An Bhruiséil,28.1.2025

COM(2025) 16 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

maidir le socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a chaibidliú idir Ballstáit an Aontais agus an Ríocht Aontaithe a bhaineann le comhar riaracháin i réimse CBL nó i réimse an chúnaimh aisghabhála maidir le haon cháin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh (AE) Uimh. 2021/689 ón gComhairle


Réamhrá

Le hAirteagal 8(2) de Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle 1 , ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na dréacht‑chomhaontuithe nó na dréachtsocruithe arna gcaibidliú idir Ballstáit an Aontais agus an Ríocht Aontaithe a bhaineann le comhar riaracháin i réimse CBL nó i réimse an chúnaimh aisghabhála maidir le cánacha nó dleachtanna.

Cumhdaítear comhar riaracháin maidir le CBL agus dleachtanna custaim agus cúnamh aisghabhála maidir le CBL, dleachtanna máil agus dleachtanna custaim leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (dá ngairtear an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta), agus go háirithe leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse CBL agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil (dá ngairtear an ‘Prótacal’ anseo feasta), atá i gceangal leis an gComhaontú Trádála agus Comhair seo.

Nuair a bheidh sé beartaithe ag na Ballstáit aon chomhaontú nó socrú déthaobhach a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe i réimse an chomhair riaracháin CBL nó i réimse an chúnaimh aisghabhála maidir le haon cháin nó dleacht, ní mór dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh siad socrú nó comhaontú den sórt sin leis an Ríocht Aontaithe a shíniú agus a thabhairt i gcrích go dtí go mbeidh bailíocht an tsocraithe nó an chomhaontaithe lena mbaineann in aghaidh dhlí an Aontais deimhnithe ag an gCoimisiún.

Ar an gcuma chéanna, agus meabhrán tuisceana á chaibidliú acu lena gcuirtear chun feidhme comhaontú idirnáisiúnta eile lena bhforáiltear do chúnamh aisghabhála, ní mór d’údaráis náisiúnta a áirithiú nach bhfuil aon fhoráil sa mheabhrán tuisceana lena ndéantar dochar d’fheidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó an mhargaidh inmheánaigh agus lena gcuirtear gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réimse an chúnaimh aisghabhála i mbaol, nó lena ndéantar dochar ar bhealach eile do leasanna an Aontais 2 . 

Ciallaíonn sé sin nár cheart na cánacha agus na dleachtanna a chumhdaítear le forálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le comhar riaracháin agus cúnamh aisghabhála a chumhdach le forálacha comhfhreagracha na gcomhaontuithe agus na meabhrán tuisceana a ndéanann na Ballstáit iad a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe. Ní leor ráiteas go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais.

Thairis sin, ní féidir caibidlíocht dhéthaobhach maidir le gnéithe sonracha – e.g. aon athrú ar an tairseach in Airteagal 33(4) den Phrótacal – a bheartú, ós rud é gur cuid den Chomhaontú Trádála agus Comhair domhanda iad na forálacha lena mbaineann, ar toradh é an Comhaontú sin ar chaibidlíocht ilearnála. Dá bhrí sin, ní féidir an toradh sin a mhodhnú i réimse amháin gan an comhaontú ina iomláine a chur san áireamh, go háirithe i réimsí a bhaineann leis an gcuid trádála den chomhaontú a bhfuil baint acu le líon an‑mhór gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Sa chomhthéacs sin, bheadh caibidlíocht aontaobhach idir na Ballstáit maidir le gné shonrach den sórt sin contrártha le prionsabal an chomhair dhílis, a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Thairis sin, ar ndóigh, déantar comhar riaracháin agus cúnamh aisghabhála faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta idir Ballstát agus an Ríocht Aontaithe a eisiamh freisin i gcásanna ina gcumhdaítear an comhar riaracháin agus an cúnamh aisghabhála sin leis an gComhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe 3 agus a Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus leis an bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim, atá i gceangal leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

