|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7537 |
20.12.2024 |
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA HEORPA
an 16 Nollaig 2024
lena leasaítear Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa
(C/2024/7537)
TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(2) de,
ag féachaint do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1),
ag féachaint do Riail 25 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 73(2) de Bhearta Cur Chun Feidhme le haghaidh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2) (‘na Bearta Cur Chun Feidhme’), beidh uasmhéid na gcostas cúnaimh pharlaimintigh is iníoctha i leith na foirne pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 29(4) díobh, i gcás inarb iomchuí, le hinnéacsnascadh go bliantúil ag an mBiúró ar bhonn an Innéacs Chomhpháirtigh arna bhunú ag Eurostat chun an t-athrú ar an gcostas maireachtála d’oifigigh AE a thomhas de bhun Airteagal 65 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leo, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (3) ón gComhairle (‘Rialacháin Foirne’). |
|
(2) |
Is gnách gurb é an Biúró a chinneann an t-innéacsnascadh sin i mí na Nollag, agus go dtagann sé i bhfeidhm go haisghníomhach amhail ó mhí Iúil na bliana i dtrácht. Mar sin féin, ós rud é gur socraíodh an tInnéacs Comhpháirteach arna bhunú ag Eurostat don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 1 Eanáir 2024 ag 103,0 (+ 3,0 %), agus dá bhrí sin go raibh sé cothrom leis an tairseach de 3 % arna bunú leis na Rialacháin Foirne chun nuashonrú idirmheánach a spreagadh sa luach saothair, bhí gá le nuashonrú idirmheánach ar speansais cúnaimh pharlaimintigh. |
|
(3) |
Dá réir sin, ag an gcruinniú a bhí aige an 24 Meitheamh 2024, chinn an Biúró, i bhfianaise an ráta coigeartaithe 3,0 % arna shocrú ag an gCoimisiún don chéad leath de 2024, an t-uasmhéid míosúil iníoctha i leith speansais cúnaimh pharlaimintigh a mhéadú go EUR 29 557, le héifeacht ón 1 Eanáir 2024. |
|
(4) |
Don dara leath de 2024, tá an ráta coigeartaithe is infheidhme socraithe ag an gCoimisiún ag 4,1 %. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-uasmhéid míosúil is iníoctha i leith speansais um chúnamh parlaiminteach a mhéadú go EUR 30 769 le héifeacht ón 1 Iúil 2024 agus ba cheart na Bearta Cur Chun Feidhme a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 29 de na Bearta Cur Chun Feidhme, leasaítear mír 4 mar a leanas:
‘4. Is é EUR 30 769 an t-uasmhéid míosúil is iníoctha i leith na foirne pearsanta uile dá dtagraítear in Airteagal 30 le héifeacht ón 1 Iúil 2024.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Iúil 2024.
(1) Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2005/684/oj?eliuri=eli%3Adec%3A2005%3A684%3Aoj&locale=ga).
(2) Cinneadh ón mBiúró an 11 Meán Fómhair 2023 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 (IO C, C/2024/2814, 26.4.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024D02814).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7537/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)