European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/282

10.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/282 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le mogallmhéideanna nua in iascach an troisc agus leis an teimpléad do thuarascáil an bhreathnóra

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí é an tAontas den Choinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (Coinbhinsiún NAFO), arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle (2).

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/833, cuirtear bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO chun feidhme i ndlí an Aontais.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún (3) forlíontar Rialachán (AE) 2019/833 le roinnt beart breise caomhnaithe agus forfheidhmithe de chuid NAFO.

(4)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag NAFO i mí Mheán Fómhair 2024, leasaigh sé a bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe trí mhogallmhéideanna nua in iascach an troisc a chur leo agus tríd an teimpléad do thuarascáil an bhreathnóra a leasú.

(5)

Ba cheart na leasuithe sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13, mír 2, de Rialachán (AE) 2019/833, cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

‘(g)

le haghaidh trosc (COD) i Ranna 3L agus 3M: 155 mm nó 130 mm agus úsáid á baint as an ngreille shórtála dá dtagraítear in Airteagal 14(3a)’.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 141, 28.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/833/oj.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle an 28 Nollaig 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 378, 30.12.1978, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1978/3179/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 34 I, 6.2.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/124/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13 d’Iarscríbhinn I.D a ghabhann leis an mbeart caomhnaithe agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/833:

‘Íosmhéid an Éisc (*1)

Speiceas

Iasc griollta agus dí-innithe, bíodh sé scafa nó scoilte nó ná bíodh;

úr nó fuaraithe, reoite, nó saillte.

Ar lániasc é

Gan an ceann air

Gan an ceann agus an t-eireaball air

Gan an ceann air agus é scoilte

Trosc an Atlantaigh

41 cm (*3)

27 cm

22 cm

27 /25 cm (*2)

An haileabó Graonlannach

30 cm

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

An daba gorm

25 cm

19 cm

15 cm

Ní bhaineann le hábhar

An leith earrbhuí

25 cm

19 cm

15 cm

Ní bhaineann le hábhar

(2)

I bpointe 35 de Thuarascáil an Bhreathnóra in Iarscríbhinn II.M a ghabhann leis na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 27(11) de Rialachán (AE) 2019/833, sa Teimpléad do Thuarascáil Chaighdeánaithe an Bhreathnóra, faoi phointe 1.1 d’Iarscríbhinn II.M a ghabhann leis an bhFhaisnéis maidir le Tuarascáil Chaighdeánaithe ar Thuras an Bhreathnóra, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

‘Cuid 3.   Barúlacha ón Turas

Iontráil barúil maidir le:

Barúlacha

Tá/Níl

Sonraí

Aon chás inar cuireadh bac ar an mbreathnóir, inar cuireadh imeagla air nó uirthi, inar cuireadh isteach air nó uirthi nó inar cuireadh cosc air nó uirthi ar shlí eile a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

 

 

Achoimre ar neamhchomhlíontacht fhéideartha na mbeart caomhnaithe agus forfheidhmithe (cuimsigh tagairtí)

 

 

Feidhmiú an ghairis rianaithe satailíte (tuairiscigh na cásanna uile de bhriseadh, cur isteach agus mífheidhmiú)

 

 

Trasloingsithe (tuairiscigh na cásanna uile)

 

 

Cigireachtaí ar Muir (tuairiscigh dátaí, amanna agus aon bharúil eile)

 

 

Dramhaíl nó bruscar muirí eile (cuimsigh an soitheach a sceitheann, domhanleithead/domhanfhad, dáta/am agus tuairisc ar an dramhaíl)

 

 

Aon bharúil eile’

 

 


(*1)  Tagraíonn méid an éisc don fhad go gabhal an eireabaill le haghaidh throsc an Atlantaigh; fad iomlán le haghaidh speicis eile.

(*2)  Méid níos ísle le haghaidh éisc ghlasa shaillte.

(*3)  43 cm in 3L.’;


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/282/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)