An Bhruiséil,16.7.2021

COM(2021) 388 final

2021/0208(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haontú an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú

{SEC(2021) 279 final} - {SWD(2021) 192 final} - {SWD(2021) 193 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

De cheal creat cuimsitheach idirnáisiúnta chun breithiúnais eachtracha in ábhair shibhialta agus thráchtála a aithint agus a fhorfheidhmiú, tá timpeallacht dhlíthiúil scaipthe os comhair shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais i láthair na huaire atá ag iarraidh breithiúnas a tugadh san Aontas a aithint agus a fhorfheidhmiú i dtír nach Ballstát den Aontas í. Ciallaíonn sé sin nach mór do chreidiúnaithe breithiúnais dul trí mheascán de dhlíthe náisiúnta i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad maidir le glacadh le breithiúnais eachtracha, mar aon le conarthaí déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, chun seans a bheith ann go bhforfheidhmeofar a mbreithiúnas, ní mór dóibh siúd atá i mbun dlíthíocht idirnáisiúnta acmhainní, am agus go minic saineolas seachtrach a infheistiú chun straitéis láidir dlíthíochta a ullmhú. Is fachtóirí díspreagtha iad an chastacht sin, mar aon leis na costais agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann leis sin, fachtóirí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le gnólachtaí agus saoránaigh dlíthíocht chúirte a sheachaint agus cineálacha eile réitigh díospóide a lorg, géilleadh do leanúint dá n-éilimh, nó rogha a dhéanamh gan dul i mbun idirbheartaíocht idirnáisiúnta ar fad. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé sin tionchar diúltach a bheith aige ar thoilteanas ghnólachtaí agus shaoránaigh an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí trádála agus infheistíocht idirnáisiúnta. Ina theannta sin, toisc gurb éiginnte forfheidhmiú bhreithiúnais an Aontais i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, tá bac ar cheart rochtana ar cheartas ghnólachtaí agus shaoránaigh an Aontais.

Is é an fás sa trádáil idirnáisiúnta agus sna sreabha infheistíochta a mhéadaíonn na rioscaí dlíthiúla sin do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais ach is féidir aghaidh a thabhairt ar an staid sin trí chóras intuartha le haghaidh aithint agus forfheidhmiú breithiúnas sibhialta nó thráchtála ar bhonn trasteorann. Go dtí le déanaí, áfach, níor rialaíodh aithint agus forfheidhmiú breithiúnas eachtrach in ábhair shibhialta agus thráchtála go cuimsitheach ar leibhéal idirnáisiúnta, fiú más ann do roinnt comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a bhfuil raon feidhme teoranta acu. Athraíodh an staid sin nuair a glacadh an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (an ‘Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais’) 1 i mí Iúil 2019.

Tá sé d’acmhainn ag an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais, coinbhinsiún a glacadh faoi choimirce Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘HCCH’), an córas atá ann faoi láthair maidir le cúrsaíocht breithiúnas eachtrach a fheabhsú. Is é is aidhm don Choinbhinsiún rochtain éifeachtach ar cheartas a chur chun cinn do chách agus trádáil agus infheistíocht agus soghluaisteacht iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a éascú, trí chomhar breithiúnach 2 .

Thacaigh an tAontas Eorpach i gcónaí le córas iltaobhach a chruthú le haghaidh aithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta nó thráchtála agus dá bhrí sin bhí sé rannpháirteach go gníomhach i bpróiseas caibidlíochta an Choinbhinsiúin d’fhonn aontachas a d'fhéadfadh sé a dhéanamh leis an gcóras idirnáisiúnta sin a bheith ann amach anseo. Bunaithe ar an sainordú a thug an Chomhairle don Choimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2016 3 , rinne an Coimisiún ionadaíocht thar ceann leasanna an Aontais le linn phróiseas na caibidlíochta ag HCCH.

Tugadh an chaibidlíocht ar an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais chun críche go rathúil i mí Iúil 2019 agus tá an Coinbhinsiún oscailte lena shíniú, lena dhaingniú nó lena aontú faoi láthair. Dá n-aontódh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais mar a mhol an Coimisiún é, bheadh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le breithiúnais isteach agus breithiúnais amach a aithint agus a fhorfheidhmiú i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus i measc Stáit Chonarthacha eile an Choinbhinsiúin.

