European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/263

29.1.2026

CINNEADH (CBES) 2026/263 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl dá ndéanfadh an Iaráin diúracáin bhalaistíocha agus teicneolaíocht ghaolmhar a aistriú chun na Rúise lena n-úsáid i gcoinne na hÚcráine, tar éis di aerárthaigh gan foireann a sholáthar don Rúis, atá in úsáid gan stad i gcoinne an phobail shibhialta san Úcráin, go mbeadh an tAontas Eorpach faoi réir chun freagairt go tapa agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear le bearta sriantacha suntasacha nua i gcoinne na hIaráine. Thairis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór an rochtain atá ag an Rúis ar ábhair agus teicneolaíochtaí íogaire atá ábhartha don láthair chatha a shrianadh a mhéid is féidir, lena n-áirítear trí dhíriú ar eintitis i dtríú tíortha lena gcumasaítear teacht timpeall ar bhearta sriantacha. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus ar an gCoimisiún smachtbhannaí breise a ullmhú i gcoinne na Bealarúise, na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine.

(3)

An 13 Meán Fómhair 2024, i ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais, cháin an tAontas go láidir aistriú na ndiúracán balaistíoch de dhéantús na hIaráine chuig an Rúis, agus meastar gur bagairt dhíreach é sin ar shlándáil na hEorpa agus gur géarú ábhartha substainteach é ar sholáthar aerárthach gan foireann agus armlóin ón Iaráin, a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach neamhdhleathach ar an Úcráin. D’fhreagródh an tAontas go pras agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear le bearta sriantacha suntasacha nua i gcoinne na hIaráine, lena n-áirítear daoine aonair agus eintitis a ainmniú a bhfuil baint acu le cláir diúracán balaistíoch agus ladrann na hIaráine, agus i ndáil leis an méid sin, tá bearta sriantacha in earnáil eitlíochta na hIaráine á mbreithniú aige freisin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, dúirt an Chomhairle gur géarú idirnáisiúnta ar an gcogadh iad na haistrithe arm agus an doimhniú ar an gcomhar míleata idir an Rúis agus DPDC agus an Iaráin, mar aon le himscaradh fhórsaí míleata DPDC chun na Rúise agus a n-úsáid ar láthair an chatha i gcoinne na hÚcráine, agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta.

(5)

Tá aerárthaí gan foireann agus comhpháirteanna aerárthaí gan foireann arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i coinne na hÚcráine, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun aerárthaí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(6)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart ceathrar agus sé eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘21.

Amir RADFAR

امیر رادفر

(litriú Fairsise)

Post/Poist: Stiúrthóir ar Shahid Bagheri Industrial Group (SBIG)

Dáta breithe: 22.12.1971

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Tá Amir Radfar ina stiúrthóir ar Shahid Bagheri Industrial Group (SBIG). Monaraíonn SBIG diúracáin bhalaistíocha breosla sholadaigh agus is fochuideachta é de Aerospace Industries Organization (AIO) atá liostaithe ag an Aontas, a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt agus ar tháirgeadh dhiúracáin bhalaistíocha na hIaráine. Tá baint ag Amir Radfar, dá bhrí sin, le clár diúrachán na hIaráine.

29.1.2026

22.

Hossein HEMSI

 

Post/Poist: Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus scairshealbhóir Fanavaran Sanat Ertebat Company

Dáta breithe: 27.10.1982

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 0532987276

Is é Hossein Hemsi príomhoifigeach feidhmiúcháin agus scairshealbhóir Fanavaran Sanat Ertebat Company (FSE). Is cuideachta phríobháideach é FSE a sholáthraíonn comhpháirteanna leictreonacha criticiúla agus córais treoraíochta um fhriotaíocht in aghaidh trasnaíochta don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) agus, ar an gcaoi sin, tá baint aige le clár aerfheithiclí gan foireann na hIaráine.

Dá bhrí sin, agus é ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus mar scairshealbhóir de FSE, tá Hossein Hemsi rannpháirteach i gclár aerfheithiclí gan foireann na hIaráine.

29.1.2026

23.

Armin Ghorsi ANBARAN

عنبران آرمین قرصی

(litriú Fairsise)

Post/Poist: Comhalta Boird agus scairshealbhóir Fanavaran Sanat Ertebat Company

Dáta breithe: 21.9.1983

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 0065911601

Is Comhalta Boird agus scairshealbhóir de Fanavaran Sanat Ertebat Company (FSE) é Armin Ghorsi Anbaran. Is cuideachta phríobháideach é FSE a sholáthraíonn comhpháirteanna leictreonacha criticiúla agus córais treoraíochta um fhriotaíocht in aghaidh trasnaíochta don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) agus, ar an gcaoi sin, tá baint aige le clár aerfheithiclí gan foireann na hIaráine.

