|
17.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 193/7 |
CINNEADH (AE) 2020/791 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Meitheamh 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le glacadh na leasuithe ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, agus maidir le glacadh athbhreithnithe iomláin ar na rialacha maidir le deimhniú agus iniúchadh na n-eititeas atá freagrach as cothabháil agus ar na sonraíochtaí a bhaineann le cláir náisiúnta feithiclí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980 arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’) i gcomhréir le Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1). |
|
(2) |
Tá na Ballstáit uile, seachas an Chipir agus Málta, ina bpáirtithe i COTIF. |
|
(3) |
De bhun litir f) d’Airteagal 13 § 1 de COTIF, bunaíodh Coiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF). |
|
(4) |
De bhun litir b) d’Airteagal 20 § 1 de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Iarscríbhinn F (APTU), tá CTE inniúil chun Iarscríbhinn F (APTU) de, inter alia, shaintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTP) a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic a ghlacadh nó a leasú. I gcomhréir le hAirteagal 13 §§ 1, 4 agus 5 d’Iarscríbhinn G (ATMF), tá CTE inniúil freisin chun cinntí a ghlacadh maidir le bunú nó modhnú, cumasc nó tarraingt siar na gclár náisiúnta feithiclí (NVR). Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 § 2 d’Iarscríbhinn G (ATMF), tá CTE inniúil chun rialacha a ghlacadh agus a leasú le haghaidh eintitis atá freagrach as cothabháil (ECM) a dheimhniú agus a iniúchadh. |
|
(5) |
Tá tograí le haghaidh cinntí chun leasú a dhéanamh ar UTP a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, maidir le hathbhreithniú iomlán ar na rialacha maidir le ECM a dheimhniú agus a iniúchadh agus maidir le hathbhreithniú iomlán ar na sonraíochtaí a bhaineann le NVR curtha san áireamh ag CTE ar chlár oibre an 13ú seisiún CTE, atá le bheith ann an 16 agus an 17 Meitheamh 2020. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i CTE a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas. |
|
(7) |
Is é is cuspóir do na leasuithe sin atá beartaithe ailíniú a dhéanamh idir UTP a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, chomh maith leis na rialacha maidir le deimhniú agus a iniúchadh ECM le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 (2), (AE) 2019/776 (3), (AE) 2019/773 (4) agus (AE) 2019/779 (5) ón gCoimisiún faoi seach. Rinneadh nuashonrú ar na sonraíochtaí a bhaineann le NVR i bhfianaise Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (6). |
|
(8) |
Tá na leasuithe beartaithe i gcomhréir leis an dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais, toisc go rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus ar an ábhar sin ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin atá beartaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir leis na leasuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTP) a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, maidir le hathbhreithniú iomlán ar na rialacha maidir le deimhniú agus iniúchadh eintiteas atá freagrach as cothabháil (ECM) agus maidir le hathbhreithniú iomlán ar na sonraíochtaí a bhaineann le cláir náisiúnta feithiclí (NVR) a leagan amach i ndoiciméad ST 7725/20 (7).
Airteagal 2
A luaithe a ghlacfar na cinntí ón CTE, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus léireofar dáta a dteacht i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras “rothstoc – torann” i leith vaigíní lastais atá ann cheana (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 89).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh 1302/2014, (AE) Uimh. 1303/2014 agus (AE) 2016/919 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE maidir le hailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 108) ón gCoimisiún.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/779 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le córas deimhniúcháin le haghaidh eintiteas atá freagrach as cothabháil feithiclí de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 360) ón gCoimisiún.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh cláir feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53).
(7) Tá Doiciméad ST 7725/20 ar fáil ag http://register.consilium.europa.eu.