Tá an togra seo i gcomhréir le cuspóirí an Choimisiúin a leagtar amach sna Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach (2019-2024) 4 , go háirithe maidir leis an tosaíocht ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’ 5 . Tá sé i gcomhréir le tiomantas an Aontais don iltaobhachas sa chaidreamh idirnáisiúnta agus is dóigh go spreagfar tíortha eile agus comhpháirtithe trádála an Aontais le páirt a ghlacadh sa Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais. Bheadh aontachas an Aontais le coinbhinsiún iltaobhach maidir le breithiúnais in ábhair shibhialta agus thráchtála a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir freisin le beartas an Aontais arb é is aidhm dó fás a mhéadú sa trádáil idirnáisiúnta agus san infheistíocht eachtrach agus soghluaisteacht saoránach ar fud an domhain.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá córas dea-fhorbartha 6 ag an Aontas i dtaca le haitheantas frithpháirteach agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála i measc na mBallstát a cuireadh i bhfeidhm mar chomhlánú riachtanach ar a mhargadh aonair. Níl feidhm ag Rialachán Ia na Bruiséile 7 , áfach, maidir le haitheantas agus forfheidhmiú breithiúnas a thugtar i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, thug an tAontas Eorpach an coinbhinsiún idirnáisiúnta i gcrích le Stáit LEE agus leis an Eilvéis (Coinbhinsiún Lugano 2007 8 ). Ina theannta sin, tugadh Coinbhinsiún 2005 maidir le Roghnú Cúirte 9 i gcrích mar thoradh ar chéad iarracht creat iltaobhach a bhunú chun breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú. Áirithítear leis an gcoinbhinsiún seo aithint agus forfheidhmiú breithiúnas i gcásanna inar chomhaontaigh na páirtithe ar an gcúirt a bhfuil dlínse eisiach aici a ndíospóid a éisteacht. Dhaingnigh an tAontas an Coinbhinsiún seo in 2015, rud a chiallaíonn go bhfuil sé mar chuid de acquis an Aontais anois.

Lastall de Choinbhinsiún 2005 maidir le Roghnú Cúirte, coinbhinsiún nach bhfuil ach raon feidhme teoranta aige, níl aon chreat iltaobhach domhanda i gcomhair cúrsaíocht breithiúnas ann.

Chomhlánódh an Coinbhinsiún maidir le breithiúnais an creat dlíthiúil atá ann cheana san Aontas, rud a d’áiritheodh cúrsaíocht breithiúnas eachtrach thar an gcóras atá ann cheana is infheidhme i measc Bhallstáit an Aontais agus Stáit LEE agus na hEilvéise.

Ní athródh an Coinbhinsiún acquis inmheánach an Aontais in éagmais aon dearbhaithe toisc go bhfuil feidhm ag an dá ionstraim i gcomhthéacsanna éagsúla 10 . Is amhlaidh atá toisc go bhfuil feidhm ag Rialachán Ia na Bruiséile maidir le breithiúnais laistigh den Aontas a aithint agus a fhorfheidhmiú, agus bheadh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le breithiúnais de thionscnamh tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tá dearbhú de dhíth, áfach, chun a áirithiú nach ndéanfaidh aontachas an Choinbhinsiúin difear do ghnóthú chuspóirí beartais Rialachán Ia na Bruiséile. Go háirithe i gcásanna a bhaineann le tionóntachtaí tráchtála, tugtar le Rialachán Ia na Bruiséile dlínse eisiach do chúirteanna i mBallstát ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe lonnaithe. Ní bhíonn rialacha dlínse eisiacha den sórt sin le haghaidh tionóntachtaí tráchtála sa Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais. Faoin gCoinbhinsiún, bheadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, dá bhrí sin, breithiúnais tríú tíortha maidir le léasanna tráchtála ar mhaoine dochorraithe atá suite ar a gcríoch a aithint agus a fhorfheidhmiú. Bheadh sé sin contrártha leis an gcuspóir beartais atá taobh thiar de Rialachán Ia na Bruiséile chun dlínse eisiach a shannadh do chúirteanna san Aontas le haghaidh díospóidí a bhaineann le maoin dhochorraithe atá suite san Aontas.

Dá bhrí sin, ba cheart dearbhú spriocdhírithe a dhéanamh tráth an aontachais gan aithint ná forfheidhmiú breithiúnas i ndáil le tionóntachtaí tráchtála maoine dochorraithe atá suite san Aontas a bheith ann. Leis an dearbhú teoranta sin, ráthaítear go mbeidh an Coinbhinsiún comhleanúnach le acquis an Aontais gan bac a chur ar chuspóirí beartais uile an togra seo a bhaint amach ina n-iomláine.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais ann mar thoradh ar phróiseas leanúnach chun cúrsaíocht breithiúnas a éascú ar fud an domhain. Neartaíonn sé Coinbhinsiún 2005 maidir le Roghnú Cúirte, coinbhinsiún a bhfuil sé d’aidhm aige raon feidhme na mbreithiúnas a d’fhéadfadh a chur i gcúrsaíocht i measc na Stát a leathnú. Is é is aidhm do na Coinbhinsiúin a glacadh faoi choimirce Chomhdháil na Háige é sin a dhéanamh gan cur isteach ar choinbhinsiúin speisialaithe a d’fhéadfadh a bheith ann i réimsí ar leith amhail ábhair mhuirí agus iompair ná ar choinbhinsiúin dhéthaobhacha atá ann cheana.

