|
28.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 250/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1662 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meán Fómhair 2022
lena n-údaraítear don Phortaingéil rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le litir dar dáta an 2 Bealtaine 2022, d’iarr an Phortaingéil, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, údarú rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, rátaí a d’fhéadfadh titim faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin. Sholáthair údaráis na Portaingéile faisnéis agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 11 agus an 23 Bealtaine 2022, agus an 8 Meitheamh 2022. Iarradh go mbeadh feidhm ag an údarú go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(2) |
De réir údaráis na Portaingéile, is é is aidhm do chur i bhfeidhm ráta cánach laghdaithe maolú a dhéanamh ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha a bhíonn ag praghsanna arda breosla do thomhaltóirí a eascraíonn as an staid gheopholaitiúil, agus a dhéanann difear díreach do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon. Is é is aidhm don bheart sin freastal ar na riachtanais laethúla a bhaineann le hídiú breoslaí mótair trí rannchuidiú le tionchar an mhéadaithe ar phraghsanna do thomhaltóirí a laghdú. |
|
(3) |
Ní dócha go ndéanfaidh an t-údarú a iarradh saobhadh ar iomaíocht ná go gcuirfidh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise thréimhse gearr an údaraithe agus na n-imthosca eisceachtúla a bhaineann leis an staid gheopholaitiúil mar aon le praghsanna margaidh fíor-ard ar amhola, meastar go bhfuil an t-údarú a iarradh leordhóthanach agus comhréireach. Baintear cothromaíocht amach leis an údarú idir na cuspóirí sonracha beartais dá dtagraítear in Airteagal 19(1), an tríú mír, de Threoir 2003/96/CE, go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, agus an éigeandáil riachtanach chun inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Dhéanfadh an laghdú cánach na costais mhéadaithe fuinnimh a fhritháireamh go páirteach, agus níl sé carnach le laghduithe cánach de chineál ar bith eile. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Phortaingéil a údarú rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, mar a iarrtar. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, beidh gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin teoranta go docht ó thaobh ama de. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú, go scoirfeadh an t-údarú sin d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme. |
|
(6) |
Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear don Phortaingéil rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2022.
Mar sin féin, i gcás go ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm an lá a thiocfaidh córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na Portaingéile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA