AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.6.2025
COM(2025) 320 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an tarmligean cumhachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE
Le Rialachán (CE) Uimh 2111/2005 (‘an Rialachán’ ina dhiaidh seo) leagtar síos creat le haghaidh liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Aontas ar chúiseanna sábháilteachta (Liosta Aershábháilteachta an Aontais) a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú. Leagtar amach ann critéir choiteanna chun toirmeasc a chur ar oibriú aeriompróra, critéir atá bunaithe ar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha, agus déantar foráil ann maidir le faisnéis faoi chéannacht an aeriompróra oibriúcháin a chur ar fáil, rud a áirithíonn trédhearcacht do phaisinéirí. Ina theannta sin, de réir an Rialacháin, ní mór do Bhallstáit den Aontas, laistigh dá gcríocha féin, na toirmisc ar oibriú ar aeriompróirí a fhorfheidhmiú, ar toirmisc iad a chuimsítear i Liosta Aershábháilteachta an Aontais toisc nach gcomhlíonann na haeriompróirí sin na caighdeáin sábháilteachta ábhartha. Tá na bearta sin ceaptha ní hamháin chun paisinéirí a chosaint trí chosc a chur ar oibriú aerlínte nach bhfuil sábháilte laistigh d’aerspás an Aontais, ach anuas air sin, chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas maidir le haeriompróirí nach gcomhlíonann oibleagáidí sábháilteachta.
Le Mír 2 d’Airteagal 3 den Rialachán cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán a leasú chun na critéir choiteanna a mhodhnú ar mhaithe le forbairtí eolaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.
Thairis sin, le hAirteagal 8 den Rialachán, cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a leagan síos i leith na nósanna imeachta dá dtagraítear i gCaibidil II de, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le cinntí a dhéanamh go tapa maidir leis an liosta a thabhairt cothrom le dáta. Leis na forálacha sin i dteannta a chéile, tugtar an t‑údarás don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, rud a chuireann ar a chumas dó rialacha nós imeachta lena rialaítear Liosta Aershábháilteachta an Aontais a bheachtú agus a fhorlíonadh, agus Liosta Aershábháilteachta an Aontais a bhainistiú go héifeachtúil.
I dtaca leis an gcumhachtú sin, sonraítear le mír 2 d’Airteagal 14a den Rialachán nach mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i leith tharmligean na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán, rud a dhéanann trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i bhfeidhmiú a chumhachtaí tarmligthe.
Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, d’fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus Airteagal 8 a ghlacadh ar dhá ócáid chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán fós éifeachtach, trédhearcach agus ag teacht le caighdeáin sábháilteachta agus ceanglais nós imeachta a bhíonn ag athrú.
Glacadh an chéad ghníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/660 ón gCoimisiún, chun na rialacha mionsonraithe i leith nósanna imeachta áirithe chun Liosta Aershábháilteachta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta a leasú, Rialachán Tarmligthe a chuirtear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 473/2006, lenar leagadh síos i dtús báire rialacha cur chun feidhme maidir leis an liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú san Aontas.
Ba é príomhchuspóir an ghnímh tharmligthe sin a áirithiú, maidir leis na rialacha lena rialaítear measúnú a dhéanamh ar aeriompróirí, iad a chur leis an liosta, agus iad a bhaint de, go mbeadh na rialacha sin trédhearcach agus stóinseach ó thaobh an dlí de i gcónaí. Sa bhreis air sin, leis na leasuithe tugadh isteach feabhsuithe ar cheart cosanta na n‑aeriompróirí le linn an phróisis meastóireachta.
Sular ghlac an Coimisiún leis an ngníomh tarmligthe sin, chuaigh sé i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i gcomhréir le prionsabail Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Cuireadh an dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Shábháilteacht Eitlíochta.
Dá réir sin, de bhun an chumhachtaithe a deonaíodh faoi Airteagal 8 den Rialachán, leag an Coimisiún síos rialacha nós imeachta mionsonraithe chun Liosta Aershábháilteachta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, rud a d’áirithigh go ndéantar cinntí go tapa agus ar bhealach struchtúrtha.
Glacadh an dara gníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/661 ón gCoimisiún, chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán a leasú, Iarscríbhinn lena leagtar amach na critéir choiteanna chun toirmisc ar oibriú a chur ar aeriompróirí. Lean an tionscnamh sin meastóireacht 2019 ar an Rialachán, meastóireacht lenar aithníodh go raibh sé fós ábhartha, ach lenar cuireadh i dtábhacht freisin an gá a bhí leis an idirghníomhú a bheachtú idir an Rialachán agus próiseas údaraithe Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE) maidir le hOibreoirí Tríú Tír.
Bhí sé d’aidhm ag an leasú cur chun feidhme an Rialacháin a fheabhsú trí leagan nuashonraithe den Iarscríbhinn lena n‑ionchorpraítear crostagairt d’fhorálacha ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún a chur in ionad na hIarscríbhinne atá ann cheana. Sa bhreis air sin, cuimsíodh sa leasú na gnéithe is gá chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfar deireadh a chur le toirmeasc ar oibriú atá ann cheana má bhíonn na buneasnaimh shábháilteachta réitithe.
Sular ghlac an Coimisiún leis an ngníomh tarmligthe sin, chuaigh sé i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Cuireadh an dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Shábháilteacht Eitlíochta.
Dá réir sin, de bhun an chumhachtaithe a deonaíodh faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán tríd an ngníomh tarmligthe sin a ghlacadh
Ar na cúiseanna a leagtar amach sa roinn roimhe seo, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar dhá ócáid chun an creat rialála lena rialaítear Liosta Aershábháilteachta an Aontais a leasú agus a fheabhsú.
Rinne an chéad leasú rialacha nós imeachta a tugadh cothrom le dáta a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh 473/2006, rialacha lena neartaítear deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtúlacht, agus ceart cosanta na n‑aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú. Rinne an dara leasú na critéir choiteanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thoirmisc ar oibriú a bheachtú, lena n‑áirithítear ailíniú níos fearr le córas údaraithe GSEE maidir le hOibreoirí Tríú Tír.
Leis an tuarascáil seo, comhlíonann an Coimisiún an ceanglas tuairiscithe faoi mhír 2 d’Airteagal 14a de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.