Mar gheall ar an méadú ar dheimhneacht dhlíthiúil agus an laghdú ar chostais agus ar fhad na n-imeachtaí i ndlíthíocht idirnáisiúnta, tá sé d’acmhainn ag an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais gnólachtaí agus saoránaigh an Aontais a spreagadh le dul i mbun idirbheartaíocht idirnáisiúnta, rud a mhéadódh líon na trádála agus na hinfheistíochta trasteorann.

Ar deireadh, tá aontachas an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais i gcomhréir le tiomantas an Aontais don iltaobhachas agus d’ord domhanda riailbhunaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá inniúlacht an Aontais rialáil a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas eachtrach in ábhair shibhialta agus thráchtála bunaithe ar Airteagal 81(2), pointe(a) CFAE.

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE tá an inniúlacht eisiach ag an Aontas chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích sa mhéid is go bhféadfadh tabhairt i gcrích den sórt sin difear a dhéanamh do chomhrialacha AE nó a raon feidhme a athrú. Mar thoradh ar ghlacadh Rialachán I na Bruiséile, tá inniúlacht eisiach eachtrach den sórt sin faighte ag an Aontas chun rialáil a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le haitheantas agus forfheidhmiú breithiúnas tríú tíortha in ábhair shibhialta agus tráchtála 11 .

Dá bhrí sin, tagann an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais i ndáil le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas eachtrach faoin inniúlacht eisiach sheachtrach sin de chuid an Aontais. Féadfaidh an tAontas aontú leis ar bhonn Airteagal 81(2) pointe (a) agus Airteagal 218(6) pointe (a) den CFAE.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

•Comhréireacht

Is iad cuspóirí an togra seo rochtain ar cheartas a fheabhsú do pháirtithe an Aontais trí aithint agus forfheidhmiú breithiúnas a thugann cúirteanna san Aontas Eorpach a éascú cibé áit a bhfuil sócmhainní ag an bhféichiúnaí, chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a bhfuil baint acu le hidirbheartaíocht idirnáisiúnta agus chun costais agus fad na n-imeachtaí i ndlíthíocht cúirte trasteorann a laghdú. Ag an tráth céanna, féachann an togra seo le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas tríú tíortha san Aontas a cheadú ach amháin i gcás ina n-urramaítear bunphrionsabail dhlí an Aontais agus nach ndéantar difear don acquis inmheánach.

Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin trí chloí le córas aitheanta agus forfheidhmithe fhrithpháirtigh breithiúnas i measc Stát, amhail an córas a glacadh sa Choinbhinsiún maidir le breithiúnais. Níl an deis ag na Ballstáit coinbhinsiúin iltaobhacha ná dhéthaobhacha maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas a chaibidliú a thuilleadh toisc gur ag an Aontas Eorpach go heisiach atá inniúlacht sheachtrach in ábhair a bhaineann le dlínse idirnáisiúnta agus aithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Ní ghnóthódh gníomhaíocht aontaobhach ar leibhéal an Aontais na cuspóirí a leagtar amach thuas mar ní éascódh sí aithint agus forfheidhmiú breithiúnas an Aontais i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad.

Ar deireadh, aontú do chreat iltaobhach atá ann cheana ar ina leith a chuidigh an tAontas an chaibidlíocht a dhéanamh, bheadh sé sin níos éifeachtúla ná dul i mbun caibidlíochta le Stáit nach Ballstáit den Aontas iad ar leibhéal déthaobhach. Ag brath ar líon na Stát a chloífidh leis an gCoinbhinsiún, d’áiritheodh sé creat coiteann dlíthiúil chun déileáil le breithiúnais ó thríú tíortha cibé áit arb as dóibh. D’áiritheofaí leis creat coiteann dlíthiúil amháin do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bheadh ag lorg aithint agus forfheidhmiú breithiúnas a thugann cúirteanna san Aontas i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad 12 .

