta leis an gclaochlú digiteach; |
|
(g) |
míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideofar leis na bearta le cuspóirí oideachais, oiliúna agus fostaíochta agus sóisialta; |
|
(h) |
míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideofar leis na bearta le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus le cur chun cinn chearta na mban agus na gcailíní; |
|
(i) |
i gcás na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, tráthchlár táscach, agus na coinníollacha íocaíochta atá beartaithe chun cistí a scaoileadh i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla a bheartaítear a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027; |
|
(j) |
míniú ar an gcaoi a meastar go rannchuideofar leis na bearta le hailíniú forásach agus leanúnach le CBES, lena n-áirítear bearta sriantacha de chuid an Aontais; |
|
(k) |
míniú ar an gcaoi a meastar go ndéanfar leis na bearta acmhainneachtaí a fhothú agus infheistíocht i bhfoireann riaracháin sa Mholdóiv; |
|
(l) |
na socruithe chun go ndéanfaidh an Mholdóiv faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach ar an gClár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear na céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe agus na táscairí ábhartha a leagtar amach i mír 2; |
|
(m) |
míniú ar chóras na Moldóive chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus chun rialacha maidir le rialú Státchabhrach a fhorfheidhmiú, agus ar na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann cheana i mblianta tosaigh chur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe; |
|
(n) |
chun an Clár Oibre Athchóirithe a ullmhú agus, i gcás ina bhfuil fáil air, chun é a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas trína dtéitear i gcomhairle le parlaimint na Moldóive, le húdaráis áitiúla, i gcomhréir le creat dlíthiúil náisiúnta na Moldóive, agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus míniú ar an gcaoi a léirítear a n-ionchur sa Chlár Oibre Athchóirithe; |
|
(o) |
plean cumarsáide agus infheictheachta maidir leis an gClár Oibre Athchóirithe do phobail áitiúla na Moldóive; |
|
(p) |
aon fhaisnéis ábhartha eile. |
2. Beidh an Clár Oibre Athchóirithe bunaithe ar thorthaí agus áireofar ann táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh na táscairí sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar na táscairí sin atá ar fáil cheana a bhaineann le beartais na Moldóive. Beidh na táscairí comhleanúnach freisin, a mhéid is féidir, leis na príomhtháscairí feidhmíochta a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar na Cláir Oibre Athchóirithe le haghaidh na mBalcán Thiar faoi Rialachán (AE) 2024/1449 agus i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+.
Airteagal 12
Measúnú ón gCoimisiún ar an gClár Oibre Athchóirithe
1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Chlár Oibre Athchóirithe na Moldóive nó, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an gClár Oibre sin, gan moill mhíchuí. Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, gníomhóidh sé i ndlúthchomhar leis an Moldóiv, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt, faisnéis bhreise a lorg nó a cheangal ar an Moldóiv a Clár Oibre Athchóirithe a athbhreithniú nó a mhodhnú.
2. Maidir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 11(1), pointe (j), den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, ról agus rannchuidiú SEGS a chur i gcuntas go cuí.
3. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gClár Oibre Athchóirithe, cuirfidh sé i gcuntas an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil faoin Moldóiv, lena n-áirítear a staid mhaicreacnamaíoch agus a hinbhuanaitheacht fiachais, an t-údar a thug an Mholdóiv agus na gnéithe a sholáthair sí dá dtagraítear in Airteagal 11, éifeachtaí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus iarrachtaí an Mholdóiv a dhíchobhsú, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 11.
