|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/518 |
25.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/518 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna áirithe CBL
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 397 di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar mhaithe le feidhmiú ceart mhúnla an tsoláthróra mheasta, le haghaidh comhéadain leictreonacha amhail margaí, ardáin, tairseacha, nó bealaí eile lena n-éascaítear soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, dá dtagraítear in Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE, is gá gnéithe áirithe den riail a shonrú. |
|
(2) |
Daoine inchánacha a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach a úsaid, amhail margadh, ardán, tairseach nó bealach comhchosúil eile a úsáid, soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, is gá an téarma ‘éascaíonn’ a shainmhíniú chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar dóibh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an riail soláthróra mheasta maidir leo. Ba cheart soláthróirí áirithe, lena n-áirítear soláthróirí a sholáthraíonn liostú nó fógraíocht i ndáil le seirbhísí den sórt sin, a eisiamh go sainráite ón riail toisc nach dtéann siad in iomaíocht dhíreach leis na hearnálacha traidisiúnta, neamhdhigiteacha. |
|
(3) |
Maidir le daoine inchánacha a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach a úsáid, amhail margadh, ardán, tairseach nó bealach comhchosúil eile, soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, níor cheart iad a bheith freagrach as aon cháin bhreisluacha (CBL) atá dlite a íoc nuair a ghníomhaíonn siad de bhun faisnéis arna soláthar ag an soláthróir foluiteach, más rud é gur féidir leis na daoine inchánacha sin a thaispeáint nárbh fhéidir leo ar bhonn réasúnta a bheith ar an eolas go raibh an fhaisnéis sin mícheart. |
|
(4) |
Chun áit soláthair seirbhíse éascaíochta a sholáthraítear do dhuine neamh-inchánach a chinneadh trí chomhéadan leictreonach a úsáid, amhail margadh, ardán, tairseach nó bealach comhchosúil eile,, ba cheart daoine inchánacha a bheith in ann stádas fhaighteoir na seirbhíse éascaíochta a shainaithint go héasca. Chun sainaithint den sórt sin a éascú agus chun an t-ualach riaracháin atá ar dhaoine inchánacha a laghdú, ba cheart do dhuine inchánach faighteoir na seirbhíse éascaíochta a mheas mar dhuine inchánach i gcás ina soláthraítear uimhir aitheantais chun críocha CBL, agus ba cheart dóibh an custaiméir a mheas mar dhuine neamh-inchánach i gcás nach soláthraítear an uimhir sin, mura bhfuil faisnéis dá mhalairt ag an duine inchánach sin. |
|
(5) |
Ba cheart a shoiléiriú, maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, nach féidir feidhm a bheith ag an scéim speisialta d’fhiontair bheaga dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ach amháin maidir leis an duine inchánach a mheastar ina leith gur sholáthair sé nó sí na seirbhísí sin. |
|
(6) |
Le Treoir (AE) 2025/516 ón gComhairle (2) , tugadh isteach scéim simpliúcháin ionad ilfhreastail (OSS) le haghaidh daoine inchánacha a dhéanann earraí dílse áirithe trasteorann a aistriú faoi Threoir 2006/112/CE. Chun an scéim shonrach sin a chur chun feidhme i gcreat foriomlán na scéimeanna speisialta CBL dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 6, de Threoir 2006/112/CE, ba cheart rialacha sonracha a bhaineann le sainaithint CBL, coinníollacha maidir le heisiamh, agus oibleagáidí maidir le tuairisceáin CBL agus taifead a choinneáil a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (3). |
|
(7) |
Toisc go bhfuil an scéim simpliúcháin OSS a tugadh isteach cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear le socruithe stoic ar glao, baineadh na socruithe sin amach as Treoir 2006/112/CE. Níl gá leis na forálacha cur chun feidhme a bhaineann le socruithe stoic ar glao a thuilleadh agus dá bhrí sin ba cheart iad a scriosadh ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011. |
|
(8) |