•An rogha ionstraime

Neamhbhainteach

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Faoi chuimsiú measúnú a dhéanamh ar na roghanna éagsúla beartais a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais, lorg an Coimisiún tuairimí ó na páirtithe leasmhara trí chomhairliúchán poiblí oscailte agus trí cheardlann leis na Ballstáit 13 . Ina theannta sin, rinne conraitheoir seachtrach staidéar, conraitheoir a rinne roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin freisin, amhail suirbhé ar líne, agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara mar aon le ceistneoir a dáileadh ar údaráis na mBallstát.

Léiríodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin gur thacaigh na Ballstáit agus tromlach mór na bpáirtithe leasmhara araon (mar shampla gairmithe dlí, gnólachtaí, eagraíochtaí gairmiúla dlíodóirí agus báillí, acadóirí) le haontachas leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais. Maidir leis an bhféidearthacht dearbhuithe a dhéanamh 14 , chuir na Ballstáit i gcoinne dearbhú atá bunaithe ar Airteagal 19 den Choinbhinsiún agus níor chuir siad tuairimí soiléire in iúl maidir leis na dearbhuithe faoi Airteagal 18. Ní raibh ach líon beag páirtithe leasmhara i bhfabhar aontú le dearbhú faoi Airteagal 19 agus ní raibh claonadh soiléir ann maidir le dearbhuithe Airteagal 18.

Bhí an t-ionchur ó na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin an-tábhachtach chun tuairimí ón gCoimisiúin a chruthú maidir leis an gcur chuige is fearr atá le glacadh sa togra seo. Dá thoradh sin, chinn an Coimisiún a mholadh go n-aontódh an tAontas Eorpach le Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais agus go mbeadh dearbhú teoranta spriocdhírithe ann lena n-eisiafaí na cúirteanna san Aontas aithint agus forfheidhmiú breithiúnas tríú tíortha lenar tugadh rialú ar léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas.

•Bailiú agus úsáid saineolais

I bpróiseas caibidlíochta an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle i gcónaí le saineolaithe ó na Ballstáit a chuir saineolas ar fáil agus bhí sé ag brath ar an saineolas sin. Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit mar chuid den obair ullmhúcháin don togra seo.

Bhí an Coimisiún ag brath freisin ar staidéar a rinne conraitheoir seachtrach chun tacú leis an anailís ar an measúnú tionchair. Tá anailís chuimsitheach eacnamaíoch agus dhlíthiúil ar na roghanna beartais éagsúla atá ar fáil sa staidéar seo 15 . Baintear úsáid as uirlisí anailíseacha éagsúla sa staidéar, idir úsáid sonraí eimpíreacha a bhailítear ar bhealaí éagsúla (suirbhé ar líne, ceistneoir agus agallaimh), agus staitisticí nó anailís deisce. I gcás nach raibh sonraí cainníochtúla ar fáil, baineadh úsáid as meastacháin cháilíochtúla. Dheimhnigh saineolaithe seachtracha na meastacháin sin, mar aon leis na toimhdí éagsúla ar baineadh úsáid astu, ag cruinniú ceardlainne.

Leis an staidéar, thángthas ar an gconclúid gurb é an bealach is oiriúnaí chun na cuspóirí beartais a bhaint amach aontú leis an gCoinbhinsiún gan aon dearbhú. Léirítear an chonclúid sin sa togra seo ós rud é nach moltar aontú leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais ach le dearbhú teoranta spriocdhírithe a mheastar a bheith riachtanach chun comhleanúnachas a bhaint amach le acquis an Aontais atá ann cheana. Ag an tráth céanna, ní chuireann dearbhú teoranta den sórt sin bac ar bhaint amach chuspóirí eile an togra seo ná ar a éifeachtúlacht ó thaobh na sochar díreach a bhfuiltear ag súil leo do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais.

Ar deireadh, bhí an Coimisiún ag brath ar an saineolas fairsing maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas ar leibhéal an Aontais le cur i bhfeidhm Rialachán Ia na Bruiséile, Rialachán (CE) 44/2001 16 a tháinig i bhfeidhm roimhe, rialachán arb é féin an comharba ar Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 17 ar an ábhar céanna. Treoir fhairsing ó CBAE ann maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin ar leibhéal an Aontais.

•Measúnú tionchair

Measadh inmhianaitheacht an Aontais aontú leis an gCoinbhinsiún faoi chuimsiú tuarascála ar an Measúnú Tionchair. I gcás ina n-aontóidh an tAontas leis an gCoinbhinsiún, cuireadh roinnt roghanna beartais malartacha san áireamh. Sna roghanna beartais sin cuireadh san áireamh an t-aontachas gan aon dearbhú nó le dearbhuithe atá sainithe go sonrach – le dearbhú faoi Airteagal 18 den Choinbhinsiún lena n-eisiatar ábhair áirithe ón raon feidhme (ábhair tomhaltóirí, fostaíochta nó árachais agus/nó léasanna tráchtála ar mhaoin dhochorraithe), nó le dearbhú faoi Airteagal 19 den Choinbhinsiún lena n-eisiatar breithiúnais in ábhair shibhialta agus thráchtála a bhfuil baint ag Stáit nó eintitis Stáit leo.

