European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2839

8.5.2024

P9_TA(2023)0377

Iarraidh ar dhíolúine Stefano Maullu a chosaint

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir leis an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Stefano Maullu (2023/2038(IMM))

(C/2024/2839)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don iarraidh ó Stefano Maullu an 17 Márta 2023, a fógraíodh i suí iomlánach an 29 Márta 2023, a phribhléidí agus a dhíolúintí a chosaint i ndáil leis na himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh faoi bhráid Ghnáthchúirt na Veinéise san Iodáil,

—

ag tabhairt éisteacht do Stefano Maullu i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

—

ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019  (1),

—

ag féachaint do Riail 5(2) agus do Rialacha 7 agus 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0318/2023),

A.

de bhrí gur iarr Stefano Maullu, a bhí ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ón 13 Iúil 2015 go dtí an 1 Iúil 2019 agus a toghadh san Iodáil, go gcosnófaí a dhíolúine pharlaiminteach i ndáil le himeachtaí coiriúla ina aghaidh atá ar feitheamh faoi bhráid Ionchúisitheoir Poiblí Ghnáthchúirt na Veinéise as oineach agus dea-chlú an Phríomh-Ionchúisitheora Phoiblí i gCúirt Achomhairc Brescia a mhaslú, faoi Airteagail 595(1), (2) agus (3) de Chód Coiriúil na hIodáile, agus faoi Airteagal 13 de Dhlí na hIodáile Uimh. 47 an 8 Feabhra 1948;

B.

de bhrí go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar dhearbhuithe a rinne Stefano Maullu agus a foilsíodh i nuachtán Iodálach an 5 Aibreán 2018; de bhrí go raibh ráiteas sna dearbhuithe sin maidir le hagallamh ar ábhar na n-arm tine a rinne an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí i gCúirt Achomhairc Brescia le nuachtán Iodálach eile; de bhrí gur áiríodh sa ráiteas sin líomhaintí a mheas an duine lena mbaineann a bheith maslach;

C.

de bhrí, de bhun Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire í díolúine pharlaiminteach ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí agus de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

D.

de bhrí nach bhféadfaidh ráiteas ó Fheisire lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa a bheith ina thuairim arna cur in iúl i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7, ach amháin má tá baint dhíreach fhollasach ag cineál agus inneachar an ráitis sin le comhlíonadh dhualgais an Fheisire sin i bParlaimint na hEorpa;

E.

de bhrí, sa chás sin, nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí arna gcur in iúl ná le vótaí a caitheadh agus dualgais Stefano Maullu á gcomhlíonadh aige ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.

de bhrí nach bhfuil feidhm ag Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ach amháin maidir le Feisirí Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go raibh Stefano Maullu ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa go dtí an 1 Iúil 2019; de bhrí go bhfuil baint ag cailliúint stádais Feisire de Pharlaimint na hEorpa le cailleadh na díolúine gaolmhaire, a bhfuil a ré teoranta, faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, don sainordú sin (2);

1.

ag cinneadh gan pribhléidí agus díolúintí Stefano Maullu a chosaint;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na hIodáile agus chuig Stefano Maullu.


(1)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.

(2)  Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2017, Marion Le Pen v Parlaimint na hEorpa, T-284/17, mír 28, ECLI:EU:T:2017:939;


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2839/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)