European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6196

15.10.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2693 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 1284/2009 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/2042 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine.

(C/2024/6196)

Na daoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2693 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 1284/2009 ón gComhairle (3), arna leasú le Rialachán (AE) 2022/2042 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann na daoine a luaitear sna hIarscríbhinní thuasluaite i gcónaí an critéar a leagtar amach i gCinneadh 2010/638/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2693, agus i Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 1284/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/2042, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine, agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a bheith faoi réir na mbeart i gcónaí. Tugtar na forais leis na daoine seo a ainmniú san iontráil ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Dírítear aird na ndaoine lena mbaineann ar an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 1284/2009, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 8 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 20 Meitheamh 2025 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile de chuid na Comhairle, de bhun Airteagal 8 de Chinneadh 2010/638/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2693 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 280, 26.10.2010, lch. 10.

(2)   IO L, 2024/2693, 15.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2693/oj.

(3)   IO L 346, 23.12.2009, lch. 26.

(4)   IO L 275, 25.10.2022, lch. 48.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6196/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)