Faoi Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE, tá oibleagáid ar dhaoine inchánacha a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach a úsáid, amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile, soláthar earraí nó seirbhísí do dhuine neamh-inchánach laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le Teideal V den Treoir sin taifid a choimeád ar na soláthairtí sin. Mar sin féin, ní éilítear faisnéis ach amháin i leith soláthairtí d’earraí nó de sheirbhísí a éascaítear tríd an gcomhéadan leictreonach áfach, agus ní éilítear í i gcásanna ina mbíonn feidhm ag an riail maidir le soláthróir measta. Chun tacaíocht a thabhairt do chomhrac na calaoise CBL, ba cheart faisnéis den sórt sin a bhaineann le soláthróirí foluiteacha a áireamh freisin sa tacar faisnéise éigeantaí atá le coimeád ag soláthróirí measta atá cláraithe chun na scéimeanna speisialta simpliúcháin OSS a úsáid. Leis na gnéithe sonraí breise sin, ba cheart a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir faisnéis arna tuairisciú ag na hardáin agus sonraí íocaíochta maidir le hidirbhearta trasteorann atá ar fáil sa lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta arna bhunú de bhun Chaibidil V, Roinn 2, de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (4), a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. |
|
(9) |
Tar éis oibleagáid a thabhairt isteach i dTreoir 2006/112/CE do dhaoine inchánacha a aistríonn earraí de chuid duine inchánach eile chun a chur in iúl d’úinéir na n-earraí go bhfuil a chuid earraí á n-aistriú nó go mbeidh siad á n-aistriú, ba cheart a shoiléiriú cad iad na sonraí sonracha atá le cur in iúl d’úinéir na n-earraí. |
|
(10) |
Na gnéithe de Threoir 2006/112/CE dá dteastaíonn leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 dá mbarr, tá siad le trasuí sa reachtaíocht náisiúnta ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2028. Dá bhrí sin, is gá na leasuithe ar an Rialachán sin a bheith infheidhme ón 1 Iúil 2028. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 9b 1. Chun críoch Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm, ciallaíonn an téarma “éascaíonn” comhéadan leictreonach a bheith á úsáid ag duine inchánach chun é a chur ar a gcumas do chustaiméir agus soláthróir a thairgeann, laistigh den Aontas, seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar tríd an gcomhéadan leictreonach dul i dteagmháil le chéile, rud a mbíonn soláthar seirbhísí den sórt sin tríd an gcomhéadan sin mar thoradh air. 2. Ní mheasfar go n-éascaítear seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar ag duine inchánach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE maidir le duine inchánach nach ndéanann ach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
4. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE maidir le duine inchánach a sholáthraíonn na modhanna trínar féidir costais seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar a chomhroinnt idir an t-úsáideoir agus an duine a sholáthraíonn an t-iompar. Airteagal 9c Chun Airteagal 28a(1) de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm, ní sholáthróidh an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí a n-uimhir aitheantais chun críocha CBL nó an uimhir aitheantais a leithdháiltear dóibh i gcomhréir le hAirteagal 362 nó 369d den Treoir sin, dá dtagraítear in Airteagal 28a(1), pointe (a), den Treoir sin, agus an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 28a(1), pointe (b), den Treoir sin don duine a éascaíonn an soláthar ach aon uair amháin, seachas má thagann athrú ar a ngníomhaíocht mar dhuine inchánach. I gcás ina dtarlaíonn seirbhís iompair paisinéirí de bhóthar i níos mó ná Ballstát amháin, soláthróidh an duine inchánach a sholáthraíonn an tseirbhís don duine inchánach a éascaíonn an soláthar an uimhir aitheantais chun críocha CBL a leithdháileadh orthu ag gach Ballstát ina ndéantar an t-iompar air, nó an uimhir aitheantais a leithdháileadh air i gcomhréir le hAirteagail 362 nó 369d de Threoir 2006/112/CE. Airteagal 9d Maidir le Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm, i gcás, ar bhonn faisnéis arna soláthar ag an duine a sholáthraíonn na seirbhísí foluiteacha, nach ngníomhaíonn an duine inchánach mar an soláthróir measta, ní bheidh an duine inchánach sin faoi dhliteanas maidir leis an CBL atá dlite a íoc i gcás ina dtugtar faoi deara ina dhiaidh sin go mba cheart an duine inchánach sin a bheith measta mar an soláthróir, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