Maidir leis an gcúnamh aisghabhála le haghaidh cánacha nach gcumhdaítear le comhaontuithe an Aontais, mheabhraigh an Coimisiún do na Ballstáit go bhfuil an rogha acu an t‑ualach riaracháin agus buiséadach a bhaineann le riachtanais aistriúcháin a laghdú trí rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí agus as na foirmeacha caighdeánacha a glacadh chun an Prótacal a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 38(4) den phrótacal sin. Foráiltear le hAirteagal PVAT.38(4) den Phrótacal go bhféadfar ‘an líonra cumarsáide leictreonaí agus na foirmeacha caighdeánacha arna nglacadh chun an Prótacal seo a chur chun feidhme a úsáid freisin le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil a bhaineann le héilimh eile seachas na héilimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1), más féidir cúnamh maidir le haisghabháil den sórt sin a thabhairt faoi ionstraimí déthaobhacha nó iltaobhacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de maidir le comhar riaracháin idir na Stáit’. Is chun leasa Bhallstáit an Aontais – agus údaráis na Ríochta Aontaithe – na foirmeacha caighdeánacha sin (foirmeacha iarratais, an fhoirm aonfhoirmeach um fhógra (UNF) agus an ionstraim aonfhoirmeach athbhreithnithe lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha (UIPE)) a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ar foirmeacha iad a glacadh faoin bPrótacal sin le haghaidh cúnamh aisghabhála maidir le cánacha eile, lena mbaineann buntáistí gaolmhara an uathaistriúcháin, éifeacht dhlíthiúil dhíreach UNF agus UIPE (gan aon ghá le haitheantas sa Stát iarrtha) agus an fhéidearthacht iarraidh chomhcheangailte a sheoladh i gcásanna ina dtagann éilimh iomadúla faoi raon feidhme na gcomhaontuithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus na gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil feidhm acu idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe.

Cé nach bhfuil sé i gceist le meabhrán tuisceana ach tuairisc a thabhairt ar léirmhíniú na n‑údarás inniúil ar chomhaontú iltaobhach atá ann cheana 4 , ní thugann sé sin údar le haon mhaolú ar na rialacha thuas.

Ón bhfreagra a thug na Ballstáit, dealraíonn sé go ndeachaigh údaráis na Ríochta Aontaithe i dteagmháil le roinnt Ballstát chun comhaontú um chánachas dúbailte a thabhairt i gcrích, comhaontú ina bhfuil forálacha maidir le comhar riaracháin agus cúnamh um aisghabháil cánach, nó meabhrán tuisceana maidir le cur i bhfeidhm comhaontuithe déthaobhacha lena bhforáiltear do chúnamh um aisghabháil cánach nó maidir le cur i bhfeidhm an choinbhinsiúin iltaobhaigh i dtaca le cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí cánach.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na cásanna a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin go dtí seo.

Ballstát

An cineál comhaontaithe

Stádas

Gníomhaíochtaí a rinneadh/atá beartaithe

An Ostair

Meabhrán Tuisceana (MT) maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Sínithe

D’fhoilsigh an Ballstát ráiteas léirmhínitheach 5 .

Gealltanas ón mBallstát an coinbhinsiún um chánachas dúbailte agus an MT a leasú an chéad uair eile.

Lucsamburg

An coinbhinsiún um chánachas dúbailte

Sínithe

D’fhoilsigh an Ballstát ráiteas léirmhínitheach 6 .

Gealltanas ón mBallstát an coinbhinsiún um chánachas dúbailte a leasú an chéad uair eile.

An Liotuáin

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Ní bhfuair an Coimisiún aon dréacht.

An Spáinn

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Ní bhfuair an Coimisiún aon dréacht.

An Pholainn

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An tSualainn

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An tSeicia

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An Bheilg

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An Phortaingéil

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An tSeicia

An coinbhinsiún um chánachas dúbailte

Ar siúl

Cuirfidh an tSeicia téacs faoi bhráid an Choimisiúin.

An Phortaingéil

An coinbhinsiún um chánachas dúbailte

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An Ísiltír

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An Ghearmáin

MT maidir le cúnamh um aisghabháil cánach

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

An Rómáin

An coinbhinsiún um chánachas dúbailte

Ar siúl

Thug an Coimisiún barúlacha.

Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí an chomhairle iomchuí a thabhairt do na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh na téacsanna déthaobhacha a chaibidleoidh siad comhoiriúnach leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus leis an bPrótacal agus déanfaidh sé gach gníomhaíocht iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(1)

     Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe, IO L 149, 30.4.2021, lch. 2.

(2)

     Airteagal 7 de Chinneadh 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021.

(3)

     Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(4)

     Go háirithe an coinbhinsiún iltaobhach maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí cánach, a ghlac Comhairle na hEorpa agus ECFE. Maidir leis an bpointe sin, tugann an Coimisiún dá aire nár thuairiscigh aon Bhallstát riamh go raibh socruithe déthaobhacha tugtha i gcrích aige leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhar nó cúnamh atá níos leithne ná an comhar nó an cúnamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin CBL agus faoi Threoir 2010/24/AE ón gComhairle maidir le cúnamh um aisghabháil cánach (féach Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 agus Airteagal 24 de Threoir 2010/24/AE).

(5)

     Treoir ón Aireacht Cónaidhme Airgeadais an 8 Aibreán 2022, 2022-0.201.316, a foilsíodh i ndáil leis an gcoinbhinsiún um chánachas dúbailte leis an Ríocht Aontaithe; https://www.bmf.gv.at/themen/steuern/internationales-steuerrecht/doppelbesteuerungsabkommen/dba-liste.html

(6)

      https://mfin.gouvernement.lu/fr/actualites/2023/condigblu.html