4. Ina mheasúnú, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
i dtaobh an ionann an Clár Oibre Athchóirithe agus freagairt ábhartha, chuimsitheach, chomhleanúnach agus chothromaithe go leormhaith ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 11; |
|
(b) |
i dtaobh an bhfuil an Clár Oibre Athchóirithe agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 9; |
|
(c) |
i dtaobh an féidir a bheith ag súil leis go ndéanfar leis an gClár Oibre Athchóirithe dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo an bhearna shocheacnamaíoch idir an Mholdóiv agus an tAontas a dhúnadh, agus i dtaobh an ndéantar leis, ar an gcaoi sin, a forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a fheabhsú, i dtaobh an dtacaítear leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais leis, agus i dtaobh an ndéantar leis neamhionannais a laghdú agus an comhtháthú sóisialta a threisiú; |
|
(d) |
i dtaobh an féidir a bheith ag súil leis go ndéanfar leis an gClár Oibre Athchóirithe bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a), a neartú tuilleadh; |
|
(e) |
i dtaobh an féidir a bheith ag súil leis go ndéanfar leis an gClár Oibre Athchóirithe dlús a chur le haistriú na Moldóive i dtreo geilleagar cuimsitheach atá inbhuanaithe, aeráidneodrach agus aeráid-díonach trí nascacht a fheabhsú, trí dhul chun cinn a dhéanamh maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach na Moldóive, lena n-áirítear dul chun cinn maidir leis an mbithéagsúlacht, trí spleáchais straitéiseacha a laghdú agus trí bhorradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, faoin oideachas, faoin oiliúint, faoin bhfostaíocht agus faoi scileanna agus faoin margadh saothair i gcoitinne, agus aird ar leith á tabhairt ar an óige; |
|
(f) |
i dtaobh an bhfuil na bearta a áirítear sa Chlár Oibre Athchóirithe comhoiriúnach leis na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’; |
|
(g) |
i dtaobh an dtugtar aghaidh iomchuí leis an gClár Oibre Athchóirithe ar na rioscaí féideartha i gcomhréir le réamhchoinníollacha agus coinníollacha íocaíochta; |
|
(h) |
i dtaobh an bhfuil na coinníollacha íocaíochta atá molta ag an Moldóiv iomchuí agus uaillmhianach, i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú, agus i dtaobh an bhfuil siad fóinteach agus soiléir go leor chun gur féidir cistí a scaoileadh i gcás ina gcomhlíontar iad agus i dtaobh an bhfuil na táscairí tuairiscithe atá beartaithe iomchuí agus leordhóthanach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na gcuspóirí foriomlána; |
|
(i) |
i dtaobh an bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar leis na socruithe atá beartaithe ag an Moldóiv neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa, an choireacht eagraithe agus sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach; |
|
(j) |
i dtaobh an léirítear leis an gClár Oibre Athchóirithe go héifeachtach ionchur pharlaimint na Moldóive, na n-údarás áitiúil, i gcomhréir le creat dlíthiúil náisiúnta na Moldóive, agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
5. Chun críocha an mheasúnaithe ar an gClár Oibre Athchóirithe arna thíolacadh ag an Moldóiv, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe neamhspleácha.
Airteagal 13
Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún
1. I gcás measúnú dearfach i gcomhréir le hAirteagal 12, formheasfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an Clár Oibre Athchóirithe arna thíolacadh ag an Moldóiv, nó, i gcás inarb infheidhme, an Clár Oibre leasaithe arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 14. Déanfar an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
2. Sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach na hathchóirithe atá le cur chun feidhme ag an Moldóiv, na réimsí infheistíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus na coinníollacha íocaíochta a eascraíonn as an gClár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear an tráthchlár.
3. Sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 1, leagfar síos an méid seo a leanas freisin:
|
(a) |
méid táscach na gcistí foriomlána atá ar fáil don Mholdóiv ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), agus na tráthchodanna sceidealaithe atá le scaoileadh, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, arna struchtúrú i gcomhréir le hAirteagal 11, a luaithe a chomhlíonfaidh an Mholdóiv go sásúil na coinníollacha íocaíochta ábhartha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe; |
|
(b) |
an miondealú de réir tráthchuid den mhaoiniú idir tacaíocht iasachta agus tacaíocht neamh-inaisíoctha; |
|
(c) |
an teorainn ama faoinar gá na coinníollacha íocaíochta deiridh le haghaidh na n-athchóirithe a chur i gcrích; |
|
(d) |
na socruithe agus an tráthchlár chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóirithe agus chun é a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin grinnscrúdú daonlathach dá dtagraítear in Airteagal 4(9) agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 23 a chomhlíonadh; |
|
(e) |
na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. |
Airteagal 14
Leasuithe ar an gClár Oibre Athchóirithe
1. I gcás nach féidir leis an Moldóiv an Clár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóirithe leasaithe a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an Mholdóiv iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leasú.
2. Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú trí bhíthin an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), go háirithe chun athrú ar mhéideanna an chistithe atá ar fáil a chur i gcuntas i gcomhréir leis na prionsabail faoi Airteagal 19.
3. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar le leasú a dhéanamh ar Chlár Oibre Athchóirithe na Moldóive de bharr na gcúiseanna arna gcur ar aghaidh aici, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gClár Oibre Athchóirithe leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 12 agus féadfaidh sé an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leasú gan moill mhíchuí, tri bhíthin an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
4. I leasú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le hamlínte suas go dtí an 31 Nollaig 2028 le haghaidh coinníollacha íocaíochta.
Airteagal 15
Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí
1. Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 224 den Rialachán Airgeadais.
2. Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Moldóiv. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta uasmhéid na hiasachta, an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí. Mairfidh na hiasachtaí ar feadh 40 bliain ar a mhéad ó dháta shíniú an chomhaontaithe iasachta.
Sa bhreis ar Airteagal 223(4) den Rialachán Airgeadais agus de mhaolú air, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.
3. Déanfar an comhaontú iasachta a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Airteagal 16
Soláthar
1. Déanfar soláthar do na hiasachtaí a chur le chéile ag ráta 9 % ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947 agus úsáidfear é mar chuid de sholáthairtí lena dtacaítear le rioscaí comhchosúla.
2. De mhaolú ar Airteagal 214(2), an abairt deiridh, den Rialachán Airgeadais, déanfar an soláthar a chur le chéile de réir a chéile agus déanfar é a chur le chéile go hiomlán ar a dhéanaí nuair a eisíocfar na hiasachtaí ina n-iomláine.
3. Déanfar athbhreithniú ar an ráta soláthair gach 3 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 31(5), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947.
Airteagal 17
Réamh-mhaoiniú
1. Tar éis don Mholdóiv an Clár Oibre Athchóirithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh sí a iarraidh go scaoilfí réamh-mhaoiniú suas le 18 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid i gcomhréir le hAirteagal 6(1), tar éis tacaíocht chomhlántach a asbhaint, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil, agus soláthar d’iasachtaí.
2. Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a iarradh a scaoileadh tar éis ghlacadh a chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13 agus tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide agus an chomhaontaithe iasachta. Scaoilfear na cistí i gcomhréir le hAirteagal 19(3), an chéad abairt, agus faoi réir urramú na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.
3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.
Airteagal 18
Cur chun feidhme tionscadal infheistíochta faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta
1. Chun tairbhe a bhaint as giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais chun infheistíocht bhreise a mhealladh, cuirfear infheistíochtaí lena dtacaítear leis an gClár Oibre Athchóirithe chun feidhme i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais i bhfoirm tionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.
2. Tar éis na coinníollacha íocaíochta uile is infheidhme a chomhlíonadh go sásúil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údaraítear scaoileadh cistí, dá dtagraítear in Airteagal 19(3). Socrófar leis an gcinneadh sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), méid na gcistí atá le cur ar fáil i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha arna soláthar ag an Aontas le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, agus méid an chúnaimh airgeadais i bhfoirm tacaíocht iasachta atá le scaoileadh don Mholdóiv. Leagfar amach sa chinneadh sin freisin, i gcomhréir leis an gcóimheas a shocraítear sa Chomhaontú Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 8(5), pointe (c), an sciar den tacaíocht iasachta sin atá le cur ar fáil ag an Moldóiv mar chómhaoiniú le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.
Airteagal 19
Measúnú ar chomhlíonadh coinníollacha íocaíochta, cistí a choinneáil siar agus a laghdú, rialacha maidir le híocaíochtaí
1. Dhá uair in aghaidh na bliana, tíolacfaidh an Mholdóiv iarraidh chuí-réasúnaithe ar scaoileadh cistí 2 mhí ar a dhéanaí tar éis na hamlíne a leagtar síos sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún maidir le coinníollacha íocaíochta comhlíonta a bhaineann leis na céimeanna intomhaiste cainníochtúla nó cáilíochtúla mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe.
2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí i dtaobh ar chomhlíon an Mholdóiv na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 agus na prionsabail maidir le maoiniú a leagtar amach in Airteagal 10(3) agus i dtaobh ar bhain sí comhlíonadh sásúil amach maidir leis na coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 13. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach nach bhfuil coinníollacha íocaíochta a chomhlíon an Mholdóiv roimhe sin, ar íoc an Coimisiún astu roimhe sin, á gcomhlíonadh ag an Moldóiv a thuilleadh, laghdóidh an Coimisiún eisíocaíochtaí amach anseo de mhéid coibhéiseach.