Airteagal 9e Chun áit soláthair seirbhíse éascaíochta dá dtagraítear in Airteagal 46a de Threoir 2006/112/CE a chinneadh, measfaidh an duine inchánach gur duine neamh-inchánach é an duine dár soláthraíodh an tseirbhís sin i gcás nach soláthraíonn an duine sin dár soláthraíodh an tseirbhís sin uimhir aitheantais CBL, ach amháin má tá faisnéis dá mhalairt ag an duine inchánach sin. Airteagal 9f Beidh feidhm fós ag na díolúintí a leagtar síos in Airteagal 98(2), agus in Airteagail 371, 378, 379 go 386 agus 388 go 390c de Threoir 2006/112/CE i gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair an duine inchánach a éascaíonn an soláthar seirbhísí na seirbhísí sin iad féin faoi Airteagal 28a den Treoir sin. Airteagal 9g I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach é nó í féin na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE, féadfaidh soláthar na seirbhísí sin a bheith faoi réir na scéime speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 1 den Treoir sin má chomhlíonann an duine inchánach sin na coinníollacha don scéim speisialta sin. Soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 28a de Threoir 2006/112/CE a sholáthraítear do dhuine inchánach a mheastar gurb iad féin a fuair nó a sholáthair na seirbhísí sin, ní bheidh soláthar na seirbhísí sin faoi réir na scéime speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 1, den Treoir sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 13a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: ‘Is é an méid seo a leanas a bheidh san áit a bhfuil duine dlítheanach neamh-inchánach bunaithe, dá dtagraítear in Airteagal 54(1), an dara fomhír, in Airteagal 56(2), an chéad fhomhír, agus in Airteagail 58 agus 59 de Threoir 2006/112/CE:’ ; |
|
(3) |
in Airteagal 18(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Ach d’ainneoin faisnéise dá mhalairt, féadfaidh soláthróir seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin nó seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, nó seirbhísí faoi Airteagal 54(1), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, féachaint ar chustaiméir atá bunaithe laistigh den Chomhphobal mar dhuine neamh-inchánach chomh fada agus nár chuir an custaiméir sin a n-uimhir aitheantais CBL aonair in iúl do sholáthróir na seirbhísí sin.’ ; |
|
(4) |
in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 54(1), an dara fomhír, agus le hAirteagail 58 agus 59 de Threoir 2006/112/CE, gurb inchánach soláthar seirbhísí ag an áit a bhfuil an custaiméir bunaithe, nó, in éagmais bunaíochta, an áit a bhfuil seoladh buan ag an gcustaiméir nó an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu, bunóidh an soláthróir an áit sin ar bhonn faisnéise fíorasaí arna soláthar ag an gcustaiméir, agus fíoróidh sé an fhaisnéis sin trí ghnáthbhearta slándála tráchtála amhail iad siúd a bhaineann le seiceálacha aitheantais nó íocaíochta.’ |
|
(5) |
in Airteagal 24b, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: ‘Chun Airteagal 54(1), an dara fomhír, nó Airteagal 58 de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm, i gcás ina sruthaítear gníomhaíochtaí nó ina gcuirtear ar fáil iad go fíorúil ar bhealach eile do dhuine neamh-inchánach, nó i gcás ina soláthraítear seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach do dhuine neamh-inchánach:’ ; |
|
(6) |
in Airteagal 24d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. I gcás ina soláthraíonn soláthróir seirbhís faoi Airteagal 54(1), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, nó seirbhís a liostaítear in Airteagal 58(1) den Treoir sin, féadfaidh an soláthróir toimhde dá dtagraítear in Airteagal 24a nó in Airteagal 24b, an chéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), den Rialachán seo a fhrisnéis ar bhonn trí ní d’fhianaise neamh-fhrithráiteach lena dtugtar le fios go bhfuil an custaiméir bunaithe, go bhfuil a seoladh buan nó go bhfuil gnáthchónaí orthu in áit eile.’ |
|
(7) |
in Airteagal 24f, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: ‘Chun na rialacha in Airteagal 54(1), an dara fomhír, nó in Airteagal 58 de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm agus ceanglais Airteagal 24b, an chéad fhomhír, pointe (d), nó Airteagal 24d(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an méid seo a leanas, go háirithe, ina fhianaise:’ ; |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: ‘Airteagal 30 1. Leis an soláthar seirbhísí arna dhéanamh ag idirghabhálaithe dá dtagraítear in Airteagal 46 de Threoir 2006/112/CE, cumhdófar seirbhísí de chuid idirghabhálaithe atá ag gníomhú in ainm agus thar ceann fhaighteoir na seirbhísí a fhaightear agus na seirbhísí a chuireann idirghabhálaithe i gcrích agus iad ag gníomhú in ainm agus thar ceann sholáthraí na seirbhísí a fhaightear. 2. Chun críocha Airteagal 46a de Threoir 2006/112/CE, ciallaíonn an téarma “seirbhís éascaíochta” seirbhís arna soláthar ag duine inchánach do chustaiméir nó do sholáthróir, nó don dá cheann, trí chomhéadan leictreonach a úsáid, amhail margadh, ardán, tairseach nó modhanna comhchosúla, rud a ligeann don chustaiméir agus don soláthróir dul i dteagmháil le chéile, a mbíonn soláthar na seirbhísí sin tríd an gcomhéadan sin mar thoradh air. Measfar go bhfuil an tseirbhís éascaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír leithleach agus neamhspleách ó na hearraí nó seirbhísí a mheastar atá á soláthar ag an duine inchánach sin. 3. Ní mheasfar go soláthraítear seirbhís éascaíochta ag duine inchánach i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
4. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 46a de Threoir 2006/112/CE maidir le duine inchánach nach ndéanann ach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 54a, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Scoirfidh an Roinn seo d’fheidhm a bheith aici an 30 Meitheamh 2029.’ |
|
(10) |
in Airteagal 54c(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(11) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 54d Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 242b de Threoir 2006/112/CE:
|
|
(12) |
i gCaibidil XI, Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an cheannteidil: ‘Roinn 2 Scéimeanna speisialta le haghaidh daoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánacha nó a dhéanann earraí a chiandíol, soláthairtí intíre áirithe earraí nó aistriú earraí dílse (Airteagail 358 go 369xk de Threoir 2006/112/CE)’ |
|
(13) |
leasaítear Airteagal 57a mar a leanas:
|
|
(14) |
in Airteagal 57d, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. I gcás ina gcuireann duine inchánach in iúl don Bhallstát aitheantais go bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an scéim aistrithe earraí dílse, beidh feidhm ag an scéim speisialta sin ón gcéad lá den mhí féilire dár gcionn. I gcás ina dtarlaíonn an chéad aistriú d’earraí atá le cumhdach ag an scéim aistrithe earraí dílse roimh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áfach, beidh feidhm ag an scéim speisialta sin ó dháta an aistrithe sin, ar choinníoll go gcuireann an duine inchánach in iúl don Bhallstát aitheantais faoi thús a bheith á chur lena gcuid gníomhaíochtaí atá le cumhdach faoin scéim speisialta, tráth nach déanaí ná an deichiú lá den mhí tar éis an chéad aistrithe sin.’ |
|
(15) |