Is é an rogha thosaíochta aontú leis an gCoinbhinsiún agus dearbhú teoranta spriocdhírithe ann lena n-eisiatar aithint agus forfheidhmiú breithiúnas lenar tugadh rialú ar léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas.

Chun tionchair an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais ar chúrsaíocht breithiúnas idir tíortha an Aontais agus tíortha nach ballstáit den Aontas iad a chainníochtú, rinneadh toimhde oibre go mbeidh ocht dtír roghnaithe nach Ballstát den Aontas iad páirteach sa Choinbhinsiún. Ba iad na tíortha nach Ballstát den Aontas iad a roghnaíodh an Astráil, an Airgintín, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rinneadh meastachán ar na tionchair uile le haghaidh thréimhse thagartha 2022-2026.

Cuirfear leis an rogha thosaíochta feabhas ar rochtain ar cheartas agus méadófar deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht i ndlíthíocht cúirteanna idirnáisiúnta. Meastar gur idir EUR 1.1 agus 2.6 milliún faoi 2026 na sochair dhíreacha a bheidh ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh agus iad ag iarraidh breithiúnas de chuid an Aontais a aithint agus a fhorfheidhmiú sna tíortha roghnaithe sin nach Ballstát den Aontas iad. Is é atá i gceist leis sin laghdú réamh-mheasta de 10 %-20 % de na costais a bhaineann le haitheantas agus forfheidhmiú breithiúnas an Aontais i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad. Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh laghdú trí mhí go sé mhí ar mheánfhad na n-imeachtaí ar an meán.

Mar gheall ar chóras níos simplí agus níos intuartha le haghaidh aithint agus forfheidhmiú breithiúnas eachtrach in ábhair shibhialta agus thráchtála, cuirfear trádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta chun cinn freisin. Ós rud é gur dócha go dtiocfaidh fás ar thrádáil agus ar infheistíocht idirnáisiúnta, d’fhéadfadh tionchair dhearfacha a bheith ann ar an micrileibhéal agus ar an macraileibhéal, mar aon le héifeachtaí dearfacha ar na deiseanna fostaíochta. Bainfidh FBManna go háirithe tairbhe as an rochtain fheabhsaithe ar an gceartas agus as an deimhneacht dhlíthiúil san idirbheartaíocht idirnáisiúnta a thagann as an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais.

Tá an rogha thosaíochta beartais go háirithe i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais maidir leis an ábhar, eadhon Rialachán Ia na Bruiséile. Faoin rogha thosaíochta, eisiatar na léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ó chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin, ó tharla go dtugtar dlínse eisiach do chúirteanna san Aontas le Rialachán Ia na Bruiséile chun déileáil le díospóidí a bhaineann le tionóntachtaí tráchtála maoine dochorraithe atá suite san Aontas.

Ar an taobh eile, measadh nár ghá dearbhú lena n-eisiafaí na hábhair eile a breithníodh 18 . Déantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le cosaint leordhóthanach do pháirtithe níos laige (tomhaltóirí, fostaithe nó sealbhóir an pholasaí árachais, an t-árachaí nó tairbhí polasaí árachais), cé go mbeidh sí ar shlí eile ná mar atá in acquis an Aontais. Thairis sin, neamhchosúil le léasanna tráchtála ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas, d’fhéadfadh dearbhuithe eile, dearbhuithe atá níos leithne ó thaobh raon feidhme de, bac a chur ar chuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach go hiomlán.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair an 23 Aibreán 2021.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl impleachtaí costais ag an togra do FBManna. Ina theannta sin, toisc go mbíonn FBManna i bhfabhar dlíthíocht chúirte i dtaca le headráin, agus mar gheall ar an méadú ar dheimhneacht dhlíthiúil mar aon le costais níos ísle agus fad na n-imeachtaí i ndlíthíocht idirnáisiúnta, táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar thoilteanas FBManna dul i mbun idirbheartaíocht idirnáisiúnta nó cur léi. De bharr aontú leis an gCoinbhinsiún féadfar feabhas a chur ar iomaíochas na FBManna freisin. Is amhlaidh atá sé toisc go dtiocfaidh laghdú ar chostais na dlíthíochta idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, tiocfaidh laghdú ar chostais go hindíreach a bhaineann le gnó idirnáisiúnta a dhéanamh, rud a thabharfaidh buntáiste comparáideach do FBManna san Aontas thar ghnólachtaí ó thíortha nár dhaingnigh an Coinbhinsiún. Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag an togra ar thrádáil agus ar infheistíocht idirnáisiúnta freisin.

•Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, cuirfear feabhas ar rochtain ar cheartas do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais mar go dtiocfaidh feabhas go ginearálta ar aithint agus forfheidhmiú breithiúnas trasteorann, dlúthchuid den cheart rochtana ar an gceartas, agus go mbeidh siad níos intuartha. Den chuid is mó, léiríonn an Coinbhinsiún na rialacha maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas is infheidhme go hinmheánach san Aontas (Rialachán Ia na Bruiséile). Dá réir sin, níl difríocht shuntasach i bprionsabal idir an Coinbhinsiún agus cearta bunúsacha an Aontais ná prionsabail na cothroime nós imeachta. Go háirithe, foráiltear sa Choinbhinsiún maidir le foras chun aithint agus forfheidhmiú breithiúnas nach bhfuil ag luí le prionsabail bhunúsacha na cothroime nós imeachta nó le beartas poiblí an Stáit ina n-iarrtar aithint agus forfheidhmiú a dhiúltú. Chabhródh sé sin lena áirithiú ar bhonn cur chuige a rinneadh a thástáil 19 go bhfuil cearta bunúsacha amhail an ceart chun cosanta nó an ceart chun triail chóir a fháil urramaithe go cuí i dtír nach Ballstát den Aontas í. Ina theannta sin, trí fheabhas a chur ar aithint agus forfheidhmiú breithiúnas a thugann cúirteanna an Aontais Eorpaigh i dtríú tíortha, leis an gCoinbhinsiún, éascófar an tsaoirse chun gnólacht a sheoladh agus chun feabhas a chur ar urramú an chirt chun maoine san Aontas.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais. Féadfaidh costais aonuaire a bheith ag na Ballstáit chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme agus d’fhéadfadh costais beagán níos airde a bheith ar bhreithiúna na mBallstát mar gheall ar an méadú beag a mheastar a thiocfaidh ar líon na gcásanna. Meastar, áfach, go ndéanfar na costais sin a fhritháireamh sa mheántéarma agus san fhadtéarma leis an laghdú a mheastar a thiocfaidh ar fhad na n-imeachtaí.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é go mbaineann an togra le haontachas an Aontais le coinbhinsiún idirnáisiúnta ina bhfuil rialacha soiléire maidir le breithiúnais eachtracha a aithint agus a fhorfheidhmiú, ní bhunófar aon phlean cur chun feidhme.

Maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú praiticiúil an Choinbhinsiúin, glacfaidh an tAontas páirt i gcruinnithe an Choimisiúin Speisialta a eagraíonn HCCH go rialta chun cur i bhfeidhm praiticiúil an Choinbhinsiúin a mheas.

Comhfhreagróidh sásra meastóireachta agus faireacháin inmheánach an Aontais Eorpaigh a mhéid is féidir le sásra measta ag an HCCH. Déanfar an mheastóireacht go tráthrialta agus áireofar inti measúnú ar na tionchair a thiocfaidh as aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais chomh maith leis an meastóireacht ar cé acu a baineadh amach na príomhchuspóirí arna saothrú tríd an aontachas nó nár baineadh amach iad. Thairis sin, áireofar sa mheastóireacht freisin anailís ar inmhianaitheacht dearbhuithe chun a mheas ar cheart an dearbhú/na dearbhuithe a rinneadh cheana a choinneáil nó a chúlghairm nó ar cheart dearbhú/dearbhuithe nua a dhéanamh.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh agus ós rud é go gceadaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais, de bhua Airteagal 26 de, go n-aontaíonn Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch, ba cheart go mbeadh an tAontas ina Pháirtí Conarthach sa Choinbhinsiún féin gan na Ballstáit bunaithe ar chinneadh dearfach ón gComhairle.

Agus é ag aontú leis, ba cheart don Aontas Eorpach, dá bhrí sin, dearbhú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún go bhfeidhmíonn an tAontas inniúlacht ar na hábhair uile a rialaítear leis an gCoinbhinsiún agus nach mbeidh a Bhallstáit ina bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ach go mbeidh siad faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún de bhua aontachas an Aontais. I gcomhréir le Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar dá réir nach bhfuil an Danmhairg rannpháirteach i mbearta arna nglacadh de bhun Airteagal 81(2) den Chonradh, níl an Danmhairg san áireamh in aontú an Aontais leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais.