Dá bhrí sin, ina cháil mar Chomhalta Boird agus mar scairshealbhóir de FSE, tá Armin Ghorsi Anbaran rannpháirteach i gclár aerfheithiclí gan foireann na hIaráine.

29.1.2026

24.

Hossein BAKSHAYESH

حسین بخشایش

(litriú Fairsise)

Post/Poist: Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus Stiúrthóir Bainistíochta Sahara Thunder

Dáta breithe: 22.5.1964

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 1189810190

Is é Hossein Bakshayesh Príomhfheidhmeannach agus stiúrthóir bainistíochta Sahara Thunder. Is cuideachta trádála allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin Iaránach é Sahara Thunder a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch d’Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL). Sa cháil sin, soláthraíonn sé aerfheithiclí gan foireann, comhpháirteanna aonair, agus teicneolaíocht ghaolmhar don Rúis agus faigheann sé íocaíocht ón Rúis as seachadadh na n-earraí agus na seirbhísí sin.

Mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus stiúrthóir bainistíochta Sahara Thunder, soláthraíonn Hossein Bakshayesh, dá bhrí sin, aerfheithiclí gan foireann na hIaráine agus tá baint aige ar shlí eile le haerfheithiclí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

29.1.2026’;

(2)

Cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘21.

Sahara Thunder

ar a dtugtar freisin Tondar Sahara Co.

ar a dtugtar freisin Tondar Sahra Private Limited Company

ar a dtugtar freisin Desert Thunder Company

شرکت تندر صحرا

(litriú Fairsise)

Seoladh: Uimh. 2, Moghadas Alley, Ghasir St., Beheshti St. Tehran, an Iaráin

Seoladh: An Cúigiú Urlár, Uimh. 2, Shahid Hassan Moghadam Alley, Shahid Ahmad Ghsir Str. An Airgintín, SAEI St. Tehran, an Iaráin

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Cláruimhir ghnó: 94186

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10101382714

Uimhir an Chomhlachais Tráchtála:131454

Suíomh gréasáin: www.saharathunder.com

Is cuideachta trádála allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin Iaránach é Sahara Thunder a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch d’Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL). Sa cháil sin, soláthraíonn sé aerfheithiclí gan foireann, comhpháirteanna aonair, agus teicneolaíocht ghaolmhar don Rúis agus faigheann sé íocaíocht ón Rúis as seachadadh na n-earraí agus na seirbhísí sin.

Dá bhrí sin, soláthraíonn Sahara Thunder aerfheithiclí gan foireann nó diúracáin de chuid na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh, agus tá sé bainteach leis na haerfheithiclí nó na diúracháin sin nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh a aistriú, chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach ar an Úcráin.

29.1.2026

22.

Fanavaran Sanat Ertebat Company (FSE)

شرکت فن آوران صنعت ارتباطات

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Yousef Abad Neighbourhood, Kordestan Express Way, Seyyed Sohrab Akhlaqi street 37, Tehran, an Iaráin

An cineál eintitis: Cuideachta phríobháideach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10102884046

Uimhir Ghnó: 247799

Is cuideachta phríobháideach é Fanavaran Sanat Ertebat Company (FSE) a sholáthraíonn comhpháirteanna leictreonacha criticiúla agus córais treoraíochta um fhriotaíocht in aghaidh an Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO). Is comhalta é freisin de Iranian Aviation and Space Industries Association (IASIA), a sholáthraíonn comhpháirteanna thar ceann IRGC chun aerfheithiclí gan foireann a mhonarú.

Tá baint ag FSE, dá bhrí sin, le clár aerfheithiclí gan foireann na hIaráine.

29.1.2026

23.

Pishgaman Tejarat Rafi Novin Co.

پیشگامان تجارت رفیع نوین

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Tehran Leyzan Hossein Abad Javanshir Street, Corner of Ordibehesht St., No. 10, Cód Poist: 166993356, an Iaráin

An cineál eintitis: Cuideachta Phríobháideach Theoranta

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 10.12.2007

Cláruimhir: 311045

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10103503385

Is cuideachta phríobháideach í Pishgaman Tejarat Rafi Novin Co. a bhfuil naisc aici le heintitis a bhfuil baint acu le clár diúracán na hIaráine. Fuair Pishgaman Tejarat Rafi Novin Co. méideanna suntasacha de shárchlóráit amóiniam, ar príomh-thiomántán é le haghaidh diúracáin breosla sholadaigh, ó sholáthraithe eachtracha do chlár diúracán na hIaráine. Dá bhrí sin, tá baint ag Pishgaman Tejarat Rafi Novin Co. le clár diúracán na hIaráine.

29.1.2026

24.

Arsang Safe Trading Co.