in Airteagal 57e, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Sainaithneoidh an Ballstát aitheantais an duine inchánach a úsáideann an scéim aistrithe earraí dílse trí bhíthin uimhir aitheantais CBL an duine inchánaigh dá dtagraítear in Airteagail 214 agus 215 de Threoir 2006/112/CE.’ ; |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 57f mar a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 57g, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Duine inchánach a úsáideann an scéim aistrithe earraí dílse, féadfaidh sé scor den scéim speisialta sin a úsáid gan beann ar an duine inchánach sin fós a bheith ag aistriú earraí nó gan a bheith ag aistriú earraí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe don scéim speisialta sin. Cuirfidh an duine inchánach an Ballstát aitheantais ar an eolas 15 lá ar a laghad roimh dheireadh na míosa féilire roimh an mhí ina mbeartaíonn an duine inchánach sin scor den scéim speisialta a úsáid. Beidh éifeacht leis an scor ón gcéad lá den mhí féilire dár gcionn. Oibleagáidí CBL a bhaineann le hearraí dílse a aistriú a eascraíonn i ndiaidh an dáta a tháinig éifeacht leis an scor, déanfar iad a urscaoileadh go díreach le húdaráis chánach na mBallstát ar seoladh nó ar iompraíodh earraí chucu agus astu.’ |
|
(18) |
leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58a: ‘Airteagal 58a Duine inchánach a úsáideann scéim speisialta ach nach ndearna, le linn tréimhse dhá bhliain, aon soláthairtí d’earraí nó de sheirbhísí ná aon aistriú d’earraí dílse a chumhdaítear leis an scéim speisialta sin, glacfar leis gur scoir siad dá gcuid gníomhaíochtaí inchánach de réir bhrí Airteagal 363, pointe (b), Airteagal 369e, pointe (b), Airteagal 369r(1), pointe (b), Airteagal 369r(3), pointe (b), nó Airteagal 369xe, pointe (b), de Threoir 2006/112/CE. Ní bheidh an scor sin ina bhac ar scéim speisialta a úsáid má atosaíonn an duine inchánach sin a ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le haon scéim speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 6, den Treoir sin.’ |
|
(20) |
in Airteagal 58b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Measfar gur theip ar dhuine inchánach nó idirghabhálaí go seasmhach na rialacha a bhaineann le ceann de na scéimeanna speisialta a chomhlíonadh, de réir bhrí Airteagal 363, pointe (d), Airteagal 369e, pointe (d), Airteagal 369r(1), pointe (d), Airteagal 369r(2), pointe (c), Airteagal 369r(3), pointe (d), nó Airteagal 369xe, pointe (d) de Threoir 2006/112/CE, sna cásanna seo a leanas:
|
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58c: ‘Airteagal 58c Duine inchánach a eisiadh ó scéim nach scéim de chuid an Aontais í, ó scéim an Aontais nó ó scéim aistrithe earraí dílse, déanfaidh sé na hoibleagáidí uile CBL a bhaineann le soláthairtí d’earraí nó de sheirbhísí, nó le haistriú earraí dílse, a eascraíonn tar éis an dáta a tháinig éifeacht leis an eisiamh a urscaoileadh go díreach le húdaráis chánach Bhallstát an tomhaltais lena mbaineann nó leis na Ballstáit ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu.’ |
|
(22) |
leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
|
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59a: ‘Airteagal 59a I gcás nár sholáthair duine inchánach a úsáideann scéim speisialta aon earraí nó aon seirbhísí in aon Bhallstát tomhaltais faoin scéim speisialta sin nó nach ndearna an duine sin aon aistriú d’earraí dílse faoin scéim aistrithe dílse le linn tréimhse thuairisceáin agus nach bhfuil aon cheartúcháin le déanamh i leith thuairisceáin CBL a dhéantar roimhe sin, cuirfidh an duine inchánach, nó an t-idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar a gceann, tuairisceán CBL isteach ina léirítear nach ndearnadh aon soláthairtí agus nach ndearnadh aon aistriú le linn na tréimhse sin (tuairisceán CBL nialais).’ |
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60a: ‘Airteagal 60a Meabhróidh an Ballstát aitheantais, trí mheán leictreonach, do dhaoine inchánacha, nó d’idirghabhálaithe a ghníomhaíonn thar a gceann, ar theip orthu tuairisceán CBL a chur isteach faoi Airteagal 364, 369f, 369s nó 369x de Threoir 2006/112/CE, an oibleagáid atá orthu an tuairisceán CBL sin a chur isteach. Eiseoidh an Ballstát aitheantais an meabhrúchán ar an deichiú lá tar éis an dáta ar cheart an tuairisceán a chur isteach, agus cuirfidh sé in iúl do na Ballstáit eile trí mheán leictreonach gur eisíodh meabhrúchán. Is é an Ballstát tomhaltais lena mbaineann nó na Ballstáit ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu a bheidh freagrach as aon mheabhrúchán agus as aon chéim a ghlacfar ina dhiaidh sin chun CBL a mheasúnú agus a bhailiú. D’ainneoin aon mheabhrúchán arna eisiúint nó aon chéim arna tabhairt ag Ballstát tomhaltais nó aon Bhallstáit ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu, cuirfidh an duine inchánach nó an t-idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar a gceann an tuairisceán CBL faoi bhráid an Bhallstáit aitheantais.’ |