Agus é ag aontú leis an gCoinbhinsiún, ba cheart don Aontas dearbhú a dhéanamh freisin maidir le raon feidhme substainteach an Choinbhinsiúin de bhun Airteagal 18 den Choinbhinsiún, lena n-eisiatar ó raon feidhme an Choinbhinsiúin breithiúnais lenar tugadh rialú ar léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas Eorpach.

2021/0208 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haontú an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 81(2) pointe(a) agus Airteagal 218(6), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 20 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tugadh an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus Fhorfheidhmiú faoi choimirce Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích an 2 Iúil 2019.

(2)Leis an gCoinbhinsiún, féachtar le rochtain ar cheartas a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhar breithiúnach idirnáisiúnta feabhsaithe. Leis an gCoinbhinsiún, féachtar go háirithe leis na rioscaí agus na costais a bhaineann le dlíthíocht trasteorann agus réiteach díospóidí a laghdú agus, mar thoradh air sin, le trádáil, infheistíocht, agus soghluaisteacht idirnáisiúnta a éascú.

(3)Ghlac an tAontas páirt ghníomhach san idirbheartaíocht roimh ghlacadh an Choinbhinsiúin agus roinneann sé a chuid spriocanna.

(4)De cheal creat cuimsitheach idirnáisiúnta chun breithiúnais eachtracha in ábhair shibhialta agus thráchtála a aithint agus a fhorfheidhmiú, tá timpeallacht dhlíthiúil scaipthe os comhair shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais i láthair na huaire atá ag iarraidh go ndéanfaí breithiúnas a tugadh san Aontas a aithint agus a fhorfheidhmiú i dtír nach Ballstát den Aontas í. Is é an fás sa trádáil idirnáisiúnta agus sna sreabha infheistíochta a mhéadaíonn na rioscaí dlíthiúla sin do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais ach ba cheart aghaidh a thabhairt ar an staid sin trí chóras intuartha trasteorann le haghaidh aithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta nó thráchtála.

(5)Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin trí chloí le córas aitheanta agus forfheidhmithe fhrithpháirtigh breithiúnas i measc Stát, amhail an córas a glacadh sa Choinbhinsiún. Ag an tráth céanna, níor cheart don togra seo a cheadú ach amháin aithint agus forfheidhmiú breithiúnas tríú tíortha san Aontas i gcás ina n-urramaítear bunphrionsabail dhlí an Aontais agus nach ndéantar difear don acquis inmheánach.

(6)De bhun Airteagal 26 den Choinbhinsiún, eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch a bhfuil an inniúlacht acu ar roinnt de na hábhair nó ar na hábhair go léir atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún, amhail an tAontas, d’fhéadfaidís an Coinbhinsiún a shíniú, a ghlacadh, a fhormheas agus aontú leis.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh tá an inniúlacht eisiach ag an Aontas chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích sa mhéid is go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do chomhrialacha an Aontais nó a raon feidhme a athrú. Déanann an Coinbhinsiún difear do reachtaíocht thánaisteach an Aontais maidir le dlínse agus maidir leis na breithiúnais a eascraíonn astu a aithint agus a fhorfheidhmiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 . Dá bhrí sin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas sna hábhair uile a rialaítear leis an gCoinbhinsiún.

(8)De bhun Airteagail 24(3) agus Airteagal 28 den Choinbhinsiún, féadfar aontú leis an gCoinbhinsiún sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(9)Ba cheart don Aontas an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích trí bhíthin aontachais.

(10)Agus é ag aontú leis an gCoinbhinsiún, ba cheart don Aontas a dhearbhú faoi Airteagal 27 den Choinbhinsiún go bhfeidhmíonn sé inniúlacht ar na hábhair uile atá faoi rialú an Choinbhinsiúin. Dá thoradh sin, ba cheart na Ballstáit a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún de bhua é a bheith tugtha i gcrích ag an Aontas.

(11)I gcásanna a bhaineann le léasanna tráchtála (tionóntachtaí), tugtar le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 dlínse eisiach do chúirteanna i mBallstát ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe lonnaithe. Níl rialacha dlínse eisiacha den sórt sin maidir le tionóntachtaí tráchtála sa Choinbhinsiún. Dá bhrí sin, agus é ag aontú leis an gCoinbhinsiún, ba cheart don Aontas dearbhú a dhéanamh faoi Airteagal 18 den Choinbhinsiún, lena n-eisiatar ó raon feidhme an Choinbhinsiúin breithiúnais maidir le tionóntachtaí tráchtála ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas.