شزکت ایمن تجارت ارسنگ

(litriú Fairise)

Seoladh: 901, Negin Saii Tower, Vali-asr St., 14338 Tehran, 901, Negin Saii Tower, vali-asr st., 14338, an Iaráin

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 3.3.2014

Cláruimhir: 450913

Tá Arsang Safe Trading Co. ríthábhachtach chun cabhrú leis an Rúis Diúracáin Bhalaistíocha Neasraoin (CRBManna) agus aerfheithiclí gan foireann (UAVanna) a fháil ón Iaráin tríd an gcomhoibriú atá aici le Sahara Thunder. Déanann Supply, Research, and Industry Affairs Section de Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL) na hIaráine maoirseacht ar na comhaontuithe míleata sin, agus tá ról ceannasach aici in iarrachtaí míleata taighde agus forbartha na hIaráine.

Bhí conarthaí cairte ama ag Sahara Thunder le cuideachtaí atá lonnaithe san India le haghaidh an tsoithigh CHEM, atá in úsáid le haghaidh il lastais aerfheithiclí gan foireann, ó bhí 2022 ann. Chuir Arsang Safe Trading Co. seirbhísí bainistíochta long ar fáil do na loingsithe sin, rud a d’áirithigh aistriú rianúil aerfheithiclí gan foireann.

Mar fhochuideachta de MODAFL, tá Sahára Thunder ríthábhachtach i ndearadh, i bhforbairt, i monarú agus i ndíol aerfheithiclí gan foireann a úsáideann an Rúis sa chogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Arsang Safe Trading Co. bainteach le haerfheithiclí gan foireann nó diúracáin de chuid na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach ar an Úcráin.

29.1.2026

25.

Asia Marine Crown Agency

ar a dtugtar freisin Asia Marine Crown Shipping Agency

ar a dtugtar freisin Asia Marine Crown Shipping Agency Services Company

ar a dtugtar freisin Taj Daryaye Asia

شرکت تاج دریای آسیا

(litriú Fairsise)

Seoladh: Unit. 7, 1st Floor, BLDG No. 21, Kar Va Tejarat Av., Vanak St., Vanak Sq, Tehran, an Iaráin

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 9.1.2019

Cláruimhir: 10977

Uimhir aitheantais: 14008069775

Is cuideachta chaoch í Asia Marine Crown Agency do Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL) na hIaráine. Bhí an ghníomhaireacht sin ina gníomhaire calafoirt in Bandar Abbas na hIaráine, a d’éascaigh roinnt lastais de pháirteanna aerfheithiclí gan foireann agus earraí dé-úsáide do thionscadail Sahara Thunder a sholáthraíonn aerfheithiclí gan foireann don Rúis. Déanann Sahara Thunder, cuideachta chaoch eile de chuid MODAFL, maoirseacht ar ghníomhaíochtaí tráchtála na hIaráine a bhaineann le dearadh, forbairt, monarú agus díol aerfheithiclí gan foireann, a n-aistrítear go leor díobh chuig an Rúis lena n-úsáid sa chogadh foghach atá ar bun ag an tír ar an Úcráin.

Tá Asia Marine Crown Agency bainteach le haerfheithiclí gan foireann nó diúracáin de chuid na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

29.1.2026

26.

Khojir Missile Development and Production

ar a dtugtar freisin Khojir Missile Production Complex

 

Suíomh: Teheran Province, an Iaráin

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Tá Khojir Missile Development and Production ar thús cadhnaíochta i gclár diúracán balaistíoch na hIaráine, agus tá méadú ollmhór ar chumais táirgthe na cuideachta. Leathnaíodh Khojir Missile Development and Production go suntasach le blianta beaga anuas chun airm a thógáil don Rúis agus don “Ais Friotaíochta”, mar a thugtar uirthi. Tharla an leathnú sin tar éis comhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2022 inar chomhaontaigh an Iaráin diúracáin a sholáthar don Rúis dá cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022, sheol an Iaráin diúracáin bhalaistíocha chumhachtacha dromchla-go-dromchla chuig an Rúis, lena n-áirítear Diúracáin Bhalaistíocha Neasraoin (CRBManna) Fath-360. Úsáidtear saoráid Khojir chun cineálacha éagsúla diúracán a tháirgeadh agus tá sé á bhainistiú ag an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) agus ag an Defense and Armed Forces Logistics Ministry (MODAFL). Úsáidtear na saoráidí sin chun ardchórais arm a fhorbairt agus a mhonarú, lena n-áirítear diúracáin bhalaistíocha tiomántáin sholadaigh.

Dá bhrí sin, soláthraíonn Khojir Missile Development and Production diúracáin de chuid na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh, nó tá sé bainteach leis na diúracháin sin nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh a aistriú, chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach ar an Úcráin.

29.1.2026’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/263/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)