Agus an measúnú sin á dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit. I gcás ina n-áirítear in iarraidh ar scaoileadh cistí nó in iarraidh ar íocaíocht céim a bhaineann le Caibidil chaibidlíochta 32, dá dtagraítear in Airteagal 22(2), ní ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údaraítear scaoileadh na gcistí ach amháin má dhéanann sé measúnú dearfach ar chéim den sórt sin.
3. I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha uile is infheidhme, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan moill mhíchuí, sula nglacfaidh sé cinneadh lena n-údaraítear scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin. Maidir leis na méideanna sin, is é a bheidh sa chinneadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 10.
4. I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar chomhlíonadh aon choinníollacha de réir an tráthchláir, déanfar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a choinneáil siar. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin measúnú sin gan moill mhíchuí. Ní scaoilfear na méideanna a coinníodh siar ach amháin nuair a bheidh údar cuí tugtha ag an Moldóiv, mar chuid den iarraidh ar scaoileadh cistí ina dhiaidh sin, go ndearna sí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha comhfhreagracha go sásúil.
5. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna an Mholdóiv na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta ábhartha. Le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme, beidh feidhm ag sprioc-am 24 mhí, arna ríomh ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4. Féadfaidh an Mholdóiv a barúlacha a thíolacadh laistigh de 2 mhí tar éis conclúidí an Choimisiúin a bheith curtha in iúl di.
6. Aon mhéid a chomhfhreagraíonn do choinníollacha íocaíochta nár comhlíonadh faoin 31 Nollaig 2028, ní bheidh sé dlite don Mholdóiv agus déanfar é a shaoradh, nó a chealú ón méid tacaíochta iasachta atá ar fáil, de réir mar is iomchuí.
7. Féadfaidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a laghdú agus aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach a aisghabháil ón Moldóiv, lena n-áirítear trí fhritháireamh, méid na hiasachta atá le heisíoc leis an Moldóiv a laghdú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta, i gcás cistí a íocadh go míchuí, i gcásanna sainaitheanta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó i gcás ina bhfuil údar imní tromchúiseach ann i ndáil leis na cásanna sin, ar cásanna iad nár cheartaigh an Mholdóiv, nó i gcás aisiompú céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla nó i gcás ina bhfaightear amach, tar éis an íocaíocht a bheith déanta, nár comhlíonadh na céimeanna go sásúil, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as an gComhaontú Saoráide nó as an gcomhaontú iasachta, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis arna soláthar ag OLAF nó tuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le laghduithe den sórt sin.
8. De mhaolú ar Airteagal 116(2) den Rialachán Airgeadais, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 116(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais ón dáta a chuirfear an cinneadh lena n-údaraítear scaoileadh na gcistí leis an Moldóiv in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
9. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) den Rialachán Airgeadais maidir le híocaíochtaí a dhéantar mar chúnamh airgeadais, a chuirtear go díreach chuig státchiste na Moldóive de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 21 den Rialachán seo.
10. Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na n-iasachtaí faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha, mar a shocraítear mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Íocfar na cistí ina dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a íoc i dtráinse amháin nó níos mó.
11. Íocfar na méideanna tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta.
12. Beidh íocaíocht aon mhéid den tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoi réir iarraidh ar íocaíocht a bheith tíolactha ag an Moldóiv san fhoirm a leagtar amach sa chomhaontú iasachta agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Saoráide.
Airteagal 20
Trédhearcacht maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun an Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme
1. Foilseoidh an Mholdóiv sonraí cothrom le dáta maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 50 000 go carnach thar an tréimhse 3 bliana chun athchóirithe agus infheistíochtaí faoin tSaoráid a chur chun feidhme.
2. I gcás na bhfaighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord na gcistí iomlána a fuarthas, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:
|
(a) |
i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora deiridh, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, nó aitheantóir uathúil eile arna bhunú leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach; |
|
(b) |
i gcás duine nádúrtha, céadainm agus sloinne nó céadainmneacha agus sloinnte an fhaighteora deiridh; |
|
(c) |
an méid a fuair an faighteoir deiridh agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin tSaoráid a rannchuidíonn an méid sin lena gcur chun feidhme. |
3. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na bhfaighteoirí deiridh lena mbaineann nó i gcás inar baol go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí deiridh lena mbaineann. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don Choimisiún.
