14.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 101/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/807 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2022

maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachais i gcur i bhfeidhm Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (1), go háirithe Airteagal 22(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun na forála i bhfonóta 3 in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE, faoin 25 Nollaig 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhéifeacht réamhshocraithe ar bhonn na sonraí a fuarthas.

(2)

Tá staidéar déanta ag an gCoimisiún ar an athbhreithniú ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil (PEF) chun an dul chun cinn teicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais ó bhí 2018 ann a léiriú.

(3)

Tacaíonn an staidéar leis an modheolaíocht a leagtar amach in Aithris 40 de Threoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ina n-úsáidtear modh cuntasaíochta an “inneachair fhisiciúil fuinnimh” le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus an modh “teicniúil comhshó éifeachtúlachta” le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais, agus an modh coibhéiseach díreach bunaithe ar an gcur chuige “iomlán fuinnimh phríomhúil” le haghaidh fuinneamh in-athnuaite neamh-indóite.

(4)

Aithnítear sa staidéar gur gá PEF réamhbhreathnaitheach a úsáid chun tionchar na héifeachtúlachta fuinnimh amach anseo a léiriú. Dá bhrí sin, san athbhreithniú ar an gcomhéifeacht réamhshocraithe, leantar an mhodheolaíocht a leagtar amach in Aithris 40 de Threoir (AE) 2018/2002, agus ar bhonn na sonraí a fuarthas, roghnaítear meán luachanna PEF do 2024 agus 2025 mar an gcomhéifeacht réamhshocraithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 315, 14.11.2012, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 3 in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE:

“(3)

Infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh. I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe i bhfeidhm arna suí trí bhíthin modheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh phríomhúil, ionas gur féidir an coigilteas iarbhír a ríomh go beacht. Beidh bunús leis na himthosca sin, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Le haghaidh coigilteas i leictreachas kWh, féadfaidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 1,9 a chur i bhfeidhm nó féadfaidh siad an lánrogha a úsáid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú, ar an gcoinníoll gur féidir leo údar cuí a thabhairt di. Agus sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a chuimsítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999. Faoin 25 Nollaig 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an chomhéifeacht réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar an t-athbhreithniú sin agus a thionchair ar dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE á gcur san áireamh (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).”