European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2158

23.8.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2158 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta faoi Phrótacal (2024–2029) lena gCuirtear Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (1) (‘an Comhaontú’), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 2027/2006 ón gComhairle (2), i bhfeidhm an 30 Márta 2007. An Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, chuaigh sin in éag an 19 Bealtaine 2024.

(2)

An 19 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Cabo Verde chun Prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme a thabhairt i gcrích.

(3)

Tá Prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme caibidlithe ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais. Tar éis an chaibidlíocht a bheith tugtha i gcrích, cuireadh inisealacha leis an bprótacal an 15 Aibreán 2024.

(4)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2152 ón gComhairle (3), síníodh Prótacal (2024–2029) lena gCuirtear Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (‘an Prótacal’) an 23 Iúil 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích ag dáta níos déanaí.

(5)

Na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le stoic éisc mhórimirceacha, arna mbunú i gcomhréir leis na moltaí agus na rúin a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, déantar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit ar feadh thréimhse iomlán a chur i bhfeidhm.

(6)

Tá práinn leis na bearta sin mar gheall ar thábhacht eacnamaíoch ghníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus an gá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir. Dá bhrí sin, is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoi Phrótacal (2024-2029) lena gCuirtear Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde, déanfar na deiseanna iascaireachta sin a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas, ar feadh thréimhse iomlán chur i bhfeidhm an Phrótacail.

(a)

báid saighne tuinníní

An Spáinn:

14 shoitheach

An Fhrainc:

10 soitheach

Iomlán

24 shoitheach;

(b)

soithí tuinníní cleithe agus dorú:

An Spáinn:

6 shoitheach

An Fhrainc:

3 shoitheach

An Phortaingéil:

1 soitheach

Iomlán

10 soitheach;

(c)

báid spiléireachta dromchla:

An Spáinn:

17 soitheach

An Phortaingéil:

5 shoitheach

Iomlán

22 shoitheach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 23 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)  An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (IO L 414, 30.12.2006, lch. 3).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2027/2006 ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde a thabhairt i gcrích (IO L 414, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2024/2152 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach Phrótacal (2024–2029) lena gCuirtear Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (IO L, 2024/2152, 28.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2152/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2158/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)