4. Déanfaidh an Mholdóiv na sonraí maidir leis na faighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, i bhformáid mheaisín-inléite atá le sainiú sa Chomhaontú Saoráide, dá dtagraítear in Airteagal 8(5), pointe (l).
CAIBIDIL IV
LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS A CHOSAINT
Airteagal 21
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Mholdóiv na bearta iomchuí uile chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú Saoráide á gcur i gcuntas, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Geallfaidh an Mholdóiv go ndéanfaidh sí dul chun cinn i dtreo córais bhainistíochta agus rialaithe atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sí gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.
2. Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas atá ar an Moldóiv:
|
(a) |
seiceáil rialta a dhéanamh gur úsáideadh an maoiniú arna sholáthar i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú; |
|
(b) |
sceithirí a chosaint; |
|
(c) |
bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus caingne dlí a thionscnamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail nó cláir infheistíochta faoin gClár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, i gcás inarb infheidhme agus gan mhoill; |
|
(d) |
a áirithiú, chun críocha mhír 1, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid na gcistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe sa Chlár Oibre Athchóirithe, go mbaileofar sonraí leormhaithe faoi dhaoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, agus go mbeidh rochtain ar shonraí den sórt sin, i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, chun bearta an Chláir Oibre Athchóirithe faoi Chaibidil III a chur chun feidhme; |
|
(e) |
údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais. |
3. Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide freisin maidir le ceart an Choimisiúin méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach a aisghabháil ón Moldóiv, lena n-áirítear trí fhritháireamh, agus méid na hiasachta atá le heisíoc leis an Moldóiv a laghdú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta, i gcás cistí a íocadh go míchuí, i gcásanna sainaitheanta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó i gcás ina bhfuil údar imní tromchúiseach ann i ndáil leis na cásanna sin, ar cásanna iad nár cheartaigh an Mholdóiv, nó i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach, tar éis an íocaíocht a bheith déanta, nár comhlíonadh na céimeanna go sásúil, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as an gComhaontú Saoráide nó as an gcomhaontú iasachta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála nó an laghdaithe, nó maidir leis an méid atá le haisíoc go luath, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta agus cuirfidh sé i gcuntas a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an t-éilliú nó an coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó an sárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Mholdóiv a barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.
4. Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, déanfaidh siad aon chás amhrasta calaoise, éillithe, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún agus do OLAF.
Airteagal 22
Ról chórais inmheánacha agus údarás iniúchóireachta na Moldóive
1. Maidir leis an gcuid den chistiú ón tSaoráid a chuirtear ar fáil mar chúnamh airgeadais, féadfaidh an Coimisiún brath ar na húdaráis iniúchóireachta arna mbunú ag an Moldóiv chun caiteachas poiblí a rialú. De réir mar is iomchuí, braithfidh an Coimisiún freisin ar ghrinnscrúdú daonlathach breise dá dtagraítear in Airteagal 4(9).
2. Tabharfar tosaíocht sa Chlár Oibre Athchóirithe sna chéad bhlianta dá chur chun feidhme d’athchóirithe a bhaineann le Caibidil chaibidlíochta 32, go háirithe maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí agus rialú inmheánach, chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, mar aon le Caibidlí caibidlíochta 23 agus 24, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceartas, éilliú agus an choireacht eagraithe agus Caibidil chaibidlíochta 8, go háirithe maidir le rialú Státchabhrach.
3. Déanfaidh an Mholdóiv aon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún agus coinneoidh sí an Coimisiún ar an eolas maidir le dul chun cinn aon imeachtaí riaracháin agus dlí i ndáil le neamhrialtachtaí den sórt sin. Déanfar tuairisciú den sórt sin go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún.
4. Beidh idirphlé rialta ag na húdaráis iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 1 leis an gCúirt Iniúchóirí, le OLAF agus, i gcás inarb iomchuí, le OIPE.
5. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe mionsonraithe córas a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Moldóive bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé le húdaráis iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 1, agus moltaí a eisiúint maidir le feabhsuithe ar na córais.
6. Féadfaidh an Coimisiún moltaí don Mholdóiv a ghlacadh maidir le gach cás nach ndearna na húdaráis inniúla, dar leis, na bearta ba ghá chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaidís difear di, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus i ngach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus feidhmiú an chórais rialaithe a chuir na húdaráis sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Mholdóiv moltaí den sórt sin chun feidhme nó tabharfaidh sí údar maidir leis an bhfáth nach ndearna sí amhlaidh.
