European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1096

18.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1096 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE (Maoirseacht ESMA ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Rialacháin Tarmligthe (AE) 2022/804, (AE) 2022/805 (3) agus (AE) 2024/1705 (4) ón gCoimisiún (5), ba cheart iad a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/804 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú maidir le bearta is infheidhme i dtaca leis an maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/804/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1705 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L, 2024/1705, 18.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1705/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/804 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú maidir le bearta is infheidhme i dtaca leis an maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/804/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/… Ó CHOMHCHOISTE LEE

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/804 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú maidir le bearta is infheidhme i dtaca le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a shonrú is infheidhme maidir leis an maoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1705 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31lzb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1848 ón gCoimisiún):

‘31lzc.

32022 R 0804: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/804 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú maidir le bearta is infheidhme i dtaca leis an maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 7).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tharmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

in Airteagal 2(1), cuirfear na focail “agus, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(b)

in Airteagal 3:

(i)

i míreanna 1 agus 6, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i gcás ina mbeidh comhad neamhiomlán, cuirfidh ESMA Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi. Cuirfidh Údarás Faireacháin ESMA iarraidh réasúnaithe ar dhoiciméid bhreise faoi bhráid an oifigigh imscrúdúcháin.”

;

(iii)

i mír 3, cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “é”;

(iv)

i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i gcás nach n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE ráiteas cinntí nua faoi bhráid an duine a bheidh faoi réir imscrúdú. Sa ráiteas cinntí sin socrófar teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad a bhféadfaidh an duine a bheidh faoi réir imscrúdú a chuid aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn laistigh di. Sula n-ullmhóidh ESMA dréacht d’Údarás Faireacháin CSTE, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA ná ar údarás Faireacháin CSTE aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas tar éis dhul in éag na teorann ama sin a chur san áireamh agus cinneadh á ghlacadh an ndearnadh sárú agus faoi bhearta maoirseachta agus faoi fhíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagail 48e agus 48f de Rialachán (AE) 2016/1011.”

;

(v)

i mír 5, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i gcás ina n-aontóidh ESMA le cinntí uile an oifigigh imscrúdúcháin nó le cuid acu, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an duine atá faoi réir imscrúdú ar an eolas dá réir sin. Leis an teachtaireacht sin socrófar teorainn ama 2 sheachtain ar a laghad i gcás ina n-aontóidh ESMA leis na cinntí, agus 4 seachtaine ar a laghad i gcás nach n-aontóidh ESMA leis na cinntí uile, agus laistigh den tréimhse sin féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdú aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Sula n-ullmhóidh ESMA dréacht d’Údarás Faireacháin CSTE, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA ná ar údarás Faireacháin CSTE aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas tar éis dhul in éag na teorann ama sin a chur san áireamh agus cinneadh á ghlacadh an ndearnadh sárú agus faoi bhearta maoirseachta agus faoi fhíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagail 48e agus 48f de Rialachán (AE) 2016/1011.”

;

(vi)

i mír 7, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, le hÚdarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(c)

in Airteagal 4:

(i)

i mír 1, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, le hÚdarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 4, cuirfear na focail “agus, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(d)

in Airteagal 5:

(i)

i mír 1, mír 2, sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, i mír 3, sa chéad fhomhír, agus i mír 4, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ag Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 2, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, cuirfear na focail “agus, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iii)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i gcás ina measfaidh ESMA, tar éis éisteacht a thabhairt don duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh, go bhfuil sárú déanta ag an duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin. Glacfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh daingniúcháin lena bhforchuirfear ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 48e de Rialachán (AE) 2016/1011. Tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE fógra faoin gcinneadh do na daoine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh.”.

(e)

in Airteagal 6:

(i)

cuirfear na focail “agus, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh chéad úsáid an fhocail “ESMA”;

(ii)

cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an dara húsáid den fhocal “ESMA”.

(f)

in Airteagal 7:

(i)

i mír 3, cuirfear na focail “agus, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh chéad úsáid an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 3, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh chéad úsáid an fhocail “ESMA”;

(iii)

i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“An tréimhse theorann chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad a bheidh cinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir imeachtaí ar feitheamh os comhair Chúirt CSTE, i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”.

(g)

in Airteagal 8, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

i míreanna 1 agus 3, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 5(b), cuirfear isteach na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, athbhreithniú a dhéanfaidh Cúirt CSTE i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú” i ndiaidh na bhfocal “Rialachán (AE) 2016/1011”.’.

2.

Cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh phointe 31lzc (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/804 ón gCoimisiún):

‘31lzd.

32022 R 0805: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a shonrú is infheidhme maidir le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 14), arna leasú le:

—

32024 R 1705: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1705 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 (IO L 2024, 1705, 18.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1705/oj).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tharmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

in Airteagail 1, Airteagal 2a, pointe (b) agus Airteagail 4(3), 5, 8(2), 9 agus 10, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(b)

in Airteagal 3(3), cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, nóta dochair Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “nóta dochair ESMA”.

(c)

in Airteagal 5, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, nóta dochair ábhartha Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “nóta dochair ESMA”.

(d)

in Airteagal 7:

(i)

i mír 2, cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, an t-ús mainneachtana ar a bhfuil achoimre i míreanna 3 - 6” isteach tar éis na bhfocal “don Chomhairle”;

(ii)

cuirfear na míreanna seo a leanas isteach tar éis mhír 2:

“3.   Gan dochar d’aon fhoráil shonrach a d’eascair as cur i bhfeidhm rialacháin shonracha, íocfar ús ar aon mhéid is infhaighte nach mbeidh aisíoctha faoin sprioc-am i gcomhréir le míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo.

4.   Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach mbeidh aisíoctha faoin sprioc-am an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an sprioc-am, agus é sin méadaithe faoi:

(a)

8 bpointe céatadáin i gcás gur conradh soláthair nó conradh i gcomhair seirbhís is cúis leis an oibleagáid;

(b)

3 phointe céatadáin go leith i ngach cás eile.

5.   Ríomhfar an t-ús ón gcéad lá féilire tar éis an sprioc-ama go dtí an lá féilire a bheidh an fiach aisíoctha ina iomláine.

Eiseofar an t-ordú aisghabhála a chomhfhreagróidh do mhéid an úis mainneachtana nuair a gheofar an t-ús sin iarbhír.

6.   I gcásanna ina mbeadh an ráta foriomlán úis diúltach, socrófar ag nialas faoin gcéad é.”.

(e)

in Airteagal 8, cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(f)

in Airteagal 10(2), cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“I gcás, a mhéid a bhaineann le riarthóirí tagarmharcanna criticiúla atá bunaithe i Stáit CSTE, ina bhfuil Údarás Faireacháin CSTE leis údarás náisiúnta a aisíoc, cuirfidh ESMA na méideanna atá le haisíoc ar fáil gan mhoill d’Údarás Faireacháin CSTE chun na críche sin.”.’.

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tarmligthe (AE) 2022/804, (AE) 2022/805 agus (AE) 2024/1705 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an […] (4) [lena n-ionchorpraítear {Rialachán (AE) 2019/2175} i gComhaontú LEE], cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in/sa …, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 145, 24.5.2022, lch. 7.

(2)   IO L 145, 24.5.2022, lch. 14.

(3)   IO L, 2024/1705, 18.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1705/oj.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]

(4)  IO L, …, ELI: …


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1096/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)