(12)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(13)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tugann an tAontas Coinbhinsiún na Háige an 2 Iúil 2019 maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích leis seo.

Tá téacs an Choinbhinsiúin i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ainmneoidh an Coimisiún an duine a chumhachtófar chun an ionstraim aontachais dá dtagraítear in Airteagal 24(4) den Choinbhinsiún a thaisceadh thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Agus an ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 24(4) den Choinbhinsiún á taisceadh, déanfaidh an tAontas an dearbhú seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 27(1) den Choinbhinsiún:

‘Dearbhaíonn an tAontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 27(1) den Choinbhinsiún, go bhfeidhmíonn sé inniúlacht ar na hábhair uile atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún seo. Ní dhéanfaidh a Bhallstáit an Coinbhinsiún a shíniú, a dhaingniú, a ghlacadh ná a fhormheas, ach beidh siad faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún de bhua é a bheith tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach.

Chun críche an dearbhaithe sin, níl Ríocht na Danmhairge san áireamh sa téarma “An tAontas Eorpach” de bhua Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’.

Airteagal 4

Agus an ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 24(4) den Choinbhinsiún á taisceadh, déanfaidh an tAontas an dearbhú seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 18 a bhaineann le léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ar mhaoin dhochorraithe:

‘Dearbhaíonn an tAontas Eorpach leis seo faoi Airteagal 18 den Choinbhinsiún nach gcuirfidh sé an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le léasanna tráchtála (tionóntachtaí) ar mhaoin dhochorraithe atá suite san Aontas Eorpach.’

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh 22 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú.
(2)    Brollach an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais.
(3)    Féach Toradh ó Chruinniú na Comhairle maidir le hiomaíochas (an 3470ú cruinniú de chuid na Comhairle) an 26 agus an 27 Bealtaine 2016, Uimh. 9357/16 agus Dréachtchinneadh na Comhairle (Uimh. 8814/16) lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht ar an gCoinbhinsiún maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais) faoi chuimsiú Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
(4)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf .
(5)    Agus tacaíocht á tabhairt le cuspóirí na bpríomhchatagóirí ‘Eoraip níos láidre sa Domhan’ agus ‘Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine’.
(6)    Féach Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú), Iris Oifigiúil L 351, an 20 Nollaig 2012, lch. 1 (‘Rialachán Ia na Bruiséile’).
(7)    Ibid.
(8)    Coinbhinsiún maidir le dlínse agus aithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, IO L 339, 21.12.2007, lch. 3-41.
(9)    Coinbhinsiún an 30 Meitheamh 2005 um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte.
(10)    Féach Airteagal 23(4) den Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéanfadh an Coinbhinsiún difear ach oiread do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Lugano nó Choinbhinsiún 2005 maidir le Roghnú Cúirte mar bhí tosaíocht ag conarthaí i dtráth níos luaithe, bunaithe ar Airteagal 23(2).
(11)    Tá sé seo deimhnithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina Tuairim Lugano, tuairim inar chinn CBAE go bhfuil feidhm ag inniúlacht eisiach sheachtrach an Chomhphobail Eorpaigh maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas tríú tíortha in ábhair shibhialta agus thráchtála. Féach Tuairim 1/03, ECLI:EU:C:2006:81.
(12)    Ar an ábhar sin, féach freisin roinn 3 agus roinn 4 den tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(13)    Chuir na Ballstáit a réamhthuairimí in iúl ag an gceardlann ar feitheamh tuilleadh anailíse ar impleachtaí na roghanna beartais uile.
(14)    Dearbhú bunaithe ar Airteagal 18 den Choinbhinsiún (gan ábhair áirithe a áireamh) agus/nó ar Airteagal 19 (gan breithiúnais in ábhair shibhialta nó thráchtála a bhaineann le Stáit a áireamh).
(15)    Le foilsiú a luaithe a ghlacfar an togra seo.
(16)    Féach Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, Iris Oifigiúil L 12, 16 Eanáir 2001, lch. 1. 
(17)    Féach Coinbhinsiún na Bruiséile 1968 maidir le dlínse agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, Iris Oifigiúil L 299, 31 Nollaig 1972, lch. 32.
(18)    Ba ábhair tomhaltóirí, fostaíochta agus árachais iad sin.
(19)    I dteannta Rialachán Ia na Bruiséile, cuireadh an cur chuige sin i bhfeidhm freisin i gCoinbhinsiún Lugano agus i gCoinbhinsiún 2005 maidir le Roghnú Cúirte.
(20)    IO C , , lch. .
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(22)    Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.