|
(25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61: ‘Airteagal 61 1. Na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí suas go dtí an dara tréimhse thuairisceáin in 2021, an tréimhse sin san áireamh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí leasuithe ar an tuairisceán CBL sin, agus ní dhéanfar coigeartuithe ar thuairisceán CBL ina dhiaidh sin. Na hathruithe ar na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí ón tríú tréimhse thuairisceáin in 2021, áireofar iad sa tuairisceán CBL suas go dtí an dáta faoina gceanglaítear an tuairisceán CBL a bheith curtha isteach i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE. Na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí ón tríú tréimhse thuairisceáin in 2021, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis an dáta faoina gceanglaítear an tuairisceán CBL a bheith curtha isteach i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE ach amháin trí choigeartuithe a dhéanamh orthu i dtuairisceán CBL arna ndéanamh ina dhiaidh sin. 2. Cuirfear na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Bhallstáit aitheantais go leictreonach laistigh de thrí bliana ón dáta faoina gceanglaítear an chéad tuairisceán a bheith curtha isteach. Ní dhéanfar aon difear, áfach, do rialacha an Bhallstáit tomhaltais ná do rialacha céanna na mBallstát ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu maidir le measúnuithe agus leasuithe.’ |
|
(26) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61a: ‘Airteagal 61a 1. Cuirfidh duine inchánach nó idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar a gceann an tuairisceán deiridh CBL agus aon tuairisceáin CBL a rinneadh roimhe sin atá á gcur isteach go déanach, agus na híocaíochtaí comhfhreagracha, i gcás inarb ábhartha, faoi bhráid an Bhallstáit a bhí ina Bhallstát aitheantais tráth an scoir, an eisiaimh nó an athraithe i gcás inar fíor an méid seo a leanas:
Aon cheartúcháin ar an tuairisceán deiridh CBL agus ar thuairisceáin CBL a rinneadh roimhe sin a dhéantar tar éis don tuairisceán deiridh a bheith curtha isteach, déanfar iad a urscaoileadh go díreach le húdaráis chánach an Bhallstáit tomhaltais lena mbaineann nó leis na Ballstáit ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu. 2. I ndáil le gach duine inchánach a ngníomhaíonn idirghabhálaí thar a gceann, cuirfidh an t-idirghabhálaí sin na tuairisceáin deiridh CBL agus aon tuairisceáin CBL a rinneadh roimhe sin atá á gcur isteach go déanach, agus na híocaíochtaí comhfhreagracha, i gcás inarb ábhartha, faoi bhráid an Bhallstáit a bhí ina Bhallstát aitheantais tráth an scriosta nó an athraithe i gcás inar fíor an méid seo a leanas:
Aon cheartúcháin ar an tuairisceán deiridh CBL agus ar thuairisceáin CBL a rinneadh roimhe sin a dhéantar tar éis don tuairisceán deiridh a bheith curtha isteach, déanfar iad a urscaoileadh go díreach le húdaráis chánach an Bhallstáit tomhaltais lena mbaineann nó leis na Ballstáit ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uathu nó chucu.’ |
|
(27) |
leasaítear Airteagal 63c mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2028.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (2) go (7) ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
(2) Treoir (AE) 2025/516 an 11 Márta 2025 ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (IO L, 2025/516, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/516/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/282/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2010/904/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/518/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)