CAIBIDIL V
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT
Airteagal 23
Faireachán agus tuairisciú
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé measúnú ar bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh an faireachán a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gComhaontú Saoráide, agus ní dochar é do na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/947. Beifear ag súil leis go rannchuideoidh na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) leis an bhfaireachán a dhéanann an Coimisiún ar an tSaoráid.
2. Leagfar amach sa Chomhaontú Saoráide rialacha agus nósanna imeachta don Mholdóiv chun tuairisciú don Choimisiún chun críocha mhír 1.
3. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo. Déanfar an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú dhá uair in aghaidh na bliana le cur i láthair ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide.
4. Soláthróidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 3 don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 28(1).
5. Tuairisceoidh an Coimisiún ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre Athchóirithe na Moldóive i gcomhthéacs an scórchláir Saoráide a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/1449.
Airteagal 24
Scórchlár Saoráide
Taispeánfaidh an Coimisiún an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe sa scórchlár Saoráide, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/1449.
Airteagal 25
Meastóireacht ar an tSaoráid
1. Tar éis an 31 Nollaig 2027 agus faoin 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách ex post ar an tSaoráid. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí na tSaoráide.
2. Bainfear úsáid sa mheastóireacht ex post as prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar le fáil amach ar baineadh amach cuspóirí na Saoráide agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí amach anseo a fheabhsú.
3. Déanfaidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex post, i dteannta a thuairimí agus a chuid beart leantach, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit. Féadfar an mheastóireacht ex post sin a phlé arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí amach anseo á n-ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear an mheastóireacht ex post sin agus na bearta leantacha ar fáil go poiblí.
4. Déanfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do na páirtithe leasmhara ábhartha uile a oiread is iomchuí, lena n-áirítear an Mholdóiv, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i bpróiseas meastóireachta an chistithe ón Aontas a sholáthraítear faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis an Moldóiv.
Airteagal 26
Tuairisciú ón Moldóiv i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais
Tuairisceoidh an Mholdóiv uair sa bhliain i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais ar an dul chun cinn atá déanta maidir le baint amach na coda sin dá Clár Oibre Athchóirithe a bhaineann le hathchóiriú.
Airteagal 27
Formhaoirseacht pharlaiminteach agus grinnscrúdú ar an tSaoráid
1. Tuairisceoidh an Coimisiún do choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Saoráide agus an Chláir Oibre Athchóirithe. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis i scríbhinn a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
staid an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide; |
|
(b) |
an measúnú a dhéantar ar an gClár Oibre Athchóirithe; |
|
(c) |
príomhthorthaí na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 23(3); |
|
(d) |
nósanna imeachta maidir le híocaíocht, coinneáil siar agus laghdú, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear aon bhreathnóireacht arna tíolacadh chun comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a áirithiú; agus |
|
(e) |
aon ghnéithe ábhartha eile i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide. |
2. Déanfar an t-idirphlé rialta idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún uair sa bhliain ar a laghad, agus féadfaidh sé a bheith i gcomhthráth leis an Idirphlé Ardleibhéil Geopholaitiúil maidir le ICFCI - an Eoraip Dhomhanda.
3. Cuirfidh an Coimisiún i gcuntas aon ghnéithe a eascraíonn as na dearcthaí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, i gcás inarb ábhartha.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 28
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. Maidir le cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 14(2), i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 29
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/947, rachaidh an Coimisiún i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe sa Chlár Oibre Athchóirithe a áirithiú, lena n-áirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis an Moldóiv. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus go dtabharfar aitheantas di trí ráiteas cistiúcháin. Gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid, déanfar iad i gcomhréir le ceanglais chumarsáide agus infheictheachta dá bhforáiltear i ngníomhaíochtaí seachtracha arna maoiniú ag an Aontas agus i dtreoirlínte ábhartha eile.
2. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas go gníomhach d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí shuaitheantas an Aontais a chur ar taispeáint agus trí bhíthin ráiteas cistiúcháin iomchuí ar a mbeidh na focail ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
3. Déanfar faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht a sholáthar i bhformáid inrochtana.
Airteagal 30
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2025.
(2) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(3) Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(6) Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(8) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).
(9) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).
(10) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).
(11) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).
(12) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(13) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/535/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)